Ná déan nós is ná bris nós. Tá Kate Fennell ag glacadh le nósanna na Tuirce, go fiú nuair a chiallaíonn sé do leanbh a scaoileadh le daoine coimhthíocha a chasfar duit sa tsráid.
Éist anseo leis an alt á léamh ag Deirdre Ní Chonghaile as Árainn, Co. na Gaillimhe.
Ceann de na rudaí is suimiúla maidir le taisteal ná foghlaim faoi na traidisiúin a leantar sna tíortha ina bhfuil tú. Sa Tuirc, áit a bhfuilim ar feadh trí bliana agus ar rugadh páiste dom inti le déanaí, is ag cur aithne ar na nósanna spéisiúla atá acu maidir le tógáil páistí atáim.
1 Ith agus suí.
N’fhad is a bhíonn an bhean torrach bítear ag súil go mbeadh sí ina suí ar a sáimhín só agus go mbeadh sí ag ithe i gcaitheamh an lae. Cinnte má tá sí ag obair lasmuigh den teach caithfidh sí a bheith aclaí ach chomh luath is a thagann sí abhaile ba cheart di ionad sách sócúil a fháil di féin ar an tolg agus a ndóthain a ithe i gcomhair beirte. Ar a laghad. An gcuireann siad meáchan orthu? Cuireann. An cuma? Is cosúil nach cuma. A mhalairt go hiomlán a d’airigh mé féin. Agus mé seacht mí torrach bhí fonn orm dul ag taisteal agus bheith sna sleibhte ar chósta iarthar na tíre, agus sin é a rinne mé, rud nár thuig siad ar chor ar bith!
2 Ná tóg aon rud nach leat.
Freisin, níor cheart do bhean torrach aon rud a thógáil uaidh aon áit nó ó aon duine gan fiafraí ar dtús. Má fheiceann sí cáca deas milis ar bhord os a comhair amach, mar shampla, níor cheart di é a bhlaiseadh roimh chead a fháil. Freisin níor cheart di aon rud a ghoid. Má ghoideann sí, creidtear go mbeidh ball dubh ar anam a páiste.
3 Fan 40 lá sa mbaile.
Th’éis don páiste theacht ar an saol, ba cheart don bhean agus a páiste fanacht sa mbaile ar feadh 40 lá. Is chun na drochspioraid agus drochthoil na ndaoine a sheachaint a dhéantar é sin. Tagann an mháthair chéile le cúnamh a thabhairt leis an bpáiste agus freisin leis an gcócaireacht, siopadóireacht agus le glanadh a dhéanamh. Fiú codlaíonn sí leis an mamaí nua i gcásanna uaireanta agus tugann sí cúnamh leis an páiste a bheathú i rith na hoíche. Bíonn máithreacha Turcacha ag tnúth leis an deis seo ar feadh a saoil. Nuair a bhíonn an 40 la thart fágfaidh sí slán ag an teaghlach nua, rud a chuireann áthas nó díomá ar an teaghlach nua, ag brath ar an gcineál caidrimh atá acu.
4 An Briocht ‘Nazar’
Ceann de na nósanna is tábhachtaí ná caitheamh an ‘nazar’ nó ‘an tsúil nimhe’, nó mar a deir an Béarla, an ‘evil eye’. Is súil ghorm agus bhán atá ann déanta as gloine a chosnaíonn an duine in aghaidh drochspioraid nó drochsmaointe na ndaoine. Nuair a théann an mháthair amach don chéad uair ba cheart nazar beag a ghreamú ar éadach an pháiste chun é a chosaint. Creidtear go bhféadfadh éad a bheith ar dhaoine roimh an bhean agus a páiste álainn agus go bhféadfadh na smaointe éadmhara sin mallacht a chur ar an leanbh. Mura mbíonn ceann ar do pháiste, cosúil le mo chás-sa, bronntar ceann ort gan mhoill. Chreid cara amháin liom gurb é éad a col ceathar a chur an tinneas obann a tháinig ar a hiníon tráth. Thug sí í chuig an Imam (sagart Muslamach) agus ghlan sé í le deasghnáth agus le hurnaithe. Creid é nó ná creid, an lá dár gcionn bhí biseach uirthi arís.
5 Tá sí préachtaí leis an bhfuacht!
Ceann de na rudaí a chaithfidh mamaí nua dul i gcleachtadh air anseo ná an méid faitíos atá ar na Turcaigh roimh pháistí a bheith ag éirí fuar. Fiú nuair nach mbíonn sé fuar. Tá mé sa deisceart ar feadh an Gheimhreadh áit a bhfuil se 20 céim Celsius agus grianmhar. Mar sin féin, tagann gach ré duine aníos chugam le cuma imníoch ar a n-aghaidh agus na focla “Usudu, usudu, usudu” rud a chiallaíonn, “tá sí preáchtaíthe, tá sí preáchtaíthe”. Agus comhairlíonn siad caipín, pluid, stocaí, seaicéad nó cibé ball éadaigh eile a chur uirthi go dti mbíonn sí chomh te le hoigheann! Fásann na páisti suas agus faitíos orthu roimh an bhfuacht, ar ndóigh.
6 ‘Bebek! Bebek!’
Chomh maith leis an gcomhairle maidir leis an bhfuacht (nach mbíonn ann!) is gnách anseo gur féidir le haon stráinséar do leanbh a thadhall, a phógadh agus a thabhairt ina bhaclainn más mian leo. Cinnte is féidir iarracht a dhéanamh é seo a dhiúltadh ach tá sé chomh mór sa traidisiún anseo go mbeadh sé ait dá ndiúltófaí go hiomlán. Idir aos agus óg, baineann agus fireann, oilte agus neamhoilte, bíonn ríméad orthu nuair a fheiceann siad gasúr óg agus béiceann siad ‘bebek, bebek’ ‘páiste, páiste’ agus tú ag teacht ina dtreo. Tarraingítear pictiúirí leis na hifónanna, glaoitear anonn ar a gcairde agus cuireann siad an cheist “bunu sevibilirmiyiz?” An féidir linn grá a thabhairt di? Ansin crochtar í ó dhuine go duine.
Agus b’fhéidir gurb shin é an fáth ag deireadh an lae a cheadaím féin dóibh na traidisiúin a chleachtadh mar is mian leo le mo pháiste, mar ag deireadh an lae níl siad ach ag iarraidh roinnt grá a thabhairt di agus cé a dhiúltódh dó sin sa lá atá inniu ann?!
Is as Oileán Mhuighinse i gConamara Kate ó dhúchas ach ta sí lonnaithe sa Tuirc le trí bliana anuas.