Bhí Mícheál Ó hAodha ag machnamh ar ghnéithe zenúla na scríbhneoireachta a d’eascair as tuairimí William Strunk, tuairimí arbh fhiú do dhuine a leagan roimhe mar mhíreanna treorach, b’fhéidir, i réimsí eile saoil.
Bíonn fírinne sna seanfhocail, fírinne a sháraíonn cúinsí ama agus na nglúnta a chuaigh romhainn. B’fhéidir go raibh na Gaeil níos zenúla ná mar a shíleamar go nuige seo san am anallód: ‘Ná bac le mac an bhacaigh is ní bhacfaidh mac an bhacaigh leat’; ‘Is binn béal ina thost’. Gonta go leor, ach tá a lán iontu mar sin féin!
Cor nua in oideachas tríú leibhéal na tíre seo is ea forbairt na n-ionad sin a dtugtar na haonaid scríbhneoireachta orthu. Ó thaobh na mac léinn de, chaithfeá an cheist a chur – cén fáth nach bhfuil léamh agus scríobh acu cheana féin agus áit ar chúrsa tríú leibhéal bainte amach acu, ach sin scéal a fhágfaimid faoi na saineolaithe.
Anois agus scoláirí agus léachtóirí faoi bhrú damanta chun ailt agus leabhair a fhoilsiú go rialta is go seasta, moltar do lucht acadúil díriú ar a gcuid taighde agus tuilleadh scríbhneoireachta a dhéanamh. Anseo a luíonn tábhacht na n-aonad scríbhneoireachta agus go háirithe na tearmainn pinn don lucht acadúil. Is minic cuma neamhchas ar na seomraí a bhfanann rannpháirtithe an tearmainn scríbhneoireachta iontu, cuma na déine, gan teacht ar theilifís ná rochtain fóin go héasca iontu, iad gan cheangal idirlín, go bhfóire Dia agus Chrome orainn.
Is é a Leas a Laghad
Ciúnas agus simplíocht an dá phríomhaidhm anseo, filleadh ar na bunriachtanais, mar a bhí ag na manaigh fadó agus na dánta gonta dúlra á gcumadh acu. Ar ndóigh is ceird í an scríbhneoireacht, caithfear í a chleachtadh agus í a fhoghlaim. Caithfear cumas agus ceannas a fháil uirthi agus cé gur mór an chabhair iad na haonaid scríbhneoireachta agus na tearmainn chéanna, ní haon chinnteacht iad go mbeadh an duine in ann tosú i mbun scríbhneoireachta ar an bpointe boise díreach tar éis dó an tearmann iargúlta a shroicheadh!
Na múinteoirí is fearr, tá siad ar nós na mbainisteoirí foirne is fearr, ní thugann siad aithisc fhada uathu. A laghad comhairle agus is féidir ach an chomhairle sin a bheith luachmhar. Sin atá uathu. Téacs clasaiceach ar an scríbhneoireacht a úsáidtear fós sna Stát Aontaithe is ea Elements of Style le William Strunk Jr. a foilsíodh den chéad uair beagnach céad bliain ó shin, sa bhliain 1918! An ráiteas is tábhachtaí a thugann Strunk i leith na scríbhneoireachta, níl ann ach trí fhocal - “Omit needless words.” a deir sé.
Mar mhíniú ar an ráiteas lom sin rinne sé an mana sin a nascadh le gnéithe eile den ghnáthshaol laethúil.
“Ní ceart go mbeadh ach na focail a bhfuil gá leo i ngach uile abairt, an rud céanna maidir leis na habairtí i ngach uile alt. Ar an gcúis chéanna níor chóir go mbeadh línte breise gan ghá in aon líníocht nó dearadh ná codanna breise gan ghá in aon inneall. Ní chiallaíonn sé sin nach gá don scríbhneoir ach abairtí gearra a scríobh nó go mba cheart dó na mionsonraí agus na mionmhínithe a sheachaint ach go mbeadh feidhm agus riachtanas le chuile fhocal a bhreactar ar phár.”
Táimid Strunkaithe le Dearcadh Nua
Ait go leor, beagnach céad bliain i ndiaidh do Strunk an méid sin a rá, tá gluaiseacht nua de shaghas éigin ag teacht chun cinn sna Stáit Aontaithe a ghlacann leis an dearcadh saoil seo agus a thugann rudaí céim níos faide ar aghaidh. Cé nach féidir an claonadh nua seo i SAM i dtreo an rud a dtugtar ‘minimalism’, nó íostachas, air a rangú mar ghluaiseacht ar bhonn oifigiúil, is cinnte go bhfuil rud éigin suntasach ag tarlú, agus is minic an t-idirlíon á thiomáint. Díol suime is ea an méid blaganna agus leabhar atá á fhoilsiú i láthair na huaire ar thábhacht an tosta agus na diúide sa saol iar-nua-aoiseach seo agus sinn gafa in ascar ina chuid eangacha. Seasamh i gcoinne chastacht an domhain laethúil lena n-áirítear an iomad teachtaireachtaí agus gléasanna cumarsáide atá ann, is dócha, ach tá níos mó i gceist ná sin.
An bunús atá le híostachas ná nach bhfuil sa ní sin nach bhfuil riachtanach ach só-earra agus go bhfuil sé chomh maith agat maireachtáil dá uireasa. Cén fáth a gcuirfeá rudaí amú nuair nach bhfuil gá agat leo ar an gcéad dul síos agus go bhfuil tú sona ina n-éagmais cíbe ar bith?
Ní diúltú iomlán do shaol an lae inniu é - ná diúltú don domhan mar a fheidhmíonn sé faoi láthair chun aghaidh a thabhairt ar an bhfásach iargúlta amhail Ord manach Trapach nó Búdaíoch. É sin ráite, tá tú ag snámh in aghaidh eas sochaíoch ár linne má shiúlann tú ar chosán an íostachais. Ag dul in éadan beagnach gach fógra agus mana margaíochta a foilsíodh riamh atá tú toisc gur sochaí í seo a chuireann béim an-láidir ar nithe ábhartha agus ar charnadh na nithe céanna.
Cé go gceapfá gur éasca an fhealsúnacht í an t-íostachas ar an gcéad amharc, ní mar sin atá. Fáth amháin nach bhfuil sé chomh héasca agus a cheapaimid ar dtús ná nach bhfuil a fhios againn conas tosú amach ar bhóthar an íostachais. Conas is féidir saol níos íostaí a bhaint amach - nó fiú tosú ar an mbóthar céanna? Is iomaí rud ba mheasa a dhéanfá ná comhairle sheanchaite William Strunk Jr a leanúint agus iarracht a dhéanamh í a chur bhfeidhm ar an saol i gcoitinne “Omit needless things”. Ní hamháin go ndéanfadh sé maitheas don timpeallacht, ach ar shlí aisteach éigin is cosúil go mbeifeá níos sona dá bharr. Abraimis mar sin ‘seachain gach ní neafaise’, ‘múineann neamhghá seift’, nó ‘is fearr gach laghad’.