AR NA SAOLTA SEO
Schapelle Corby: Íospartach na Meán
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

Bean bhán dhathúil as an Astráil le fiche bliain a chur isteach faoi ghlas thar lear! Nach leor a leath leis na meáin is na liarlóga a shaighdeadh i mbun méarchláir? Bhí Bearnaí Ó Doibhlin ag faire orthu.

Íomhá
Schapelle Corby sa charcair
(le Publik16 ar Flickr)
Íomhá
Aerfort Denpasar ar Bali
(le Craig ar Vicipéid)
Íomhá
In Aerfort Denpasar
(le っ ar Flickr)
Íomhá
Schapelle Nic Corrbhuí agus Renee Lawrence
(le Publik16 ar Flickr)
Íomhá
Carcair Kerobokan ar Oileán Bali
(le David Elit ar Vicipéid)

Déanann meáin chumarsáide na hAstráile scéal chailleach an uafáis de mhionscéal éigin go rialta agus b’shin mar a bhí sé i dtaca le scaoileadh saor ar pharúl ar 10 Feabhra an bhean Astrálach, Schapelle Corby. Chaith Corby naoi mbliana ar an bpláta beag i gcarcair darb ainm Kerobokan, i mBali na hIndinéise, agus bhí a scaoileadh saor ar an bpríomhscéal sna meáin go léir san Astráil ag an am. Ní áibhéil é a rá gurbh annamh a chuaigh mí thart abhus le deich mbliana anuas nach raibh scéal éigin faoin mbean seo nó faoina muintir ag tarraingt aird na meánnó á chruthú ag na meáin.

Gabhadh Corby ag aerfort Denpasar i mBali sa bhliain 2004, agus í in aois seacht mbliana fichid. Bhí sí ar a bealach le saoire tonnmharcaíochta a chaitheamh lena deirfiúr, Mercedes, atá pósta le fear áitiúil. Fuarthas 4.1 cileagram cnáibe i mbagáiste Corby, nach raibh faoi ghlas, ach mhaígh sí ag an am agus ó shin i leith nach raibh aon bhaint aici leis na drugaí. Ciontaíodh as smuigleáil drugaí an bhliain dár gcionn í, ámh, agus gearradh pianbhreith fiche bliain uirthi.

Cuireadh tús le feachtas in éadan córas dlí cóiriúil na hIndinéise sna meáin Astrálacha a luaithe is a gabhadh í. Cíoradh an cás in irisí na mban agus sna liarlóga ach go háirithe. Ba mhórábhar é ar na cláir raidió idirchum freisin, agus cead a chinn ag Tadhg an mhargaidh a thuairimí aineolacha, fiú ciníocha, a nochtadh orthu. Foilsíodh agus craoladh líomhaintí i leith daoine áirithe eile, láimhseálaithe bagáiste agus baill de theaghlach Corby san áireamh.

Brú Uafásach ar Bhéarlóirí!

Chuaigh daoine áirithe de na tráchtairí go hiomlán thar fóir. Mhaígh duine amháin acu, fágaim, nach raibh cothrom na Féinne ar fáil don bhean bhocht Astrálach de bharr nach raibh an cás cúirte trí mheán an Bhéarla! Thug duine amháin eile den dream seo ‘moncaithe’ ar na breithiúna agus ar Uachtarán na hIndinéise. Nuair a fógraíodh an phianbhreith chuaigh na tráchtairí seo le craobhacha, ag maíomh go raibh an éiric as compás nuair nach raibh i gceist ach ‘coir neafaiseach’.

Rinneadh iarrachtaí éagsúla thar na blianta dúshlán a thabhairt d’fhíorasc ciontachta na cúirte agus don phianbhreith araon, ach theip orthu. Tharraing gach dúshlán aird na meán ar scéal Corby arís agus baineadh feidhm as an tsaoirse a sholáthraíonn na meáin shóisialta le líomhaintí sa bhreis a chur i leith daoine eile. Nuair a bhásaigh athair Corby, Michael, sa bhliain 2008 foilsíodh scéalta go leor faoina bhaint le cúrsaí drugaí agus maíodh go raibh seisean freagrach as an chnáib a chur i mbagáiste a iníne.

Cé nach raibh ach leath na pianbhreithe curtha i gcrích ag Corby, chinn na húdaráis Indinéiseacha í a scaoileadh ar chuntair áirithe, ina measc siúd go mbeidh uirthi maireachtáil lena deirfiúr in Kuta, na Bali, go ceann trí bliana eile. Bhailigh scata mór de lucht na meán i ngráscar lena chéile lasmuigh de gheata Kerobokan le giolcadh an ghealbhain ar lá a scaoilte. Ag fadú tine faoi loch a bhí siad faoi gur éalaigh sí ón ngramaisc i veain de chuid Cainéal 7, an t-eagras Astrálach a bhuaigh an iomaíocht tairisceana le clár eisiach a chraoladh faoin scaoileadh. Bhain sí cúlráid amach in ionad saoire sómasach agus fágadh cloigis na meán lasmuigh ar nós conairt ag sceamhaíl.

Faoi Ghlas ag Gaoltaibh!

Ní raibh sé soiléir dom riamh an fáth a raibh na meáin chomh tógtha, fiú dúghafa, le scéal Corby. Ba bhean álainn í le súile meallacacha, cinnte, agus an chuma uirthi gur duine neamhchas soineanta í nuair a labhair sí sa chúirt. É sin ráite, ní raibh aon amhras ach go raibh an chnáib ina bagáiste agus ní raibh aon fhianaise inghlactha gur chuir duine eile ann í.

Chaith Corby trí seachtaine tar éis a scaoilte san ionad saoire thuasluaite agus í faoi léigear ag gramaisc na meán. Bhog sí go dtí teach a deirféar ansin faoi choim na hoíche, ach tá geata is glas ar an gclochán ina bhfuil an teach agus ní fhacthas Corby amuigh faoi aer go fóill. Feictear dom go bhfuil sí fós i gcarcaira bhuí leis na meáin a rinne dúshaothrú uirthi beagnach ón bhomaite a gabhadh í deich mbliana ó shin.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.