Bíonn an trealamh ceart i gcónaí le Tony Birtill nuair a théann sé amach ar na sléibhte ach tá go leor daoine ann nach mbíonn chomh cúramach céanna.
»»»Déanfar leacht i gcuimhne ar an phoblachtánach Colin Maguire as Learpholl, a fuair bás fiche bliain ó shin, i mBaile Átha Cliath ag tús na míosa seo. Féachann Tony Birtill siar ar shaol an fhir seo a raibh dlúthchairdeas aige leis.
»»»Tá an craoltóir agus dioscmharcach cáiliúil John Peel ar shlí na fírinne anois le breis is dhá bhliain ach tá a thionchar le brath go fóill ina chathair dhúchais Learpholl, mar a léiríonn Tony Birtill.
»»»Tá an-mheas go fóill, a deir Tony Birtill, orthu siúd as Éirinn agus an Bhreatain a throid in aghaidh na bhfaisisteach sa Spáinn le linn an Chogaidh Chathartha sna tríochaidí.
»»»Tá Tony Birtill den tuairim go bhfuil roinnt den dream atá ag plé leis an turasóireacht in Éirinn aineolach ar an tíreolas.
»»»Chuir an tréimhse a chaith sé sna hAlpa le gairid Tony Birtill ag smaoineamh ar na féidearthachtaí atá ann ó thaobh na turasóireachta de in Éirinn agus ar na deiseanna nach bhfuil á dtapú.
»»»Le linn dó bheith i gceannas ar chúrsa siúl sléibhe Oideas Gael i nGleann Cholm Cille an samhradh seo, thug Tony Birtill cuairt ar láithreán atá an-tábhachtach ó thaobh stair an cheantair de agus chuir an droch-chaoi a bhí air an-díomá air.
»»»Tá tromaíocht á déanamh ag póilíní Learphoill ar na hÉireannaigh le fada, a deir Tony Birtill, ach tá cead a gcinn tugtha acu do na dílseoirí.
»»»Is cúis áthais é do Tony Birtill go bhfuil trácht go fóill ar na hÉireannaigh a throid i gcoinne an fhaisisteachais sa Spáinn.
»»»Chaith Tony Birtill cúpla uair an chloig ag freastal ar na marcaigh ina seomra gléasta ag Aintree le gairid agus fuair sé léargas ar chomh dian is atá a gcuid oibre.
»»»Chaith Tony Birtill cúpla lá suimiúil ag obair i mbeár ag ráschúrsa Aintree le linn an Grand National i mbliana.
»»»Déanann Tony Birtill cur síos ar an tslí ar diúltaíodh cead dó cuairt a thabhairt ar phríosúnach poblachtánach i bPríosún Gartree sna hochtóidí.
»»»Dfhill an t-imreoir sacair Robbie Fowler go Liverpool FC ag deireadh mhí Eanáir, ceithre bliana tar éis dó an club a fhágáil. Féachann Tony Birtill siar ar eachtra a tharla le linn do Fowler bheith ag imirt do Liverpool an chéad uair, a chothaigh meas as cuimse air i measc mhuintir Learphoill.
»»»Tá an-dochar déanta ag príomhoidí áirithe i gcoláistí tríú leibhéal i Sasana do na hinstitiúidí a bhfuil siad i gceannas orthu agus tá eagla ar Tony Birtill go dtarlóidh an rud céanna sna scoileanna má chuirtear moltaí an Pháipéir Bháin ar Oideachas agus Scileanna i bhfeidhm.
»»»Labhair Tony Birtill le bean de bhunadh Éireannach, Margaret McAdam, atá mar chuid deagraíocht atá ag iarraidh dul i ngleic leis an chiapadh ciníoch i Learpholl.
»»»Chas Tony Birtill le fear an-ait agus é amuigh ag siúl i Cheshire le gairid agus fuair sé amach ina dhiaidh sin gur duine a bhí ann atá an-tugtha don fhoréigean.
»»»Ní mó ná sásta atá Tony Birtill leis an mhéid atá ráite ag an staraí Marianne Elliot i réamhrá chlár an dráma Translations, atá ar camchuairt sa Bheatain idir seo agus an Nollaig.
»»»Labhair Tony Birtill le gairid le dochtúir as Éirinn atá gníomhach san fheachtas in aghaidh caithimh tobac i Sasana.
»»»Cuireadh fáilte mhór roimh Tony Birtill agus a chomhchnocadóirí i nGleann Cholm Cille ach tá daoine áirithe sa tír, feirmeoirí go háirithe, níos doicheallaí roimh thurasóirí.
»»»Scríobh Tony Birtill alt san iris seo bliain ó shin mar gheall ar an dochar a bhí á dhéanamh don chomhshaol i gceantar Ghleann Cholm Cille agus measann sé gur chun donais atá rudaí tar éis a dhul ó shin.
»»»Tá sé beartaithe ag na húdaráis 20,000 teach a leagan go talamh ar Merseyside, an ceann inar tógadh Ringo Starr ina measc, agus cinn nua a thógáil ina n-áit. Tá go leor daoine ag cur i gcoinne an phlean seo, áfach, mar a mhíníonn Tony Birtill.
»»»Bhuail Tony Birtill le fear de bhunadh Éireannach a bhfuil leabhar scríofa aige ar a thréimhse i reisimint Éireannach le linn an dara Cogadh Domhanda.
»»»Thug Tony Birtill cuairt ar Mhúsaem Mara Merseyside chun súil a chaitheamh ar obair chaomhnaithe atá á déanamh ar bhád atá mar chuid thábhachtach de stair na hÉireann.
»»»Spreag clár teilifíse a rinne RTÉ le gairid faoi na hÉireannaigh i Learpholl go leor díospóireachta sa chathair sin, mar a mhíníonn Tony Birtill.
»»»Tá dráma nua trítheangach á léiriú sa Bhreatain Bheag agus in Éirinn i mí an Mhárta a dhíríonn ar thréimhse staire a bhfuil an-suim ag Tony Birtill inti.
»»»Tá ceangal le fada ag an Derry Club, eagraíocht dhílseach i Learpholl, leis an Ulster Volunteer Force (UVF), ceangal a dtugann na meáin agus na polaiteoirí neamhaird air, dar le Tony Birtill.
»»»Tá cinneadh déanta ag an Steam Packet Company deireadh a chur leis an tseirbhís farantóireachta an-tapa idir Learpholl agus Baile Átha Cliath, rud a bheidh ina bhuille an-mhór dá chathair dhúchais, dar le Tony Birtill.
»»»Tá seasamh i bhfad níos láidre á thógáil ag na polaiteoirí áitiúla i Learpholl i gcoinne an tobac ná mar atá ag Rialtas Westmister, dar le Tony Birtill.
»»»Tá cónaí ar Tony Birtill i Walton i Learpholl, an ceantar arbh as Ken Bigley, an giall a mharaigh grúpa Moslamach san Iaráic an mhí seo caite. Féachann sé ar dhearcadh mhuintir na háite ar an chogadh san Iaráic agus an dóigh a ndeachaigh bás Bigley i bhfeidhm orthu.
»»»Tá comóradh á dhéanamh i Learpholl an mhí seo ar shaol Phiarais Bhéaslaí, an réabhlóidí agus file a rugadh sa chathair in 1881. Féachann Tony Birtill siar ar shaol an fhir seo a raibh baint mhór aige le bunú Shaorstát Éireann.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.