Tchí Tony Birtill agus a chomhghleacaithe siúl sléibhe an dochar a níthear in amanna amuigh in iargúil na gcnoc. Fágfaidh an duine a lorg ar an sliabh ard dá áille chomh maith le taobh locha, nó fan choill. Ghlac siad cúpla grianghraf den neamart a ní an duine in áille an tsléibhe.
»»»Ní leithne an t-aer ná an timpíste a deir an seanrá. Is fánach mar a tharlaíonn sa teach féin nó faoin sliabh ard, ach is faide a bheas tú ag fanacht le tarrtháil más amuigh ar an sliabh a thiteann sé amach. Thit cara le Tony Birtill ar a’ Mhònadh Ruadh in Albain ar na mallaibh, titim a ghortaigh go dona é agus a thug a bhás.
»»»Bhain an British National Party (BNP) suíochán Eorpach i Sasain le siléig agus le místuaim na bpáirtithe eile. Ní raibh aige, Nick Griffin, ach 8% den vóta aige. Bhí Tony Birtill ag leanacht an scéil thall.
»»»Tá sliocht eile ag Tony Birtill le cur sa chuntas faoin ‘tsaoirse gan só’ ar bhruach thoir Mhuir Éireann. An scéal nár insíodh agus an scéal a séanadh, scéal na Gaeilge i Learpholl.
»»»Imíonn an t-aos ceoil uainn chomh maith le daoine eile. Tá Tony Birtill ag cuimhneamh siar ar bheirt a d’imigh uainn ach a d’fhág lorg a láimhe go tréan ar an ghlúin ina ndiaidh.
»»»Bhéarfaidh Tony Birtill amach ar chonairí an tsléibhe san alt seo thú, go barr binne i gCymru y Ddraig Gôch, in Albain na dTréan agus i Sasain na Sócmhainní. Ríomfaidh sé roinnt de na dea-scéalta agus roinnt de thubaistí an tsiúil sléibhe a thit amach, mórán ag an am chéanna, le linn an Gheimhridh, agus áireoidh roinnt den dream daoine a sciobadh go fanach ag maidhmeanna sneachta is iad ag baint sult as caitheamh aimsire follán amuigh faoin aer.
»»»Chaith Tony Birtill súil siar ar shaol Bhreandáin Mhic Lua, ar an mhaith a rinne sé do mhuintir na hÉireann i Sasana lena linn agus ar a shaothar i mbun an nuachtáin The Irish Post. Scríobh Tony an t-alt seo thíos le barr ómóis dó.
»»»Thug Tony Birtill cuairt ar cheann de naíonraí Shasana. Níor cheart gur in Éirinn amháin go mbeadh borradh faoi naíonraí is faoi ghaelscoileanna. Tá buntáistí an ilteangachais chomh tábhachtach ag páistí i Learpholl Shasana is atá ag páistí i mBaile an Phoill in Éirinn. Cruthaíonn an gaeloideachas gaol an ghasúir, is cuma cá mbeidh sé, le teanga is le saíocht na hÉireann.
»»»Tháinig amhras ar Tony Birtill faoi fhoilseachán amháin ar stair na nGael i gceantar Learphoill i ndiaidh dó féin spéis ar leith a chur i stair na Gaeilge sa chathair sin. Ba léir dó nach raibh leagan amach beirt ollamh ag teacht lena chéile duth ná dath. Le cuidiú ó fhear amháin den bheirt, thosaigh sé ag tochailt níos doimhne le teacht ar an fhírinne.
»»»Bhí de mhíthapa ar Tony Birtill eolas a chur ar dhromchla an bhealaigh oíche amháin i Learpholl le gairid agus a theacht ar thuiscint níos cruinne faoi ghnóthaí tiomána sa chathair sin. Leag tacsaí é agus choinnigh air gan stad. Bíodh cead cainte ag fear caillte na himeartha mar sin.
»»»Theip ar Rialtas Harold Wilson (1964-1970) an deis a thapú chun Trioblóidí Thuaisceart Éireann a sheachaint, dúirt an Dr Kevin McNamara i léacht i Learpholl ar na mallaibh. Bhí Tony Birtill i láthair.
»»»Leanann Tony Birtill den tsraith altanna atá scríofa aige i mbliana faoin cheiliúradh atá ar siúl i Learpholl agus an chathair sin mar Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa. An mhí seo, díríonn sé ar chuid de na taispeántais ealaíne a reáchtáladh go dtí seo.
»»»Tá imní agus fearg ar Tony Birtill mar go bhfuil rudaí gránna, aisteacha agus míchuí á gcur i mbaill áilleachta timpeall Ghleann Cholm Cille. Ach ní hé gur déagóirí ná loitiméirí atá á dhéanamh, ach na forais úd a dhéanann cúram d’oidhreacht na tíre.
»»»Bhí Tony Birtill in ísle brí le gairid tar éis dó an Tuarascáil ar Stádas Caomhnaithe a bhaineann le hÉirinn a léamh. Ní hé gur chuir na staitisticí a clúdaíodh inti ionadh air, ach tuigeann sé go bhfuil easpa gnímh i gceist sa tír seo i measc na bhforas a cuireadh ar bun leis an chomhshaol a chaomhnú.
»»»Tá Learpholl go mór faoi anáil an chultúir Ghaelaigh agus, san alt seo, déanann Tony Birtill cur síos ar chuid de na himeachtaí a bhí ar siúl i mbliana – agus Learpholl mar Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa – leis na naisc seo a cheiliúradh.
»»»In ainneoin gur cathair ilchultúrtha é Learpholl, tá go leor ciníochais i gceist ansin. D’fhreastail Tony Birtill ar chomhdháil speisialta le gairid inar pléadh an fhadhb áirithe seo.
»»»Ní chrónaíonn tú rud éigin go dtí go mbíonn sé caillte. Is maith an rud é, mar sin, go bhfuil sárobair curtha i gcrích ag eagraíochtaí speisialta sa Bhreatain le bláthanna fiáine atá faoi bhrú a chaomhnú. Cúlra an scéil ó Tony Birtill.
»»»Bhí aithne mhaith ag Tony Birtill ar Sheán Savage, an ball den IRA a mharaigh fórsaí na Breataine i nGiobráltar fiche bliain ó shin. San alt seo, déanann sé cur síos ar an am a chaith siad le chéile i dTír Chonaill agus i mBéal Feirste.
»»»Is iomaí duine sa lá atá inniu ann atá cleachta le bheith ag fáil dramhphoist ina ndéantar cur síos ar dhuais iontach atá buaite aige i gcrannchur éigin. Insíonn Tony Birtill dúinn faoi fheachtas atá díreach curtha ar bun i Sasana le haird an phobail a tharraingt ar na camscéimeanna seo.
»»»Reáchtálfar clár leathan imeachtaí i mbliana le ceiliúradh a dhéanamh ar stádas Learphoill mar Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa. Agus, ar ndóigh, bainfidh cuid de na himeachtaí sin leis an Ghaeilge, mar a mhíníonn Tony Birtill.
»»»Bíonn an-chuid deacrachtaí ag tiománaithe leoraí in amanna mar gheall ar chaochspota a bheith ag cúl a gcabhán. Ba é caochspota mar seo ba chúis le timpiste bóthair a chonaic Tony Birtill le gairid.
»»»Measann Tony Birtill go bhfuil leabhar nua faoi na hÉireannaigh i Learpholl, a foilsíodh i mí Dheireadh Fómhair, an-lochtach de bhrí gur thug an t-údar neamhaird ar na foinsí Gaeilge.
»»»Tugann leabhar nua dar teideal [i]GAA Provincial Council of Britain: A History[/i] le Tommy Walsh léargas ar stair Chumann Lúthchleas Gael sa Bhreatain. Agus stair fhada, shuimiúil atá inti, dar le Tony Birtill.
»»»Nuair a dúnmharaíodh buachaill óg, Rhys Jones, i Learpholl le gairid, cuireadh an locht láithreach ar thuismitheoirí agus ar dhronga. Ach tá an scéal níos casta ná sin, dar le Tony Birtill.
»»»Féachann Tony Birtill ar an cheangal láidir atá idir Learpholl agus Éirinn leis na céadta bliain.
»»»Measann Tony Birtill go bhféadfaí níos mó a dhéanamh chun an comhshaol in iardheisceart Dhún na nGall a chosaint agus an éiceathurasóireacht a chur chun cinn.
»»»Dúirt Príomh-Aire nua na Breataine, Gordon Brown, an lá a tháinig sé i gcomharbacht ar Tony Blair, go n-éistfeadh sé le muintir na tíre as seo amach ach níl Tony Birtill ródhóchasach go ndéanfaidh sé amhlaidh.
»»»Tá mac óg Tony Birtill ag traenáil le foireann phroifisiúnta sacair faoi láthair ach tuigeann Tony nach ionann sin is a rá go n-éireoidh leis gairm a bhaint amach sa spórt sin.
»»»D’fhág Derek Culley Éirinn sna seachtóidí de bharr na dífhostaíochta ach anois tá deontas mór idirnáisiúnta agus aitheantas ceart bainte amach aige mar ealaíontóir. Thug Tony Birtill cuairt ar a stiúideo le gairid.
»»»Chuir seachtain a chaith Tony Birtill ag dreapadh san Iorua an mhí seo caite ag smaoineamh é ar an chontúirt a bhaineann leis an chaitheamh aimsire sin.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.