AR NA SAOLTA SEO
Dochtúir Éireannach lárnach san fheachtas frith-thobac
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Labhair Tony Birtill le gairid le dochtúir as Éirinn atá gníomhach san fheachtas in aghaidh caithimh tobac i Sasana.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá

Rinne mé cur síos in eagrán mhí na Nollag 2004 den iris seo ar an léacht a thug Maurice Mulcahy, Oifigeach Sinsearach Folláine Chomhsaoil i nGaillimh don Duncan Society i Learpholl faoi thaighde a rinne sé ar chaitheamh fulangach in Éirinn agus an buíochas a fuair sé ón eagraíocht Smoke Free Liverpool dá bharr.

Seachtain i ndiaidh na léachta, vótáil Comhairle na Cathrach i bhfábhar cosc a chur ar chaitheamh tobac i ngach áit phoiblí faoi dhíon agus chuir siad achainí chuig an Pharlaimint i Westminster ag lorg Acht Parlaiminte Áitiúil chun a bheith ábalta an cosc a chur i bhfeidhm de réir dlí.

Labhair mé le gairid le Gaillimheach eile, an Dr Simon Kelly, faoin taighde atá déanta aigesean ar an cheangal idir caitheamh tobac agus daille ag baint le haois nó meathlú matánach bainteach le haois (AMD sa Bhéarla).

As Bearna ó dhúchas é Simon Kelly agus bhain sé céim amach sa leigheas agus sa mháinliacht in Ollscoil na Gaillimhe i 1980. “Tá mé ag obair mar dhochtúir otharlainne i Sasana le breis is 20 bliain anois, agus tá mé i mo mháinlia súile in Ospidéal Botlon faoi láthair,” a d’inis sé dom.

Cuireann sé cóir leighis ar a lán seandaoine a bhfuil AMD orthu, mar gur sin an chúis is mó go gcailltear radharc na súl sa domhan thiar sa lá atá inniu ann.

“Ar an drochuair, níl aon leigheas éifeachtach ar AMD, agus mar sin tá sé tábhachtach na cúiseanna atá leis a thuigbheáil chun é a sheachaint. Thug mé faoi deara gur chaith a lán daoine a raibh AMD orthu tobac agus rinne mé staidéar eolaíoch ar an cheist,” a dúirt sé liom.

Sa staidéar seo, rinne sé comparáid idir lucht caite tobac a raibh AMD orthu agus daoine a raibh AMD orthu nár chaith. Fuair sé amach go raibh ceangal láidir idir caitheamh tobac agus AMD. Go sonrach, fuair sé amach go raibh éifeacht thocsaineach ag caitheamh tobac ar an reitine. Tá an staidéar iomlán le feiceáil ag www.nature.com/eye.

In ainneoin na fianaise seo, ní raibh mórán tuisceana ag dochtúirí nó ag an phobal ar an bhaol atá ann galar súl a fháil ó chaitheamh tobac,” ar seisean.

Ach bhí a lán suime ag na meáin chumarsáide sa scéal nuair a d’fhoilsigh sé a staidéar le gairid.

“Bhí sé úsáideach go raibh an scéal ar an teilifís agus sna nuachtáin mar tuigeann níos mó daoine an ceangal contúirteach idir tobac agus daille anois agus tháinig a lán daoine a raibh an galar orthu chun tosaigh de bharr na poiblíochta,” a mhínigh sé dom.

Feachtas

Tá Simon Kelly gníomhach san fheachtas ASH (Action on Smoking and Health) a bhunaigh an Royal College of Physicians i 1971 leis an lucht caite tobac a spreagadh le héirí as an nós agus sláinte daoine eile a chosaint ó chaitheamh fulangach. Déanann siad iarracht fosta amhras a chaitheamh ar bholscaireacht na gcomhlachtaí tobac (féach www.NWASH.co.uk).

Tá dochtúirí Éireannacha eile gníomhach in ASH in iarthuaisceart Shasana, ina measc Gaillimheach eile, an Dr Ronan O’Driscoll, óna chlinic riospráide i Hope Hospital, Salford.

“Tá Ronan an-neamhbhalbh faoin cheangal idir caitheamh tobac agus galar na scamhóg,” ar Simon Kelly.

Dúirt sé liom go raibh polaiteoirí áitiúla gníomhach san fheachtas fosta, mar shampla an Comhairleoir Patrick Karney (www.manchester.gov.uk/localdemocracy/councillors). D’iarr an Dr Kelly ar Rialtas Shasana an fógra “Déanann an caitheamh tobac dall thú” a chur ar bhoscaí toitíní, ach mhaígh siad nach dtiocfadh leo é sin a dhéanamh gan comhaontú a bheith ann leis na rialtais eile sa Chomhphobal Eorpach. Tá sé ag leanúint ar aghaidh leis an fheachtas, áfach. “Scríobh mé chuig an rialtas i mBaile Átha Cliath ag lorg tacaíochta uathu agus d’iarr mé orthu an cheist a phlé leis na rialtais eile sa Chomhphobal Eorpach,” a dúirt sé liom.

Dála na ndaoine i Smoke Free Liverpool, faigheann an Dr Kelly a lán dóchais ó dhea-shampla na hÉireann agus cuireann siléig rialtas Shasana sa cheist seo díomá air.

“Scríobh mé litir chuig an Roinn Sláinte i Londain agus dúirt mé leo go raibh ceannasaíocht de dhíth sa cheist seo, ní moilleadóireacht,” a dúirt sé liom.

Chuir an Páipeár Bán, Choosing Health, a d’fhoilsigh an Rialtas i mí na Samhna anuraidh, díomá ar an fheachtas frith-thobac, mar mhol sé cosc ar thobac i mbialanna agus i dtithe tábhairne a dhíolann bia te, ní i ngach teach tábhairne mar atá in Éirinn.

Thug Andy Hull ó Smoke Free Liverpool “a woolly compromise” ar an Pháipéar Bán agus dúirt sé go mbeidh freastalaithe i dtithe tábhairne i mbaol báis go fóill mar gheall ar chaitheamh fulangach.

Bhí tréimhse chomhairliúcháin ag an Roinn Sláinte go dtí 5 Meán Fómhair agus, le barúil mhuintir Learphoill a chur in iúl don Aire Sláinte, Patricia Hewitt MP, chuir níos mó ná 12,000 duine cárta poist ó Smoke Free Liverpool chuici ag iarraidh cosc iomlán ar chaitheamh tobac i ngach áit phoiblí faoi dhíon.

Dúirt Andrea Crossfield ó Smokefree Liverpool gur éirigh go hiontach leis an fheachtas cártaí poist, “Positively 100% Smoke Free”, agus go raibh dualgas ar an rialtas anois aird a thabhairt air.

Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Tá sé ag obair sa chathair sin mar mhúinteoir agus mar shaoririseoir.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.