AR NA SAOLTA SEO
Fáilte Éireann caillte in Éirinn?
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Tá Tony Birtill den tuairim go bhfuil roinnt den dream atá ag plé leis an turasóireacht in Éirinn aineolach ar an tíreolas.

Íomhá
Grianghraf de “Slieve League” (sic) atá le fáil sa leabhar Nature in Ireland's Gaeltacht. Bord Fáilte a chuir an pictiúr ar fáil
Íomhá
An grianghraf de thábhairne "Ciarraíoch" atá á úsáid ag Bord Turasóireachta Chiarraí. Tógadh é i dteach Bhiddy i nGleann Cholm Cille

Bíonn brón orm i gcónaí Gleann Cholm Cille a fhágáil i mí Lúnasa tar éis an samhradh a chaitheamh ag obair ansin le hOideas Gael agus bhí sé deas, mar sin, grianghraif den áit a fheiceáil sa Liverpool Daily Post ar an 24 Lúnasa agus 23 Meán Fómhair. Ach, ar an drochuair, bhí teideal mícheart ar an dá cheann acu.

I bhfógra de cuid Fáilte Éireann (www.discoverireland.com/west) a bhí an chéad cheann agus thaispeáin sé fear ina sheasamh ar Chionn Ghlinne ag amharc trasna ar an Storrúil. “Slieve League” an teideal a bhí air agus ghlac mé leis gur “Sliabh Liag” a bhí i gceist ag an eagraíocht stáit seo, in ainneoin Acht na dTeangacha Oifigiúla. Ach tá Sliabh Liag deich gciliméadar ó dheas ón Storrúil agus chuir sé seo comhrá i gcuimhne dom a bhí agam le Gearmánach thart fá chúig bliana ó shin. Bhí mé amuigh le grúpa siúlóirí ó chúrsa Oideas Gael ar Ros Eoghain nuair a chas muid air agus bhí sé ag díriú a mhéire ar Chionn Ghlinne agus ar an Storrúil, trasna na bá, ag rá, “Sliabh Liag, Sliabh Liag” linn.

“Ní hea, ní hea,” arsa sinne leis, ach bhí sé cinnte dearfach go raibh an ceart aige. Thug mé faoi deara go raibh treoirleabhar ina lámh aige.

Níor thuig mé an tuairim a bhí aige go dtí go bhfaca mé an leabhar, Nature in Ireland’s Gaeltacht le Pádraig Ó Briain (Gaelsaoire Teoranta, 2002). Cad é a bhí ann ach an grianghraf thuasluaite den Storrúil agus “Slieve League” mar theideal air! Pictiúr ó Bhord Fáilte a bhí ann agus is dócha go bhfuil sé le feiceáil i dtreoirleabhair ar fud an domhain i dteangacha éagsúla.

Chun stop a chur leis an eolas míchruinn seo, agus cuidiú a thabhairt do “Discover Ireland”, chuir mé ríomhphost chucu leis an eolas ceart a chur in iúl dóibh. Ní bhfuair mé freagra ar bith.

Níos measa arís, i mí Mheán Fómhair bhí gné-alt dhá leathanach ann faoin tseirbhís nua de cuid Ryanair ó Learpholl go Ciarraí. I lár an ailt, bhí grianghraf de ghrúpa i dteach tábhairne agus an teideal “The craic is mighty in pubs in Kerry” air. Ach cad é a bhí ann ach Teach Bhiddy i nGleann Cholm Cille. Phléasc mé amach ag gáire nuair a chonaic mé seanchairde mar Mháire Ní Chaiside agus Mairéad Ní Chuinneagáin ag amharc ar Phadaí Mór ag tabhairt ceachta ar an bhodhrán do bhean óg.

Chuir mé ríomhphost chuig Jane Wolstenholme, eagarthóir an Liverpool Daily Post, agus an t-eolas cruinn ann agus ní raibh iontas orm an méid seo a léamh sa cholún a bhí aici ar an 28 Meán Fómhair: “Tony Birtill writes, after reading Lew Baxter’s article about holidays in Kerry, which included a picture of a pub showing how ‘grand’ the craic was there: ‘Unfortunately, the pub is in fact Biddy’s Bar in Glencolmcille, Co. Donegal, right at the other end of the country. It is a great pub, though, in the most beautiful part of the country, and you can fly Ryanair to Derry City Airport, which is only a bus ride away.’ Something of a mystery, really, as the image was supplied by Kerry Tourist Board and billed as a local pub. However, if I am ever in Glencolmcille, there is no doubt I will be taking up Mr Birtill’s recommendation.”

Bhí mé sásta go raibh deis agam poiblíocht mhaith a fháil do Ghleann Cholm Cille, ach tá imní orm anois go gcasfaidh mé ar Ghearmánach eile an samhradh seo chugainn taobh amuigh de theach Bhiddy, é ag rá “Kerry pub, Kerry pub!” agus pictiúr de cuid Fáilte Éireann ina lámh aige.

“Discover Ireland” mo thóin!

Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Bíonn sé ag obair le hOideas Gael i nGleann Cholm Cille gach samhradh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.