AR NA SAOLTA SEO
Neamhaird phóilíní Learphoill ar na sceimhlitheoirí dílseacha
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

tromaíocht á déanamh ag póilíní Learphoill ar na hÉireannaigh le fada, a deir Tony Birtill, ach tá cead a gcinn tugtha acu do na dílseoirí.

Íomhá
Roy Barwise agus John Irwin
Íomhá
Na gunnaí agus an t-armlón a aimsíodh sa Derry Club
Íomhá
Baill den UVF
Íomhá
Banna de chuid an Oird Oráistigh ag máirseáil i Learpholl
Íomhá

Bhí aird na meán cumarsáide dírithe ar an Derry Club i Learpholl i mí Iúil nuair a gearradh téarmaí príosúin ar bheirt bhall den chlub a bhí ina mbaill den “UVF Liverpool Battalion”, a bhí lonnaithe ansin.

Cé gur cúiseanna tromchúiseacha sceimhlitheoireachta a bhí i gceist, níor cuireadh ach pionós éadrom ar na fir, mar is ghnáth i gcásanna a bhaineann le dílseoirí; gearradh téarma príosúin ceithre bliana go leith ar Roy Barwise (47) as taisce gunnaí agus armlóin a bheith ina sheilbh aige agus as a bheith ina bhall den UVF. Gearradh téarma dhá bhliain go leith ar John Irwin (43) as a bheith ina bhall den eagraíocht chéanna.

Iarbhall den Territorial Army – arm páirtaimseartha de chuid arm Shasana – ab ea iad agus ó Arm Shasana a fuarthas cuid de na gunnaí agus den armlón a bhí ina seilbh ag Barwise agus ag Alan Clair, ball eile den UVF/Derry Club ar gearradh téarma príosúin ocht bliana air i mí na Nollag 2004 (cf. Beo!, eagrán 46, Feabhra 2005).

Ní raibh iontas orm a léamh sna meáin go raibh seomra príobháideach ag an UVF sa Derry Club, a bhí maisithe le bratacha na heagraíochta, mar tá mé ag gearán faoin áit chéanna le beagnach 20 bliain anuas.

I 1988, mar shampla, scríobh mé alt mór, agus grianghraf leis, in Labour and Ireland, iris a d’fhoilsigh an Labour Committee on Ireland, baill de Pháirtí an Lucht Oibre a raibh suim acu in Éirinn. Chuir mé in iúl san alt go raibh baill den Derry Club ag eagrú bailiúchán bréagach le haghaidh daoine dífhostaithe agus gur mheas mé go raibh an t-airgead á thabhairt don UVF.

Ní duine mé atá paranóideach maidir leis dílseoirí. I mí na Nollag 1987, gearradh téarma príosúin ceithre bliana an duine ar Trevor Cubbon as Learpholl agus ar Albert Watt as Ceanada as bheith ag smuigleáil gunnaí ó Cheanada go Tuaisceart Éireann trí Learpholl. Chualathas sa chúirt gur eagraigh Cubbon an smuigleáil sa Derry Club le ball de chuid an UVF ó Bhéal Feirste, Kenneth Hagan, agus gur mharaigh an UVF sa chathair sin Caitlicigh le gunnaí a tháinig trí Learpholl.

Bhí Elsie Doyle, ball eile den Derry Club, sa chúirt i Learpholl le Cubbon agus Watt agus d’admhaigh sí gur bhailigh sí airgead i Learpholl don UVF, ach chaith an breitheamh an chúis sin amach, mar dúirt sé nach raibh an UVF ina eagraíocht thoirmiscthe ag an am sin!

Scairt ó na póilíní

Go gearr tar éis do m’alt a bheith i gcló i Labour and Ireland, fuair mé scairt ghutháin ó na póilíní agus iad ag rá gur mhian leo labhairt liom faoi m’alt agus teacht chuig mo theach leis sin a dhéanamh. Seo ag am nuair a bhí Seisear Birmingham, Ceathrar Guildford, Annie agus Paddy Maguire agus araile fós sa phríosún le blianta fada mar gheall ar fhianaise bhréagach, a chruthaigh na póilíní. Arís, ní duine paranóideach mé, agus sular shocraigh mé rud ar bith leis na póilíní, labhair mé le Jeremy Hawethorn, aturnae a raibh spéis aige i gcearta sibhialta.

Ba é an bharúil a bhí aige ná go raibh na póilíní ag lorg eolais fá dtaobh díomsa, ní faoi na dílseoirí, agus go mbeadh sé níb fhearr gan iad a ligean isteach i mo theach. Mhol sé dom comhoibriú leo, ach labhairt leo i stáisiún na bpóilíní. “Mar sin, beidh tú ábalta siúl amach as an áit má atá siad ag cur brú ort. Dá ligfeá isteach i do theach iad, bheadh sé deacair fáil réidh leo. Fosta, bheadh sé deacair súil a choinneáil orthu; mar shampla, dá rachadh duine acu chuig an leithreas, thiocfadh leis a bheith ag amharc ar rudaí príobháideacha nó a bheith ag fágáil fianaise bhréagach i do theach,” dúirt sé liom.

Chuir mé scairt ar ais ar na póilíní agus shocraigh mé leo go rachainn go dtí an stáisiún.

Mar a tharla sé, bhí siad an-fhiosrach fá dtaobh díom. Bhí fótachóip de m’alt acu agus bhí siad ag iarraidh fáil amach cén dóigh a bhfuair mé eolas faoin Derry Club agus faoi na bailiúcháin bhréagacha. Tar éis seal den amaidí seo, dúirt mé leo go raibh obair le déanamh agam agus d’fhág mé an áit.

Ar ndóigh, níor druid Merseyside Police an Derry Club; níor chuir siad aon bhrú air agus lean sé ar aghaidh mar cheanncheathrú an UVF i Learpholl.

Thug mé a lán eolais faoin Derry Club don léiritheoir teilifíse Lynn Keane nuair a bhí sí ag déanamh clár faisnéise do Channel 4 i 1995 agus cé go ndearna siad exposé faoin áit agus an ceangal a bhí ann leis an UVF, arís ní dhearna na póilíní faic faoi. Nuair a rinne na hOráistigh ón Derry Club ionsaí ar ár bparáid ar Lá Fhéile Pádraig i 1996 (cf. Beo!, eagrán 18) bhí Merseyside Police ar nós cuma liom.

In ionad gníomh diongbháilte a ghlacadh in aghaidh an Derry Club, chuir Merseyside Police brú orainne, agus rinne póilíní a raibh meaisínghunnaí agus héileacaptar acu ruathar ar chlub na nÉireannach (cf. Beo!, eagrán 48). Bhí seiceáil agus cigireacht ar an áit an t-am uilig agus b’in an chúis ba mhó gur dúnadh an club i 1997. Ní raibh aon chúiseanna sceimhlitheoireachta in aghaidh baill ar bith den chlub, ach bhí tacaíocht ann do dhaonlathas in Éirinn agus labhair poblachtánaigh ansin anois is arís. Sin an fáth go raibh aird Merseyside Police dírithe ar an áit, in ionad í a bheith dírithe ar an Derry Club, áit a raibh ceangal láidir aici le sceimhlitheoireacht.

B’amhlaidh a bhí i gcás na bparáidí: Cé go raibh baill de bhannaí ceoil feadóige na nOráisteach le feiceáil go rialta agus iad gléasta in éide an UVF agus na nDúchrónach, ní dhearna na póilíní faic faoi go dtí gur tháinig an Jim Larkin Republican Flute Band (JLRFB) ar an saol i 1997. Dúirt na póilíní leo go raibh sé in aghaidh an dlí éide a chaitheamh agus nuair a luaigh na ceoltóirí go raibh na dílseoirí i gcónaí gléasta in éide, chuir siad stad leosan fosta. I gcónaí, chráigh na póilíní daoine a bhí ar pharáidí de cuid na nÉireannach am ar bith a raibh an JLRFB páirteach iontu (cf. “Cos ar Bolg ar na hÉireannaigh arís”, Beo!, eagrán 18).

Ionsaí ar theach Adair

In eagrán 26 (Meitheamh 2003) de Beo!, scríobh mé faoin ionsaí gunna a rinne dílseoirí ar theach Johnny “Mad Dog” Adair in Bolton, atá 30 míle ó Learpholl. Tá Bolton faoi chúram Greater Manchester Police (GMP) agus, gan fhios dom, thosaigh siadsan imscrúdú ar na dílseoirí i Learpholl, áit a bhfuil níos mó ná 50 lóiste Oráisteach. Ón imscrúdú seo a tháinig na cúiseanna in aghaidh bhaill an Liverpool UVF anuraidh agus i mbliana. Tá codarsnacht mhór idir iompar an GMP agus iompar Merseyside Police. Murach an GMP, bheadh Alan Clair, Roy Barwise agus John Irwin fós saor, ag smuigleáil gunnaí agus drugaí dá gcomrádaithe sa UVF i mBéal Feirste. Is féidir leat amharc ar fhíseán ar an idirlíon (www.icliverpool.co.uk) a bhí mar chuid den fhianaise sa triail. Foilsíodh pictiúir fosta de ghrúpa fear in éide an UVF agus gunnaí ina lámha acu, istigh sa Derry Club.

Tar éis na trialach, bhí trácht sna meáin ar an cheangal idir an tOrd Oráisteach agus an UVF i Learpholl agus in Éirinn. D’admhaigh Ard-Mháistir an Oird i Sasana, Ron Bather, atá ina chónaí i Learpholl, ar ndóigh, go raibh aithne phearsanta aige ar Roy Barwise agus John Irwin agus nach raibh sé cinnte go ndéanfaí iad a dhíbirt as an Ord.

“They may not have broken the laws of the institution. I am not glorying parmilitarism, but there may not be grounds to put them out of the order.”

Bhí an Feisire áitiúil, Louise Ellman, míshásta leis an ráiteas seo agus d’iarr sí ar an Ord Oráisteach Barwise agus Irwin a dhíbirt as an eagraíocht. “I am sure the vast majority of people in the Orange Order are law-abiding citizens who want nothing to do with terrorism. I really think the Order should act to put these men out of the institution. Keeping men like that in the Orange Order is not compatible with it being a peaceful organisation. It’s time they looked at this again,” arsa sise.

Codarsnacht mhór

Ar ndóigh, ní dúirt Merseyside Police faic faoi. Tá codarsnacht mhór idir sin agus an dóigh a mbíonn siad ag déileáil linne. Bhí mé ar an pharáid Lá Fhéile Pádraig i Learpholl i mbliana nuair a bhí an JLRFB chun tosaigh, agus mar is ghnáth, bhí drochaoibh ar na póilíní. Leathbhealach tríd an pharáid, bhrúigh beirt acu isteach sa pharáid go tobann agus shíl mé go raibh rud éigin uafásach feicthe acu i measc na siúlóirí. Tháinig póilín amháin amach as an slua agus gloine Baileys ina lámh aici agus cuma an-mhíshásta ar a haghaidh. Gan amhras, tá sé in aghaidh an dlí deoch mheisciúil a ól amuigh ar an tsráid, ach ón mhéid rírá a rinne na póilíní fá dtaobh de, shílfeá go raibh gunna i lámh an tsiúlóra, seachas deoch.

Ba léir go raibh na póilíní ag coinneáil súil ghéar orainn agus chuir sin isteach ar an atmaisféar meidhreach a bhí ann agus daoine ag ceiliúradh ár lá náisiúnta.

Mar a tharlaíonn i gcónaí i gcás an JLRFB, scairt duine acu amach, “Deis, clé. Deis, clé,” idir na poirt chun an banna ceoil a choinneáil ar aon choiscéim le chéile agus scairt na ceoltóirí eile na focail chéanna ar ais. Níor thuig mé an fáth go raibh cuma mhíshásta ar na póilíní faoi seo go dtí deireadh na paráide, nuair a d’iarr an cigire ar cheannairí an JLRFB teacht chun cainte leis. Bhí mé féin ag cúléisteacht leis an chomhrá. Dúirt an cigire leo go raibh fadhbanna tromchúiseacha leis an pharáid, mar shampla go bhfacthas duine amháin agus deoch mheisciúil ina lámh aige. Agus, lena chois sin, dúirt sé: “We have received a number of phone calls from members of the Orange Order to complain about people on the march chanting ‘IRA, IRA’ in response to members of your band.”

An dóigh a luaigh sé an tOrd Oráisteach, shílfeá gur cuid den rialtas áitiúil a bhí ann, seachas grúpa seicteach a bhfuil dlúthbhaint aige le sceimhlitheoirí sa chathair.

Rinne na ceoltóirí iarracht a chur in iúl don amadán seo go raibh siad a scairteadh ‘Deis, clé. Deis clé”, seachas “IRA, IRA”, ach ní raibh suim aige éisteacht leo.

“This is a very serious matter and a full report will be made to the Chief Constable. I wanted to inform you of this so you will understand why, if next year, your parade is banned.”

Seo duit feidhmiú Merseyside Police. Brú millteanach gan chúis orainne ag am nuair a bhí club dílseach cúpla míle suas an bóthar lán sceimhlitheoirí agus gunnaí ina lámha acu.

Tá an club breá a bhí againn i lár na cathrach dúnta le blianta anois agus tá seans ann go mbeidh cosc ar ár bparáid ar Lá Fhéile Pádraig i 2007.

Plus ça change.

Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Bíonn sé ag obair le hOideas Gael i nGleann Cholm Cille gach samhradh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.