AR NA SAOLTA SEO
Léargas ar scéal a bhíonn faoi cheilt de ghnáth
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Spreag clár teilifíse a rinne RTÉ le gairid faoi na hÉireannaigh i Learpholl go leor díospóireachta sa chathair sin, mar a mhíníonn Tony Birtill.

Íomhá
Íomhá
An Jim Larkin Republican Flute Band ag seinm i Learpholl, Lá Fhéile Pádraig

Bhí díospóireacht mhór ar BBC Radio Merseyside ar an 28 Feabhra faoi leatrom ar na hÉireannaigh i Learpholl. Ba é an clár faisnéise *Léargas *ar RTÉ ar an ábhar céanna a spreag an díospóireacht seo. Cé nach raibh an clár le feiceáil i Sasana, ba léir gur chuala lucht an BBC faoi agus rinne siad *vox pop *amuigh ar na sráideanna, ag déanamh iarrachta a chruthú nach raibh leatrom ar bith ann.

Mar a dúirt Peadar ó Gallchóir ar chlár Léargas: “Tá mé cinnte go bhfuil an leithéid ann. Braitheann sé ar an áit a bhfuil tú i do chónaí nó an áit ina bhfuil do shaol sóisialta.”

Is dócha go raibh mí-ádh ar Geraldine Judge, bean as Baile Átha Cliath a bhí páirteach sa chlár, go raibh a lán Oráisteach ina gcónaí in aice léi. B’éigean di féin agus dá clann óg bogadh as an tsráid tar éis ionsaithe Oráisteacha ar a teach. Thosaigh an trioblóid nuair a bhí scéal i nuachtán áitiúil faoin phost atá aici, ag obair leis an Lucht Taistil Éireannach i Learpholl. Ní raibh mórán trua ag an chumann tithíochta (is leo an teach) di nuair a d’inis sí dóibh go raibh sí i bponc.

Ní bheadh suim ag na meáin chumarsáide áitiúil i gcás mar seo, ar ndóigh. Cé go bhfuil na hOráistigh ag cur brú orainne, na hÉireannaigh, le blianta fada, ní bhíonn trácht air seo sna meáin. Ní raibh trácht air, fiú, tar éis an chláir faisnéise Billy Boys, a rinne Channel 4 i 1995, clár an nocht an fhírinne faoin scéal. Ach bhí fearg ar na meáin i Learpholl go raibh rún brocach, náireach, frith-Éireannach seo na cathrach á scaoileadh ar RTÉ.

Agus bíonn sé amhlaidh de ghnáth anseo. Nuair a rinne na hOráistigh ionsaí ar ár bparáid ar Lá Fhéile Pádraig i 1996 (Beo!, eagrán 18), mhaígh an *Liverpool Daily Post *go raibh beirt, a raibh éide pharaimíleatach á caitheamh acu, ar dhíon an Ionaid Éireannaigh ag croitheadh bhratach na hÉireann ar an lá. Is é fírinne an scéil gur beirt fhreastalaithe beáir a bhí i gceist, iad gléasta i T-léine dhubh de chuid Guinness, dála an chuid is mó de na freastalaithe eile sa chathair, agus bhí sé ar cheann dá ndualgais an bhratach a chur ar an chrann brait.

Ba é an aidhm a bhí leis an bhréag seo ná an milleán mar gheall ar an trioblóid a chur ar na hÉireannaigh agus amhras a tharraingt orainn.

Póilíní armtha

Bhí drochthoradh ar an bhréag seo. Deich lá tar éis ionsaí Lá Fhéile Pádraig chuaigh mé go dtí an t-ionad le labhairt leis an bhainisteoir, Síle Coleman, faoi áiseanna do mo rang Gaeilge ansin. Nuair a bhain mé an áit amach bhí sí ag cruinniú le daoine eile agus sheas mé san fhorhalla ag fanacht léi. Shiúil Emile Coleman, mac Shíle, agus déagóir eile tharam, agus rolla de shreang leictreach acu. “Tá muid ag cur sreang nua ar an díon le haghaidh an rave ag an deireadh seachtaine,” arsa Emile liom.

Go gairid ina dhiaidh sin chuala mé héileacaptar os cionn an ionaid. “Na póilíní ar thóir spraoithiománaí,” arsa mise liom féin, mar tarlaíonn sin go minic anseo. D’amharc mé amach an doras go fiosrach, ach in áit spraoithiománaí chonaic mé carr póilíní, é lán póilíní armtha. D’fhill mé ar an fhorhalla, áit ar chas mé ar an déagóir ón rave, agus cuma eaglach ar a aghaidh. D’inis sé dom go raibh póilíní agus gunnaí acu sa héileacaptar agus gur bhagair siad Emile a lámhach. “A Dhia!” a dúirt mé féin, agus chnag mé ar dhoras oifig Shíle leis an scéal a insint di. Agus mé á dhéanamh sin, tháinig póilín isteach san fhorhalla, agus ar ndóigh d’iarr Síle míniú air go feargach faoi na gunnaí, an bhagairt báis agus mar sin de.

"Calm down madam, nobody has any guns here,” *arsa seisean go foirmiúil. Ar an toirt tháinig póilín eile isteach, meaisínghunna ina lámh aige. *"Well what the hell’s that then?” a scread Síle, agus rith sí i dtreo an staighre go dtí an díon, na póilíní á leanúint.

Buíochas le Dia, bhí siad ábalta an trioblóid ar an díon a réiteach gan dochar fisiceach bheith déanta d’Emile. I litir a scríobh na póilíní faoin eachtra chuig aturnae an ionaid, d’admhaigh an Príomh-Chigire DJ Barry go raibh siad ag coinneáil súil ghéar ar dhíon an ionaid tar éis Lá Fhéile Pádraig. Seo ag am nuair a bhí spraoithiománaithe agus gach sórt coirpeach ag rith thart ar an chathair gan stró. Sa litir chéanna bhí liosta de mhíghníomhartha beaga a tharla san ionad, páistí bheith sa bheár, mar shampla, agus an bhagairt seo: *“Clearly this conduct cannot be allowed to continue and I will take whatever action is required …” *

Lean an brú seo ó na póilíní ar aghaidh; bhí seiceáil agus cigireacht ar siúl an t-am uilig agus ba iad an chúis ba mhó gur dúnadh an t-ionad bliain ina dhiaidh sin.

Éide an UVF

Bhí iontas ar a lán daoine in Éirinn baill de bhannaí ceoil feadóige de chuid na nOráisteach a fheiceáil ar chlár Léargas *agus iad gléasta in éide an UVF agus na nDúchrónach. Cé go bhfuil sé in aghaidh an dlí bheith gléasta mar seo (Public Order Act 1936), agus gur léir dúinne gur masla réamhbheartaithe do na hÉireannaigh sa chathair a bhí ann, ní dhearna na póilíní rud ar bith faoi, go dtí gur tháinig an Jim Larkin Republican Flute Band ar an saol i 1997. Dúirt na póilíní leo go raibh sé in aghaidh an dlí éide a chaitheamh agus nuair a luaigh na ceoltóirí go raibh na dílseoirí i gcónaí gléasta in éide, chuir siad stop leosan fosta. Ar ndóigh scríobh an nuachtán áitiúil, The Liverpool Echo*, scéal mór faoin éide a bhí á caitheamh ag na poblachtánaigh i mbanna ceoil Jim Larkin ar dtús (macasamhail an IRA, etc.) ach ní raibh focal astu riamh faoi éide na ndílseoirí.

Ná bí ag smaoineamh go ndeachaigh Léargas *thar fóir sa chlár an rinne siad. Mar a dúradh sa tuarascáil *Discrimination and the Irish Community in Britain, *a d’fhoilsigh an *Commission for Racial Equality *(CRE) sa Bhreatain i 1997: *“Local conditions in other cities, such as continuing anti-Irish hostility in Liverpool, also need further investigation”.

Ár ndóigh, dála an chláir faisnéise *Billy Boys *i 1995, ní raibh trácht ar an tuarascáil seo sna meáin i Learpholl agus ní raibh suim ag na póilíní ann ach oiread.

Ach anois tá imní sa chathair go bhfuil dochar déanta ag *Léargas *don turasóireacht áitiúil, mar bíonn a lán Éireannach ag an *Grand National *i mí an Aibreáin de ghnáth, agus bhí dóchas ann go dtiocfadh níos mó daoine trasna i 2008, nuair a bheidh Learpholl mar Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa.

Teannas

Tabhair faoi deara gur luaigh an CRE “anti-Irish hostility” i Learpholl, ní naimhdeas frith-Chaitliceach.

Labhair *Léargas *faoi theannas idir Protastúnaigh agus Caitlicigh i Learpholl, ach is rud polaitiúil é an teannas sin go príomha, seachas rud a bhaineann le cúrsaí reiligiúin. Mar shampla, tá cúlra Protastúnach ag leath de bhaill bhanna ceoil Jim Larkin. Is daoine a bhfuil acu le polaitíocht na heite clé iad seo. Bíonn siad ag seinm ag slógadh Lá Bealtaine, agóid fhrithfhaisisteach (agus in aghaidh an chogaidh san Iaráic le blianta beaga anuas), agus ag imeachtaí Éireannacha agus poblachtánacha. Agus i 1997, i rith fhrithdhúnadh mór na ndugaí i Learpholl, bhí siad chun tosaigh sa pharáid ollmhór tríd an chathair.

A mhalairt ar fad atá fíor i gcás na ndílseoirí, ar ndóigh. Mar shampla, i mí Feabhra i mbliana bhí léirsiú i Learpholl in aghaidh an phlean atá ag an rialtas reisimint áitiúil ó Arm Shasana, The Kings, *a chónascadh le reisimintí eile. Bhí bannaí ceoil Oráisteacha ag seinm sa pharáid agus d’eagraigh siad oícheanta sóisialta sa Derry Club (Club an UVF) agus sa phríomh-halla Oráisteach le hairgead a bhailiú don fheachtas ar son na *Kings.

D’ainneoin na ndeacrachtaí a bhí le feiceáil i Léargas, tá níos mó féinmhuiníne i measc na nÉireannach i Learpholl na laethanta seo. Bhí an pharáid ba mhó le fada againn Lá Fhéile Pádraig. Chuaigh sí ó lar na cathrach go dtí seancheantar Éireannach Scotland Road, áit a raibh ceiliúradh anamúil san Ionad Pobail ar Silvester Street. Cé go bhfuil an ceantar buailte go dona ag an dífhostaíocht agus an bochtanas le blianta anuas, tá spiorad ann go fóill agus tá muintir na háite bróduil fós as a gcúlra Éireannach.

Bhí clár an lae in ómós do Peter Jordan, fear áitiúil a fuair bás roimh an Nollaig, agus é sé bliana is daichead d’aois. Ceardchumannaí agus gníomhaí pobail ab ea é agus bhí banna ceoil Jim Larkin mar gharda gradaim ag a shochraid. Grásta Dé ar a anam.

Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Tá sé ag obair sa chathair sin mar mhúinteoir agus mar shaoririseoir.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.