AR NA SAOLTA SEO
Na fir chróga a throid na faisistigh
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

an-mheas go fóill, a deir Tony Birtill, orthu siúd as Éirinn agus an Bhreatain a throid in aghaidh na bhfaisisteach sa Spáinn le linn an Chogaidh Chathartha sna tríochaidí.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Jack Jones sa lá atá inniu ann

Beidh mórshiúl i Learpholl Dé Domhnaigh, 3 Nollaig leis na Briogáidí Idirnáisiúnta a cheiliúradh agus beidh an Jim Larkin Republican Flute Band chun tosaigh. Deir siad go mbeidh fáilte roimh chách ann agus beidh siad ag teacht le chéile ag meán lae i ar Shráid Myrtle.

Fuair mé aiseolas maith ón alt a scríobh mé faoi na hÉireannaigh a throid i gCogadh Cathartha na Spáinne (Beo!, Iúil 2006), go háirithe ó Inis Eoghain, áit ar rugadh agus ar tógadh Padaí Rua Mac Lochlainn. I m’alt, rinne mé cur síos ar an charachtar seo, a throid in aghaidh na nDúchrónach, na Freestaters, na faisistigh sa Spáinn agus, mar bhall den RAF, in aghaidh na bhfaisisteach sa Dara Cogadh Domhanda fosta. Cara mór de chuid Liam Tumilson, atá luaite san amhrán “Vive La Quinte Brigada” le Christy Moore, ab ea Padaí agus nuair a maraíodh Liam i gCath Jarama i mí Feabhra 1937 chuaigh Padaí go Learpholl leis an drochscéala a thabhairt don bhean a raibh sé geallta léi, Kathleen Walsh. Phós Padaí Kathleen i 1938 agus bhí siad ina gcónaí anseo i Learpholl nuair a bhí mé féin ag fás aníos.

Ní raibh a fhios agam go raibh nia Phadaí fós beo in Inis Eoghain, fear atá bródúil as éachtaí a uncail. Bhí sé i measc an tslua mhóir ag léacht phoiblí, “Ireland and the Spanish Civil War”, i mBun an Phobail i mBealtaine i mbliana seo. D’eagraigh an leabharlannaí áitiúil, Gerard Duddy, an léacht agus deir sé go raibh níos mó suime ann ná i léacht staire ar bith eile sa tsraith. “There was a huge response, from the audience, from the media and from civic society,” a dúirt sé. Tá alt an-suimiúil scríofa aige féin dar teideal “Donegal and the Spanish Civil War” agus tá sé le feiceáil ag www.movilleinishowen.com

D’eagraigh sé taispeántas pictiúrtha faoin ábhar chéanna agus tá sé ar camchuairt faoi láthair. “Many schools and libraries in Derry and Donegal have expressed interest in displaying it,” arsa Duddy. (Is féidir teagmháil a dhéanamh leis ag an seoladh ríomhphoist movillelib@donegalcoco.ie.)

Tá grúpa sa cheantar darb ainm The North West Spanish Civil War Project agus tá siad ag iarraidh leacht cuimhneacháin a thógáil do Phadaí Rua agus a chomrádaithe. Tá suíomh gréasáin iontach acu, www.nopasaran.netfirms.com, a bhfuil neart eolais air, mar shampla, cur síos ar brigadista as Dún na nGall, Doire agus Tír Eoghain. Ina measc tá Padaí Ó Daire, as na Gleanntaí ó dhúchas ach a bhí ina chónaí in Bootle, míle síos an bóthar uaim féin anseo, ar feadh blianta fada.

Eagraíonn siad imeachtaí go rialta. I mí Mheán Fómhair, mar shampla, seoladh an leabhar Brigadista: An Irishman’s Fight against Fascism, le Bob Doyle agus Harry Owens (Currach Press), ag Sandinos Café Bar i nDoire agus labhair na húdair ag an ócáid.

Rugadh Bob Doyle i mBaile Átha Cliath i 1916 agus chaith sé seal ag obair i Londain. Throid sé sa Spáinn go dtí gur gabhadh é i mí an Mhárta 1938. Cuireadh ar ais go Sasana é ag deireadh an chogaidh, agus phós sé Spáinneach darbh ainm Lola i Londain i 1940. Liostáil sé sa Chabhlach Ríoga le troid in aghaidh na bhfaisisteach arís agus cuireadh ar ais go dtí an Ibéir é, áit a raibh sé ar dualgas i gCaolas Ghiobráltair.

Filleann Bob agus Lola ar an Spáinn gach bliain agus bhí siad i láthair do shochraid Dolores Ibarruri, “La Pasionaria”, ansin i 1989. Bhí bratachtrídhathach na Spáinne agus na focail “International Brigade” inscríofa air – á hiompar acu a rinne Lola go speisialta don ócáid ina dteach cónaithe i Neasden, Londain.

Ceiliúradh i Manchain

Bhí focail cháiliúla “La Pasionaria” le cloisteáil ar BBC Iarthuaisceart Shasana an mhí seo caite nuair a óladh sláinte triúr as an 21 brigadista ón Bhreatain atá fós beo agus a bhí i láthair ag ceiliúradh i Manchain. Gideon Long, garmhac Sam Wild, Ceannaire an Chathláin, a d’iarr orthu siúd a bhí ag an ócáid sláinte Bernard McKenna, Jack Jones agus Sam Russel a ól. “Comrades of the International Brigades,” a dúirt sé, “you can go proudly! You are history. You are legend. We shall not forget you, and when the olive tree of peace puts forth its leaves again, entwined with the laurels of the Spanish Republic’s victory, come back!”

Glacann na seansaighdiúirí leis gur seo an ceiliúradh deireanach a bheas acu agus sin an fáth go ndearna an BBC clár faisnéise mar gheall ar an ócáid, is dócha. Níl a fhios agam an raibh iriseoir óg amháin a bhí i láthair ag súil leis an spiorad atá fós ag baint leo, áfach, nuair a chuir sé ceist orthu faoin “íobairt” a rinne siad.

“Ní raibh mé ar nós uain, mar íobairt. Chuaigh mé ansin le troid in aghaidh na bhfaisisteach agus níor chaill muid an choimhlint sin,” arsa Sam Russell leis.

Fear gealgháireach is ea Bernard McKenna, atá sna 90í, dála a sheanchomrádaithe, agus ní raibh sé ach 21 bliain d’aois i 1936 nuair a d’fhág sé a phost i monarcha theicstílí i Manchain le dul go dtí an Spáinn. “Ní raibh pas agam fiú,” a dúirt sé, “ach ní raibh sé de dhíth le haghaidh ticéid deireadh seachtaine go Páras agus chuaigh mé ar aghaidh do Maidrid , trasna na bPiréiní, ón chathair sin.

Bhí áthas ar go leor daoine nuair a d’fhill Jack Jones, nó Jim Larkin Jones mar a baisteadh air, go dtí a chathair dhúchais, Learpholl, tar éis an chláir faisnéise sin. Tháinig sé anseo le leacht cuimhneacháin don 30 ball den Bhriogáid as an chathair a fuair bás sa Spáinn a atiomnú.

Nocht sé an leacht 21 bliain ó shin san Ionad do Lucht Dífhostaíochta ar Shráid Hardman, ach bogadh é i mbliana go dtí an People’s Centre ar Mount Pleasant. Chuaigh Jack Jones isteach sa Bhriogáid i mí an Mheithimh 1937 agus gortaíodh go dona é i gCath Ebro i mí Iúil 1938. Toghadh é ina Ard-Rúnaí ar an TGWU i 1968 agus bhí an-mheas air agus é sa phost sin. “I’ve got conviction in life, what is the right thing to do. Many men I knew were the same and died in Spain. I could have been in their place. But I was glad to fight with them,” a dúirt sé.

Ar ndóigh, ba Bhascaigh, Catalónaigh agus Spáinnigh iad an chuid is mó de na daoine a mharaigh na faisistigh agus, sa lá atá inniu ann, tá rialtas sóisialach na Spáinne ag déanamh iarrachta déileáil le hoidhreacht Franco. Mharaigh fórsaí Franco seanathair José Luis Zapatero, Príomh-Aire na Spáinne, agus tá a rialtas ag scrúdú coireanna an deachtóra go mion.

Ba mhaith leo cosc a chur ar shearmanais chuimhneacháin ag uaigh Franco agus níos mó aitheantais a thabhairt dóibh siúd a d’fhulaing bás agus céasadh le linn 40 bliain den deachtóireacht fhaisisteach.

Tá agallamh a rinne mé le brigadista eile as Learpholl, Frank Deegan (nach maireann), don Irish Post i 1986 le feiceáil ag www.geocities.com/irelandSCW/ibvol-DeeganFrank

Nollaig shona daoibh go léir.

Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Bíonn sé ag obair le hOideas Gael i nGleann Cholm Cille gach samhradh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.