AR NA SAOLTA SEO
Sceimhlitheoirí dílseacha Learphoill - seanchairde de chuid Paisley
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Tá ceangal le fada ag an Derry Club, eagraíocht dhílseach i Learpholl, leis an Ulster Volunteer Force (UVF), ceangal a dtugann na meáin agus na polaiteoirí neamhaird air, dar le Tony Birtill.

Íomhá
Paráid de chuid na ndílseoirí i Learpholl
Íomhá
Íomhá
Tá baill de chuid an Derry Club ag cur gunnaí ar fáil don UVF i mBéal Feirste le fada
Íomhá
Ceannaire an DUP, Ian Paisley: cairdiúil le baill de chuid an Derry Club

Bhí a lán cainte faoi dhíchoimisiúnú arm roimh an Nollaig, agus aird na meán dírithe ar na poblachtánaigh, mar is gnách. Ní raibh mórán suime acu i gcás sa Chúirt Chorónach anseo i Learpholl ar an 14 Nollaig, nuair a gearradh téarma príosúin ocht mbliana ar dhílseoir mór le rá as taisce gunnaí agus armlóin bheith ina sheilbh aige.

Bhí Alan Clair, tiománaí tacsaí 49 mbliana d’aois, ina chathaoirleach ar an Liverpool Volunteer Flute Band, atá lonnaithe sa Derry Club *in Eibheartonn. Nuair a rinne na póilíní ruathar ar a theach i Walton, Learpholl i Meitheamh 2004 fuair siad meaisínghunna amháin, trí ghunna gráin gearrtha, dhá phiostal, dhá raidhfil SA 80 ó Arm Shasana agus na céadta piléar. Fuarthas bairéad de chuid an UVF agus an t-ainm Alan Clair scríofa air, *balaclava dubh a raibh an suaitheantas “UVF 1st Liverpool Battalion" air agus crios bán míleata agus búcla an UVF air.

Phléadáil sé ciontach as "possessing articles for a purpose connected with the commission, preparation or instigation of an act of terrorism”. *D’admhaigh sé naoi gcúis ag baint le gunnaí, ach shéan sé, creid é nó ná creid, go raibh sé ina bhall den UVF. Cé go ndúirt an breitheamh leis: *"It is plain from the evidence that you had an interest and allegiance to the Ulster Volunteer Force," d’ordaigh sé go luífeadh an chúis maidir le ballraíocht in eagraíocht thoirmiscthe, is é sin, an UVF, “ar an chomhad”.

Bhí scéal dochreidte ag David Steer, QC, abhcóide Alan Clair. Dúirt sé gur iarr ball den UVF ar Clair na gunnaí a chur i bhfolach ina theach, rud a rinne sé mar go raibh faitíos air roimhe.

Tá an cás seo tábhachtach ar chúpla cúis. Tá seanbhaint ag an Derry Club *leis an UVF. Tá an club suite cúpla céad slat ó cheannáras Ord Oráisteach Learphoill ar *Everton Road. Díbríodh lucht an *Derry Club *as an Ord i 1987 nuair a rinne siad iarracht bratach de chuid an UVF a iompar le linn paráide Oráistí i Learpholl. Bhain siad ballraíocht amach san Ord Oráisteach Neamhspleách, a bunaíodh i mBéal Feirste ina dhiaidh sin, agus bíonn paráid ar leith acu ar an 12 Iúil. Chualathas sa chúirt go mbíodh Alan Clair ag bualadh ar an druma go minic i bparáidí i mBéal Feirste, chomh maith le cinn Learphoill.

I mí na Nollag 1987, fuair Trevor Cubbon as Learpholl agus Albert Watt as Ceanada téarma ceithre bliana an duine sa phríosún as bheith ag smuigleáil gunnaí ó Cheanada go Tuisceart Éireann trí Learpholl. Bhí na gunnaí faoi cheilt in inneall díosail. Chualathas sa chúirt gur eagraigh Trevor Cubbon an smuigleáil sa Derry Club le ball de chuid an UVF ó Bhéal Feirste, Kenneth Hagan, agus gur mharaigh an UVF sa chathair sin Caitlicigh le gunnaí a tháinig trí Learpholl. Fuair beirt dílseoirí i gCeanada, William Taylot agus Harold Wright, a bhí páirteach sa chomhcheilg chéanna, téarmaí príosúin sa tír sin. Dúirt Wright ag a thriail i 1988 gur chas siad ar Ian Paisley agus Sammy Wilson, chomh maith leis an UVF, nuair a thug siad cuairt ar Bhéal Feirste i 1986.

Bhí Elsie Doyle, ball eile den Derry Club, sa chúirt i Learpholl i 1987 le Cubbon agus Watt agus d’admhaigh sí gur bhailigh sí airgead i Learpholl don UVF, ach chaith an breitheamh an chúis sin amach, mar dúirt sé nach raibh an UVF ina eagraíocht thoirmiscthe ag an am sin!

Éide an UVF

Bhí fearg ar go leor againn i Learpholl lucht an *Derry Club *a fheiceáil ar paráid sa chathair agus iad gléasta in éide an UVF, ag am nuair a bhí siad ag marú a lán daoine sa Tuisceart. Sílim go raibh teachtaireacht dúinn ó thrialacha Elsie Doyle, Alan Clair agus an leithéid, go raibh na húdaráis ag rá leis na hÉireannaigh i Sasana gan agóid a dhéanamh faoi pholasaithe rialtas Westminster in Éirinn, mar go bhféadfadh an UVF a rogha rud a dhéanamh anseo.

Is cuimhin liom i Márta 1988 nuair a chuala Cúirt Chorónach Learphoill go bhfaca na póilíní Paul Forrest, 18 mbliana d’aois, ag déanamh iarrachta carr a chur trí thine le peitreal taobh amuigh den tábhairne Éireannach The Falkland. Cé go raibh an tatú *"Ulster” *ar a lámh, agus go bhfuair na póilíní a lán paimfléad de chuid an UVF agus an Oird Oráistigh ina theach, agus gur admhaigh Forrest go raibh sé ag iarraidh an carr a chur trí thine, dúirt an Breitheamh Davies nach raibh aon fhianaise ann gur cúrsaí polaitíochta a spreag an choir agus ghearr sé téarma sé mhí *"youth custody” *air! Seo ag am nuair a bhí Seisear Birmingham, Ceathrar Guildford, Annie agus Paddy Maguire, etc. fós sa phríosún le blianta fada, cé nach raibh fianaise cheart ar bith ina n-aghaidh.

Tá a lán spéise agam sa Derry Club, agus nuair a fuair mé scairt ghutháin ó Lynn Keane i 1995 ag lorg eolais faoi na dílseoirí i Learpholl le haghaidh clár faisnéise do *Channel 4, *bhí mé sásta cuidiú a thabhairt di. Dúirt sí liom gur chuir sí ceist ar “shaineolaí” i Roinn an Léinn Éireannaigh in Ollscoil Learphoill ar dtús ach dhearbhaigh sé di nach raibh dochar ar bith sna dílseoirí i Learpholl agus gur sórt “féile phobail” a bhí sa 12 Iúil!

Bhí amhras uirthi faoin scéal sin mar gur rugadh i Learpholl í féin agus, dá bhrí sin, lean sí ar aghaidh lena taighde. D’inis mé an fíorscéal di agus nuair a rinne sí agallaimh leis an dream sa *Derry Club *bhí cuid acu oscailte, os comhair an cheamara, faoin cheangal a bhí acu leis an UVF. Fuair Lynn Keane ardmholadh ó Channel 4 as an chlár a rinne sí agus bhí sé ar an teilifís ag Samhain 1995.

Mí ina dhiaidh sin, fuarthas ball eile den Derry Club, Francis Hives, ciontach as smuigleáil gunnaí don UVF i mBéal Feirste. Ciontach fosta in éineacht leis bhí na hAlbanaigh John Johnson, William McArthur agus David White agus an dílseoir mór le rá as Béal Feirste, Lindsey Robb. Bhí Robb páirteach sna cainteanna le rialtas Westminster mar chuid den phróiseas síochána, mar bhall den PUP.

Ceangal láidir

Bhí sé suimiúil Ian Paisley a chloisteáil roimh an Nollaig ag gearán faoi “lucht na ngunnaí” i measc na bpoblachtánach agus ag iarraidh grianghraf den acht díchoimisiúnaithe. Tá ceangal láidir aige le dílseoirí i Learpholl le fada, ar ndóigh. Tá séipéal de chuid an Free Presbyterian Church of Ulster *aige ar os comhair staid sacair Goodison, agus bíonn sé ag seanmóireacht ansin ó am go ham. Dála an dreama sa *Derry Club, tá Paisley ina bhall den Ord Oráisteach Neamhspleách. D’fhógair sé i 1999 go mbeadh sé ag tosú craoibhe den DUP i Learpholl agus go mbeadh siad ag iarraidh suíocháin a bhaint amach ar Chomhairle na Cathrach. Cé go raibh a lán scéalta sna meáin i Learpholl faoin phlean, sa deireadh níor tharla sé.

Is cuimhin liom agóid bheith ag na dílseoirí anseo in aghaidh seirbhíse móire éacúiméiní san Ardeaglais Phrotastúnach i Meán Fómhair 1990. Chuaigh mé ann ag lorg scéil don nuachtán The Irish Post. Bhí scaifte taobh amuigh, ina measc Alan Clair agus an dream ón Derry Club, agus suaitheantais an UVF ar a gcuid saiseanna Oráisteacha. Bhí imní orm nuair a d’aithin siad mé. "It’s that fella from the Irish paper," a dúirt duine acu, ag gáire. Shíl mé go raibh ionsaí i ndán dom, ach duirt an tOráisteach liom: "Do you know this man here?” *D’amharc mé ar chlé agus chonaic mé Ian Paisley féin ina sheasamh in aice liom. Thaispeáin mé mo chárta ón nuachtán dó agus rinne mé agallamh gasta leis ar an chosán. Ba léir dom go raibh sé an-mhór leis an dream ón *Derry Club. Ach ní chloiseann muid é ag gearán fá dtaobh díobh nuair a bhíonn siad os comhair na cúirte ar chúiseanna ag baint le gunnaí agus sceimhlitheoireacht.

Tuigfidh sibh dúinne anseo i Learpholl má bhíonn muid rud beag ciniciúil faoi Ian Paisley agus na meáin chumarsáide nuair a bhíonn siad ag tabhairt amach faoin díchoimisiúnú. Dá mbeadh ball den IRA faoi choinneáil anseo i Learpholl de bharr go raibh armlón aige, bheadh sé ina phríomhscéal ar an leathanach tosaigh de gach nuachtán náisiúnta ar feadh míosa agus gheobhadh sé/sí téarma príosúin 30 bliain ar a laghad.

Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Tá sé ag obair sa chathair sin mar mhúinteoir agus mar shaoririseoir.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.