Bhuail Tony Birtill le fear de bhunadh Éireannach a bhfuil leabhar scríofa aige ar a thréimhse i reisimint Éireannach le linn an dara Cogadh Domhanda.
Seasca bliain ó shin, ar 7 Bealtaine 1945, ghéill Arm na Gearmáine do na Comhghuaillithe agus bhí an cogadh san Eoraip thart. Labhair mé le gairid le Jim Fitzsimons, fear de bhunadh Éireannach, atá 85 bliain d’aois, agus a tháinig i dtír ar Thrá Juno sa Normainn, ar D-Day, 6 Meitheamh, 1944 faoin leabhar atá scríofa aige, A Personal History Of The 8th Irish Battalion, The King’s Liverpool Regiment.
“Nuair a bhíonn deacracht ag Sasana, bíonn deis ag Éirinn” – b’in an tuairim a bhí ag a lán poblachtánach anuas trí na blianta, Brendan Behan ina measc (Beo! Eagrán 25, Bealtaine 2003) ach bhí a lán Éireannach eile sásta troid i bhfórsaí Shasana sa dara Cogadh Domhanda. B’as Damhliag, Contae na Mí athair Jim Fitzsimons, agus b’as Contae an Chabháin a mháthair. Rugadh agus tógadh é i gceantar na ndugaí i Learpholl, áit a raibh formhór na ndaoine de bhunadh Éireannach. Ochtar páistí a bhí sa teaghlach agus bhí an saol crua go leor acu i Learpholl sna 1930í.
“Athbhunaíodh an *8th Irish Battalion, Liverpool Kings Regiment *i mí na Bealtaine 1939 agus mheall sé sin a lán fear óg a raibh gean acu ar Éirinn, mo mhacasamhail féin, isteach san Arm,” a dúirt sé liom.
Go deimhin, bhí an méid sin suime sa chathlán i measc na nÉireannach ó Learpholl agus i measc na nÉireannach ó thuaisceart agus ó dheisceart na hÉireann a raibh cónaí orthu ar Merseyside, go raibh liosta feithimh d’earcaigh ann. Tugadh *The Liverpool Irish *orthu uilig.
D’admhaigh Fitzsimons gur bochtanas a spreag cuid mhaith acu le dul isteach san arm – nuair a fuair siad pá £5 an lá a liostáil siad, ba é sin an méid ba mhó airgid a bhí acu riamh ina saol.
Ach chuir sé in iúl dom go láidir fosta go raibh a lán Éireannach in aghaidh na Naitsithe.
“Cé go raibh Éire neodrach, go hoifigiúil, sa chogadh, bhí 43,000 duine ón tír sin i bhfórsaí na Breataine, níos mó ná an méid daoine ón Nua-Shéalainn a bhí iontu, agus deonaigh ab ea iad uilig,” a dúirt sé. Agus níl sé féin, agus Éireannaigh eile a rugadh agus a tógadh i Sasana, san áireamh san fhigiúr sin.
Pobal láidir Éireannach
Thuig Rialtas na Breataine go raibh pobal láidir Éireannach in áiteanna mar Learpholl, Tyneside agus Londain, daoine a raibh cleachtadh acu ar shaol crua, agus sin an fáth ar eagraigh siad reisimintí Éireannacha. Dúirt an fógra sa nuachtán áitiúil, an Liverpool Echo, go mbeadh oifigigh Éireannacha sa Liverpool Irish agus nuair a rinne an Coirnéal EM Murphy a chéad chigireacht ar chomplacht amháin, fuair sé aon duine dhéag ansin a raibh Murphy mar shloinne orthu.
Chaith siad ceannbheart ar a tugadh “Caubeen” (caipín?) agus bhí an méid sin ceoltóirí i measc na n-earcach nach raibh deacracht ar bith ag an reisimint banna ceoil píob mór a eagrú, banna a bhí chun tosaigh i bparáid Lá Fhéile Pádraig.
Bhí clú ar na Liverpool Irish *i gcomórtais dornálaíochta. Scríobh iaroifigeach amháin, Jim “Dinty” Moore an méid seo i 1984: *“When first commissioned as Second Lieutenant in 1942, I was alarmed to find myself drafted to the 8th Irish – a wild rough battalion I was told. This was nonsense – I soon found that they were great, especially with their unique sense of humour. My assault pioneer platoon were a fine group of men as the Normandy landings proved."
Is mar gheall ar thréithe mar seo, b’fhéidir, a roghnaíodh iad don chúram deacair sin –bheith ina slua tosaigh le Trá Juno a dhaingniú ar *D-Day *don 3ú Rannán ó Cheanada.
Bhí a lán carachtar sa Liverpool Irish. Cé gur Chaitlicigh formhór na saighdiúirí sa chathlán, bhí Oráistigh ann fosta. “Ar ais i Learpholl bheadh muid ag troid lena chéile, ach sa chathlán seo ba chomrádaithe muid,” arsa Jim. Eagraíodh cluichí sacair, Protastúnaigh in aghaidh na gCaitliceach.
Is léir ón leabhar go raibh nasc láidir idir na saighdiúirí sa chathlán - bhí fearg orthu nuair ab éigean do chuid acu an cathlán a fhágáil agus dul isteach i reisimintí eile mar thrúpaí athneartacha.
Bhí saighdiúir amháin, Paddy O’Mara, páirteach i gCeannairc Inbhear Gordon sa Chabhlach Ríoga i 1931. “Bíonn rud beag den réabhlóidí i ngach Éireannach,” a deir Jim.
Chuaigh cuid den chathlán isteach sa 38th Irish Brigade *leis na *Royal Inniskilling Fusiliers, Royal Irish Rifles agus London Irish Rifles *i 1942 agus throid siadsan in aghaidh Rommel sa Túinéis agus ansin sa tSicil, ach chaith Jim agus an chuid is mó acu na blianta go 1944 ag traenáil ar thránna éagsúla i Sasana agus in Albain le haghaidh *D-Day.
Aisteach go leor, nuair a chuaigh Jim agus an cathlán ar bord loinge i Southampton le haghaidh a thabhairt ar an Normainn i Meitheamh 1944, bhí eolas maith acu ar an soitheach. An *Ulster Monarch *a bhí i gceist, an bád farantóireachta a théadh ó Learpholl go Béal Feirste de ghnáth.
A lán bád
Amuigh ar an fharraige, bhí iontas ar Jim an méid sin bád a fheiceáil ar gach taobh, iad uilig ar an bhealach go dtí an Normainn. “Sa deireadh bhí muidne san 8th Irish mar chuid den ghrúpa tosaigh san ionradh farraige ba mhó riamh, " a deir sé. Bhí sé 24 bliana d’aois.
Sular bhain siad Trá Juno amach, léim siad trasna go LCA (báid dul i dtír) agus dúirt siad a bpaidreacha deireanacha iontu. Nuair a bhain siad an trá amach, bhí an t-uisce suas go dtí a mbrollach nuair a léim siad as an LCA agus bhí greim dhá lámh ag Jim ar a raidhfil os cionn a chinn, agus piléir ag feadaíl thart lena chluasa. Rith siad go gasta i dtreo na ndumhcha, áit ar troid siad lámh go lámh leis na Gearmánaigh. Ansin, b’éigean dóibh bealach a ghlanadh trí na mianaigh talún do na Royal Winipeg Rifles. Bhí coirp agus saighdiúirí gortaithe i ngach áit ach lean siad ar aghaidh leis an dualgas a bhí orthu a chomhlíonadh agus tar éis tamaill bhí na Ceanadaigh ábalta dul chun tosaigh intíre go dtí Graye sur Mer agus ansin Caen.
“Ag an am sin bhí éirithe leis an *8th Irish *an príomhdhualgas a bhí air a chur i gcrích – bhí Trá Juno anois daingnithe agus bhí saighdiúirí, airm agus trealamh ag bogadh go croí na tíre,” a deir sé.
Go deimhin, rinne siad jab chomh maith sin ar Thrá Juno gur tháinig na daoine uaisle i dtír ansin: an Ceannfort Ginearál Miles Dempsey, an Marascal Machaire Bernard Montgomery, Dwight D. Eisenhower, Winston Churchill, an Ginearál De Gaulle agus Rí Seoirse VI.
Ach bhí praghas le híoc, ar ndóigh: maraíodh nó gortaíodh leath de bhaill an 8th Irish.
Tar éis cúpla seachtain tháinig buachaill óg, Michael Ghimaux ó Graye sur Mer, chucu le huibheacha agus prátaí agus bhí sé ina chara maith acu. Nuair a phill Jim go dtí an áit arís, le linn chomóradh 40 bliain an ionraidh i 1984, bhí áthas air casadh ar Michael arís, agus é ina mhéara ar an áit.
“Ba chuimhin leis ár n-ainmneacha, fiú,” arsa Jim.
Sé seachtaine tar éis *D-Day *bhí brón orthu a chloisteáil go raibh Montgomery ag cur deireadh leis an chathlán agus go raibh siad ag dul isteach i reisimintí eile mar thrúpaí athneartacha.
“Bhí muid ar tí an chomhrádaíocht shainiúil sin a bhí le fáil sa Liverpool Irish a chailleadh,” a deir sé.
Chuaigh sé chun tosaigh go croí na tíre i reisimintí difriúla agus bhí sé sa Ghearmáin ar 8 Bealtaine 1945 nuair a fógraíodh go raibh an cogadh thart. “Bhí sé cothrom an lae sé bliana roimhe sin nuair a thosaigh *8th Irish *ag earcú a chuid saighdiúirí i siopa folamh a bhí lonnaithe ar chúinne Shráid Devon i Learpholl,” a deir sé.
Níor phill Jim Fitzsimons go dtí an Normainn anuraidh le haghaidh an 60ú comóradh oifigiúil (agus an ceann deireanach) ar D-Day. “Tá mo sheanchomrádaithe ag tréigean an tsaoil seo. Níl ach beirt acu fágtha, de réir m’eolas. Sin an fáth ar scríobh mé an leabhar seo. Ghlac sé deich mbliana orm ach tá áthas orm go bhfuil sé déanta agam.
“Lena chois sin, bhí mé ag iarraidh fíorchuntas a bheith ann faoi thiomantas agus íobairt na nÉireannach i rith an chogaidh. Fós, cuireann daoine an cheist: ‘Cad é a rinne na hÉireannaigh sa chogadh?’ agus bíonn bréaga ann faoi na Naitsithe bheith ag spaisteoireacht thart fá Bhaile Átha Cliath aimsir an chogaidh. Ach cé go raibh an tír neodrach, fuair na mílte Éireannach bás in Arm Shasana agus na Stát Aontaithe ag troid in éadan na Naitsithe.”
Tá an leabhar le fáil ar £7 ó Jim Fitzsimons, 47 The Beeches, Calderstones, Liverpool L18 3LT
Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Tá sé ag obair sa chathair sin mar mhúinteoir agus mar shaoririseoir.