AR NA SAOLTA SEO
Seal leis na marcaigh chrua chróga
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Chaith Tony Birtill cúpla uair an chloig ag freastal ar na marcaigh ina seomra gléasta ag Aintree le gairid agus fuair sé léargas ar chomh dian is atá a gcuid oibre.

Íomhá
Cuid imreoirí Liverpool FC tar éis dóibh Corn an FA a bhuachan an mhí seo caite
Íomhá
Ráschúrsa Aintree
Íomhá
Íomhá
An grúpa ceoil Girls Aloud

Mí mhór spóirt a bhí i mí na Bealtaine i dtuisceart Learphoill. Chuaigh Liverpool FC trí Walton ar bhus dearg dhá urlár le Corn an FA agus bhí na mílte i láthair le bratacha agus scaifeanna dearga chun céad míle fáilte abhaile a chur roimh an fhoireann.

Ní raibh mé in Caerdydd, faraor, leis an bhua in aghaidh West Ham a fheiceáil. Tugadh tús áite ó thaobh ticéad de do dhaoine a raibh ticéad séasúir d’Anfield acu agus ansin eagraíodh ballóid leis an 1,000 ticéad a bhí fágtha a roinnt idir an lucht tacaíochta eile. Ach ghoid fear an phoist bréige mála ina raibh 1,000 ticéad ó veain de chuid Ardoifig an Phoist an tseachtain roimh an chluiche mór. Ticéid a bhí ar an bhealach chuig lucht na dticéad séasúir a bhí iontu agus nuair a dhiúltaigh Paul Sergeant, bainisteoir ag Staid Caerdydd, cinn úra a chur amach chucu, thug Liverpool FC na ticéid ón bhallóid dóibh. Mar sin, chaill mé an seans beag a bhí agam ticéad a fháil. Bhí 1,000 suíochán folamh sa staid mar go raibh a fhios ag údaráis Caerdydd uimhreacha na dticéad goidte agus dúirt siad na scaoilfeadh siad isteach na daoine a raibh siad acu.

Ach bhí sé go hiontach an bua a fheiceáil ar an teilifís, cibé.

Tráthnóna na mBan a bhí ann ag Aintree ar an 19 Bealtaine agus shiúil mé suas go dtí an ráschúrsa le bheith ag obair mar fhreastalaí beáir arís. “Téigh ar aghaidh go dtí an Seomra Meáite (Weighing Room),” a dúirt an bhean san oifig liom nuair a d’inis mé di gur freastalaí beáir a bhí ionam. Fuair mé m’éide agus shiúil me trasna go dtí an Old Weighing Room Bar, áit ar bhuail mé leis an fhoireann.

£150 an cead isteach a bhí i gceist go dtí an beár seo agus fuair na custaiméirí Pimms ag an doras agus bia blasta i rith an tráthnóna. Ní raibh an beár saor in aisce, áfach, agus sin an áit a raibh mé féin ag obair, in éineacht le Stefan as Limoges sa Fhrainc agus Dafydd as Inis Món sa Bhreatain Bheag. Níor labhair an fear óg seo Béarla go dtí go raibh sé sé bliana d’aois, a d’inis sé dom, agus chaith muid seal ag déanamh comparáide idir an Ghaeilge agus an Bhreatnais.

Seomra gléasta na marcach a bhí sa Seomra Meáite, mar bhí meá ann fosta leis an mheáchan roimh rásaí a sheiceáil. D’oscail an t-iarmharcach agus údar Dick Francis Seomra Meáite nua Aintree i mí an Aibreáin agus rinneadh an tseanáit a athchóiriú mar bheár agus músaem. Áit an-suimiúil atá ann, ina bhfuil éadaí síoda marcach cáiliúil, pictiúir agus trealamh rásaí ar taispeáint.

=======

Praghsanna

Is iad na rudaí is tábhachtaí agus tú ag obair i mbeár nua ná praghsanna na dí bheith ar eolas agat agus fios a bheith agat cá háit a bhfuil gach rud mar beidh slua mór romhat roimh i bhfad ag scairteadh ort. A bheith cinnte fosta go bhfuil gach sórt dí agat, mar nuair a tharlóidh an bhroid ní bheidh mórán ama agat deochanna eile a fháil.

Chaith mé cúpla uair ag cur buidéal ar na seilfeanna agus ag déanamh gach rud réidh do na custaiméirí, agus bhí mé sásta nuair a thosaigh siad ag teacht isteach mar braithim cineál teannais agus mé ag fanacht orthu. Mná ab ea an chuid is mó acu, iad uilig gléasta go galánta agus aoibh mhaith orthu tar éis cúpla Pimms a fháil ag an doras.

Shíl me go raibh tráthnóna maith romham go dtí gur tháinig bean a bhí ag caitheamh éide agus raidió ina lámh aici isteach sa bheár.

"An tusa Tony?" a d’fhiafraigh sí díom.

"Is mé," arsa mise.

"Bhuel, tá tú sa áit mhícheart," arsa sise. "Ba chóir duit bheith sa Seomra Meáite."

"Ach sin an áit a bhfuil mé," arsa mise.

“Ní hea," arsa sise. "Seo an sean-Seomra Meáite. Ba chóir duit a bheith sa Seomra Meáite nua. Lean mise, le do thoil.”

“Maith go leor,” arsa mise, cé nár thuig mé an fáth go raibh freastalaí beáir de dhíth sa Seomra Meáite, áit nach bhfuil beár ar bith.

Lean mé í trasna an chlóis, thar Cró na mBuaiteoirí go dtí an foirgneamh nua, áit a raibh an fógra seo ar an doras: “Owners, trainers and jockeys only beyond this point”.

Chuaigh mé isteach sa sacráir léi agus isteach i sórt bialann bheag in aice le seomra gléasta na marcach. Dúirt sí liom go raibh orm freastal orthu agus gach rud a thabhairt dóibh saor in aisce. Sin roth mór an tsaoil duit: bomaite amháin tá tú ag dáileadh dí ar mhná dathúla, iad uilig gléasta go deas agus réidh le craic a bheith acu, agus an chéad bhomaite eile tá tú ag dáileadh ceapairí agus líomanáide i seomra lán le fir leathnochta, iad ag déanamh réidh don chéad rás eile.

=======

Caite as an diallait

Bhí an chéad rás, The racinguk.tv Mares Only Handicap Hurdle Race, ag 6.10 p.m. agus bhí mé ábalta amharc air taobh amuigh i rith mo shos tae. Cé gur cliathrás a bhí ann, agus ní trasna na sconsaí an-mhóra a bhíonn sa Grand National, bhí sé dian go leor agus caitheadh an tÉireannach

William Kennedy as an diallait.

Ar ais liom chuig an Seomra Meáite le freastal ar na marcaigh tar éis an rása. Ba é William Kennedy an marcach deireanach a tháinig isteach sa seomra. "Cad é ba mhaith leat?" arsa mise. "Oighear amháin," arsa seisean agus ansin thug mé faoi deara an tsúil dhubh a bhí aige.

Shuigh sé síos sa choirnéal agus ceirt soithí lán oighir ar a shúil aige. "An mbeidh tú ceart go leor?" a d’fhiafraigh mé de.

“Caithfidh mé a bheith, mar beidh me ag marcaíocht sa rás deireanach ag 8.55 p.m.," a dúirt sé liom.

Gan amhras, is dream crua cróga iad na marcaigh, idir fhir agus mhná. Tógann sé misneach bheith ábalta titim ó chapall rása folaíochta ag rith ar luas na gaoithe agus ansin dul ar ais sa diallait arís le haghaidh rása eile go gairid ina dhiaidh sin.

Thug mé faoi deara go raibh coilm ar na guaillí ag cuid acu . "Briseann muid ár ndealracháin go minic," a d’inis duine acu dom.

Bíonn Oifigeach Leighis ar dualgas tar éis gach rása agus déantar scrúdú leighis ar gach marcach a thiteann nuair a filleann sé nó sí ar an Seomra Meáite.

Bhí teilifís sa seomra agus d’amharc na marcaigh ar na rásaí agus iad ag fanacht. Bhí sé ait na marcaigh a fheiceáil ar an teilifís agus cúpla bomaite ina dhiaidh sin iad ag siúl tríd an doras agus isteach sa seomra.

Lá fliuch a bhí ann agus bhí an cúrsa bog agus mar sin bhí neart clábair ar a n-éide síoda nuair a fhill na marcaigh. D’iarr cuid acu clingfilm ó na ceapairí orm agus chuir siad é ar a gcuid gloiní cosanta mar chlúdach eile ón chlábar.

Chaith cuid den marcaigh seal sa sabhna le meáchan a chailleadh sular tháinig siad go hAintree agus, ar ndóigh, ní raibh rud ar bith ite acu an lá sin. Mar sin, bhí ocras an domhain orthu tar éis a rása agus tháinig siad díreach chugam le bia a fháil agus d’ith siad a sáith go cíocrach.

Bhí an banna ceoil Girls Aloud ar an ardán tar éis na rásaí ag 9.30 p.m. Ba iad seo na cailíní a tháinig le chéile ar an chlár teilifíse “Pop Idol” agus cheol siad cuid de na hamhráin ón dlúthdhiosca nua atá acu, Chemistry. Cé go raibh sé ag cur go trom faoin am sin, d’fhan cuid mhaith den slua de 13,000 duine chun éisteacht leo.D’éist mé féin leo ar feadh tamaill ar mo bhealach ar ais ón chistin. Níl fhios agam an mbíonn a gcuid ceoil níos fearr ar lá deas geal.

Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Bíonn sé ag obair le hOideas Gael i nGleann Cholm Cille gach samhradh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.