AR NA SAOLTA SEO
Dráma Friel agus athbhreithniúchóir Ollscoil Learphoill
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Ní mó ná sásta atá Tony Birtill leis an mhéid atá ráite ag an staraí Marianne Elliot i réamhrá chlár an dráma Translations, atá ar camchuairt sa Bheatain idir seo agus an Nollaig.

Íomhá
Raymond McCartney as Sinn Féin, a labhair ag comóradh bliantúil Jim Larkin i mí Dheireadh Fómhair
Íomhá
Íomhá
Íomhá
An staraí Marianne Elliott

An ceangal idir an lucht oibre Éireannach i Learpholl, Albain agus Éire - sin an t-ábhar cainte a bhí ag Raymond McCartney, MLA (Feabhal/Doire) de chuid Shinn Féin, nuair a labhair sé ag comóradh bliantúil Jim Larkin i mí Dheireadh Fómhair.

Bhí sé go hiontach domsa na bannaí ceoil as Albain, Baile Átha Cliath agus Learpholl a chloisteáil agus iad ag siúl trí lár na cathrach, cé go raibh sé ag cur go trom.

Cuid neamhoifigiúil d’Fhéile Learphoill a bhí sa pharáid, mar is fearr le lucht eagraithe na féile gan a bheith polaitiúil. Níl drogall mar sin ar an Jim Larkin Republican Flute Band, ar ndóigh!

Ag caint i nGaeilge ar dtús, dúirt Raymond McCartney: “Tá áthas orm a bheith anseo inniu le labhairt libh. Seo mo chéad uair i Learpholl” agus d’inis sé dúinn gur labhair sé ag comóradh James Connolly i nDún Éideann i mí an Mheithimh i mbliana, sa chathair inar rugadh agus a tógadh an ceannaire réabhlóideach.

“Bhí an-chosúlacht idir Connolly agus Larkin. Ba mhic d’inimircigh Éireannacha iad beirt. D’éirigh an chásmhaireacht shóisialta a bhí acu as a dtaithí phearsanta ar an angar sóisialta i Learpholl agus in Albain,” a dúirt sé leis an slógadh taobh amuigh de Halla na Cathrach tar éis na paráide.

“Bhí Jim Larkin ina dhuine lárnach i stair Bhaile Átha Cliath agus i stair Learphoill, agus bhí an frithdhúnadh i 1913 ar cheann de na samplaí ba mhó riamh de streachailt an lucht oibre,” ar seisean.

Agus i mBaile Átha Cliath, os comhair Ardoifig an Phoist, atá an dealbh de Jim Larkin a rinne Oisín Kelly agus na focail seo air: “Ní uasal aon uasal ach sinne a bheith íseal. Éirímís!

Shiúil muid thar an dealbh is airde i Learpholl ar an pharáid – is dealbh í d’fhear a rugadh i mBaile Átha Cliath agus a tógadh i gContae na Mí, is é sin Arthur Wellesley (1769-1852), Diúc Wellington.

Tá sé cineal íorónta go bhfuil dealbh i mBaile Átha Cliath d’fhear a rugadh agus a tógadh anseo i Learpholl a bhí bródúil i gcónaí as bheith ina Éireannach, agus dealbh againne anseo i Learpholl d’fhear a rinne an ráiteas sin faoin stábla agus an capall (“Being born in a stable does not make one a horse.”).

Dráma tábhachtach

D’fhreastail mé ar chuid oifigiúil den fhéile an tseachtain ina dhiaidh sin, an dráma Translations le Brian Friel. Léiriú taistil de chuid Amharclann Náisiúnta Shasana a bhí ann. Is dráma tábhachtach é dúinne i gConradh na Gaeilge i Learpholl, mar Craobh Sheáin Uí Dhonnabháin an t-ainm atá ar ár gcraobh anseo (bunaíodh í in 1896), in ómós an scoláire a bhí ag obair le Suirbhéireacht Ordanáis Éireann idir 1830 agus 1842. Tháinig a mhac Richard go Learpholl in 1875 agus d’fhan sé sa cheantar go dtí a bhás i 1939.

Bhain Brian Friel úsáid mhór as litreacha Uí Dhonnabháin nuair a bhí sé ag scríobh Translations agus scríobh sé ina dhialann i Meitheamh 1979: “What worries me about the play - if there is a play - are the necessary peculiarities, especially the political elements. Because the play has to do with language and only language. And if it becomes overwhelmed by that political element, it is lost.”

Agus cé gur chuir sé béim ar cheist na teanga sa dráma, bhí a lán plé faoi na téamaí polaitiúla atá ann nuair a bhí sé ar an ardán ar dtús i nDoire i 1980. Tá liosta acu ar an suíomh gréasáin www.nationaltheatre.org.uk/educaton, ina measc: “The relationship between the population of a country and an occupying force or outside group who impose rules and regulations on the inhabitants” agus “Can an occupying force ever be benevolent?”

Chuir an méid sin an Iaráic sa lá atá inniu ann i gcuimhne dom.

Aisteach go leor dom, mar sin, píosa ón staraí athbhreithnitheach, an tOllamh Marianne Elliott ó Roinn an Léinn Éireannaigh in Ollscoil Learphoill, a fheiceáil i gclár an dráma. Ag insint na seanbhréag a bhí sí, mar is gnách, ina measc go raibh barraíocht daoine sa tír in 1833 ("With almost eight million people, Ireland was considerably over-populated and having difficulty feeding its populace") agus nach ndearna na scoileanna náisiúnta iarracht ar bith an Béarla a bhrú ar na hÉireannaigh.

Bréag, a deirim, mar ó Acht na hAontachta in 1800 bhí Éire ina cuid den Ríocht Aontaithe - chomh Briotanach le Lancashire, áit a raibh an daonra ag méadú go gasta fosta. Ach níor tharla gorta anseo. Agus tá a fhios ag gach duine faoin mhéid bia a easpórtáladh as Éirinn le linn an Ghorta. Ní maith leis an Ollamh Elliott a admháil go raibh cinedhíothú ann. Fuair an “duine uasal” seo an gradam OBE (Order of the British Empire) ó Bhanríon Shasana i Meitheamh 2000.

“Tá sí mar a bheadh an bhriogóid dóiteáin ann, ag caitheamh uisce fuar ar na ceisteanna polaitiúla sa dráma,” a dúirt Ciarraíoch liom ag deireadh an léirithe.

Translations suite i nDún na nGall in 1833, an bhliain inar rugadh John Connolly agus Mary McGinn, tuismitheoirí James Connolly, i gContae Mhuineacháin. Dála a lán Éireannach aimsir an Ghorta, b’éigean dóibh an tír a fhágáil agus chuaigh siad anonn go hAlbain, áit ar rugadh James i Cowgate, Dún Éideann i Meitheamh 1868.

Ba de shliocht an Ghorta cuid den lucht éisteachta a bhí ag comóradh Jim Larkin i Learpholl agus bhí siad an-sásta an tseanteachtaireacht phoblachtánach a chloisteáil ó bhéal Raymond McCartney: “Beidh muid ar ais sa chearnóg seo lá éigin sa todhchaí chun athaontú na hÉireann a cheiliúradh,” ar sé, agus fuair sé bualadh bos láidir dá bharr.

Trí ghníomhartha polaitiúla amháin atá na poblachtánaigh ag brú ar aghaidh anois, rud nach bhfuil fíor i gcás na ndílseoirí. Bhí ball den UVF as Learpholl os comhair na cúirte i Manchain Dé Sathairn, 22 Deireadh Fómhair. Bhí John Eric Irwin, 43 bliana d’aois, as Norris Green, Learpholl, cúisithe as bheith ina bhall den UVF, nithe bheith ina sheilbh aige le haghaidh sceimhlitheoireachta, le cois airm neamhdhleathacha.

Níl mórán d’athrú ar an scéal anseo!

Camchuairt Translations Caerdydd: Theatr Sherman, 1 agus 2 Samhain Brecon: Theatr Brycheiniog, 4 agus 5 Samhain Southampton: Nuffield Theatre, 7-12 Samhain Londain: NT Cottesloe Theatre, 15 Samhain – 1 Nollaig

Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Tá sé ag obair sa chathair sin mar mhúinteoir agus mar shaoririseoir.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.