AR NA SAOLTA SEO
Fáilte Uí Cheallaigh i nGleann Cholm Cille
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Cuireadh fáilte mhór roimh Tony Birtill agus a chomhchnocadóirí i nGleann Cholm Cille ach tá daoine áirithe sa tír, feirmeoirí go háirithe, níos doicheallaí roimh thurasóirí.

Íomhá
Tony Birtill agus grúpa cnocadóirí taobh amuigh de Bhialann na Trá Báine i nGleann Cholm Cille
Íomhá
Tony Birtill agus na cnocadóirí
Íomhá
Pat O'Rourke, uachtarán Chumann Soláthraithe Bainne Uachtarlainne na hÉireann

“Baile Átha Cliath ag déanamh go maith agus easpa turasóirí san iarthar” - sin an scéal a bhí le cloisteáil an samhradh seo agus mé ag obair mar cheannaire ar chúrsaí siúl sléibhe Oideas Gael (www.oideas-gael.com) i nGleann Cholm Cille i nDún na nGall.

Cé go bhfuil an líon turasóirí i nDún na nGall laghdaithe 100,000 ó bhí an bhliain 2000 ann, tá na siopaí, tithe tábhairne, lóistiní agus bialanna i nGleann Cholm Cille breá bríomhar le daoine atá ag déanamh cúrsaí le hOideas Gael. Is léir do dhuine ar bith a bhfuil ciall aige chomh tábhachtach is atá Oideas Gael don gheilleagar áitiúil agus, de thairbhe na titime tubaistí sa líon cuairteoirí san iarthar, is léir fosta cé chomh tábhachtach is atá turasóirí don gheilleagar faoin tuath sa réigiún.

Turasóireacht, feirmeoireacht, iascaireacht: is cuid de gheilleagar na tuaithe iad uilig (ar scáth ar a chéile a mhaireas na daoine). I nGleann, bíonn feirmeoirí ag obair mar cheannairí ar chúrsaí siúl sléibhe, agus go minic soláthraíonn siad lóistín fosta. Téann báid iascaigh amach le turasóirí ag iascaireacht, ag fámaireacht nó ar thurais go dtí na hoileáin. Agus, gan na turasóirí, bheadh cuid mhaith de na tithe tábhairne agus siopaí faoin tuath folamh, nó druidte fiú, rud a mbeadh drochthionchar aige ar ghnáthshaol na bpobal ansin. Is é sin le rá, tá muid fite fuaite ina chéile.

Ní dóigh liom gur ag smaoineamh ar leas an gheilleagair áitiúil a dhéanamh a bhí an feirmeoir i Malainn Bhig sa pharóiste seo a chuir fáilte chroíúil romhainn agus muidne, na siúlóirí, ar ár mbealach abhaile ó Shliabh Liag, an cnoc is airde sa cheantar. Sean-nós na nGael fáilte a chur roimh strainséirí a bhí aige. “Cén sórt lae a bhí agaibh thuas?” a d’fhiafraigh sé dínn. Nuair a fuair sé amach go raibh muid ag bualadh leis an tiománaí bus áitiúil, Seosamh Ó hEochaidh, ag Bialann na Trá Báine (www.silverstrandhouse.bizzweb.net) sa tsráidbhaile, d’iarr sé orainn aicearra a ghabháil tríd a pháirceanna féin, rud a rinne sé gach seachtain tríd an samhradh.

Bhí imní orainn dul isteach sa bhialann chéanna nuair a d’oscail sí den chéad uair anuraidh. Áit deas glan, nua atá ann agus sinne, na cnocadóirí, agus buataisí agus éadaí salacha orainn. Ach chuir fear an tí, Anthony Curran, fáilte Uí Cheallaigh romhainn sa bheár agus thug sé cead dom an fón a úsáid le scairt a chur ar Sheosamh mar nach n-oibríonn gutháin siúil amuigh ansin.

Arís, tá tuiscint ar ghnó i gceist anseo: grúpaí móra siúlóirí agus tart millteanach orthu ag teacht go dtí do bheár gach seachtain, sin airgead sa scipéad. Agus tar éis na fáilte a chuir sé romhainn, chuaigh cuid den ghrúpa ar ais chuig an bhialann le haghaidh béile san oíche.

Ní heolaíocht roicéad é seo, mar a deir an Béarla: níl ann ach tuiscint ar ghnó. Bhí iontas orm, mar sin, go raibh Pat O’Rourke, uachtarán Chumann Soláthraithe Bainne Uachtarlainne na hÉireann, nó an ICMSA, ag tabhairt amach faoi shiúlóirí ar RTÉ Raidió 1 ar an 16 Lúnasa, an lá a bhí muidne i Malainn Bhig. Bhí sé an-mhaslach mar gheall orainn - thug sé “The Dublin 4 walking Brigade” orainn agus mhol sé an méid seo a dhéanamh: “If in doubt, keep walkers out”.

Tar éis na fáilte i Malainn Bhig, bhí sé deacair a chreidbheáil go raibh “ceannaire” de chuid na bhfeirmeoirí sásta damáiste a dhéanamh don gheilleagar faoin tuath le seafóid mar seo.

Thug mé cuairt ar shuíomh gréasáin an Chumainn (www.icmsa.ie) ag lorg tuilleadh eolais faoin bhoc seo agus dúirt sé ansin, creid é nó ná creid: “The ICMSA plays a prominent role in sustaining and developing rural communities ...

Pobal tuaithe, geilleagar na tuaithe - is léir nach dtuigeann sé faic mar gheall ar na rudaí sin.

Feirmeoir beag

Cé gur rugadh agus gur tógadh mé féin i Learpholl, b’fheirmeoir beag mo sheanathair i gContae na Mí, áit ar chaith mé laethanta saoire nuair a bhí mé óg. B’éigean do mo mháthair agus a cúigear deirfiúracha Éirinn a fhágáil chun obair a fháil mar bhanaltraí i Sasana agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá ós rud é nach raibh obair le fáil acu sa bhaile.

An feirmeoir agus an mac is sine, is féidir leosan maireachtáil sa bhaile ar an fheirm, ach tá easpa deiseanna fostaíochta ann do dhaoine eile, go mór mór na mná. A mhalairt ar fad atá i gceist i gcás na n-óstán, na mbialann agus na turasóireachta go ginearálta.

Lena chois sin, bíonn saol na tuaithe ciúin go leor an chuid is mó den bhliain - gan turasóirí bheadh sé marbh sa samhradh fosta.

Chuir an ICMSA preasráiteas ón uachtarán chugam agus bhí sé teasaí, histéireach fiú. Admhaítear an méid seo ann: “Farm incomes may not be as healthy as the ICMSA would like …” Ach an cúis é sin le hionsaí a dhéanamh ar chuid eile de gheilleagar na tuaithe? Gan amhras, tá Pat O’Rourke agus a leithéid ag déanamh damáiste as cuimse don dara tionscal is mó sa tír agus tá postanna caillte faoin tuath dá bharr. (féach alt Bhreandáin Delap, Beo!, Iúil 2005).

Ar an 10 Lúnasa, chonaic mé John Connolly, garmhac James Connolly, ag labhairt ar RTÉ faoin drochbhail atá ar 16 Sráid an Mhúraigh i mBaile Átha Cliath, an cheanncheathrú dheireanach in Éirí Amach na Cásca. Ar “Morning Ireland” an lá céanna bhí tuairisceoir ag labhairt le mangairí torthaí agus glasraí ar Shráid an Mhúraigh faoin mhéid turasóirí a thugann cuairt ar an tsráid le hamharc ar an leac cuimhneacháin ar an bhalla ag uimhir 16. Chuir sé mearbhall orm go raibh an rialtas sásta ligean d’fhoirgneamh stairiúil a mheallann turasóirí dul in olcas. Sin go dtí gur chuala mé lucht leanúna Eamonn Phoenix agus Dermot Keogh ag caint le Gerald Barry ar RTÉ ar an 21 Lúnasa. An bharúil a bhí acu ná go raibh náire ar rialtas an lae inniu mar gheall ar fhoréigean 1916 agus gurbh fhearr leo dearmad a dhéanamh ar an chuid sin de stair na hÉireann.

Chuir an díospóireacht acadúil seo ócáid nochta an leachta i bhFrongoch i Meitheamh 2002 i gcuimhne dom. Nuair a bhí muid ag eagrú na hócáide in 2001, chuir mé eolas chuig Consal Rialtas na hÉireann i gCaerdydd, Conor O’Riordan. Bhí seisean dearfach faoin phlean agus gheall sé dúinn go mbeadh airgead le fáil ón rialtas. Bhí scéal eile i gceist in 2002, áfach, agus consal nua, Jim Carroll, ann. Cé go raibh sé i láthair ag an ócáid, chuir sé in iúl dúinn nach raibh an rialtas sásta pingin rua a thabhairt dúinn! Seo ag am nuair a bhí siad ag caitheamh €8 milliún ar an aeróg ghránna sin ar Shráid Uí Chonaill.

Níl rud ar bith níos measa ná bheith ag súil le hairgead do thionscadal agus gan é a fháil ag an bhomaite dheireanach. Ach idir mhuintir na háite i bhFrongoch/Bala agus na hÉireannaigh i Learpholl, d’íoc muid as gach rud sinn féin. Ní raibh a fhios againn, ár ndóigh, gur chúis aiféaltais muid do Rialtas na hÉireann!

Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Tá sé ag obair sa chathair sin mar mhúinteoir agus mar shaoririseoir.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.