Scríobh Tony Birtill alt san iris seo bliain ó shin mar gheall ar an dochar a bhí á dhéanamh don chomhshaol i gceantar Ghleann Cholm Cille agus measann sé gur chun donais atá rudaí tar éis a dhul ó shin.
Tá mé ar ais i nGleann Cholm Cille faoi láthair ag obair mar cheannaire ar chúrsa siúl sléibhe Oideas Gael. Tugaim faoi deara go bhfuil an comórtas leis an chomhshaol a scrios ag leanstan ar aghaidh, in ainneoin an ailt a scríobh mé do Beo! bliain is an taca seo (eagrán 41).
Caithfidh an chéad duais sa chomórtas seo dul chuig an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuiv, as an deontas de 9,000 a thug sé le haghaidh an bhóthair díreach trí na leaca agus clocha duirlinge síos go dtí an ché ag an Phort. Tá cuma carrchlóis ar an áit anois, in ionad an limistéir is áille sa cheantar. Dá mbeadh áit mar seo i dtír ar bith eile san Eoraip, dhéanfaí iarracht é a chaomhnú, chan é a scrios.
Rachaidh an dara duais chuig Comhairle Contae Dhún na nGall as an bhalla gránna, déanta as coincréit, a thóg siad ar thaobh amháin de Dhroichead an Mhinistir i lár an Ghleanna. Seandroichead a bhí ann, ón 17ú haois, ag dul trasna abhainn na Muirlinne. Ar an drochuair, bhuail leoraí nó carr an balla ar thaobh amháin den droichead i mbliana. Ach, in ionad é a dheisiú le clocha áitiúla sa dóigh is go mbeadh sé díreach mar a bhí sé arís, bhain an Chomhairle Contae úsáid as gnáthbhloic choincréite, le balla díreach, leadránach, míofar a thógáil ina áit. Arís, da mbeadh droichead stairiúil, tarraingteach mar seo i dtír ar bith eile san Eoraip, dhéanfaí iarracht é a chaomhnú, chan é a scrios.
Rachaidh an tríú duais chuig úinéir an tseanchairr dheirg atá dumpáilte in aice leis an aeróg ar an bhealach ón Ghleann go dtí an Port. Luaigh mé an carr seo i malt anuraidh ach tá sé ann fós. Is é an t-aon difear amháin ná go bhfuil sé bunoscionn anois agus níos gránna fós.
Níos faide síos an bealach go dtí an Port tá bruscar le feiceáil fós ar gach taobh, idir sheancharranna, innill níocháin agus rothair. Tá codarsnacht an-mhór idir seo ar fad agus an áilleacht nádúrtha atá thart timpeall. Tá teachtaireacht dhiúltach á cur amach aige seo faoi mhuintir na háite fosta is é sin, gur cuma le cuid acu faoin chomhshaol áitiúil.
Tá trácht ar an turasóireacht inbhuanaithe i ráiteas misin na Roinne Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta agus is eiseamláir mhaith é Oideas Gael den sórt seo turasóireachta. Is é an rud atá i gceist le turasóireacht inbhuanaithe ná comhshaol agus cultúr ceantair a chothú, in ionad iad a scrios. Mar a dúirt Liam Ó Cuinneagáin, stiúrthóir Oideas Gael, sa treoirleabhar a dfhoilsigh an comhlacht i 1997: Dúinne i nGleann Cholm Cille, tá an fhorbairt eacnamúil agus an cultúr dlúthcheangailte lena chéile; ní gnáth-thurasóir a thig chugainn ach cuairteoirí ar spéis leo saibhreas sainiúil na Gaeltachta agus níl áit níos fearr leis sin a fháil ná paróiste seanda an Ghleanna.
Is léir go bhfuil daoine sa tír nach bhfuil ar aon intinn leis agus is mór an trua é sin.
3,000 cóip díolta
Díoladh gach cóip de chéad eagrán an treoirleabhair seo (3,000 cóip) agus athfhoilsíodh é arís i mbliana. Tá sé lán samplaí den turasóireacht inbhuanaithe agus tá píosa ann faoin iolar mara a bhí coitianta sa cheantar go dtí na 1900í. (Tá screig a dtugtar Nead an Iolair uirthi ar Shliabh Liag.) Dálta daoine ar fud an domhain, mheas muintir na háite go raibh na hiolair ag déanamh slada ar a gcuid uan rud nach raibh amhlaidh agus sheilg siad na héin mhaorga seo go dtí go raibh siad díobhaí in Éirinn.
Tharla an rud céanna in Albain ach tugadh isteach arís iad ón Iorua i 1975. Tá níos mó ná 30 péire acu in Albain anois agus bhí an bhliain seo ar an bhliain ab fhearr riamh le haghaidh éan faoi lánchluimhrí (dfhág 26 acu a nead). Tá níos mó seans ag daoine an t-éan seo a fheiceáil anois agus, mar a dúirt Dr Alison MacLennan ón Royal Society for the Protection of Birds, in Albain: That leads to huge eco-tourism benefits, particularly in Mull and Skye, where opportunities for seeing the birds are greatest. (www.rspb.org.uk/scotland)
Ar Mhuile, is féidir le daoine an t-iolar mara agus an t-iolar fíréan a fheicáil ar an oileán chéanna agus meallann sin na mílte turasóir gach bliain. *Twitchers *a thugtar ar na fairtheoirí éan agus tá níos mó ná trí mhilliún acu sa Bhreatain. Is daoine suaimhneacha iad a bhfuil airgead tirim acu, a bhíonn sásta íoc as lóistín áitiúil agus óstáin agus ní chuireann siad isteach ar dhaoine eile is é sin, tá siad ar fheabhas mar thurasóirí inbhuanaithe.
Tugadh isteach an t-iolar fíréan go Dún na nGall, as Albain, in 2001 agus i mbliana, den chéad uair ó 1912, rug ceann acu ubh i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha. Bheadh sé réasúnta simplí agus saor an rud céanna a dhéanamh leis an iolar mara sa cheantar seo agus dhéanfadh sé an-leas don gheilleagar áitiúil. Ansin, ní bheadh ar mo leithéidíse bheith ag míniú do chuairteoirí nach bhfuil iolar ar bith fágtha sa cheantar.
Tá áit darb ainm Nead an Iolair ar Ros Eoin fosta, taobh thiar dÓstán Ghleann Cholm Cille. Gheobhadh an t-óstán seo a lán custaiméirí breise dá mbeadh iolar mara ag eitilt thart. Ach beidh cuid mhór fadhbanna le sárú má tá an t-iolar le pilleadh ar an cheantar, mar tá droch-chlú amach ar an éan chéanna i mbéaloideas an Ghleanna. Ní hamháin go gcuirtear ina leith gur mharaigh siad cuid mhór uan ach deirtear fosta gur sciob iolar leanbh trí ráithe de chuid Mháire Nic Fhionnlaoich ar an Chloigeann Mhór, sa pharóiste, thart fán bhliain 1700.
Tá droch-chlú ar an éan in Albain fosta: cé go bhfuil siad ar an liosta dearg le haghaidh caomhnaithe, tugadh an nimh do dhá cheann acu daon turas anuraidh. Ach thaispeáin na hAlbanaigh gur féidir na deacrachtaí a shárú agus tá mé cinnte gur féidir linne i nGleann Cholm Cille an rud céanna a dhéanamh.
Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Tá sé ag obair sa chathair sin mar mhúinteoir agus mar shaoririseoir.