AR NA SAOLTA SEO
Fear ait Shlí na Gaineamhchloiche
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Chas Tony Birtill le fear an-ait agus é amuigh ag siúl i Cheshire le gairid agus fuair sé amach ina dhiaidh sin gur duine a bhí ann atá an-tugtha don fhoréigean.

Íomhá
An teach tábhairne The Bears Paw
Íomhá
Caisleán Beeston
Íomhá
Íomhá

Shiúil mé ó bharr go bun Cheshire le gairid ar an chosán fada ar a dtugtar Slí na Gaineamhchloiche nó the Sandstone Trail. Téann an tslí seo ó Frodsham sa tuaisceart, in aice leis an Mersey, go dtí Whitchurch sa deisceart, thart le teorainn chontae Shropshire. Leanann sé droim ghaineamhchloch, agus cé nach bhfuil sé ró-ard, bíonn radhairc iontacha ann mar go bhfuil an taobh tíre thart timpeall íseal.

55 ciliméadar (34 míle) atá i gceist agus shocraigh mé féin agus mo chara Neill an turas a dhéanamh in dhá lá, agus fanacht thar oíche leath bealaigh tríd. Beidh mé ag siúl na slí seo arís le grúpa mac léinn sa bhliain úr agus mar sin b’éigean dom measúnú priacail a dhéanamh roimh ré, mar sin an dlí anois i gcás scoileanna agus coláistí.

Tosaíonn an tslí i lár Frodsham ag an teach tábhairne The Bears Paw, in aice le leacht ar leith. Ní bhíonn sé i bhfad, áfach, go mbíonn tú ag amharc síos ar an bhaile deas seo ó bharr Beacon Hill. Tá Sléibhte Clwyd sa Bhreatain Bheag le feiceáil san iarthar agus Sléibhte Pennine Shasana san oirthear. Bhí an t-ard seo tábhachtach mar thearmann 2,000 bliain ó shin agus giota beag níos faide ar aghaidh tá ráth le fáil, Woodhouse Hill Fort. Tá seacht ráth mar seo ar an tslí agus tógadh iad san Iarnaois (c. 300RC-500IC), sular tháinig na Sasanaigh chuig an tír.

Ní bhíonn na radhairc le feiceáil níos mó tar éis cúpla uair nuair a théann an tslí trí Fhoraois Delamere, áit a raibh lón againn i measc na gcrann.

Osclaíodh Slí na Gaineamhchloiche i 1974 mar gur thuig an Chomhairle Contae ag an am sin chomh tábhachtach is a bhí siúlóirí do gheilleagar na tuaithe. Foilsíonn siad leabhrán eolais a bhfuil léarscáil ann, chomh maith le liosta lóistín, agus tá siad seo le fáil saor in aisce (tabhair cuairt ar www.Cheshire.gov.uk/tourism nó glaoigh air 01244 603107). Bhain siad úsáid as cearta slí a bhí ann cheana féin agus chuir siad suas craobhacha eolais leis an chosán fada a thaipeáint. Tá comharthaí beaga buí ann fosta a bhfuil ‘S’ agus saighead le fáil orthu, mar sin tá sé deacair dul amú.

Dúirt an tOifigeach Sinsearach Turasóireachta, John Wainwright, liom gur fiú na mílte míle punt an tslí do gheilleagar an chontae. Is léiriú maith air sin an Summertrees Teashop. Feirmeoir áitiúil a d’oscail an bhialann seo agus bhí sí lán go doras nuair a shiúil muid thairsti.

Bhí sé ag stealladh báistí san iarnón agus bhí muid an-sásta Caisleán Beeston a fheiceáil i bhfad uainn mar go raibh muid ag stopadh thar oíche sa teach tábhairne míle amháin roimhe.

B’éigean dúinn dul soir cúpla míle nuair a bhain muid canáil an Shropshire Union amach. Bhí báirse ag dul trí loc ansin agus thapaigh Neill an deis síob a fháil dúinn.

“Ní raibh mé ar bháirse riamh i mo shaol,” an leithscéal a bhí aige, ach bhí mé féin an-tuirseach fosta agus thuig mé an fáth go raibh sé ag iarraidh síbe. Lánúin ó Watford, Louise agus Stewart, a bhí i gceannas an bháirse agus iad ar laethanta saoire lena gclann, agus bhí siad breá sásta síob a thabhairt do bheirt siúlóirí a bhí fliuch báite.

Bhí glúin Neill nimhneach an mhaidin dár gcionn agus bhí sé bacach nuair a shiúil muid thar Chaisleán Beeston. Thóg Rannulf, Iarla Chester, an caisleán seo i 1337 chun an teorainn leis an Bhreatain Bheag a chosaint agus tá sé fós mórthaibhseach.

Bhain muid Raw Head, an cnoc is airde ar an tslí (227 méadar), amach ag am lóin agus ba léir faoin am sin nach mbeadh Neill ábalta leanstan ar aghaidh. D’fhág mé é ag an bhóthar le síobsiúl ar ais go dtí an carr in Frodsham agus lean mé ar aghaidh liom féin.

Feirm Barhill

Téann an ceathrú deireanach den tslí trí thalamh feirmeoireachta. Feirmeacha déiríochta atá le fáil ansin den chuid is mó ach mar gheall ar na comharthaí buí ní raibh sé deacair an tslí a aimsiú go dtí go raibh mé ag tarraingt ar Fheirm Barhill. Thug mé faoi deara go raibh na craobhacha eolais agus comharthaí buí leagtha go talamh agus nuair a bhain mé an fheirm amach bhí cuma an-ait uirthi – bhí seanfheithiclí agus innealra scaipthe thart timpeall. De réir an leabhráin eolais, chuaigh an tslí díreach tríd an chlós feirme ach bhí an geata faoi ghlas. Bhí fógraí rabhaidh faoi mhadraí gardála ar an sconsa agus ba léir ón tafann a bhí siad a dhéanamh go raibh siad fíochmhar. Ní raibh duine ar bith eile thart agus bhí driuch orm. Chuir an fheirm an scannán Deliverance, a raibh John Voight ar dhuine de na haisteoirí ann, i gcuimhne dom. (Sin an scannán ó 1972 a bhfuil “Duelling Banjos” ann.)

Ag smaoineamh go raibh meancóg déanta agam, d’fhill mé an bealach a tháinig mé agus chaill mé leathuair ag cuartú slí eile. Faoi dheireadh, chuaigh mé ar ais go dtí an geata agus chonaic mé fear sa chlós. Scairt mé air, agus nuair a tháinig sé chugam bhí mé cinnte gur tuathánach as Deliverance ab ea é, bhí cuma chomh hait sin air. Ní raibh aithne agam air, ach fuair mé amach níos moille gur Martin Leigh ab ainm dó. D’admhaigh sé go ndeachaigh an tslí tríd an chlós agus chuir sé srian ar na madraí chun mé féin a ligean tríd.

Thug mé faoi deara, ar an taobh eile den fheirm, go raibh na comharthaí leagtha fosta.

Sa chéad fheirm eile, bhí bulláin sa pháirc. Bíonn siad fiosrach go minic ach nuair a thug dhá cheann acu ruathar orm, léim mé trasna an sconsa isteach i bpáirc tornapaí.

Bhain mé Whitchurch amach sa dorchadas agus bhí lúcháir orm Neill agus an carr a fheiceáil ansin.

Scríobh mé measúnú priacail sa choláiste agus chuir mé cóip chuig an mhaor slí sa chomhairle contae, John Street. Fuair mé teachtaireacht ar ais uaidh láithreach agus d’iarr sé orm scairt a chur air. D’inis sé dom go raibh an feirmeoir, Martin Leigh, os comhair na cúirte i Chester an tseachtain sular bhuail mé leis agus gur gearradh téarma dhá mhí dhéag sa phríosún air as trí chúis is fiche. Nuair a chuala sé an téarma a bhí gearrtha air, chuir sé i gcéill go raibh taom croí aige sa chró cúirte agus tugadh go dtí an otharlann é. Scaoileadh amach ar bannaí é le haghaidh scrúdú leighis agus sin an dóigh ar chas mé féin air.

“Is minic a bhíonn siúlóirí san otharlann tar éis dá chuid madraí iad a ionsaí,” a dúirt John Street liom. “Nuair a chuaigh mé féin go dtí a fheirm, bhagair sé orm agus dúirt mo shaoiste liom go raibh sé róchontúiteach dom dul ar ais ansin.”

Tharraing Leigh aird air féin den chéad uair in 2001 i rith ghéarchéim an ghalair crúibe is béil. Bhí an contae saor ón ghalar go dtí go ndúirt seisean go raibh spuaiceanna i mbéal a chuid bó. Nuair a rinne na saineolaithe scrúdú orthu fuair siad amach nach raibh an galar orthu agus is é an tuairim a bhí acu ná gur thug Leigh sóid loiscneach do na ba chun cúiteamh a fháil ón rialtas.

Fuair na húdaráis gearáin go rialta ó shiúlóirí faoin droch-chuma a bhí ar bha Leigh, ach nuair a thug na cigirí cuairt air, bhagair sé orthusan fosta. D’fhill siad ar ais leis na póilíní, ach bhí sé i bhfolach orthu. Nuair a bhí siad á chuartú, tháinig sé amach i dtrucail ardaithe agus thóg sé carr na bpóilíní agus d’fhág ar mhullach vaigín féir é.

Nuair a d’amharc mé ar a chás ar an idirlíon thuig mé go raibh an t-ádh orm éalú ón ghealt seo.

Le cuidiú Dé beidh sé fós sa phríosún nuair a rachaidh mé an treo sin arís. Sin an dóchas atá ag John Street agus an dream i gComhairle Contae Cheshire mar go dtuigeann siad gur féidir le hamadán amháin an-dochar a dhéanamh don gheilleagar áitiúil.

Níl a fhios agam an bhfuil an bharúil chéanna ag Comhairle Contae Shligigh faoi Andy “the Bull” McSharry.

Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Tá sé ag obair sa chathair sin mar mhúinteoir agus mar shaoririseoir.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.