AR NA SAOLTA SEO
Bád Bheanntraí – cuid thábhachtach de stair na hÉireann
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Thug Tony Birtill cuairt ar Mhúsaem Mara Merseyside chun súil a chaitheamh ar obair chaomhnaithe atá á déanamh ar bhád atá mar chuid thábhachtach de stair na hÉireann.

Íomhá
Bád Bheanntraí, atá á dheisiú i Learpholl
Íomhá
John Kearon in sheasamh in aice le bád Bheanntraí
Íomhá
Wolfe Tone

Bhí mé i mo cheannaire ar chúrsa siúl sléibhe Oideas Gael i nGleann Cholm Cille ag an Cháisc i mbliana, mar is gnách.

Le linn an chúrsa, thug muid cuairt ar Phort, ceantar atá in aice leis an chósta agus ina bhfuil túr faire, ar bharr Chionn Ghlinne. Idir 1804 agus 1806 tógadh dhá thúr eile mar seo sa pharóiste fosta, ceann ag Cionn an Charraigín agus ceann eile ag Málainn Bhig.

Ar lá breá is féidir leat Contae Mhaigh Eo a fheiceáil trasna Bhá Dhún na nGall, áit ar tháinig fórsaí de chuid na Fraince i dtír i mí Lúnasa 1798 le cuidiú leis na hÉireannaigh Aontaithe poblacht dhaonlathach, neamhspleách a chur ar bun. Trí bhád a bhí ann: La Medee, La Concorde agus La Française. Bhí 1,000 saighdiúir ar bord agus an Ginearál Humbert i gceannas orthu. Ar bord fosta bhí Matthew Tone, deartháir Wolfe Tone, Bartholemew Teeling ó Bhéal Feirste agus an tAthair Ó Catháin ó Chill Ala (d’inis seisean i nGaeilge do mhuintir na háite cad é a bhí beartaithe). Bhí 1,000 éide sa bhreis ag na Francaigh agus d’earcaigh siad cuid mhaith Éireannach don arm.

Cé gur ghread na Sasanaigh iad, léirigh “Bliain na bhFrancach” go mbeadh sé furasta do naimhde na Breataine Éire a ghabháil. Dá thairbhe sin, thóg rialtas na Breataine túir faire ar chinn tíre a raibh radharc maith ar an fharraige uathu. Ba é an cúram a bhí ar fhoirne na dtúr ná scéala a chur chuig na húdaráis áitiúla dá bhfeicfí cabhlach coimhthíoch ag teacht. Níor baineadh úsáid astu ach ar feadh cúpla bliain agus tréigeadh ar fad iad nuair a buaileadh Bonaparte ag Cath Waterloo in 1815.

Agus mé ag labhairt faoi seo leis an ghrúpa siúlóirí, ní raibh tuairim agam go mbeadh mo lámh féin ar bhád ón tréimhse réabhlóideach sin roimh i bhfad - agus gur i Learpholl a tharlódh sé!

Ní raibh mé i bhfad ar ais anseo nuair a chuala mé go raibh bád Bheanntraí, bád Francach ó 1796, i Músaem Mara Merseyside, áit a raibh John Kearon agus a fhoireann á dheisiú.

D’imigh mé liom ar an toirt síos go dtí an Pier Head leis an bhád a fheiceáil agus chun agallamh a chur ar Kearon. Chas mé air i 1987 agus mé ag scríobh gné-alt mór don *Irish Post *faoin cheangal mara atá ann idir Learpholl agus Éire, agus go háirithe leis an Inbhear Mór i gCill Mhantáin, áit ar rugadh agus ar tógadh John. Is saor báid é ó theaghlach a bhfuil dlúthbhaint aige leis an fharraige leis na glúnta.

Mhínigh John dom go raibh an bád, atá 39 troigh ar fhad, ar bord na loinge Le Resolue, a tógadh i Saint Malo i 1778.

Bhí Le Resolue i measc cabhlaigh 45 long chogaidh Francach a raibh 14,750 saighdiúir orthu a d’fhág Brest i mí na Nollag 1796 ag triall ar Bhá Bheanntraí i gContae Chorcaí. Bhí Theobald Wolfe Tone ar bord L’Indomptable agus ba é an cuspóir a bhí ann ná an t-arm Francach dul i dtír i gCorcaigh le cuidiú leis na hÉireannaigh Aontaithe.

Chuir stoirm mhillteanach bac ar an phlean seo, cé go raibh an cabhlach chomh cóngarach don tír gur mhothaigh Tone go dtiocfadh leis brioscaí a chaitheamh i dtír. *"There cannot be imagined a situation more provokingly tantalising than mine at the moment, within view, almost within reach, of my native land, and uncertain whether I shall ever set foot on it,” *a scríobh sé ina dhialann.

Scaradh Fraternité, bád an cheannaire, an Ginearál Hoche, ón chabhlach go luath agus idir sin agus an drochaimsir bhí rudaí trína chéile i mBá Bheanntraí. Bhuail Le Resolue agus bád eile, Redoubtable, faoina chéile agus chuaigh an Leifteanant Proteau agus mairnéalaigh ón Resolue amach ar an fharraige sa bhád beag le cuidiú a fháil. Ach sheol an ghaoth láidir go dtí an tOileán Mór iad, áit ar ghabh an mílíste iad.

B’éigean do Wolfe Tone agus an cabhlach an bá a fhágáil, rud a bhí ina chúis mhór díomá dó, agus dúirt sé ina dhialann: "Well, England has not had such an escape since the Spanish Armada, and that expedition, like ours, was defeated by the weather."

Chuir Richard White, tiarna talún áitiúil, eolas faoin chabhlach chuig an Ghinearál Dalrymple agus Arm Shasana i gCathair Chorcaí agus d’eagraigh sé cúpla céad mílíste áitiúil mar thaispeántas nirt ar an trá. Iadsan a ghabh bád Bheanntraí agus choinnigh Richard White é ina theach mór mar thrófaí. Fuair sé tiarnas mar bhuíochas ó Rialtas Shasana. Thug duine dá shliocht an bád d’Ard-Mhúsaem na hÉireann i 1944 agus bhí sé le feiceáil i Músaem na Mara i nDún Laoghaire idir 1972 agus 2000.

Obair chaomhnaithe

Tá clú agus cáil ar an obair chaomhnaithe a dhéanann Músaem Mara Merseyside agus is dá bharr seo a cuireadh bád Bheanntraí go Learpholl, áit a bhfuil John Kearon agus a fhoireann ag obair air le bliain anuas. “Tá dlúthcheangal againn le hArd-Mhúsaem na hÉireann agus tá sé beartaithe acu an bád a chur ar taispeáint i mBaile Átha Cliath an t-earrach seo chugainn. Beidh muidne críochnaithe leis an obair i Meitheamh i mbliana,” a dúirt John.

D’inis sé dom go bhfuil an bád sainiúil – is é an t-aon soitheach bunaidh mar seo ar domhan. Dá bhrí sin, níl siad ag cur píosaí nua adhmaid ann ach amháin in áiteanna a bhfuil sé lofa, agus tá siad ag baint úsáide as an chineál céanna adhmaid. “Bhronn Roinn Páirceanna Poiblí Learphoill leamhán áitiúil orainn le haghaidh na hoibre agus, mar sin, beidh áit ag píosa beag de Learpholl i stair na hÉireann!” ar seisean.

Cé gur bád sainiúil é, tá thart fá 50 macasamhail de ar fud an domhain. Tógadh iad mar chuid den Atlantic Challenge Project, a thosaigh Lance Lee ó Rockport, Maine sna Stáit Aontaithe sna 1980í. Bantries an t-ainm atá tugtha orthu agus is daoine óga a thógann iad (glacann siad páirt i rásaí idirnáisiúnta iontu gach dhá bhliain).

Dea-scéala eile ón Pier Head i Learpholl: thosaigh an tseirbhís Seacat go Baile Átha Cliath arís ar an 27 Aibreán. Bhí díomá orainn anseo i mí Eanáir nuair a chuir an Steam Packet Company stad léi (Beo!, eagrán 45) ach tá sí tosaithe arís ag an chomhlacht Irish Sea Express (www.irishseaexpress.com).

Gheobhaidh mé féin ticéad don samhradh go cinnte!

Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Tá sé ag obair sa chathair sin mar mhúinteoir agus mar shaoririseoir.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.