AR NA SAOLTA SEO
Robbie Fowler: laoch i measc mhuintir Learphoill
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

D’fhill an t-imreoir sacair Robbie Fowler go Liverpool FC ag deireadh mhí Eanáir, ceithre bliana tar éis dó an club a fhágáil. Féachann Tony Birtill siar ar eachtra a tharla le linn do Fowler bheith ag imirt do Liverpool an chéad uair, a chothaigh meas as cuimse air i measc mhuintir Learphoill.

Íomhá
Robbie Fowler (ar dheis) ag imirt do Liverpool le déanaí
Íomhá
Fowler ag nochtadh a T-léine i gcoinne SK Brann Bergen i 1997
Íomhá
Fowler agus bainisteoir Liverpool, Rafael Benitez, le chéile i mí Eanáir
Íomhá
Peter Crouch ag scóráil cúil i gcoinne Manchester United an mhí seo caite

Ba chúis áthas do lucht leanúna Liverpool FC é Robbie Fowler a fheiceáil ar ais ar an fhoireann arís ag deireadh mhí Eanáir.

Ní bhíonn an ceangal chomh láidir idir muintir na háite agus foireann sacair de chuid an Premiership i Sasana is a bhíonn idir muintir na háite agus foireann de chuid Chumann Lúthchleas Gael in Éirinn.

Ach rugadh agus tógadh Fowler i Learpholl, dála an chaptaein Stevie Gerrard agus an chosantóra Jamie Carragher. I gcás an triúir sin, mothaíonn tú go bhfuil siad ag spreagadh an chuid eile den fhoireann a míle dícheall a dhéanamh i gcónaí agus go bhfuil siad ag imirt sacair ar son a muintire féin, seachas don tuarastal ollmhór a fhaigheann imreoirí sacair sa lá atá inniu ann.

Bhí an comhbhá seo le feiceáil in Anfield ar an 20 Márta 1997, nuair a thóg Robbie Fowler a léine dhearg suas i rith cluiche chun an teachtaireacht “Support The 500 Sacked Dockers” a chur os comhair an tsaoil. Ag ceiliúradh a dhara cúl in aghaidh SK Brann Bergen i gcluiche leathcheannais an European Cup Winners Cup a bhí sé, cluiche a bhain Liverpool 3-0. Bhí frithdhúnadh ar siúl sna dugaí ag an am, a thosaigh i mí Mheán Fómhair 1995, agus bhí teaghlaigh 500 dugaire in ainnise dá bharr. Iarracht eile de chuid an rialtais Choimeádaigh a bhí ann na ceardchumainn a scriosadh sa tír seo agus ba bheag an tsuim a bhí ag na meáin chumarsáide sa scéal go dtí gur nocht Fowler a theachtaireacht beo ar an teilifís. Thug imreoir eile, Steve McManaman, an T-léine ó na dugairí do Fowler roimh an chluiche agus chaith sé féin ceann fosta, cé nár nocht sé í.

Ghearr UEFA pionós £900 ar Fowler mar gheall ar an eachtra seo, ach mhéadaigh meas mhuintir na háite air, cé gur lucht leanúna de chuid Everton ab ea cuid mhaith de na dugairí.

Bhí na meáin chumarsáide trína chéile faoin eachtra - ní raibh aon taithí acu ar imreoirí sacair a leithéid a dhéanamh. “Rud éigin eile aisteach as Learpholl”, an tuairim a bhí ag an chuid is mo acu faoin scéal.

Trí lá roimh an phionós ó UEFA, fuair Fowler moladh ó cheannaire FIFA, Sepp Blatter, as cothrom na Féinne a léiriú i gcluiche in aghaidh Arsenal nuair a chuir sé in iúl don mholtóir, Gerald Ashby, nach ndearna cúl ire Arsenal, David Seaman, feall air, rud a shíl an Ashby.

Fuair Fowler ardmholadh ó na dugairí mar gheall ar an eachtra: “Tá sceitimíní orainn faoi seo - chuir sé ár gcruachás os comhair an tsaoil. Ach is trua nach bhfuair sé tacaíocht ón bhainisteoir, Roy Evans. Dá mbeadh Bill Shankly [iarbhainisteoir de chuid an chlub] beo thabharfadh sé moladh do Robbie,” dúirt urlabhraí, Terry Teague, ag an am.

Fuair Fowler tacaíocht fosta ón fheisire Tom Pendry, aire spóirt cúil Pháirtí an Lucht Oibre. Dúirt sé go raibh an pionós iomarcach agus go raibh bá aige féin le teachtaireacht Fowler.

Rialtas nua

Bhí an bua ag Páirtí an Lucht Oibre sa toghchán dhá mhí tar éis agóid Fowler agus bhí muintir Learphoill ag súil le réiteach gasta ar an fhrithdhúnadh sna dugaí. Ba iad na ceardchumainn a bhunaigh an páirtí i 1900; d’íoc na baill as reáchtáil an pháirtí agus, mar sin, bhí dlúthbhaint eatarthu riamh anall. Agus tógadh Cherie Blair, bean chéile an Phríomh-Aire nua, cóngarach do na dugaí. Bhí mámh ag an rialtas nua fosta – bhí 14 % de scaireanna an Mersey Docks and Harbour Company (MDHC), úinéir na ndugaí, ag an rialtas, rud a chiallaigh go dtiocfadh leo brú a chur ar an chomhlacht.

Ach níor chuir. Ní raibh suim dá laghad ag rialtas “New Labour” sa tsáinn ina raibh na dugairí, agus tar éis leanúint leis an streachailt ocht mí eile, agus dul trí Nollaig chrua eile, ghéill siad i mí Eanáir 1998 agus ghlac siad leis an airgead iomarcaíochta ón MDHC.

Agus an 14% de scaireanna MDHC a bhí ag an rialtas? Dhíol siad iad ar £70 milliún sa stocmhargadh i mí Aibreáin na bliana céanna, i ngan fhios do na dugairí.

“Tá sé go hiomlán dochreidte. D’iarr muid ar an rialtas i rith an fhrithdhúnta idirghabháil a dhéanamh. Anois, tuigim an fáth nach ndearna siad faic,” arsa urlabhraí na ndugairí nuair a chuala sé an scéal.

“Is mór an náire é – mo chlann féin ag díol a máthar,” a dúirt mé liom féin ag an am.

Ní raibh Robbie Fowler ach dhá bhliain is fiche d’aois nuair a rinne sé an agóid i 1997 agus lean sé ar aghaidh ag imirt sacair do Liverpool. Cé nach raibh sé ag imirt chomh maith is a bhíodh sé, bhí díomá orainn nuair a dhíol Gerard Houllier é le Leeds United i mí na Samhna 2001 agus dúirt Fowler go raibh brón air nach raibh seans aige slán a fhágáil ag an lucht tacaíochta in Anfield. Dar leis fosta gur “móimint uafásach” ina shaol a bhí ann gan a bheith ar an fhoireann nuair a bhain Liverpool FC Sraith na Seaimpíní anuraidh.

Tá sé ag imirt níos fearr le tamall anuas agus tá muid ag súil le neart cúl uaidh an séasúr seo, go háirithe nuair atá ag teip ar na tosaithe eile cúil a aimsiú.

Pléisiúr mór a bhí ann Peter Crouch a fheiceáil ag scóráil in aghaidh Manchester United i gCorn an FA ar an 18 Feabhra, go mór mór mar gur lá breithe Gary Neville a bhí ann; cúisíodh eisean as drochiompar nuair a chuaigh sé thar fóir leis an cheiliúradh os comhair lucht leanúna Liverpool in Old Trafford i mí Eanáir. Agus fuair sé pionós £5,000 ón FA mar bhronntanas fosta.

Bhí sé tamall beag maith ó scóráil Crouch roimhe sin – Oíche Chinn Bhliana in aghaidh West Bromwich Albion – agus bhí mé féin agus mo mhac Liam, atá seacht mbliana d’aois, i láthair ag Anfield leis an chluiche a fheiceáil.

Amharcaim ar an chuid is mó de na cluichí ar an teilifís na laethanta seo mar go mbíonn na ticéid ar fad do na cluichí díolta tamall maith roimh ré. Anois is arís, cuirtear ticéid ar ais chuig Anfield an lá roimh an chluiche, agus sin an dóigh a bhfuair mé ticéid don chluiche in aghaidh West Brom.

Tá rudaí athraithe go mór ó bhí mise óg. Ag an am sin, shiúlainn féin agus mo dheartháir suas go hAnfield leathuair roimh an chluiche agus d’fhaighimis ticéid gan stró ar bith de ghnáth.

Is faoiseamh é, tar éis an bhua sin in aghaidh Manchester United, nach mbeidh orainn bheith ag éisteacht le tagairtí don bhliain 1921 níos mó ar “Match of the Day”. Ní síniú an Chonartha Angla-Éireannaigh ar an 6 Nollaig atá i gceist agam, ach an t-am deireanach a bhí an bua ag Liverpool in aghaidh United i gCorn an FA. Agus tá súil agam go mbeidh an phraiseach a d’eascair as an chonradh sin réitithe roimh i bhfad fosta.

Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Tá sé ag obair sa chathair sin mar mhúinteoir agus mar shaoririseoir.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.