AR NA SAOLTA SEO
Spiorad John Peel beo beathach i Learpholl
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Tá an craoltóir agus dioscmharcach cáiliúil John Peel ar shlí na fírinne anois le breis is dhá bhliain ach tá a thionchar le brath go fóill ina chathair dhúchais Learpholl, mar a léiríonn Tony Birtill.

Íomhá
An grúpa Coldplay: rinne siad a gcuid albam a thaifeadadh i Parr Street Studios
Íomhá
The Picket, ionad nua Phil Heyes
Íomhá
An dioscmharcach cáiliúil John Peel
Íomhá

Tá saol an-rac-cheoil beo bríomhar i Learpholl, mar a bheifeá ag súil agus an traidisiún láidir atá sa chathair ó am The Beatles ar aghaidh. Ach ná déan dearmad gur leagadh an sean-Cavern Club sna 1970í, agus in ainneoin go mbeidh Learpholl mar phríomhchathair chultúrtha an hEorpa in 2008, bíonn deacrachtaí go fóill ag láithreacha ceoil san áit – Parr Street Studios, mar shampla.

D’fhreastail mé ar gig sa 3345 bar ansin le gairid, nuair a bhí nia de mo chuid, Sean Taylor, ag seinm ann. Is as Kilburn i Londain é Sean, ach bhí sé ar camchuairt lena albam nua, Corrugations (www.seantaylorsongs.com), a phoibliú.

Is é Parr Street Studios (www.parrstreet.co.uk) an stiúideo taifeadta is mó taobh amuigh de Londain agus rinne bannaí ceoil mar New Order, Pulp, The Charlatans agus The Beautiful South amhráin a thaifeadadh ansin. Léirigh Ken Nelson trí albam de chuid Coldplay sa stiúideo, albaim a bhain trí Ghradam Grammy dó.

Ba leis an chomhlacht Hit and Run Ltd an stiúideo, agus bhí Phil Collins agus beirt eile ón ghrúpa Genesis mar úinéirí an chomhlachta sin. In ainneoin gur ceoltóirí iad féin, d’fhógair siad i mí na Samhna 2005 go mbeadh deireadh le Parr Street mar láthair cheoil agus go mbeadh siad ag forbairt 41 árasán ansin mar fhoinse pinsin dóibh féin!

Ar ndóigh, bhí rírá faoi seo i Learpholl agus labhair Ken Nelson amach go láidir i gcoinne an phlean.

Tar éis feachtais in aghaidh an tionscadail seo, díoladh an stiúideo i mí Iúil 2006 le triúr fear gnó áitiúil – Steve Macfarlane, Gary Millar agus Tom Lang – a raibh baint acu leis an áit agus, buíochas le Dia, tá sé fós ag feidhmiú mar láthair cheoil. Tugann siad spás agus deiseanna do cheoltóirí a bheith ag seinm os comhair an phobail mar chuid de “Acoustic Slice” (www.acousticslice.co.uk), oíche cheoil a eagraíonn ceoltóir áitiúil, Alun Parry. Bhí ceol den chéad scoth le cloisteáil ansin nuair a bhí mé féin ann roimh an Nollaig.

Ar an 8 Nollaig, cohrom an lae a maraíodh John Lennon, thug mé cuairt ar ionad ceoil eile sa chathair, The Picket, le labhairt le seanchara de mo chuid, Phil Heyes. Sna 1970í agus 1980í, bhí Phil ina bhall den High Five, banna ceoil a raibh baint aige leis an chlub punc cáiliúil, Erics.

Thosaigh sé ionad ceoil, The Flying Picket, san ionad do lucht dífhostaithe i lár na cathrach sna 1980í, áit a ndearna sé sárobair ag cothú tallann cheoil áitiúil. Ach nuair a chaill Páirtí an Lucht Oibre smacht ar Chomhairle na Cathrach sna 1990í, ghearr na Lib Dems, an páirtí a tháinig ina n-áit, deontas an ionaid agus bhí an Flying Picket i bponc faoin bhliain 2004.

Arís, bhí feachtas láidir ann chun an t-ionad a choinneáil oscailte, feachtas a fuair tacaíocht ó leithéidí Noel Gallagher agus John Peel (nach maireann).

Eagraíodh roinnt ceolchoirmeacha sa Picket mar chuid den fheachtas agus chonaic mé nia eile de mo chuid, Ollie Birtill, agus a bhanna Ormondroyd (http://members.lycos.co.uk/ormondroydhq) ag seinm ansin i mí an Mhárta 2004. Bhain siad comórtas Channel 4, CD of the Year, in 2004 agus bhí John Peel féin an-tógtha leo - is minic a bhíodh a gcuid ceoil le cloisteáil ar an seó a bhí aige ar an BBC sula bhfuair sé bás go tobann i mí Dheireadh Fómhair 2004. Cé go bhfuil siad lonnaithe i Sheffield anois, tuigeann siad chomh tábhachtach is atá áiteanna mar an Picket do cheoltóirí óga.

D’eagraigh nianna eile de mo chuid, Jules agus Patrick Reid, an cheolchoirm sin, ach ainneoin an fheachtais ar son The Flying Picket, dúnadh é in 2005, díoladh an foirgneamh agus b’éigean do Phil Heyes ionad eile a aimsiú.

John Peel mar DJ

Nuair a bhí an cheolchoirm sin i mí an Mhárta 2004 thart, chuaigh cuid mhaith den teaghlach síos an bóthar go dtí an Chibuku Club, áit a raibh John Peel féin mar DJ don oíche. Sheinn sé meascán mór ceoiltechno, ceol damhsa agus, ar ndóigh, “Teenage Kicks” leis na Undertones – agus bhí an scaifte mór a bhí i láthair an-sásta leis sin. John Peel a chuir na Undertones os comhair an tsaoil an chéad lá riamh, agus d’fhág sé bearna mhór i saol an rac-cheoil nuair a fuair sé bás seacht mí tar éis na hoíche iontaí sin.

Ba chairde móra iad Phil Heyes agus John Peel agus eagraíonn Phil The John Peel Memorial Gig and Trophy gach Deireadh Fómhair in ómós dó. Comórtas sacair atá i gceist – bhí Peel an-tógtha le Liverpool FC – agus tarlaíonn sé in Acadamh Traenála LFC. Glacann foirne ó Cream, The Picket, The Farm (banna ceoil) agus a leithéid páirt ann. Bhí beirt mhac de chuid Peel, William agus Thomas, ar fhoireann amháin agus bhronn a bhaintreach Sheila an trófaí ar na buaiteoirí, Cream, i The Picket, roimh cheolchoirm le Pete Wylie agus The Mighty Wah!

“Ceann de na spriocanna atá againn ná daoine a thabhairt le chéile tríd an cheol,” a dúirt Phil liom agus ba é Billy Bragg an chéad cheoltóir a sheinn sa Picket nua i mí Feabhra 2006 mar chuid de Hope not Hate, camchuairt in aghaidh an chiníochais. Tháinig an banna ceoil Deaf School le chéile arís go speisialta don oscailt oifigiúil ar 25 Bealtaine 2006 agus bhí 2,000 duine i láthair.

"Tá neart tallainne ceoil áitiúil ann faoi láthair agus cuireann muid chun cinn é ar shuímh ghréasáin mar www.picketliverpool.com, myspace.com/picketliverpool agus www.loveliverpool.com,” a dúirt Phil liom.

Tá sé an-dóchasach faoi thodhchaí an cheoil sa chathair. “It’s a buzzing atmosphere, especially for guitar bands. There’s loads of new acoustic stuff out there,” arsa seisean.

Agus tá myspace an-tábhachtach sa saol ceoil anois; tá deis ag ceoltóirí a rogha rud a dhéanamh agus dul i dteagmháil le daoine eile, saor in aisce.

“It’s not mass produced, middle of the road, sanitised music. The future’s bright," arsa Phil.Is as Béal Átha Chonaill, Contae an Chabháin, bean chéile Phil, Lorna Ní Raghallaigh, agus tá an-suim acu i saol ceoil na hÉireann. “Ba mhaith linn Damien Dempsey as Baile Átha Cliath a fháil do Lá Fhéile Pádraig 2007,” a dúirt Phil liom.

Cuid eile den chultúr áitiúil, atá ar díol faoi láthair, ná Liverpool FC féin. De réir cosúlachta, beidh Dubai International Capital ina n-úinéirí ar an chlub ó 2007. Caithfidh mé a rá go bhfuil mé féin agus go leor den lucht tacaíochta ar nós cuma liom faoi seo. Tá a fhios againn le fada go bhfuil an-suim ag na hArabaigh in LFC; bíonn gach cluiche beo ar stáisiúin teilifíse Arabacha agus sin an t-aon dóigh amháin a mbíonn roinnt mhaith de chosmhuintir na háite ábalta na Reds a fheiceáil gach seachtain – éiríonn le go leor tithe tábhairne sa chathair an comhartha a ghlacadh, ag úsáid cártaí satailíte “neamhoifigiúla”.

Beidh tuilleadh agam faoin scéal sin an mhí seo chugainn. Idir an dá linn, Bliain Úr faoi mhaise daoibh!

Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Bíonn sé ag obair le hOideas Gael i nGleann Cholm Cille gach samhradh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.