AR NA SAOLTA SEO
Fabhar fola agus fabhraíocht sna coláistí
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

an-dochar déanta ag príomhoidí áirithe i gcoláistí tríú leibhéal i Sasana do na hinstitiúidí a bhfuil siad i gceannas orthu agus tá eagla ar Tony Birtill go dtarlóidh an rud céanna sna scoileanna má chuirtear moltaí an Pháipéir Bháin ar Oideachas agus Scileanna i bhfeidhm.

Íomhá
Aire Oideachais na Breataine, Ruth Kelly: is as Contae Dhoire ó dhúchas í
Íomhá
Neil Kinnock: ag labhairt amach i gcoinne Blair den chéad uair
Íomhá
Príomh-Aire na Breataine, Tony Blair
Íomhá
Íomhá

Tiocfaidh ceardchumainn na múinteoirí, eagraíochtaí tuismitheoirí agus údaráis áitiúla le chéile i mí an Mhárta i Sasana le haghaidh comhdhála speisialta le cur in aghaidh an Pháipéir Bháin ar Oideachas agus Scileanna (tuilleadh eolais ag www.teachers.org.uk).

Molann an Páipéar Bán go gcuirfí scoileanna neamhspleácha, nó “Trust Schools”, in áit scoileanna atá curtha ar fáil ag údaráis áitiúla agus atá freagrach, mar sin, do pholaiteoirí áitiúla. Gnólachtaí, grúpaí creidimh, carthanachtaí, ollscoileanna, grúpaí tuismitheoirí agus grúpaí pobail a dhéanfaidh na scoileanna neamspleácha seo a reáchtáil.

Ní bheidh na húdaráis áitiúla ag soláthar scoileanna níos mó, ach beidh “ról straitéiseach” acu, mar dhea! Beidh cead isteach sna scoileanna nua faoi smacht na scoileanna féin.

Smaoineamh mór de chuid Tony Blair atá anseo, agus tá a Aire Oideachais dílis, Ruth Kelly MP, ag brú an pholasaí nua ar aghaidh, in ainneoin na ceardchumainn a bheith ag cur ina aghaidh, mar aon le cuid mhaith de Pháirtí an Lucht Oibre féin, daoine mar Neil Kinnock, mar shampla, a bhí dílis i gcónaí do Tony Blair go dtí seo.

Rugadh Ruth Kelly i Léim an Mhadaidh, Contae Dhoire agus tá ceathrar páistí aici: Éamonn, Sinéad, Róisín agus Niamh. Ó, agus tá sí ina ball d’Opus Dei. (De réir taighde an rinne The Sunday World le gairid, bhí a seanathair ina bhall sinsearach den IRA i 1921, ach sin scéal eile.)

Measann Neil Kinnock agus a leithéid go scoiltfidh an polasaí nua an córas oideachais, agus go mbeidh deighilt, éagóir agus leatrom mar thoradh air. “The almost absurd notion of a Big Mac Academy or a fundamentalist Christian group running a set of urban secondary schools, funded by taxpayers money, outside any local democratic framework, now seems eerily possible,” a deirtear i bpaimfléad amháin, a d’fhoilsigh an brúghrúpa Compass.

Tuigeann muidne, múinteoirí sna coláistí tríú leibhéal, an imní seo, mar tá muid neamhspleách ó na húdaráis áitiúla ó bhí 1993 ann agus tá rudaí imithe in olcas ó shin. An rialtas Coimeádach a d’eagraigh an scéim amaideach seo agus Roger Ward, ceannaire an Association of Colleges (AOC), a chuir i bhfeidhm dóibh í. Dúirt sé leis na príomhoidí go raibh siadsan go hiomlán i gceannas, go raibh smacht iomlán acu ar a mbuiséad féin agus ar a bhfoireann féin. Mar sin, bhí siad ábalta tuarastal ollmhór a bhronnadh orthu féin ach bhí orainne, na múinteoirí, conradh nua a shíníú agus glacadh le laghdú inár bpá agus inár laethanta saoire agus méadú ar ár gcuid uaireanta teagaisc. Spreag Roger Ward na príomhoidí lenár gceardchumann, an NATFHE, a mhaslú chomh minic is a thiocfadh leo (cf. Beo!, Eanáir 2003).

Caimiléir ab ea Roger Ward, agus b’éigean dó a phost a fhágáil i 1998 nuair a tháinig a chaimiléireacht agus a bhréaga chun solais (Guardian Education, 20 Eanáir 1998, leathanach 15). Ach lean cuid mhaith de na príomhoidí drochshampla Roger Ward agus bhí scéalta faoina mí-ionracas sna meáin go minic. Martin Jenkins, príomhoide Halton College i Cheshire, cuir i gcás. Bhí an tuarastal ab airde do phríomhoide i Sasana aige i 1998 (£118,000 sa bhliain) agus ba ghnách leis féin agus “a chara”, an leas-phríomhoide Jenny Dolphin, dul thar lear go minic “leis an choláiste a chur chun cinn”, in áiteanna mar an tSín, Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Nua-Shéalainn, an Astráil agus Ceanada. Uair amháin, chuaigh an bheirt acu go Páras don deireadh seachtaine le pictiúr costasach a cheannach ó dhánlann dá oifig féin. An coláiste a bhí ag íoc as gach rud, ar ndóigh, agus nuair nach raibh airgead ar bith fágtha do phá na foirne, tugadh an bóthar do níos mó ná céad acu (cf. Guardian Education, 5 Bealtaine 1998, leathanach 13). Chuir Jenkins ceamara spiaireachta os comhair chlár fógraí an NATFHE le súil a choinneáil ar ghníomhaithe an cheardchumainn (Guardian Eduaction, 17 Feabhra 1998).

Gach cineál caimiléireachta

Bhí gach cinéal caimiléireachta ag tarlú sna coláistí ar fud na tíre - fabhar fola agus fabhraíocht, mar shampla. Ós rud é nach mbíodh ionadaí ar bith ón údarás áitiúil ag agallaimh do phostanna, thug a lán príomhoidí postanna móra do chairde agus gaolta. Thug Terry Ashurst, príomhoide Doncaster College, ardú céime dá bhean, Nina Regan; nuair a chuaigh sí go dtí an coláiste ar dtús, bhí sí ag obair mar rúnaí ag Ashurst ach ceapadh mar cheannasaí na rannóige pearsanrsa í sa deireadh agus tugadh bóthar do John Giddens, rúnaí NATFHE , fear a raibh naoi mbliana déag caite aige ag obair sa choláiste (Guardian, 17 Feabhra 1998).

Bhí Skelmersdale and Ormskirk College, mo choláiste féin, mar an gcéanna. Nuair a ceapadh Philip Lewis mar phríomhoide i 1993, bhí ag éirí go maith leis an choláiste agus bhí £1 milliun i dtaisce sa bhanc. Tar éis seacht mbliana bhí an t-airgead sin uilig caite agus bhí an coláiste i bhfiacha. Agus cuireadh brú millteanach orainne sa NATFHE agus in UNISON i gcónaí – tugadh gach sórt masla dúinn, maslaí ciníocha agus gnéaschlaonta san áireamh (cf. Beo!, Eanáir 2003).

Ba léir dúinn gur chaimiléir é an Stiúrthóir Airgeadais, Richard Griffiths, agus nuair a tháinig Vantagepoint Consultancy isteach sa choláiste in 2003 leis na fiacha a fhiosrú, thug muid comhad fianaise dóibh. Fuair an coláiste £0.5 milliún ón rialtas leis na fiacha a ghlanadh ach in ionad tuarascáil Vantagepoint a thabhairt do na Gobharnóirí, mar a bhí socraithe, chuir an príomhoide an tuarascáil i bhfolach orthu.

Bíonn ionadaí ón fhoireann ar dhuine de na Gobharnóirí, ach leis an fhírinne a choinneáil uaidh, rinne na bainisteoirí caimiléireacht ar an toghchán do na Gobharnóirí i mí na Bealtaine 2005, sa dóigh is gur chaill Paul Hogan, ionadaí ón NATFHE, é.

Chuir muid achainí isteach, ach thóg sin míonna, agus cé go bhfuil Paul ina Ghobharnóir anois, tá an coláiste tite i bhféimheacht agus tá an dífhostaíocht i ndán dúinn uilig.

In ainneoin na caimiléireachta agus na drochphoiblíochta, bhí an rialtas Coimeádach agus rialtas Pháirtí an Lucht Oibre ó 1997 sásta de bhrí go raibh na múinteoirí sna coláistí ag múineadh ranganna breise, lán le mic léinn, ar phá níos ísle ná pá na múinteoirí scoile. “Méadú táirgiúlachta” atá ann agus sin an fáth go bhfuil rialtas Blair ag leanúint pholasaithe na gCoimeádach agus go bhfuil sé ag brú an pholasaí chéanna sna meánscoileanna.

Chuir mé féin comhad fianaise chuig an fheisire áitiúil agus chuig an National Audit Office i Londain agus tá siad ag fiosrú an scéil anois, ach tá sé rómhall – tá an damáiste déanta.

Tá an-imní orainn, mar sin, go dtarlóidh an rud céanna sna meánscoileanna is atá i ndiaidh tarlú sna coláistí.

Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Tá sé ag obair sa chathair sin mar mhúinteoir agus mar shaoririseoir.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.