AR NA SAOLTA SEO
Dingle eile atá go mór sa nuacht
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Tá sé beartaithe ag na húdaráis 20,000 teach a leagan go talamh ar Merseyside, an ceann inar tógadh Ringo Starr ina measc, agus cinn nua a thógáil ina n-áit. Tá go leor daoine ag cur i gcoinne an phlean seo, áfach, mar a mhíníonn Tony Birtill.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
9 Sráid Madryn, an teach inar rugadh Ringo Starr
Íomhá
Ringo Starr sna seascaidí
Íomhá
Ringo agus a mhac ag tabhairt cuairte ar Learpholl sna 1990í
Íomhá
Más mian le Séamus Cosaí Mac Gearailt bheith in "Dingle" as seo amach, beidh air cuairt a thabhairt ar Learpholl

conspóid ar siúl in Dingle i Learpholl faoi láthair atá ag díriú aird an phobail sa tír seo ar pholasaí tithíochta an rialtais.

Is ceantar lucht oibre é Dingle, atá suite i ndeisceart na cathrach in aice le habhainn an Mersey. Gleanntán glas álainn a bhí ann san 18ú haois, sular fhás Learpholl go mór, agus scríobh an file cáiliúil ón chathair, William Roscoe (1753-1831), an dán “The Nymph of Dingle” faoin áit. “Dingyll” an litriú a bhí ar an logainm sa bhliain 1246 - sin Meán-Bhéarla ar “gleanntán domhain” – agus rith sruthán deas tríd an aill de ghaineamhchloch ansin síos go dtí an Mersey.

13,246 duine daonra Dingle anois, agus baineann 7% acu le mionlaigh chine. Ach tá fíormheascán i gceist sa cheantar, idir Éireannaigh, Shasanaigh, Bhreatnaigh, agus daoine ón Afraic agus ón Áise. Tá paróistí Caitliceacha mar Naomh Pádraig agus Naomh Maoileachlainn ar thaobh amháin agus halla Oráisteach ar an taobh eile. Rugadh Jim Larkin, an ceannaire sa Fhrithdhúnadh i mBaile Átha Cliath i 1913, ar Shráid Combermere i bparóiste Naomh Pádraig in 1878; bíonn paráid i gcuimhne air ar siúl gach Meán Fómhair ó Dingle go dtí lár na cathrach agus an Jim Larkin Flute band chun tosaigh.

Ach is dócha go bhfuil níos mó clú ar Dingle ar fud an domhain de thairbhe gur ansin a rugadh Richard Starkey, in uimhir 9 Madryn Street, ar an 7 Iúil, 1940. Ringo Starr a thug sé air féin agus é mar dhrumadóir leis na Beatles ó 1962 ar aghaidh. Ba é an t-aon Beatle nár de bhunadh Éireannach é, agus bhí saol fíorbhocht aige nuair a bhí sé óg agus bhí sé i ndrochshláinte i gcónaí.

Tá Madryn Street ar “Thuras na mBeatles”, busanna lán de thurasoirí a théann go dtí na háiteanna ar Merseyside a raibh baint ag an Fab Four *leo. Ach, murab ionann agus tithe Paul McCartney agus John Lennon atá i seilbh an National Trust (Beo!*, eagrán 34, Feabhra 2004), tá teach Ringo i mbaol léirscriosta agus is é polasaí an rialtais is cúis leis seo.

Newheartlands an t-ainm atá ar an scéim úr atáthar ag brath a thógáil agus leagfar 20,000 seanteach ar Merseyside mar chuid den fhorbairt, trí oiread an méid a scrios an Luftwaffe sa cheantar sa Blitz. Tá 450 teach in Dingle ar an liosta, ina measc an tsraith ón 19ú haois inar rugadh Ringo.

Tógfar tithe nua in áit na seanfhoirgneamh agus beidh na ceantair níos tarraingtí mar gheall air seo, de réir an Leas-Phríomhaire, John Prescott.

Seafóid,” a deir siad sin atá i gcoinne an phlean agus, leis sin a chruthú, d’athchóirigh lucht déanta an chláir faisnéise “Tonight” seanteach in Dingle taobh istigh de cheithre seachtainí ar chostas £18,000 (www.itv.com/news/tonight_181088.html). £20,000 a chosnódh sé an teach a leagan, agus £80,000 sa bhreis le teach nua a thógáil ar an láthair.

“Is fiú £65,000 an teach anois,” a deir James Kersh ón ghníomhaire eastáit Sutton Kersh. “Ach da mbeadh na tithe uilig ar an tsráid déanta suas mar an gcéanna, b’fhiú £85,000 é.”

An-díomá ar Ringo

Agus ar ndóigh, tá lucht Thuras na mBeatles ag cáineadh polasaí seo na Newheartlands fosta. Is mór an náire, dar leo, gur leagadh an Cavern Club i 1972, áit ar cheol na Beatles ó mhí Feabhra 1961 ar aghaidh, agus níl siad sásta ar chor ar bith go scriosfar cuid thábhachtach eile d’oidhreacht an Fab Four.

Agus cad é faoi Ringo é féin? Bhí an-díomá air nuair a chuala sé an scéal i Londain. “Why are they knocking them down? If it’s economically viable they should do them up,” a dúirt sé.

Cé nach raibh sé ina chónaí in Dingle le fada, is cuimhin leis comhphobal a bheith ann, rud a scriosadh i go leor áiteanna eile i Learpholl nuair a leagadh a lán ceantar go talamh sna 1960í.

Cé gur dhiúltaigh John Prescott do thuairim Ringo – “Níl sé ina chónaí i Learpholl,” ar seisean - tá a lán suime sa scéal i measc lucht leanúna na mBeatles ar fud an domhain, agus tá litreacha seolta ó na Stát Aontaithe, agus ó thíortha eile, chuig na meáin chumarsáide anseo, ag gearán faoin phlean atá ann Dingle a scrios.

Dála an scéil, chuala mé Séamus Cosaí Mac Gearailt, an polaiteoir de chuid Fhine Gael ó Ghaeltacht Chiarraí atá ina bhall d’Údaras na Gaeltachta, ag labhairt ar RTÉ le gairid faoin chlú agus cáil atá ar “Dingle” mar áit ar fud an domhain. Agus, ar ndóigh, mar a léiríonn an méid atá scríofa agam thuas, tá an ceart aige. Is é an fhadhb atá ann ná nach bhfuil seisean ina chónaí in “Dingle” níos mó – tá sé ina chónaí sa “Daingean” anois, áit a bhfuil clú agus cáil air i stair agus i gcultúr na hÉireann. Nach leor é sin dó?

Bhí níos mó clú orainn anseo tar éis an chluiche sacair iontach sin in Iostanbúl ar an 25 Bealtaine agus rinne mé féin oilithreacht go hAnfield le gairid chun bheith i mo sheasamh in aice le Corn na hEorpa.

Tá drochchlú fosta ar Merseyside faoi láthair, áfach, mar gheall ar thriail atá ag dul ar aghaidh sa Chúirt Chorónach in Preston. Tá Stanley Curry, 47 mbliana, as Moreton, Wirral, Merseyside ó dhúchas cúisithe as buama a chur faoi charr John “Big Jack” Thompson, cara mór le Johnny Adair, in Bolton i mí na Nollag 2003. Scaoileadh roinnt piléar le teach theaghlach Adair in Bolton fosta i mí Aibreáin 2003 agus scríobh mé faoin scéal sin in *Beo! *cheana féin (eagrán 26, Meitheamh 2003). Bhí dhá cheist ag muintir na háite ag an am: “Arbh as Béal Feirste nó Bolton na dílseoirí a rinne an t-ionsaí? Más rud é gurbh as Béal Feirste iad, an bhfuair siad faisnéis faoi theaghlach Adair ó dhílseoirí in Bolton?”

Beidh breithiúnas na cúirte ar fáil go luath.

](..\2005-08\tonybirtill.asp)

*Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Tá sé ag obair sa chathair sin mar mhúinteoir agus mar shaoririseoir. *

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.