AR NA SAOLTA SEO
Deiseanna atá á gcailleadh sa turasóireacht in Éirinn
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Chuir an tréimhse a chaith sé sna hAlpa le gairid Tony Birtill ag smaoineamh ar na féidearthachtaí atá ann ó thaobh na turasóireachta de in Éirinn agus ar na deiseanna nach bhfuil á dtapú.

Íomhá
Aerfort Learphoill
Íomhá
Sliabh Marmolada
Íomhá
An Sella Massif
Íomhá
Páirc Náisiúnta Chill Áirne

Chaith mé seal sna hAlpa san Iodáil i mí Mheán Fómhair, áit nach raibh mé le fada, agus bhí sé suimiúil an borradh mór atá faoin turasóireacht siúlóide ansin a fheiceáil agus comparáid a dhéanamh le cúrsaí in Éirinn.

Cé go bhfuil líne dhíreach traenach ó Learpholl go Torino, trí thollán Mhuir nIocht, is le haghaidh lasta ó na dugaí amháin é, seachas paisinéirí, agus mar sin b’éigean dom féin, mo dheartháir is sine John agus a mhac Ciaran eitleán de chuid Ryanair a fháil go Treviso, atá ó thuaidh ón Veinéis.

B’fhadhb é seo dúinn, gan trácht ar an damáiste don chrios ózóin, mar gheall ar an trealamh trom ar fad a bhí de dhíth orainn le haghaidh dreapadóireachta sna hAlpa. Idir rópaí, chrampáin, phiocóidí oighir, agus bhuataisí móra, bhí sé deacair coinneáil faoin teorainn íseal bagáiste atá ag Ryanair.

Le dul i ngleic leis an fhadhb, chaith muid ár mbuataisí agus, mar sin de, bhí cuma ait orainn sa scuaine in Aerfort Learphoill i measc na ndaoine eile agus iad gléasta le haghaidh laethanta saoire sa “chathair rómánsach”.

Ach aithníonn ciaróg ciaróg eile agus ní raibh sé i bhfad go raibh siúlóirí eile ag caint linn faoi na heachtraí a bhí romhainn.

Níl na Dolaimítí sna hAlpa theas ach trí huaire tiomána ó Treviso agus bhí muid in am don piatto dello scolatore / bergsteigerplatte (bia do na siúlóirí) sa Rifugio Castiglioni ag Lago Di Fedaia, faoi Shliabh Marmolada (3,343 méadar), an sliabh is airde sna Dolaimítí.

Is rifugio (sórt brú) neamhspleách é seo, ach is leis an Club Alpino Italiano an chuid is mó acu. Soláthraíonn siad lóistín agus bia do shléibhteoirí in áiteanna arda, iargúlta. Tá córas den chineál céanna san Eilvéis, sa Fhrainc, sa Ghearmáin, san Ostair agus sa tSlóivéin. Bunaíodh na clubanna seo idir 1857 agus 1893, ré órga na sléibhteoireachta. Tar éis an Dara Cogadh Domhanda, nuair a fuair gnáthdhaoine laethanta saoire le pá agus thosaigh siad ag dul go dtí na hAlpa, thosaigh na Francaigh an córas Grande Radonnée nó GR, is é sin, cosán fada agus fógraí slí air. Cé go bhfuil a leithéid in Éirinn anois – Slí Chill Mhantáin, mar shampla – tá sléibhte na tíre fós fiáin; níl siad chomh heagraithe is atá siad sa chuid eile den Eoraip agus sin cuid den tarraingt, mar a mhínigh grúpa ban Iodálach dom nuair a rinne siad an cúrsa siúl sléibhe i nGleann Cholm Cille (cf. Beo!, Meán Fómhair 2003).

Gach bliain, tugaim faoi deara marcanna péinte ar an tslí suas Sliabh Liag (595 méadar) i nDún na nGall, marcanna a chuireann treoraithe ón mhór-roinn ansin sula dtéann siad suas le grúpaí, mar sin an córas atá acu ansin. Is é an bharúil atá ag sléibhteoirí in Éirinn agus sa Bhreatain ná gur chóir duit a bheith ábalta do shlí féin a aimsiú le léarscáil agus compás, gan a bheith ag brath ar mharcanna agus fógraí. Aontaím féin leis an tuairim sin.

Ach, nuair a bhíonn tú sa Róimh ...

Ar ár gcéad lá, chuaigh muid suas Sas de Mezdi (2,727 méadar) ar an Via Ferrata delle Trincee (bealach iarainn na ndíog). Tá rópaí cruacha ar an bhealach, a cuireadh ansin i dtús báire le linn an Chéad Chogadh Domhanda nuair a bhí an líne tosaigh idir an Ostair agus an Iodáil tríd an cheantar seo. Anois, tá córas mór via ferrataklettersteig ar fud na nAlp, a tógadh le turasóireacht na sléibhteoireachta a spreagadh.

Tógadh na hiarnróid chábla, atá in úsáid le haghaidh sciála anois, i rith an chogaidh fosta agus is fiú dul isteach sa Museo Della Grande Guerra 1914-18 ag Passo Fedaia (www.cimeetrincee.it) le léamh faoin tréimhse seo.

Chríochnaigh an Via Ferrata delle Trincee i dtollán dorcha, rud a bhí ait ar lá deas geal.

Oighearshruth

Ar an dara lá chuaigh muid suas Marmolada é féin. B’éigean dúinn dul trasna oighearshrutha. Bhí crampáin orainn, piocóidí oighir inár lámha agus muid ceangailte le chéile le rópa ar eagla go dtitfeadh duine againn isteach san oighearscoilt, mar go bhfuil neart acu ann. Ar an droim thiar a bhí muid ag triall tar éis an oighearshrutha, ach ar an drochuair tháinig an ceo anuas nuair a bhain muid an via ferrata amach. Droim rite atá ann go Punta Penia, ag 3,343 méadar an pointe is airde ar Marmolada, ach ní raibh muid ábalta na radharcanna a fheiceáil tríd an cheo.

Bhí lón gasta againn sa sneachta ar an bharr agus síos linn an t-oighearshruth arís. Leis an fhána anuas, ba é seo an chuid ba dheacra den lá, fiú agus crampáin ar ár mbuataisí. Chuaigh an tslí idir dhá oighearscoilt ag pointe amháin agus ansin trasna ceann acu, ach bhain muid an bun amach sa deireadh.

Aistear shléibhe ceithre lá ó thuaidh a bhí againn ansin ar GR 601, go dtí an Sella Massif, agus bhí báisteach throm ag titim an chéad lá uilig. Is ceantar dátheangach é seo, ina labhraítear Iodáilis agus Gearmáinis, agus aistríonn daoine ó theanga go teanga an t-am uilig. Tá na logainmneacha dátheangach fosta, agus níor chuala mé go mbíonn aon easaontas faoi seo.

Ar ndóigh, ní raibh aon imní orainn faoi fhadhbanna rochtana nuair a thosaigh muid ár dturas – tá léarscáil le fáil saor in aisce ón oifig turasóireachta a bhfuil na bealaí eagraithe siúlóide air agus tá cead fánaíochta sna sléibhte. Ní fheiceann tú na fógraí bagartha atá coitianta in Éirinn, a bhfuil cuid acu déanta ag eagraíochtaí feirmeoireachta mar an ICMSA.

Cé go bhfuil roinnt caorach i measc na nAlp, tá an chuid is mó de na háitritheoirí ag obair sa tionscal turasóireachta, sna rifugi, óstáin, bialanna agus siopaí. Tuigeann an rialtas agus na daoine chomh tábhachtach is atá an earnáil siúl sléibhe do gheilleagar na tuaithe agus déanann siad gach iarracht í a chur chun cinn.

Is í an turasóireacht an tionscal is mó i nDún na nGall fosta. “An contae is fearr don siúl”, dar le Liam Ó Cuinneagáin sa Donegal Post (3 Lúnasa 2006) agus roghnaigh Fáilte Éireann Gleann Cholm Cille le haghaidh ceann de na siúlóidí ciorclacha atá siad ag cur chun cinn ar fud na tíre. Ach go dtí go mbeidh córas iomlán cosán ar fud na tíre, agus cead fánaíochta ann, beidh Éirinn in áit na leathphingine i gcomparáid lenár gcomharsana ar mhór-roinn na hEorpa.

Sneachta

buntáiste eile ag baint leis na hAlpa nach bhfuil againne in Éirinn: sneachta sa gheimhreadh. Le siúl sléibhe sa samhradh agus sciáil sa gheimhreadh, leanann an séasúr turasóireachta an chuid is mó den bhliain ansin.

Ach tá rudaí ar leith le tairiscint againne in Éirinn, fiú sa gheimhreadh. Is eiseamláir mhaith í Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy, an fhéile a bhíonn ar siúl i ndiaidh na Nollag i nGaoth Dobhair.

Cad é faoin tseandálaíocht? I gcomparáid le hÉirinn, ní raibh mórán láithreán le feiceáil sna hAlpa. Ach dála na sléibhte in Éirinn, is deis amú é an chuid is mó den am. Tá mé tar éis McCarthy’s Bar, an leabhar móréilimh le Pete McCarthy, nach maireann, a léamh agus tá píosa mór ann faoi na deacrachtaí a bhí aige ciorcail chloiche a aimsiú i gCorcaigh. Agus tá sé mar seo ar fud na tíre – léann turasóirí faoi na tuamaí meigiliteacha agus mar sin de ach de ghnáth ní bhíonn fógra ar bith ann le cuidiú leo iad a aimsiú. Gach seachtain i rith an tsamhraidh agus mé i nGleann Cholm Cille, bím ag tabhairt treoracha chuig tuamaí ursanacha agus ar uile do chuairteoirí.

Ní bheadh sé costasach an fhadhb seo a réiteach in Éirinn agus bheadh turasóireacht gheimhridh agus samhraidh againn.

Bhí sé go hiontach an fásra agus ainmhithe na nAlp a fheiceáil, an marmat mar shampla, agus bhí áthas orm a chloisteáil le gairid go mbeadh Páirc Náisiúnta Chill Airne ag cur an iolair mhara ar ais sa cheantar sin roimh i bhfad.

neart féidearthachtaí turasóireachta amuigh faoin spéir in Éirinn, ach caithfidh an straitéis cheart a bheith i bhfeidhm. Caithfear gan an comhshaol a scrios agus tionscadail mar thabhairt ar ais an iolair a spreagadh. Ach is é an príomhrud, má tá an rialtas dáiríre faoi thurasóireacht siúlóide, ná cead fánaíochta a achtú chomh luath agus is féidir. Ansin, bheadh seans go mbeadh an sórt rathúnais a chonaic mé sna Dolaimítí i measc na gcnoc in Éirinn fosta.

Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Bíonn sé ag obair le hOideas Gael i nGleann Cholm Cille gach samhradh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.