AR NA SAOLTA SEO
Cruachás na bpríosúnach poblachtánach le linn na dTrioblóidí
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Déanann Tony Birtill cur síos ar an tslí ar diúltaíodh cead dó cuairt a thabhairt ar phríosúnach poblachtánach i bPríosún Gartree sna hochtóidí.

Íomhá
Láithreoir an chláir "Facing the Truth", Fergal Keane, leis an Ardeaspag Desmond Tutu
Íomhá
Íomhá
Íomhá

Bhí sé suimiúil domsa Ronnie McCartney a fheiceáil ar an chlár faisnéise “Facing the Truth” ar BBC 2 i mí an Mhárta (tuilleadh eolais ar www.bbc.co.uk/bbctwo). Agus an tArdeaspag Desmond Tutu ina chathaoirleach, tháinig daoine ó thaobhanna difriúla sa choimhlint in Éirinn aghaidh ar aghaidh le chéile den chéad uair.

Gearradh trí théarma príosúin saoil ar Ronnie McCartney i gCúirt Chorónach Winchester i mí na Bealtaine 1976 as iarracht a dhéanamh triúr póilíní a dhúnmharú i Southampton. Ar “Facing the Truth” bhí sé ina shuí os comhair duine acu, Malcolm Craig, agus a iníon Rachael.

Óglach ab ea Ronnie agus bhí sé féin agus a chomrádaí ina gcónaí in árasán i Southampton, agus gunnaí agus ábhar pléascach ina seilbh acu. D’éalaigh siad nuair a rinne na póilíní ruathar ar an áit, ach chuaigh PC Craig sa tóir orthu. Scaoil Ronnie é ceithre huaire nuair a bhí sé ag druidim leis.

Chas mé féin ar Ronnie i mí an Mhárta 1988 nuair a bhí sé i bPríosún Gartree (nó Gort na Rí, mar a thug na hÉireannaigh air).

Bhí a lán poblachtánach sa phríosún i Sasana ag an am sin, agus bhí Ronnie i ngéibheann níb fhaide ná príosúnach ar bith eile.

B’éigean do theaghlaigh na bpríosúnach cur suas le deacrachtaí ar leith. Ní raibh an chuid is mó acu in acmhainn taisteal ó Éirinn go Sasana ach uair nó dhó sa bhliain, agus bhí sé deacair do theaghlaigh a raibh páistí óg iontu taisteal agus lóistín a eagrú. Nuair a bhaineadh siad Sasana amach, bhíodh brú mothúchánach millteanach orthu dhá mhí dhéag d’easpa teagmhála a leigheas le cuairt amháin. Ach bhí stró eile ann fosta: an seans go mbeadh an príosúnach “ghosted”, is é sin go mbogfaí é/í go phríosún eile gan foláireamh ar bith. I gcás mar sin, ba thuras in aisce é agus go minic b’éigean do theaghlaigh filleadh ar Éirinn gan cuairt ar bith a thabhairt ar phríosúnach.

Ní raibh mórán suime ag na meáin chumarsáide sa scannal seo ach fuair mé féin cead ó Bhreandán Mac Lua, eagarthóir The Irish Post, alt a scríobh faoi.

Thug Máirtín Ó Muilleoir, iriseoir leis an Andersonstown News (agus Comhairleoir de chuid Shinn Féin ag an am) cuidiú dom le mo chuid taighde i mBéal Feirste i samhradh na bliana 1987 agus chuir mé agallamh ar roinnt gaolta de chuid na bpríosúnach ansin, deartháir Ronnie McCartney ina measc. D’inis Máirtín do Ronnie cad é a bhí mé a dhéanamh agus scríobh mé litir chuige.

Iarratas

Chun gur féidir le príosúnach den Chineál A cuairt a fháil ó dhuine éigin, caithfidh sé iarratas a chur faoi bhráid an ghobharnóra ar fhoirm oifigiúil agus ainm agus seoladh an chuairteora air. Faigheann an cuairteoir foirm ansin ó na húdaráis, líonann sé í agus cuireann ar ais í, mar aon le dhá ghrianghraf pas de féin. Mínítear ar an fhoirm go dtabharfaidh na póilíní cuairt ort sa bhaile. Cuireann an brainse speisialta ceisteanna ort le linn na cuairte sin agus scríobhann siad tuarascáil fút. Tar éis cúpla mí faigheann tú amach ón Roinn Gnóthaí Baile an bhfuil cead isteach agat. Muna bhfuil, ní mhínítear cén fáth nach bhfuil.

Ag an am sin i 1987 d’inis mé go hoscailte don oifigeach ón bhrainse speisialta an fáth go raibh mé ag iarraidh cuairt a thabhairt ar Ronnie McCartney, agus cé go raibh an t-oifigeach rud beag ait, shíl mé gur éirigh go maith liom san agallamh leis.

D’imigh na míonna thart agus níor chuala mé faic ón Roinn Gnóthaí Baile, cé go raibh mé féin agus Ronnie ag scríobh chuig a chéile.

I mí na Nollag 1987 fuair mé scairt ghutháin ó Mháirtín Ó Muilleoir. Dúirt sé liom go raibh sé ag teacht go Sasana le cuairt Nollag a thabhairt ar Ronnie agus go dtiocfadh linn dul go Gartree le chéile, mé féin ag tiomáint. Bhí iontas air nuair a d’inis mé dó nach raibh cead isteach agam fós ón Roinn Gnóthaí Baile. Dúirt sé liom go dtiocfadh liom é a fháil díreach ón ghobharnóir (“governor’s discretion” a thugtar air seo) agus d’iarr sé orm scairt a chur air, rud a rinne mé. Ní raibh mé ag súil le “céad míle fáilte isteach” a fháil uaidh ach ní raibh mé ag súil leis an fhreagra borb, naimhdeach, eascairdiúil a fuair mé nuair a labhair mé le hoifigeach éigin sa phríosún ar an ghuthán.

Níor thuig mé an naimhdeas go dtí gur amharc mé ar an nuacht ar an teilifís an tráthnóna sin. Faoi Phríosún Gartree a bhí an príomhscéal; thuirling héileacaptar i gclós an phríosúin agus chuidigh le beirt bhithiúnach ó Londain na cosa a thabhairt leo. Thuig mé ansin an fáth go raibh siad borb liom, agus mé féin ag cur tharam ar an ghuthán nuair a bhí an t-éalú ag dul ar aghaidh. Phléasc Máirtín amach ag gáire nuair a d’inis mé an scéal dó ar an ghuthán. “Shíl siad go raibh tú ag iarraidh a n-aird a tharraingt ón éalú,” a dúirt sé liom ag magadh.

Cé nach raibh cead isteach agam, thug mé síob do Mháirtín síos go Gartree agus chuaigh mé isteach leis chun an córas a fheiceáil. B’éigean dó dul trí bhrathadóir miotail agus d’fhiafraigh bairdéir de an raibh rud ar bith déanta as miotal ina phócaí aige. “Mar shampla?” arsa Máirtín.

“Well, helicopter rotar blades, anything like that,” arsa an bairdéir.

Phléasc mé féin amach ag gáire an iarraidh seo.

Cruinniú leis an ghobharnóir

Tar éis na cuairte, lean mé leis an chomhfhreagras le Ronnie ach níor chuala mé faic ón Roinn Gnóthaí Baile sa bhliain úr, 1988. Sa deireadh, d’iarr Ronnie cruinniú leis an ghobharnóir faoin scéal. Dúirt an gobharnóir leis, go neamhbhalbh, nach raibh mé “i mo dhuine fóirsteanach” le cuairt a thabhairt ar an áit, de réir na Roinne.

De bhrí gur dhuine mé nach raibh taifead coiriúil aige, mheas mé nach raibh mé “fóirsteanach” mar gur iriseoir mé agus nach raibh na húdaráis ag iarraidh go bhfaigheadh a bpolasaí sna príosúin aon phoiblíocht. Fuair mé deimhniú ar an tuairim seo i mí an Mhárta 1988 nuair a fuair mé cead isteach go Gartree, tar éis gearán oifigiúil a dhéanamh leis an Roinn.

Chuaigh mé tríd an bhrathadóir miotail, geata slándála agus mar sin de agus d’fhan mé go foighdeach sa seomra feithimh leis na cuairteoirí eile, mná agus páistí a bhformhór, ag fanacht go scairtfeadh an bairdéir m’ainm. Scairteadh amach gach ainm sa seomra de réir a chéile, ach amháin mo cheann féin.

I mo shuí liom féin sa seomra folamh, níor thuig mé cad é a bhí ag titim amach. Sa deireadh, chuaigh mé a fhad leis an chuntar, agus chuir mé ceist ar an bhairdéir a bhí ag scairteadh amach na hainmneacha. “Oh, you’re the journalist chappie, aren’t you,” a dúirt sé, ag ligean air féin nár thug sé faoi deara mé i mo shuí i m’aonar.

“You’ve got to sign this,” a mhínigh sé dom agus bhrúigh sé cáipéis oifigiúil trasna an chuntair chugam. An rud a bhí luaite sa cháipéis ná nach raibh cead agam rud ar bith a scríobh faoin chuairt. Thosaigh mé ag argóint leis; mhínigh mé dó go ndúirt mé leis an bhrainse speisialta san agallamh go raibh mé ag déanamh taighde d’alt, agus gur sin an fáth a raibh mé tar éis 150 míle a thiomáint ó Learpholl. Ní raibh suim dá laghad aige sa scéal. “It’s up to you, sport; either you sign it or I don’t let you in,” arsa seisean.

Bhí a fhios agam go raibh Ronnie ag fanacht orm istigh agus mar sin shínigh mé an cháipéis agus chuaigh mé go sciathán na gcuairteoirí in éineacht le bairdéir. Bhí Ronnie ina shuí ansin, beirt bhairdéirí eile ina suí cóngarach dó, ag cúléisteacht le gach rud.

“Cén fáth a bhfuil tú mall?” d’fhiafraigh Ronnie díom. D’inis mé dó cad é a tharla dom agus chuir sé ceist ar na bairdéirí go feargach: “Is this true?”

Ghabh siad leithscéal leis, dúirt nach raibh locht ar bith orthusan agus chuir siad an milleán ar “the security people”.

Tríd an chomhrá seo, labhair Ronnie i nguth soiléir, misniúil. Níor dhuine faoi chois é, fiú tar éis dhá bhliain déag mar phríosúnach den Chineál A.

I rith an ama sin, chaith sé cúig bliana i ngaibhniú aonair. Cén dóigh a raibh sé ábalta déileáil le téarma príosúin chomh fada seo a d’fhiafraigh mé de.

“Is iad na chéad deich mbliana is measa. Tar éis sin, seolann tú tríd an daoirse,” a d’inis sé dom.

Jabanna uirísle

Thug na húdaráis “príosúnaigh threascracha” ar na poblachtánaigh agus ní bhfuair siad cead ach jabanna uirísle a dhéanamh. Ní raibh cead acu cúrsaí oideachais a dhéanamh agus go minic bhíodh siad i dtreis leis na húdaráis. In éineacht le Paul Norney, Eddie O’Neil agus Eddie Byrne, rinne Ronnie iarracht éalú ó Wormwood Scrubs i 1977 ach gabhadh iad sa chlós. Ghlac sé páirt sa chíréib in Gartree i 1978 agus agóid ar an díon ansin agus i Wormwood Scrubs i 1980.

Thug Ronnie dúshlán dlíthiúil i gcoinne an choisc ar oideachas nuair a bhí sé i Hull i 1979 ach dúirt an gobharnóir leis nach raibh sé i dteideal a leithéid mar go raibh sé ag cur in aghaidh an chórais. Ach ansin, i 1982 in Albany in Inis Iocht, d’athraigh siad an polasaí gan aon mhíniú a thabhairt. Rinne Ronnie céim sa pholaitíocht leis an Ollscoil Oscailte. Fuair sé céad onóracha agus rinne sé ard-dioplóma i gCoireolaíocht chomh maith.

Ar ndóigh, bhí anailís déanta aige ar an choimhlint in Éirinn go dtí sin agus óna bhéal féin a chuala mé an chéad trácht ar “phróiseas na síochána”.

Bhí PC Craig ar aon intinn leis sa chlár a craoladh ar an BBC. Ag míniú an fáth go raibh sé sásta suí síos le Ronnie McCartney agus labhairt leis, dúirt sé: “I’m hoping in some small way that this will contribute to an end to the fighting which is still going on. End this madness. Save other people from getting hurt.”

Ach ar ais i 1988 ní raibh mórán dóchais ann. Bhí Ceathrar Guildford, Seisear Birmingham agus a leithéid fós in ngéibheann, agus mar a dúirt mé, ní raibh fiú cead scríobh go díreach faoi chúrsaí sna príosúin. Seo an t-am nuair a bhí an chaint uilig faoi “Glasnost” in Aontas na bPoblachtaí Sóivéadacha Sóisialacha agus Rialtas na Breataine ag cur comhairle ar fáil do rialtas na tíre sin faoin daonlathas agus cearta daonna.

Ach bhí an chuairt a thug mé ar Ronnie McCartney fíorluachmhar domsa mar fuair mé a lán eolais cúlra agus bhí mé níb eolaí ar chúrsaí agus mé ag scríobh altanna ina dhiaidh sin.

Riail phríosúin ó 1964 (uimhir 5, alt 37) a chuir an cosc i bhfeidhm sa Bhreatain agus bhí deacrachtaí ag Chris Mullen MP léi nuair a bhí sé ag déanamh taighde ar Sheisear Birmingham. Smuigleáil sé téipthaifeadán isteach sa phríosún agus rinne sé na príosúnaigh a thaifeadadh. Bhí raic faoi seo agus cásanna eile agus chuaigh riail 37 go dtí an Chúirt Achomhairc cúpla uair. Sa deireadh, i mí Iúil 1999, dúirt na Tiarnaí Dlí gur chuir an cosc isteach ar shaoirse cainte agus go raibh sé mídhleathach, agus mar sin de chuir siad stad leis. B’in deich mbliana tar éis thitim Bhalla Bheirlín.

Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Tá sé ag obair sa chathair sin mar mhúinteoir agus mar shaoririseoir.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.