Tá dráma nua trítheangach á léiriú sa Bhreatain Bheag agus in Éirinn i mí an Mhárta a dhíríonn ar thréimhse staire a bhfuil an-suim ag Tony Birtill inti.
Bhí áthas orm preasráiteas a fháil ó Rhian Cadwaladr, Oifigeach Eolais Llwyfan Gogledd Cymru (Stáitse na Breataine Bige Thuaidh) faoi Frongoch, dráma nua le hIfor ap Glyn agus Micheál Ó Conghaile. Comhléiriú atá ann, idir Llwynfan Godledd Cymru agus an Project Arts Centre, Baile Átha Cliath. (Tuilleadh eolais ar www.north-wales-stage.com.)
Sa ghrianghraf a tháinig leis an ráiteas, tá an t-aisteoir óg Caoimhin Ó Conghaile le feiceáil ina sheasamh in aice leis an leacht cuimhneacháin a thóg muid i bhFrongoch i Meitheamh 2002 (cf. *Beo! *eagrán 7 agus eagrán 14).
Mar a dúirt mé in *Beo! *(eagrán 36), is siombail na saoirse é an leacht seo anois agus is iontach an rud é gur spreag sé dráma mar seo.
Dála na plaice féin ar an leacht, is dráma trítheangach é seo, i nGaeilge, Breatnais agus Béarla, agus tá sé ar camchuairt an mhí seo sa Bhreatain Bheag agus in Éirinn (dátaí le fáil thíos).
De réir an stiúrthóra, Ian Rowlands: “Tá barraíocht ráite faoin bhráithreachas Ceilteach gan smaoineamh ar bith bheith déanta ar an chiall atá leis - má tá aon chiall leis! Is iomaí míthuiscint a bhí ann idir Éire agus An Bhreatain Bheag agus tá súil againn go gcruthóidh an dráma seo ‘droichead tuisceana’.”
Is sampla maith den mhíthuiscint seo é Owain Glyndwr. Scríobh mé féin alt do Beo! (eagrán 36) faoin laoch seo de chuid na Breataine Bige, gan fios agam go raibh sé ina chara mór de chuid Risteard II agus go raibh sé ar na hoifigigh sin de chuid arm an rí Shasanaigh úd nuair a rinne sé dhá ionradh gan rath ar Éirinn i 1394 agus 1399 (Feasta, Deireadh Fómhair 2004).
Tá S4C ag déanamh cláir faoin dráma seo agus beidh sé le feiceáil ar an teilifís i mí na Bealtaine.
Bhí áthas orm fosta bileog eolais a fháil ó Christy Evans i gColáiste na nGael. Eagraíonn siadsan cúrsaí deireadh seachtaine go rialta agus beidh an chéad cheann eile i bhFrongoch ar an 11 agus 12 Meitheamh 2005.
“Beidh ranganna, taispeántais, lóistín, léachtaí agus bia blasta ann,” arsa Christy.
Tá tuilleadh eolais le fáil ó: Christy Evans, Shenfield High School, Alexander Lane, Essex CM15 8RY.
Cleachtadh
Bhí mé féin ar ais i bhFrongoch tar éis na Nollag, ag sléibhteoireacht sa sneachta agus ag cleachtadh mo chuid scileanna geimhridh roimh mo thuras go dtí Na Garbh Chriochan in Albain.
Bhí mo chara Dave, atá ina chónaí i Learpholl le fada, ar ais i gCwmbran don Nollaig agus bhuail muid le chéile i mBala, áit a raibh muid ag stopadh le Gwyn Sion Ifan ó Cymdeithas.
Bíonn na sléibhte go hálainn sa gheimhreadh, ach a bhfad níos deacra fosta, mar gheall ar easpa solais lae agus drochaimsir. Bíonn loingseoireacht deacair agus gach rud faoi sneachta, go mór mór nuair a bhíonn lánbhánú ann agus, ar ndóigh, bíonn piocóid oighir agus crampóin de dhíth mar go mbíonn an talamh chomh sleamhain sin.
Ní raibh fadhb ann an chéad lá, nuair a chuaigh muid siar go barr Moel Y Garnedd sna hArenig. Ach chuaigh muid ó dheas sa charr an dara lá go sráidbhaile Llangynog, agus ansin ó thuaidh suas Sléibhte Berwyn go dtí Moel Sych (827 méadar ar airde). Bhí sé deas geal ar maidin, ach nuair a stad muid le haghaidh lóin roimh Afon Disgynfa, os cionn eas Pistyll Rhaeadr, bhí sé ag cur flichshneachta go trom. Bhí sé rófhuar le mórán a ithe agus nuair a rinne muid iarracht dul trasna abhainn Afon Disgynfa, bhí an t-uisce ró-ard. B’éigean dúinn dul suas an abhainn go dtí áit ina raibh sé ní ba chúinge. Ach bhí an sneachta i bhfad ní ba dhoimhne anseo agus tar éis dul trasna na habhann bhí sé deacair dul suas.
Lean muid ar aghaidh go mall, an sneachta suas go dtí ár nglúine, agus thug mé faoi deara go raibh Dave ag éirí lag agus tuirseach. “Tá droim sléibhe ag 700 méadar,” arsa mise. “Is féidir linn dul siar ansin, ar ais go dtí an bóthar.”
Bhí sé ag éirí dorcha nuair a bhain muid an droim amach ar a ceathair a chlog ach bhí mé an-míshásta bheith 127 méadar ó bharr Moel Sych. De réir na rialacha, má bhíonn duine amháin sa ghrúpa ar na cnoic lag, caithfidh duine eile dul síos leis. Ní raibh mórán trua agam an lá sin, áfach.
“Tá tú leat féin. Tá mise ag dul suas,” a dúirt mé le Dave. “Chífidh mé thú ag an charr. Bí cúramach.” Agus chuaigh mé soir go barr Moel Sych.
Bhí beagnach lánbhánú ann ag an bharr ach bhí sé go hiontach. Thiontaigh mé thart ansin agus síos liom siar i dtreo Dave.
Chonaic mé a choiscéimeanna ag an droim ar a cúig a chlog agus lean mé ar aghaidh tríd an dorchadas. Ní raibh duine ar bith eile thart, ar ndóigh. Bíonn Berwyn fliuch i gcónaí agus thug mé faoi deara poill dhubha sa talamh anois is arís, áiteanna a ndeachaigh a chos síos sa chlábar.
Is fearr liom mo radharc oíche a úsáid in ionad tóirse más féidir liom, ach bhí sé deacair mar gheall ar an chlábar agus thóg sé a lán ama orm dul síos. Bhí sé beagnach a seacht a chlog sula bhfaca mé soilse carranna ón bhóthar. Bhí a fhios agam go raibh mé cóngarach do dheireadh an chosáin. Agus ansin, tríd an dorchadas, thug mé faoi deara fear mór ina sheasamh leis féin ag taobh an chosáin, é ina thost.
“Hello,” arsa mise. Níor tháinig freagra ar bith ar ais. “Hello,” arsa mise arís. Tost iomlán uaidh. “Duine corr,” a dúirt mé liom féin agus lean mé ar aghaidh ina threo. Phléasc mé amach ag gáire nuair a chonaic mé clár fógraí ar dhá chos agus “Croeso i mBerwyn” scríofa air.
“Thig leatsa troid a thosú in áit iargúlta, fiú le clár fógraí,” a dúirt Dave liom nuair a d’inis mé an scéal dó.
Dátaí an dráma Frongoch:
2 Márta: Neuadd Dwyfor, Pwllheli (01758 704 088), 7.30pm 3 Márta: Theatr Colwyn, Colwyn Bay (01492 532 668) 7.30pm 4-5 Márta: Theatr Clwyd, Mold (0845 330 3565) 7.45pm 9-11 Márta: Garter Lane, Port Láirge 15-17 Márta: Halla na Cathrach, Gaillimh, 8pm 18-19 Márta: An Chultúrlann, Béal Feirste 21-26 Márta: Project Arts Theatre, Baile Átha Cliath, 8pm 28 Márta: Y Galerí, Caernarfon (01286 677227), 7.30pm 30 Márta: Y Stiwt, Rhosllannerchrugog (01978 841 300), 7.30pm 31 Márta: Ysgol y Berwyn, Y Bala (01678 520 259), 7.30pm
Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Tá sé ag obair sa chathair sin mar mhúinteoir agus mar shaoririseoir.