Bhí fearg ar Chaitlicigh agus Protastúnaigh de bhunadh Éireannach i Meiriceá le déanaí de bhrí go rabhthas ag spochadh astu i gclár de chuid The Simpsons. Míníonn Tom Deignan cad go díreach a chuir olc orthu.
»»»Measann Tom Deignan nach cúis iontais ar bith é go bhfuil ráchairt chomh mór sin ar leabhair mar gheall ar na bithiúnaigh Éireannacha sna Stáit Aontaithe nuair a smaoiníonn tú an saghas saoil a chaith go leor acu.
»»»Féachann Tom Deignan siar ar dhá chonspóid a bhí go mór sa nuacht i Nua-Eabhrac le linn na Féile Pádraig i mbliana.
»»»Táthar chun breis is fiche scoil Chaitliceach a dhúnadh i Nua-Eabhrac go luath agus buille an-mhór a bheas anseo do go leor daoine, dar le Tom Deignan.
»»»Maraíodh Eamon McEneaney go tragóideach san ionsaí ar an Ionad Trádála Domhanda ach tá a rian fágtha aige ar shaol go leor daoine, mar a mhíníonn Tom Deignan .
»»»Tá sé níos deacra ná mar a bhí riamh ag na hÉireannaigh lonnú i Nua-Eabhrac, mar a mhínigh roinnt daoine a bhíonn ag obair le hinimircigh sa chathair do Tom Deignan.
»»»Léiríonn leabhar nua faoi thraenacha faoi thalamh Nua-Eabhrac an dlúthbhaint atá ag na hÉireannaigh le fada leis an chóras, atá céad bliain d’aois i mbliana. Chas Tom Deignan le húdar an leabhair.
»»»Creideann an t-údar George Marlin gurb iad na Caitlicigh Ghael-Mheiriceánacha a shocróidh cé a bhainfidh toghchán na huachtaránachta sa tír an mhí seo. Tuairisc ó Tom Deignan.
»»»Agus í ag éirí aníos sna Stáit Aontaithe, chreid Mary Beth Taylor gur daonlathas ceart a bhí sa tír, ach níl sí den tuairim sin a thuilleadh.
»»»Labhair Tom Deignan le scoláire as Béal Feirste ó dhúchas a bhfuil taighde suimiúil ar bun aige i measc na nGael-Mheiriceánach i Nua-Eabhrac.
»»»Tá an-tionchar ag an Eite Dheas Chráifeach ar an pholaitíocht sna Stáit Aontaithe anois, go háirithe i gcomparáid le deich mbliana ó shin. Féachann Mary Beth Taylor ar fhás an ghrúpa seo agus ar na himpleachtaí atá aige don tír.
»»»Tá rudaí gránna ráite ag an iar-Uachtarán Richard Nixon faoi na hÉireannaigh i dtéipeanna a cuireadh ar fáil don phobal le gairid. Tuairisc ó Tom Deignan.
»»»Bhíodh caismirtí go minic idir Protastúnaigh agus Caitlicigh i Manhattan tráth, díreach mar a bhíonn na laethanta seo i dTuaisceart Éireann, mar a mhíníonn Tom Deignan .
»»»Tá míshástacht daoine leis an Eaglais Chaitliceach ag fás an t-am ar fad sna Stáit Aontaithe, mar a mhíníonn Tom Deignan.
»»»Féachann Tom Deignan siar ar shaol Pat Buckley, fear a d’fhág Wall Street le dul i mbun gairm eile ar fad.
»»»Tháinig grúpa daoine le chéile i Nua-Eabhrac Lá Fhéile Pádraig i mbliana le hairgead a bhailiú do theaghlach Mike Kelly, iriseoir a maraíodh le linn an chogaidh san Iaráic anuraidh. Tuairisc ó Tom Deignan.
»»»Nuair a bhí George Bush ina ghobharnóir ar Texas sna nóchaidí chuir sé iachall ar scoileanna deireadh a chur leis an oideachas cuimsitheach gnéasachta agus béim a chur ar staonadh ó ghnéas. Mar a mhíníonn Mary Beth Taylor anseo, tá míbhuntáistí móra ag baint leis an pholasaí seo.
»»»Tá leabhar díreach léite ag Tom Deignan faoi Phrotastúnach mná as na Stáit Aontaithe a tháinig i dtarrtháil ar na hÉireannaigh ar an dá thaobh den Aigéan Atlantach i mblianta an Ghorta Mhóir.
»»»Bhí an bainisteoir cispheile Lenny Wilkins an-bhocht agus é ag éirí aníos agus tugadh drochíde dó de bharr go raibh athair dubh agus máthair bhán aige, ach d’éirigh leis go leor a bhaint amach ina shaol mar sin féin. Tuairisc ó Tom Deignan.
»»»Féachann Tom Deignan ar chuid de na mianta, idir chinn thromchúiseacha agus chinn bheagthábhachtacha, atá aige féin agus ag cuid de bhunadh Nua-Eabhrac ag tús na bliana nua seo.
»»»Bhí Tom Deignan i láthair ag taispeáint speisialta den scannán In America a eagraíodh d’inimircigh óga i Manhattan an mhí seo caite, agus ba dhíol spéise dó an tslí a raibh siad chomh tógtha sin leis an saothar.
»»»Beidh John F. Kennedy daichead bliain marbh an mhí seo agus tá roinnt mhaith leabhar nua foilsithe faoi féin agus faoi mhuintir Chinnéide le tamall anuas. Léigh Tom Deignan an ceann is fearr acu.
»»»Tógadh Anthony Cole i mBéal Feirste agus i Muineachán, ach tá sé ag baint faoi na laethanta seo i mBrooklyn, Nua-Eabhrac. Labhair sé le Tom Deignan faoina shaol ansin agus faoina chuid oibre mar fhear dóiteáin leis an Fire Department of New York (FDNY).
»»»Agus é ag tiomáint i gceantair áirithe i Nua-Eabhrac le tamall anuas, thug Tom Deignan faoi deara go raibh ainmneacha cuid de na sráideacha athraithe. Thuig sé de réir a chéile cén fáth ar tharla sé seo.
»»»Is de shliocht Éireannach é William Cunningham, duine de na comhairleoirí is tábhachtaí atá ag Méara Nua-Eabhrac, Mike Bloomberg. Dúshlán a bheas ann dó na hÉireannaigh a spreagadh le vótáil don mhéara sa chéad toghchán eile, áfach, dar le Tom Deignan.
»»»Tá muintir Mheiriceá ag titim chun feola agus tá go leor tuairimí i measc an phobail faoin fhadhb agus faoin dóigh is éifeachtaí le déileáil léi, mar a mhíníonn Mary Beth Taylor.
»»»Tá grúpa bunaithe chun brú a chur ar na húdaráis aird faoi leith a tharraingt ar na hoibrithe tarrthála a fuair bás i Nua-Eabhrac ar an 11 Meán Fómhair, 2001 de bharr an ionsaí sceimhlitheoireachta. Mar a mhíníonn Tom Deignan, áfach, is moladh conspóideach é seo.
»»»Ba chúis bhróid é do na hÉireannaigh i Nua-Eabhrac nuair a osclaíodh ionad cuimhneacháin an Ghorta Mhóir i Manhattan anuraidh. Taobh istigh de naoi mí, áfach, b’éigean an t-ionad a dhúnadh de bharr go raibh creimeadh ag tarlú. Cúlra an scéil ó Tom Deignan.
»»»Tá cur síos i mbeathaisnéis ón naoú haois déag, atá díreach foilsithe, ar an chruatan a d’fhulaing na hÉireannaigh a thrasnaigh an tAigéan Atlantach chun teitheadh ón Ghorta Mór. Tá an leabhar léite ag Tom Deignan.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.