Féachann Tom Deignan ar chuid de na mianta, idir chinn thromchúiseacha agus chinn bheagthábhachtacha, atá aige féin agus ag cuid de bhunadh Nua-Eabhrac ag tús na bliana nua seo.
Agus tús bliana nua buailte linn, tá na fir agus na mná atá ar dualgas thar lear in intinn go leor daoine anseo i Nua-Eabhrac agus i Meiriceá ar fad. Tá a fhios ag an saol mór go bhfuil easaontú go leor ann mar gheall ar pholasaí eachtrach na Stát Aontaithe sa Mheánoirthear. Cé gur gabhadh Saddam Hussein ní hionann sin is a rá nach bhfuil go leor daoine i Meiriceá - agus ar fad an domhain, ar ndóigh - go fóill go láidir i gcoinne cuid polasaithe rialtas Bush. Léireoidh toghchán na huachtaránachta i mí na Samhna i mbliana é sin.
Beidh daoine ar gach taobh, áfach, ag súil go dtiocfaidh síocháin chuig an Iaráic, an Afganastáin agus gach áit eile ina bhfuil coimhlint sa bhliain nua seo. Beifear ag guí chomh maith go dtiocfaidh laghdú ar líon na dtaismeach agus na marbh ar gach taobh, agus go n-éireoidh le náisiúin atá ag fulaingt tús a chur le hatógáil.
Ach tá níos mó i gceist sa Bhliain Úr seo ná cogadh. Tá roinnt ceisteanna eile, cuid acu tromchúiseach, cuid acu nach bhfuil, le réiteach sna míonna atá amach romhainn. Mar shampla, fuair inimircigh gan cháipéisí ar fud na Stát Aontaithe bronntanas Nollag gan choinne an mhí seo caite ó oifigeach sinsearach i rialtas Bush.
D’iarr Rúnaí na Slándála Inmheánaí Tom Ridge go gcuirfí tús le scéim éigin chun stádas dleathach a thabhairt do na milliúin duine atá ag obair i Meiriceá agus ag cuidiú leis an gheilleagar, ach atá ansin go mídhleathach.
I mí na Nollag, le linn cruinnithe i halla pobail i Miami, dúirt Ridge: “Go bunúsach, mar thír, caithfidh muid dul i ngleic leis an tslí a bhfuil idir 8 agus 12 milliún duine anseo go mídhleathach, agus stádas dleathach a thabhairt dóibh ar shlí éigin.”
Is é Ridge príomhurlabhraí rialtas na Stát Aontaithe ar cheisteanna a bhaineann le hinimirce. Tar éis dá roinn polasaithe maidir le hinimirce a ghlacadh faoina cúram anuraidh, dúirt sé go mb’fhéidir go gcinnfeadh a chuid oifigeach ar stádas dleathach a bhronnadh ar inimircigh mhídhleathacha a bhí sa tír cheana féin.
Chuir cúntóirí de chuid Ridge in iúl ina dhiaidh sin nach raibh cead foirmiúil faighte aige ón Teach Bán a leithéid a rá. Ach mar a dúirt Bush féin níos moille, caithfidh an rialtas feidearálach slí éigin a fháil chun inimircigh mhídhleathacha a chlárú, ar chúiseanna a bhaineann le slándáil náisiúnta go háirithe.
Roimh ionsaithe an 11 Meán Fómhair 2001, bhí fonn ar rialtas Bush teacht ar shocrú le Meicsiceo maidir le plean chun stádas dleathach a chur ar fáil do na mílte Meicsiceach atá sna Stáit Aontaithe go mídhleathach. Tháinig maolú ar an fhonn seo i ndiaidh an 11 Meán Fómhair, agus luigh na gníomhaireachtaí feidhmithe dlí agus faisnéise isteach ar stop a chur le hinimircigh mhídhleathacha nó iad a chur faoi ghlas.
Go bhfaightear réiteach ar an fhadhb achrannach seo sa bhliain úr, fadhb atá ag cur isteach ar inimircigh i Nua-Eabhrac agus i Meiriceá ar fad, ó thíortha ón Albáin go hÉirinn, agus ó Mheicsiceo go hÉimin.
Leithris phoiblí
Anois, ceist nach bhfuil chomh tromchúiseach céanna …
Ní bheadh na liostaí mianta iomlán bliain ar bith i Nua-Eabhrac gan impí a bheith iontu go gcuirfí leithris phoiblí ar fáil sa deireadh thiar ar shráideanna Manhattan. Tá na turasóirí, na hinimircigh agus bunadh na cathrach ar fad ar aon tuairim faoi rud amháin: go minic i Nua-Eabhrac, nuair is gá duit dul, ní féidir leat dul!
Níl an chuma ar an scéal go dtiocfaidh aon athrú ar chúrsaí in 2004. Ach ag deireadh 2003, chinn roinnt den lucht déanta dlí ar dhul i ngleic le fadhb a raibh baint aici le leithris. Níl bunadh na cathrach ar fad den tuairim, áfach, gur fadhb mhór í seo.
Chun iarracht a dhéanamh na scuainí fada a bhíonn taobh amuigh de leithris na mban a ghiorrú, thug beirt bhall de Chomhairle Chathair Nua-Eabhrac, Yvette Clarke agus Bill de Blasio, bille isteach a chinnteodh go mbeadh dhá leithreas do mhná i ngach áit phoiblí ina mbeadh ceann amháin do na fir.
Dá dtiocfadh an bille seo i bhfeidhm (agus is beag seans go dtarlóidh sé sin go luath), bheadh impleachtaí aige do hallaí, tithe tábhairne, amharclanna agus staideanna. Bheadh ar áiseanna nua agus ar fhoirgnimh a mbeadh athchóiriú mór á dhéanamh orthu cloí leis an chóimheas 2:1 seo. Bheadh ar úinéirí spásanna atá ann cheana féin a ndícheall a dhéanamh cloí leis an riail seo.
Is cuimhin leat, is dócha, an dóigh a raibh úinéirí tithe tábhairne i Nua-Eabhrac le ceangal nuair a tháinig an cosc ar chaitheamh tobac i bhfeidhm. Samhlaigh dá mbeadh iachall orthu anois leithreas eile a chur ar fáil do na mná.
Tá sé ráite ag ollamh amháin, a dtugtar “the father of potty parity” air, nach ábhar gáire ar bith é seo.
“Tá níos mó áiseanna leithris de dhíth ar mhná, de bharr go dtógann sé níos faide orthu,” a dúirt John F. Banzhaf III, ollamh le dlí sainleasa poiblí i Scoil Dlí Ollscoil George Washington leis an Washington Post. “Ní chuirfeadh muid suas go deo le córas faoina gcaithfeadh mná fanacht cúig oiread ama chun tástáil a fháil déanta ar a gcuid fola, fiú dá mbeadh cuid fola na bhfear agus na mban á tástáil ar chúiseanna difriúla,” a dúirt Banzhaf. “Agus níor cheart dúinn cur suas le córas faoina gcaitheann mná fanacht go rialta cúig oiread ama nó níos mó ná na fir chun gnó pearsanta atá bunúsach agus riachtanach a dhéanamh.”
Cén fáth a dtógann sé níos faide ar na mná an beart a dhéanamh? Bhuel, sin ceist atá ag cothú easaontú idir iad siúd atá ag tacú leis an bhille agus iad siúd a fheiceann é mar ábhar magaidh.
Dúirt an comhairleoir Yvette Clarke, atá ag tacú leis an bhille, gur minic a bhíonn páistí beaga faoina gcúram ag na mná, agus luaigh sí na difríochtaí anatamaíocha chomh maith.
“Níl an cineál céanna trealaimh againn is atá ag na fir,” a dúirt Clarke. Agus ní úsáideann mná úirinéil, a dúirt Banzhaf, ar fearais iad a shábhálann am do dhuine. Ach níl muintir Nua-Eabhrac go léir chomh báúil céanna. Mar a dúirt colúnaí de chuid New York Newsday, Ellis Henican: “Cén fáth ar cheart do na fir a bheith as póca díreach mar gheall ar go bhfuil mná áirithe ann a fheiceann na leithris phoiblí mar chlubthithe príobháideacha inar féidir leo: déanamh cinnte go bhfuil siad cíortha glanta, comhairle a chur ar a chéile, an nasc lena gcairde a láidriú, a bheith ag gearán de shíor faoi na fir ina saol.”
Bhuel, b’fhéidir gur cheart dúinn, ar mhaithe le spiorad na bliana úire, teacht ar chomhréiteach. Má éiríonn le lucht déanta na ndlíthe i Nua-Eabhrac roinnt leithreas a chur ar shráideanna na cathrach, b’fhéidir go bhféadfadh muid ansin plé a dhéanamh ar thuilleadh leithreas a chur ar fáil do na mná in áiteanna poiblí.
Má éiríonn linn dlíthe inimirce Mheiriceá a leasú, mar aon le cóid leithreas Nua-Eabhrac, b’fhéidir nach mbeidh 2004 ródhona mar bhliain ar chor ar bith.
Tá Tom Deignan ag obair mar eagarthóir agus mar cholúnaí leis an *Irish Voice i Nua-Eabhrac. Is iarléachtóir ollscoile é. Foilsíodh a leabhar is déanaí, Coming to America: Irish Americans (Barron’s), anuraidh.*