Táthar chun breis is fiche scoil Chaitliceach a dhúnadh i Nua-Eabhrac go luath agus buille an-mhór a bheas anseo do go leor daoine, dar le Tom Deignan.
Bí ag caint ar mhíthráthúil. Ardaíonn an fógra a rinneadh le déanaí go bhfuil breis is fiche scoil Chaitliceach i gCathair Nua-Eabhrac le dúnadh nó le nascadh go leor ceisteanna stairiúla, cultúrtha agus geilleagair. Ach an chéad rud a rith le go leor daoine ná seo: Gan amhras, níl a leithéid de rud ann agus am maith le drochscéala mar seo a fhógairt. Ach nach bhféadfadh na hoifigigh in Ard-Deoise Nua-Eabhrac am eile seachas tús an Charghais a roghnú? Is ag an am seo den bhliain a dhéanann go leor daoine a ngaol leis an pharóiste a athdhearbhú, agus filleann cuid acu ar an séipéal fiú tar éis bheith as láthair le fada.
Agus smaoinigh mar a bhraithfeá dá mba thuismitheoir tú a raibh sé mar aidhm agat do pháiste a chur chuig scoil Naomh Fionnbarra i mBrooklyn, abair, nó chuig Scoil Mhuire Mount Carmel i Queens agus go gcloisfeá, ag tús na tréimhse is naofa seo den bhliain, go raibh na scoileanna seo, mar aon le hinstitiúidí eile, le dúnadh.
Ná déanaimis oifigigh na heaglaise a léiriú mar dhrochdhaoine anseo. Is fadhb chasta í seo, agus bheadh aon duine a mhaífeadh gur seo peaca eile de chuid na heaglaise ag tabhairt neamhairde ar an fhírinne lom. Tá sé ar chumas oifigigh na heaglaise go leor rudaí a dhéanamh ach níl priontáil airgid ina measc. Agus ní féidir a shéanadh go gcosnaíonn sé an t-uafás airgid scoileanna a reáchtáil, agus nuair nach bhfuil an t-airgead ansin - cé gur suarach an pá a fhaigheann an fhoireann i scoileanna Caitliceacha na Stát Aontaithe - is gá roghanna deacra a dhéanamh. Tá sé ráite ag an Chairdinéal Edward Egan, fiú, go mb’fhéidir go ndúnfaí roinnt scoileanna eile i Manhattan agus sna Bronx.
Ach ní ag oifigigh na heaglaise amháin atá roghanna deacra le déanamh. Is tuismitheoir beirt pháistí óga mé féin. I mo chroí istigh ba mhaith liom iad a chur chuig scoil Chaitliceach, thar aon chineál eile scoile. Ach, faraor, ní éisteann mo chuntas bainc le mo chroí. Tá na táillí bliantúla i scoileanna Caitliceacha Nua-Eabhrac timpeall $3,000 sa bhliain anois.
Ansin, tá na táillí eile go léir i gceist, na crannchuir, na díolacháin saothair agus araile a bhíonn le heagrú chun na soilse agus an teas a choinneáil ar siúl.
Bheadh sé deacair againne teacht ar an airgead sin ós rud é nach bhfuil ach ioncam amháin ag teacht isteach sa teach.
Agus sin fadhb na scoileanna Caitliceacha i mbeagán focal. Tá teacht isteach rialta agam féin agus is mian liom mo chuid páistí a chur chuig scoil Chaitliceach. Mar sin féin, is dócha nach n-éireoidh liom é sin a dhéanamh. Smaoinigh, mar sin, ar na hinimircigh agus a bpáistí, an dream a thóg an eaglais san am a chuaigh thart ón talamh aníos. Cén áit a dtiocfaidh siadsan ar an $3,000 sa bhliain seo? Tá go leor scoileanna Caitliceacha i Nua-Eabhrac go fóill. Is fíor go bhfuil roinnt mhaith Caitliceach Éireannach agus Iodálach ag bogadh amach as an chathair ach tá an líon céanna Caitliceach Spáinneach tar éis a n-áit a ghlacadh. An fhadhb atá ann ná go bhfuil sé níos daoire scoileanna a reáchtáil na laethanta seo de bhrí go bhfuil a laghad sin ban rialta ann chun seirbhísí a chur ar fáil. Mar gheall air sin, tá táillí teagaisc tar éis ardú as cuimse.
“Tá meath mór ag teacht ar chóras cumhachtach na scoileanna paróiste a d’fhás céad go leith bliain ó shin ó gheoiteonna na n-inimirceach, ar dhoras isteach sa tsochaí Meiriceánach é do na milliúin agus ar fhoinse cumhachta gan teorainn, beagnach, é d’institiúid na Eaglaise Chaitlicí,” a scríobh Jim Dwyer le gairid sa New York Times. Shíl mé go raibh áibhéil i gceist nuair a léigh mé an ráiteas sin i dtosach. I ndiaidh dom mo mhachnamh a dhéanamh, áfach, rith sé liom go mb’fhéidir go raibh an ceart aige. Cad é is féidir a dhéanamh? Bhuel, tá cuid de na Gael-Mheiriceánacha i ndiaidh a lámh a chur ina bpóca cheana féin.
Ar dtús tá Tom Cusick ann, a bhfuil tús curtha aige le feachtas dar teideal Teach the Little Children. An aidhm atá leis an fheachtas seo ná airgead a bhailiú don dá scoil is fiche atá in ainm is dúnadh.
Bhí an méid seo le rá ag Cusick, ar uachtarán é chomh maith ar an Fifth Avenue Association: “Mar Chaitliceach, múineadh domsa agus mé ag éirí aníos go dtugann tú aire do dhaoine. Tá go leor daoine a fuair a gcuid oideachais i scoileanna Caitliceacha i mBrooklyn agus Queens agus atá tar éis dul chun cinn sa saol, mar gheall ar an oideachas sin cuid mhaith. Tá mé cinnte go mbeadh siad sásta teacht chun fóirthinte ar dhaoine nach bhfuil chomh hádhúil leo féin, dá n-iarrfaí orthu.”
Tá feachtas den chineál céanna, dar teideal Future in Education, ar bun ag Jean O’Shea agus tá eagraíocht eile, Future in Education, atá faoi stiúir Peter Flanigan, ag cur scoláireachtaí dar teideal *Students Sponsor Partners *ar fáil dóibh siúd ar mian leo freastal ar scoileanna príobháideacha.
In ainneoin na dea-oibre ar fad atá ar bun ag na Caitlicigh Éireannacha seo, tá staitistic amháin ann go fóill: trí mhíle dollar sa bhliain. Ní fhéadfaí a rá go bhfuil an táille seo míréasúnta. Tá daoine ann fiú a déarfadh gur margadh maith é. Ach is margadh é a chosnaíonn dhá oiread is a chosain sé deich mbliana ó shin. Dá bhrí sin, is margadh é a bhfuil níos lú agus níos lú daoine in acmhainn íoc as.
Ba í aicme oibre na n-inimirceach a thóg an córas cumhachtach scolaíochta Caitliceach sna Stáit Aontaithe. Anois, áfach, tá deacrachtaí fiú ag an mheánaicme i Nua-Eabhrac íoc as táillí na scoileanna Caitliceacha. Seo am an-chorrach i stair Chaitliceach Mheiriceá. Abair paidir.
Tá Tom Deignan ag obair mar eagarthóir agus mar cholúnaí leis an *Irish Voice i Nua-Eabhrac. Is iarléachtóir ollscoile é. Foilsíodh a leabhar is déanaí,* Coming to America: Irish Americans* (Barron’s), anuraidh.*