AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Éireannach ar a sháimhín só i mBrooklyn
Tom Deignan Tom Deignan Tom Deignan

Tógadh Anthony Cole i mBéal Feirste agus i Muineachán, ach tá sé ag baint faoi na laethanta seo i mBrooklyn, Nua-Eabhrac. Labhair sé le Tom Deignan faoina shaol ansin agus faoina chuid oibre mar fhear dóiteáin leis an Fire Department of New York (FDNY).

Íomhá
Eric Allen ón FDNY a maraíodh ar an 11 Meán Fómhair, 2001
Íomhá
Anthony Cole (an duine deireanach ar dheis) lena chomhghleacaithe, Meitheamh 2002. Tá Manhattan le feiceáil sa chúlra
Íomhá

Cúpla bliain ó shin, nuair a bhí Anthony Cole as Béal Feirste ag obair mar chigire tógála i Nua-Eabhrac, bhuail sé le fear dóiteáin darbh ainm Eric Allen agus é i mbun a phoist. Chuir Cole in iúl d’Allen, a bhí ag obair le Scuad 18 ag an am, go raibh scrúdú an FDNY déanta aige agus go raibh sé beartaithe aige post a fháil sa rannóg dóiteáin. Ach bhí go leor oibre le déanamh ag Cole go fóill.

“Seans ar bith go bhfuil a fhios agat cén áit a bhféadfainn creidmheasa coláiste a fháil?” a d’fhiafraigh sé go magúil d’Allen.

Níos déanaí, tar éis do chairdeas fás eatarthu, d’admhaigh Cole d’Allen gur dócha go mbeadh na creidmheasa coláiste agus, ar ndóigh, na riachtanais saoránachta an-deacair dósan, Cole, a láimhseáil.

“Thug sé lámh chúnta bheag dom. Caithfidh mé a bheith buíoch de as sin,” a deir Cole.

Bhí Allen in intinn Cole ar an 11 Meán Fómhair, nuair a chuimhnigh Nua-Eabhrac agus an domhan ar Eric Allen agus an 342 fear dóiteáin eile a maraíodh ar an lá uafásach sin. Nuair a thit eachtraí an 11 Meán Fómhair amach, áfach, bhí Cole go fóill ag fanacht le scéala ón FDNY. Nuair a chuireann tú san áireamh an líon mór fear a chaill an rannóg an lá sin, d’fhéadfadh Cole gan amhras cinneadh a dhéanamh gan post a thógáil san FDNY. Bhí sé ag obair go rialta faoin am sin. Bhí cúpla buachaillí aige féin agus a bhean cheana féin. An raibh sé idir dhá chomhairle tar éis an 11 Meán Fómhair? Ní raibh ar chor ar bith, a deir sé.

“Níor smaoinigh mé air sin riamh. Seo an obair a theastaigh uaim a dhéanamh,” arsa Cole, atá anois 33 agus ina chónaí i mBorough Park, Brooklyn, lena chúpla sé bliana d’aois, chomh maith le hiníon naoi mí dhéag agus mac atá trí mhí d’aois.

“Bhí sé dian ar mo mháthair. Bhí sise cineál éideimhin,” a d’admhaigh Cole, a bhfuil cónaí ar a mháthair i Muineachán, áit ar bhog an teaghlach i ndiaidh dóibh éirí bréan den leatrom agus den chiapadh i mBéal Feirste.

Fiú i ndiaidh an 11 Meán Fómhair, bhí fonn ar Cole a bheith ag obair leis an FDNY. Deir sé go bhfuil na rudaí a bhí fíor faoin phost roimh 9/11 fíor go fóill:

“Am ar bith a théann tú amach le do chuid oibre a dhéanamh, cuireann tú do bheatha i mbaol,” arsa Cole go suaimhneach.

Nuair a fuair sé post sa rannóg, bhí Cole ar stáisiún ag Red Hook’s Engine 202, a roinneann teach le Dréimire 101. Chaill Dréimire 101 seachtar fear ar an 11 Meán Fómhair.

“Tá sé ag goilliúint go fóill ar na fir anseo,” a deir Cole. Deir sé gur cailleadh “croí agus anam an tí” an lá sin.

Nuair a d’fhiafraigh mé de faoi dhul isteach sa teach tar éis don chailliúint thragóideach sin tarlú, dúirt Cole: “Bhí sé an-dian i dtosach. Ní raibh a fhios agam cén cineál fáilte a chuirfeadh na fir romham. Ach bhí siad thar barr. Ní raibh fadhbanna ar bith ann.”

Turas fada

Thosaigh turas fada Cole go dtí an FDNY sa tréimhse iar-9/11 i mBéal Feirste, áit ar thóg a thuismitheoirí é féin, a thriúr deartháireacha, agus a thriúr deirfiúracha ar dtús.

“Bhí ár sáith de na Trioblóidí againn, mar sin bhog muid,” arsa Cole, nach raibh ach cúig bliana ag an am ach a chonaic go soiléir an drochéifeacht a bhí ag an leatrom ar a athair, ar phéintéir é, agus ar Chaitlicigh eile sa cheantar. “Éiríonn tú tinn tuirseach de gach rud. Nuair a bhíonn tú faoi bhagairt san obair, éiríonn tú tinn de sin.”

Bhog muintir Cole go baile beag i Muineachán. “Is é an cineál baile é a bhfuil gach duine ina chol ceathrair ag an duine eile,” a deir Cole, agus é ag gáire. B’ansin a bhuail Cole le cailín as Brooklyn, a raibh a tuismitheoirí tar éis bogadh go dtí an baile. Sa deireadh thiar, thug Cole aghaidh ar Nua-Eabhrac é féin, chun a bheith leis an chailín seo, a phós sé tamall de bhlianta ina dhiaidh sin.

“Theastaigh uaim i gcónaí a theacht anseo, ach is duine mé a mbíonn leithscéal ag teastáil uaidh. Mar sin, bhí leithscéal maith agam,” a deir sé agus meangadh ar a aghaidh.

Bhí Cole tógtha le Nua-Eabhrac ón chéad lá ar leag sé cos ansin. Bhí súil aige ar phost sa státseirbhís ón tús.

“Nuair a tháinig mé anseo i dtosach bhí mé ag iarraidh a bheith i mo phóilín. In Éirinn, is minic a fheiceann tú pictiúir de phóilíní Éireannacha i Nua-Eabhrac. Dúirt mé liom féin, mar sin, go dtógfainn scrúdú na bpóilíní.”

Idir an dá linn, rinne Cole obair i laghdú luaidhe, ansin fuair sé post mar chigire tógála. Rinne sé cinneadh fosta go dtabharfadh sé faoi scrúdú an FDNY.

“Dúirt mé, ‘Chífidh mé cad é a tharlóidh.’ Agus fuair mé scór sármhaith.”

Ach bhí go leor oibre le déanamh, idir thraenáil fhisiciúil agus chúrsaí coláiste. Lean Cole lena iarracht, a bhuí sin don spreagadh a fuair sé ó fhir dhóiteáin mar Eric Allen ó Scuad 18.

Daoine difriúla

Ceann de na rudaí is fearr le Cole faoin phost ná go dtugann sé deis dó a bheith ag obair i gcuideachta cineálacha difriúla daoine gach lá. Mar a bheifeá ag súil, bítear i gcónaí ag spochadh as de bharr go bhfuil blas láidir tuaisceartach ar a chuid cainte agus, gan amhras, déanann seisean amhlaidh i gcás a chomhoibrithe.

“Sin rud amháin atá go maith faoin phost. Bíonn an-spraoi i gceist.”

Deir Cole gur maith leis fosta go bhfuil oiread le foghlaim, ó lámhleabhair na rannóige, ó rúideanna traenála agus ó eachtraí fíora éigeandála. Agus tá dúshlán ag baint le bheith ag obair i Red Hook.

Is breá leis fosta go bhfuil deis aige a bheith ag obair sa bhuirg a bhfuil cónaí air inti.

“Tá cónaí orm ón tús i mBrooklyn. Bhí dúil agam ann ón chéad lá. Níor theastaigh uaim filleadh abhaile,” arsa Cole. “Is breá liom an saol oíche, an t-atmaisféar. Tá gach rud le fáil anseo. Níl sé sin fior faoin áit as ar bhog mé.”

Athrú saoil mór a bhí ann bogadh go Nua-Eabhrac, a admhaíonn Cole. Ach deir sé: “Chuaigh sé i bhfeidhm orm agus chuaigh mise i bhfeidhm air.

Tá spéis an-mhór ag Cole sa pheil Mheiriceánach agus sa haca, agus is duine de lucht leanúna the Islanders agus na Giants é anois. Ach tá sé ag imirt peil Ghaelach le fada fosta. D’éirigh sé as a bheith ag imirt i lár na nóchaidí de bharr brú oibre, ach tá sé i gceist aige imirt d’fhoireann pheile an FDNY gan mhoill.

An bhfuil tréith amháin a bhaineann le gach fear dóiteáin, is cuma cé as é?

Ní gá do Cole aon mhachnamh a dhéanamh ar an cheist. “Tá siad go léir rud beag as a meabhair. Ní mór duit a bheith le rith isteach i dtine.

Tá Tom Deignan ag obair mar eagarthóir agus mar cholúnaí leis an Irish Voice i Nua-Eabhrac. Is iarléachtóir ollscoile é. Foilsíodh a leabhar is déanaí, *Coming to America: Irish Americans (Barron’s), níos luaithe sa bhliain.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.