Beidh John F. Kennedy daichead bliain marbh an mhí seo agus tá roinnt mhaith leabhar nua foilsithe faoi féin agus faoi mhuintir Chinnéide le tamall anuas. Léigh Tom Deignan an ceann is fearr acu.
Ina leabhar nua, The Kennedys, America’s Emerald Kings: A Five Generation History of the Ultimate Irish Catholic Family (Basic Books), tá éirithe leis an iriseoir Thomas Maier rudaí nua a rá faoi cheann de na teaghlaigh is iomráití ar domhan.
“Gan amhras ar bith,” a dúirt Maier in agallamh le gairid, “is iad muintir Chinnéide an scéal polaitiúil is mó ón ré seo agus is páirt lárnach de scéal Mheiriceá sa 20ú haois iad.” Tá Maier ag obair do *Newsday *agus scríobh sé beathaisnéisí an Dr. Benjamin
Spock agus S.I. Newhouse roimhe seo.
“Tá suim agam le fada i muintir Chinnéide,” a deir sé. “Braithim go bhfuil droch-chomaoin curtha orainne Meiriceánaigh ag na leabhair sin go léir atá tar éis miotas Camelot a chothú. Nó a bhfuil iarracht déanta acu é a leagan go talamh. Sílim go bhfuil mo leabhar féin an-difriúil ar fad ó na cinn eile atá scríofa faoi mhuintir Chinnéide.”
Go deimhin, le cúpla seachtain anuas, díreach, agus muid ag tarraingt ar chothrom an lae ar ar feallmharaíodh JFK daichead bliain ó shin, táthar tar éis ualach leabhar eile a fhoilsiú faoi mhuintir Chinnéide. Tá leabhair lán grianghrafanna curtha ar fáil agus leabhair don bhord caife, mar aon le cinn a dhéanann cur síos ar “mhallacht mhuintir Chinnéide”.
Cén dóigh a bhfuil leabhar Maier difriúil?
I The Kennedys, America’s Emerald Kings, cuireann Maier an tuairim chun cinn go raibh tionchar an-láidir ag a gcúlra reiligiúin agus eitneach ar an teaghlach ón am a shroich Patrick Bostún, ó Chontae Loch Garman, sa bhliain 1848.
“Bhí gaol níos láidre ag muintir Chinnéide leis an Eaglais Chaitliceach ná mar a thuig an pobal,” a mhaíonn sé go háititheach sa leabhar.
Caitheann sé píosa maith den leabhar ag iarraidh a chruthú nach raibh bunús ar bith leis an tuairim a bhí ag daoine áirithe gur Gallbháigh a bhí i muintir Chinnéide a bhí beagnach ina WASPs.
Radacachas
Beidh suim faoi leith ag léitheoirí Éireannacha sa mhéid atá le rá ag Maier faoi na cúiseanna a bhí ag muintir Chinnéide le hÉirinn a fhágáil agus aghaidh a thabhairt ar Mheiriceá. Cuireann sé an tuairim i láthair go raibh éifeacht an ghorta i bhfad ní ba láidre i Loch Garman ná mar a creideadh go dtí seo, agus go raibh baint an-mhór ag muintir Chinnéide le radacachas frith-Bhriotanach. Bhí sé amuigh ar bhaill den teaghlach go raibh baint acu le smuigléireacht gunnaí agus gur gríosóirí a bhí iontu, dar le col ceathracha de chuid mhuintir Chinnéide ar chas Maier orthu agus é in Éirinn.
Rugadh Maier féin i mBrooklyn agus is Caitlicigh Éireannacha, Sasanaigh agus Liútaraigh Ghearmánacha iad a shinsear. B’inimircigh iad tuismitheoirí a mhná céile Joyce, a bhfuil feirm acu i nDún na nGall go fóill.
Luigh Maier isteach ar an taighde agus ar an scríbhneoireacht le linn cuairteanna ar an fheirm seo, agus thóg sé ceithre bliana ar fad an leabhar 700 leathanach a chur i dtoll a chéile.
“Nuair a thuigeann tú cad é a tharla in Éirinn, is ansin a thuigeann tú i gceart cad é a tharla do mhuintir Chinnéide i Meiriceá. Tá sé sin riachtanach agus tú ag iarraidh tuiscint a fháil ar scéal mhuintir Chinnéide,” arsa Maier.
Deir Maier nár labhair na col ceathracha ach go hannamh ar radacachas a muintire san am a chuaigh thart. Nuair a phléigh sé an t-ábhar áirithe seo leo, athmhúsclaíodh “olc atá domhain agus a théann i bhfad siar”.
Is iad na sleachta is láidre sa leabhar, áfach, ná na cinn a dhéanann cíoradh ar an ghaol polaitiúil a bhí ag Joe Kennedy le hoifigigh de chuid na heaglaise i Nua-Eabhrac, i mBostún agus sa Róimh. (Deir na foilsitheoirí gurb é Maier an chéad údar a fuair cead cuid páipéar Joe Kennedy ar fad a fheiceáil.)
Tá cur síos ag Maier chomh maith ar an bhiogóideacht a chuir an ruaig ar feadh tamaill ghearr ar an teaghlach as Bostún, agus a chuir iachall ar Joe a ghaol leis an Vatacáin a choinneáil faoi cheilt. Léiríonn Maier an tslí ar éirigh Joe tinn tuirseach den “tsíleáil ghloine” a bhí i gceist san Eaglais Chaitliceach i mBostún, fiú i gcás duine mar é ar mhilliúnaí cumhachtach é. Is as an leatrom seo a d’eascair polaitíocht liobrálach mhuintir Chinnéide ina dhiaidh sin.
Leabhar de chuid JFK
Is é saothar Maier an chéad cheann a dhéanann grinnscrúdú ar leabhar de chuid JFK nach bhfuil mórán tráchta air. *A Nation of Immigrants *an teideal a bhí air, agus d’fhéadfaí a rá go ndearnadh reachtaíocht de i 1965, nuair a rinneadh liobrálú ar dhlíthe inimirce na Stát Aontaithe. An toradh a bhí air sin ná gur thosaigh daoine a theacht ar imirce go Meiriceá as réimse i bhfad níos leithne tíortha, go háirithe tíortha Mheiriceá Laidineach agus na hÁise. Lean Ted Kennedy, agus Bobby ar feadh tréimhse ghearr chomh maith, ag brú na reachtaíochta seo chun cinn, in ómós do JFK, a feallmharaíodh, ar ndóigh, i mí na Samhna, 1963.
“Dá gcuirfí ceist orm cén tionchar domhain, fadtéarmach atá muintir Chinnéide tar éis a imirt ar Mheiriceá, luafainn an inimirce,” a deir Maier. Rinne sé tagairt don mhéid a bhí le rá ag Ted Kennedy le déanaí, nuair a cuireadh in iúl dó go raibh an Poblachtánach Arnold Schwarzenegger díreach tofa mar ghobharnóir ar Chalifornia:
“Léiríonn toghadh Arnold go bhfuil muid ag maireachtáil go cinnte i náisiún inimirceach.” Deir Maier go bhfuil teideal leabhar JFK ó 1958 mar chuid go fóill den dioscúrsa náisiúnta i Meiriceá.
Tá cur síos ag Maier chomh maith ar an tslí a rachadh Bobby Kennedy - agus fiú JFK adharcach féin - i dtuilleamaí an chreidimh in am an ghátair.
Nuair a cuireadh ceist ar Maier cén dóigh a bhféadfadh muintir Chinnéide réiteach a dhéanamh idir an creideamh láidir Caitliceach a bhí acu agus na blianta fada de mhídhílseacht ina bpóstaí agus de bhaoisiompar i gcúrsaí gnéis, dúirt sé go dtugann sé seo léargas grinn ar chomh casta is atá cúrsaí san Eaglais Chaitliceach i Meiriceá. Bhí go leor teaghlach eile le cois mhuintir Chinnéide ag streachailt lena gcreideamh, a deir sé.
Rose Kennedy
Tá cuntas mion, atá ar fheabhas ar fad, i leabhar Maier ar an chaidreamh rómansúil cinniúnach a bhí ag Kathleen “Kick” Kennedy, a thit i ngrá agus a phós Protastúnach a bhí gaolta le teaghlach ríoga na Breataine. Ní hamháin go bhfuair a fear céile bás i laethanta deireanacha an Dara Cogadh Domhanda, ach ní raibh maitriarc an teaghlaigh, Rose, sásta riamh maithiúnas a thabhairt dá hiníon as, mar a chonacthas dise é, a reiligiún a thréigean. (Maraíodh Kick í féin ina dhiaidh sin i dtimpiste eitleáin.)
Tá an cur síos atá ag Maier ar an mhatriarc Rose, a bhí thar a bheith cráifeach, an-chaolchúiseach, agus cé go mbaineann sé suaitheadh as an léitheoir uaireanta, is díol spéise an-mhór an méid atá ráite fúithi.
Is léir go gcuireann sé isteach go mór ar Maier go bhfuil a bheag déanta ag go leor tráchtairí de Chaitliceachas Éireannach mhuintir Chinnéide, agus go bhfuil íomhá cothaithe díobh mar Ghallbháigh. Ar ndóigh, is minic a chuir muintir Chinnéide iad féin a bhfréamhacha i bhfolach. Tar éis an tsaoil, ba é an frith-Chaitliceachas a chonaic Joe le linn fheachtas uachtaránachta Al Smith i 1928 a chuir ina luí air nach bhféadfadh sé féin seasamh don uachtaránacht go deo. Agus léiríonn an méid atá le rá ag Maier faoi fheachtas JFK i 1960 go raibh ceist seo an Chaitliceachais tábhachtach fiú ag an am sin.
Tá bearnaí móra i gceist sa chur síos atá ag Maier ar an chéad ghlúin de mhuintir Chinnéide a chuir fúthu sna Stáit Aontaithe de bharr, is dócha, nach bhfuil teacht ar na taifid. Cruthaíonn sé, áfach, gur scéal gan bhunús atá sa scéal a deir gur bhuail Patrick Kennedy leis an bhean a phós sé ina dhiaidh sin, Brigid, ar an long agus é ar a bhealach ó Loch Garman go Bostún.
D’fhéadfaí a áiteamh, áfach, go bhfuil laigí ag baint leis an mhéid atá le rá ag Maier faoi na fir sa teaghlach, a n-andúil sa ghnéas agus a solúbthacht pholaitiúil. (Thacaigh siad le leithéidí Joe McCarthy sna caogaidí, ansin le Caesar Chavez sna seascaidí.) Tá sé de nós aige fosta aird a tharraingt ar chúlra Éireannach agus Caitliceach muintir Chinnéide an iomarca agus é ag iarraidh a n-iompar a mhíniú.
Mar sin féin, áfach, tugann leabhar Maier go leor sonraí chun eolais, agus tá cur síos den scoth ann ar naimhde agus ar chomhghuaillithe mhuintir Chinnéide, daoine mar an Cairdinéal Spellman, FDR agus Méara Bhostúin, James Michael Curley.
Tharraing an scéala atá ag Maier faoi fhonn a bheith ar Jackie lámh a chur ina bás féin tar éis mharú JFK aird na meán ar an leabhar le gairid. Ach ní scrúdú eile suarach ar “mhallacht mhuintir Chinnéide” é an leabhar seo. Is saothar é atá lán eolais, a bhfuil an-úire ag baint leis, agus a thugann léargas ní hamháin ar mhuintir Chinnéide ach ar thaithí na gCaitliceach, agus ar na tréithe is fearr agus is measa a bhaineann le Meiriceá.
Tá Tom Deignan ag obair mar eagarthóir agus mar cholúnaí leis an Irish Voice* i Nua-Eabhrac. Is iarléachtóir ollscoile é. Foilsíodh a leabhar is déanaí, Coming to America: Irish Americans (Barron’s), níos luaithe sa bhliain.*