Féachann Tom Deignan siar ar shaol Pat Buckley, fear a d’fhág Wall Street le dul i mbun gairm eile ar fad.
Ag tús na nóchaidí, ba dhuine é Pat Buckley a bhí ag baint amach cáile do féin ar Wall Street. Bhí sé ar dhuine de na mílte fear agus bean a dhingeadh isteach i dtraein fhothalún uimhir 4, a d’iompraítí ar luas lasrach go híochtar oileán Manhattan, agus a thuirlingíodh ag stop Bowling Green.
Dala go leor dá chomhoibrithe, bhí caighdeán maith maireachtála ag Buckley; d’óladh sé cúpla pionta tar éis na hoibre agus bhaineadh sé sult as cluichí spóirt ag an deireadh seachtaine.
Bhí saol rúnda ag Buckley, áfach, bhí sé difriúil mar dhuine. Ba léiriú air sin an méid a thiteadh amach ag am lóin. I rith an Charghais, timpeall deich mbliana ó shin, a rinne Buckley a bhealach den chéad uair chuig an séipéal beag Caitliceach atá suite trasna na sráide ó Chríochfort Bhád Farantóireachta Staten Island. Tá an teach pobail seo ainmnithe as Elizabeth Ann Seton, an chéad naomh a rugadh i Meiriceá.
Ansin, nuair a chuaigh sé i mbun poist nua, thosaigh Buckley ag triall ar Shéipéal Naomh Peadar ar Barclay Street, an chéad pharóiste Caitliceach a bunaíodh riamh i Nua-Eabhrac. In ainneoin go raibh an-rath air i saol an airgeadais, ní fhéadfadh Buckley diúltú a thuilleadh don ghairm a chuala sé an chéad lá riamh agus é ag éirí aníos mar pháiste de chuid inimirceach Éireannach i gceantar Yorkville i Manhattan.
“Déanann Dia tú a threorú ina shlí féin,” a dúirt Buckley. “Bíonn a fhios aige cathain a bhíonn tú réidh. Tá sé ag brath ortsa fios a bheith agat ansin go bhfuil tú réidh.”
Le linn dó a bheith ag freastal ar na seirbhísí sin ag am lóin, shocraigh Pat Buckley go raibh sé réidh le dul leis an tsagartóireacht. An mhí seo, tá deireadh ag teacht le cuid dá aistear fada mar go mbeidh sé ar dhuine de cheithre fhear déag a dhéanfar a oirniú mar shagairt san Eaglais Chaitliceach.
“Sna nóchaidí, bhíodh na fir a bhí thart orm ag rá: ‘Pósfar tú gan mhoill, beidh páistí agat, agus tosóidh tú ag taisteal isteach sa chathair ó na bruachbhailte’,” a chuimhnigh Buckley, atá bliain is daichead d’aois, le gairid. “Bhí mé ar collision course. Bhí Dia ag rá: ‘An bhfuil tú ag brath seo a dhéanamh nó nach bhfuil?’”
Roinnt mhaith blianta ó shin, ábhar inspioráide a bheadh i scéal Buckley, ach ní bheadh sé ró-neamhghnách. Le blianta beaga anuas, áfach, tá an Eaglais Chaitliceach sna Stáit Aontaithe, agus in Éirinn, cráite ag scannail. Deirtear go bhfuil laghdú tagtha i líon na ngairmeacha, agus tá dochar mór déanta do mhuinín daoine as an Eaglais.
Le tamall anuas freisin, tá an díospóireacht faoi scannán mór-ráchairte Mel Gibson, The Passion of The Christ, tar éis aird daoine a tharraingt ar na gnéithe is measa de chúrsaí reiligiúin - an éadulaingt agus an fuath seanbhunaithe.
Cuireann scéal Buckley i gcuimhne do dhaoine an chumhacht a bhaineann le creideamh, ag am nuair atá go leor ag ceistiú cuid d’airteagail bhunúsacha an Chaitliceachais; cuireann sé i gcuimhne do dhaoine chomh maith gurb é atá i gceist leis an Eaglais Chaitliceach ná friotháil ar na daoine breoite, na bochtáin agus na díbeartaigh, seachas líomhaintí maidir le mí-úsáid ghnéasach agus cur i bhfolach coireanna amháin.
Bhí Buckley i lár a chuid staidéir mar chléireach i gcampus Dunwoodie i gColáiste Naomh Iosaef i Yonkers nuair a bhí na scannail ghnéis ba mheasa a raibh baint ag an Eaglais leo sna ceannlínte. Níor chuir seo isteach ar a chreideamh ar dhóigh ar bith, áfach.
“Rinne sé mo ghairm ní ba láidre, fiú, fanacht sna sagairt,” a dúirt Buckley. “Éireoidh an Eaglais níos láidre mar gheall ar an mhéid atá tar éis titim amach.”
Tuismitheoirí Éireannacha
Cé go bhfuil creideamh láidir daingean ag Buckley (ar Déagánach é go dtí go n-oirnfear é ar an 15 Bealtaine) anois, tá sé sásta a admháil go raibh a shlí go dtí an tsagartóireacht fada agus casta. Thosaigh sé taobh amuigh den Ómaigh, Contae Thír Eoghain agus Caisleán an Chomair i gCill Chainnigh, áit arb as a mháthair agus a athair, faoi seach.
Bhí athair Buckley ag obair do chomhlacht soláthraithe leictreachais in Éirinn, ach, dala na mná a phósfadh sé ina dhiaidh sin, Alice Devlin, thug sé aghaidh ar na Stáit Aontaithe chun saol níos fearr a bheith aige.
Bhí sé oiriúnach go maith go bhfuair an t-athair post le Con Edison. Bhí a mháthair fostaithe mar chócaire agus mar ghlantóir tí.
“Do dhaoine a raibh cónaí orthu i dtithe deasa ar Park Avenue,” arsa Buckley, agus é ag gáire.
Bhuail an bheirt inimirceach óga le chéile in áit cháiliúil Éireannach, Teach Jaegar ar East 85th Street. Shocraigh siad síos le chéile i Yorkville san Upper East Side, áit a bhfuil cáil uirthi mar cheantar Gearmánach, cé go raibh neart Éireannach, Iodálach agus Ungárach ann chomh maith.
B’oibrithe Éireannacha iad cuid cairde mhuintir Buckley “a chuaigh ag damhsa oíche Dé Sathairn agus go teach an phobail maidin Dé Domhnaigh,” arsa Buckley, a rugadh díreach roimh Lá Fhéile Pádraig, go mall sa tráthnóna, an 16 Márta, agus ar baisteadh Patrick Felix air. Tá deartháir níos sine aige, Jim, agus beirt deirfiúracha atá níos óige ná é, Maryann agus Alicia.
Bhí an-tóir ar an spórt - agus ar an reiligiún - i dteach mhuintir Buckley. Tá íomhá óna óige, a mheascann an dá rud sin le chéile, i bhfastó go daingean in intinn Buckley.
“B’fhéidir gurb é an chúis go ndeachaigh mé leis an tsagartóireacht,” a deir Buckley, “ná gur ghnách liom féachaint ar m’athair maidin Dé Domhnaigh roimh ár gcluichí sacair. Fear crua Éireannach a bhí ann, a théadh sé síos go humhal ar a ghlúine chun a phaidreacha a rá.”
Ba shagart uncail de chuid Pat agus théadh seisean ar thurais le Pat nuair a bhí sé ag freastal ar scoil ghramadaí Naomh Ignatius Loyola.
“Níor chuir sé ceist riamh orm ar smaoinigh mé ar dhul leis an tsagartóireacht,” a dúirt Buckley. Ach mheas Buckley ag an am gur saol maith a bhí i saol an tsagairt agus chonaic sé nach raibh aiféala ar a uncail riamh go ndeachaigh sé sna sagairt. “Is dócha go raibh sé i gcúl m’intinne ar feadh na mblianta ach nár bhac mé leis ar feadh i bhfad.”
Bhí spórt na hÉireann mar chuid thábhachtach d’óige Buckley. Thugadh an t-athair na buachaillí go Gaelic Park, nó amach go dtí an “Riviera Éireannach”, Rockaway Beach, chun liathróid láimhe a imirt.
Fiú agus gan é ach ag dul i mbun staidéir in Ardscoil Xavier, bhíodh Pat le feiceáil ag féachaint ar chluichí Arsenal sa Kinsale Tavern, nó ag imirt sacair i Central Park.
D’fhreastail Buckley ar Providence College i Rhode Island, áit ar imir sé sacar chomh maith, agus bhain sé céim amach i gcúrsaí gnó i 1986.
Go dtí an lá inniu féin, is cúis iontais é do Buckley an dóigh ar éirigh lena thuismitheoirí a gceathrar páistí a chur chuig scoileanna Caitliceacha. Bhíodh an t-athair ag obair do Con Ed i rith na seachtaine agus ansin dheineadh sé obair chothabhála i roinnt foirgneamh ag an deireadh seachtaine.
“Chaith m’athair a chuid airgid go léir ar ár n-oideachas,” a dúirt Buckley.
B’fhéidir gur mar gheall ar chúrsaí airgid - bhí na mílte dollar d’iasachtaí mic léinn le híoc ar ais aige - a thug Buckley aghaidh ar Wall Street tar éis dó an chéim a bhaint amach. Ach níorbh é an caipitleachas gan anam a d’athmhúscail suim Buckley sa tsagartóireacht. Deir sé gur daoine dícheallacha agus ionraice, den chuid is mó, an dream a raibh sé ag obair leo, daoine a raibh cion acu ar a dteaghlach agus ar theastaigh deimhneacht uathu ina bpost. Bhí rud eile ar fad, áfach, ag teastáil ó Buckley. Agus, mar sin, thosaigh sé a chuardach le linn a shosanna lóin.
Mar sin a thosaigh Buckley aistear ina mbeadh seacht mbliana foghlama, oiliúna agus - an rud is tábhachtaí ar fad - guí.
“An rud lárnach ná cothromaíocht,” a dúirt Buckley. Tá sé den tuairim go gcaithfidh mic léinn na cliarscoile a bheith in ann déileáil le nithe domhaine spioradálta mar aon le nithe intleachtúla. “Má ligeann tú do cheann amháin an ceann eile a shlogadh, ní oibríonn sé.”
Sásamh
Faigheann Buckley an sásamh is mó óna chuid oibre i scoileanna, in ospidéil agus i bpríosúin.
“Mura bhfuil tú sa ghairm leis an obair sin a dhéanamh, níor cheart duit a bheith ann ar chor ar bith,” a dúirt sé go giorraisc.
Agus ba í an obair seo a thug an misneach dó leanúint ar aghaidh, in ainneoin na mioscaise a chothaigh na scannail ghnéis go léir.
“Bhí sé deacair féachaint ar nuachtán agus léamh faoi sheisear sagart a bheith curtha ó chóta. B’fhéidir go raibh aithne agat ar na sagairt seo, b’fhéidir go ndeachaigh tú chucu i gcomhair faoistine.”
Ach molann Buckley reachtaire na cliarscoile, an Msgr. Peter Finn, de bharr go raibh sé sásta na ceisteanna go léir - spioradálta, polaitiúil, morálta - a d’eascair as na scannail a phlé lena chuid mac léinn.
“In ainneoin go bhfuil oiread scannal amuigh ansin, is rúndiamhair é go bhfuil daoine fós ag guí ar do shon, agus ag iarraidh ort a bheith ag guí ar a sonsan.”
Is cinnte go mbeidh neart paidreacha á rá nuair a dhéanfaidh an tAthair Buckley a chéad Aifreann a cheiliúradh ar an 16 Bealtaine i séipéal Naomh Eilís na hUngáire ar 85th Street i Manhattan. Faoin am sin, beidh a chlúdach litreach faighte ag Buckley ina gcuirfear in iúl dó cén áit san Ard-deoise a mbeidh sé ag obair sna blianta atá amach romhainn.
“D’fhéadfainn a bheith ag dul go Staten Island, nó i bhfad ar shiúl go Ulster County,” a dúirt sé.
Idir an dá linn, tá Buckley ag díriú a intinne ar cheiliúradh an chéad Aifrinn sin. Beidh go leor cairde dá chuid ag triall ar an chathair, agus beidh a theaghlach ansin, gan amhras. Ní chuideoidh sé seo ar dhóigh ar bith leis an ceann is fearr a fháil ar na nearóga.
Mar sin féin, tá sé ag gabháil chuige an lá, ar deireadh é le cuid dá thuras agus tús coda eile.
“Beidh mé ag glacadh áit Chríost thuas ansin ar an altóir,” a dúirt Buckley. “Ní mé an cléireach altóra beag a thuilleadh, ar gá dó suí ar leataobh.”
Tá Tom Deignan ag obair mar eagarthóir agus mar cholúnaí leis an *Irish Voice i Nua-Eabhrac. Is iarléachtóir ollscoile é. Foilsíodh a leabhar is déanaí, Coming to America: Irish Americans (Barron’s), anuraidh.*