AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Bean a tháinig chun fóirithinte ar na hÉireannaigh aimsir an Ghorta
Tom Deignan Tom Deignan Tom Deignan

Tá leabhar díreach léite ag Tom Deignan faoi Phrotastúnach mná as na Stáit Aontaithe a tháinig i dtarrtháil ar na hÉireannaigh ar an dá thaobh den Aigéan Atlantach i mblianta an Ghorta Mhóir.

Íomhá
Léaráid de bhean ag lorg déirce ón Illustrated London News, 13 Feabhra, 1847
Íomhá
Pictiúr de bhothán Éireannach ón Pictorial Times, 22 Lúnasa, 1846
Íomhá
Éireannaigh díreach tar éis Nua-Eabhrac a bhaint amach

Ní cúis iontais ar bith a bheadh ann dá mba rud é go raibh na hinimircigh Éireannacha a tháinig go Nua-Eabhrac sna 1830í agus 1830í amhrasach faoi Asenath Nicholson. Ba Phrotastúnach í a rugadh i Vermont agus bhí sé mar aidhm aici an leagan Protastúnach den dea-scéala a scaipeadh, ag tréimhse nuair a bhí an frith-Chaitliceachas thar a bheith láidir.

B’as an Bhíobla a tháinig ainm baiste Nicholson, go fiú. Ba í Asenath an bhean a thug an Fáró d’Iósaf.

Sa lá atá inniu is dócha gurb é an cur síos taircaisneach a thabharfaí ar dhuine mar Nicholson ná “starry-eyed liberal granola head”. Bhí teach lóistín d’fheoilséantóirí aici agus thug sí tacaíocht do go leor cúiseanna forásacha. Chuir an tslí a raibh sí chomh hoscailte sin maidir le creidimh eile isteach ar a comh-Phrotastúnaigh fiú.

Níos tromchúisí fós, bhí sí ina ball de pháirtí Poblachtánach na Stát Aontaithe agus throid sí go láidir le deireadh a chur leis an sclábhaíocht i Meiriceá. Sa lá atá inniu ann, ar ndóigh, ní ceist chonspóideach í sin. Ach sna 1840í, ní raibh spéis dá laghad ag go leor de na hinimircigh Éireannacha - ar lucht leanúna díograiseacha de chuid an Pháirtí Dhaonlathaigh iad - a bheith ag plé na sclábhaíochta i stáit an deiscirt, páirt den tír a bhí i bhfad uathu. Theastaigh postanna agus dídean uathu, agus theastaigh uathu go gcothófaí iad. Dealraíonn sé gur chuir Daonlathaigh Tammany Hall an méid sin ar fáil dóibh.

An rud a dhéanann an scéal seo casta ná go raibh Asenath Nicholson sásta na hÉireannaigh a chothú chomh maith, agus gan an chaimiléireacht a bhí i gceist i gcás Tammany ó am go chéile.

“Ba le linn cuairte ar shluma Five Points a chas Nicholson le hÉireannaigh bhochta Nua-Eabhrac i dtosach,” a deir an tOllamh Maureen Murphy ó Ollscoil Hofstra in eagrán nua de leabhar thar a bheith suimiúil atá díreach foilsithe sna Stáit Aontaithe dar teideal Ireland’s Welcome to the Stranger (Dufour). Tá cur síos sa leabhar ar chuairt cúig mhí dhéag a thug Nicholson ar Éirinn “chun an bhail a bhí ar bhochtáin na hÉireann a fhiosrú”.

Go deimhin, ó Nua-Eabhrac go hiarthar na hÉireann, tá ceann de na cuntais is fearr agus is géarchúisí sa chéad phearsa ag Nicholson, dar le go leor daoine, ar na hÉireannaigh ar an dá thaobh den Aigéan Atlantach, ag am a raibh ar an tír dul i ngleic leis an dúshlán ba mhó a bhí riamh aici, b’fhéidir.

Mar a luann Murphy, dúirt Frank O’Connor sa leabhar A Short History of Irish Literature go raibh cur síos Nicholson ar thréimhse an Ghorta Mhóir ar cheann de na cuntais is fearr dá raibh ann. (Ba é dírbheathaisnéis William Carleton an ceann eile a d’ainmnigh sé.)

Turas go hÉirinn

Tar éis a cuid oibre misin i ngeiteo uafásach an Five Points, “ní taisme ar bith é gur go hÉirinn a thug a céad turas soiscéalach thar lear Nicholson,” a scríobhann Murphy.

Ba dhuine corr go maith í, d’fhéadfá a rá. Thaistil Nicholson ar fud na tuaithe i gcóta geal ina raibh spotaí polca agus boinéad veilbhit, ag canadh iomann agus ag léamh ón Bhíobla.

Ach, de réir an Ollaimh Murphy, bhí tréithe go leor eile seachas an choirre ag baint le Nicholson, agus tá a cuid oibre - sóisialta agus liteartha - fós luachmhar sa lá atá inniu ann.

“Is in Ireland’s Welcome to the Stranger a fhaigheann muid cur síos ar bhotháin Éireannacha agus saol laethúil bhochtáin na tuaithe, a ndearnadh scrios iomlán orthu, beagnach, aimsir an Ghorta. Tá cur síos Nicholson luachmhar, mar chun tuiscint cheart a fháil ar iarmhairtí na mblianta tragóideacha sin, is gá go mbeadh a fhios ag duine céard a chaill na teaghlaigh agus na pobail.”

Tá an méid seo le rá ag Murphy fosta: “Agus tá finéid aici nach bhféadfá dearmad a dhéanamh orthu: an fháilte a cuireadh roimpi sna botháin, comhráite deisbhéalacha, an damhsa a eagraíodh mar chomhartha ómóis di i mBaile Eoin, an tsiúlóid trasna sléibhe i gCiarraí le buachaill bó, mná na tuaithe ag bailiú feamainne ar thrá i gCiarraí agus Nicholson ag bualadh le páistí scoile.”

Go deimhin, mar a thugann teideal an leabhair le fios, in ainneoin an drochshaoil cuireadh fáilte chroíúil roimh Nicholson sa tsochaí tuaithe seo, cé gur Mheiriceánach agus Phrotastúnach í i dtír Chaitliceach.

Ach bhí níos mó ná “breathnadóireacht” ar siúl ag Nicholson. Bhunaigh sí teach súip agus oifig chun airgead a bhailiú i mBaile Átha Cliath, agus chabhraigh sí leo siúd a bhí ag dáileadh min bhuí ar na daoine a bhí ag streachailt leis an saol ag tús an Ghorta.

Cuireann Nicholson an méid seo i gcuimhne dúinn: cé gur theith na milliúin as Éirinn agus gur thug siad aghaidh ar Mheiriceá agus ar áiteanna eile, bhí go leor ann nár éirigh leo é sin a dhéanamh.

“Chuir go leor daoine ar bhuail sí leo in iúl di gur theastaigh uathu dul ar imirce go Meiriceá ach nach raibh siad in ann é sin a dhéanamh de bharr an bhochtanais,” a deir Murphy.

Is cuntas é Ireland’s Welcome to the Stranger a osclóidh na súile ag daoine, cuntas ar thaithí na nÉireannach ar dhá thaobh an Aigéin Atlantaigh, arna insint ag bean fhíorspéisiúil.

Bhí a fhios ag Nicholson, a fuair bás i Jersey City in 1855, go raibh go leor dá cairde den tuairim go raibh sí as a meabhair de bharr gur chaith sí oiread ama in Éirinn. Ach, mar a dúirt sí lá amháin, agus í ag ligean a taca le balla i nGaillimh agus scíth á tógáil aici le faoiseamh a thabhairt dá cosa spuaiceacha, ní raibh an dara rogha aici:

“Should I sleep the sleep of death, with my head pillowed against this wall, no matter. Let the passer-by inscribe my epitaph upon this stone… It shall only be a memento that one in a foreign land loved and pitied Ireland, and did what she could to seek out its condition.”

Tá Tom Deignan ag obair mar eagarthóir agus mar cholúnaí leis an Irish Voicei Nua-Eabhrac. Is iarléachtóir ollscoile é. Foilsíodh a leabhar is déanaí, Coming to America: Irish Americans (Barron’s), anuraidh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.