Measann Tom Deignan nach cúis iontais ar bith é go bhfuil ráchairt chomh mór sin ar leabhair mar gheall ar na bithiúnaigh Éireannacha sna Stáit Aontaithe nuair a smaoiníonn tú an saghas saoil a chaith go leor acu.
B’fhéidir gurb é Whitey Bulger as Bostún an bithiúnach deireanach Éireannach atá ar a sheachnadh ón dlí. Ach anseo sna Stáit Aontaithe tá an chuma ar an scéal go bhfuil an spéis atá ag daoine i stair na mbithiúnach Éireannach ag fás i gcónaí.
Is é an leabhar *Paddy Whacked: The Untold Story of the Irish American Gangster *leis an údar Gael-Mheiriceánach TJ English an fhianaise is nua go bhfuil sé sin amhlaidh.
Ní seo an chéad leabhar ó pheann English mar gheall ar an choireacht eagraithe Ghael-Mheiriceánach. Ag deireadh na n-ochtóidí, nuair nach raibh sé ag tiomáint tacsaí le hairgead breise a shaothrú, thosaigh English ag scríobh faoi thriail iomráiteach Mickey Featherstone agus drong Éireannach na Westies a bhí ag feidhmiú sa West Side i Manhattan.
Bhí a fhios ag English ar an toirt go bhféadfaí leabhar den scoth a scríobh faoi na carachtair iontacha Éireannacha seo, a gceangal leis an Mafia, agus a gcuid gníomhartha thar a bheith foréigneacha. Ba leabhar mór-ráchairte é *The Westies *nuair a foilsíodh é i 1990 agus roghnaigh an *New York Times *é mar fhoilseachán nótáilte.
Féachann English ina leabhar nua ar an choireacht eagraithe Éireannach i dtréimhsí éagsúla de stair na Stát Aontaithe, ó aimsir an Ghorta Mhóir anuas go dtí éalú dána Whitey Bulger ó na húdaráis fheidearálacha. Tá cur síos ar Tom Pendergast ó Kansas City, ar dheachtóir é dar le daoine áirithe agus ar dhuine maith é dar le daoine eile, a chuidigh le Harry Truman dul chun cinn a dhéanamh i réimse na polaitíochta. Tá cuntas ar Mickey Spillane, an *“gentleman gangster” *as an West Side i Nua-Eabhrac a bhfuil mistéir ag baint lena mharú, a raibh carachtar Tom Hanks sa scannán *Road to Perition *cosúil go maith leis, dar le daoine áirithe.
Tá scéal Vincent Coll ann, an fear a raibh an leasainm “Mad Dog” tuillte go maith aige.
Agus scéal Danny Greene, a d’úsáid a cheangal leis na ceardchumainn agus pléascáin chun *niche *coiriúil a bhaint amach dó féin i gcathair nach raibh ró-Éireannach, Cleveland.
An bua is mó a bhaineann le leabhar English, áfach, ná go n-éiríonn leis an údar a léiriú gur fáisceadh na daoine claonaíocha seo, ar shlí éigin, ón tsaintaithí Ghael-Mheiriceánach ar fhág uafás an Ghorta Mhóir agus an naimhdeas a bhí i gceist sna cathracha móra i Meiriceá a rian uirthi.
Cúis iontais
Nuair a chuireann tú san áireamh an liosta dochreidte carachtar atá i gceist, is cúis iontais é gurb é seo an chéad leabhar ina bhfuil cur síos cuimsitheach ar an choireacht faoi choim Gael-Mheiriceánach.
Tá daoine áirithe den tuairim go mb’fhéidir go bhfuil rud beag náire ar na Gael-Mheiriceánaigh mar gheall ar an stair seo. Lena chois sin, nuair a tháinig The Godfather chun cinn tugadh tús áite don *Mafia *Iodálach sa chultúr coiteann, agus, dá bharr seo, bhí sé furasta neamhaird a thabhairt ar an bhithiúnach Éireannach.
Le blianta beaga anuas, áfach, tá roinnt mhaith ábhair curtha i gcló mar gheall ar bhithiúnaigh Éireannacha. I dtús báire, léiríodh spéis ollmhór i mBulger agus a chomhghleacaithe i mBostún, go háirithe tar éis an charabuaic a chothaigh a thriail agus a éalú. An bhliain seo chugainn, tá sé beartaithe ag an stáisiún cábla Showtime sraith a chraoladh dar teideal Brotherhood, bunaithe ar shaol Bulger agus saol a dheartháir ar pholaiteoir cumhachtach é.
Ansin, bhí scannáin de chuid Hollywood ann, ar nós Road to Perdition, mar aon le scannán Martin Scorsese, Gangs of New York. In úrscéal Elizabeth Gaffney, Metropolis, a foilsíodh le déanaí, tugtar an léitheoir ar thuras treoraithe trí dhomhan faoi choim Nua-Eabhrac, agus tá cur síos grinn ar an drong Éireannach mhícháiliúil sin, na Whyos. Agus sna míonna atá romhainn, coinnigh do shúil amach do chuimhní cinn John “Red” Shea, a bhfuiltear ag súil go mór leo, agus a bhfuil an teideal *Rat Bastards: The True Story of the South Boston Irish Mob by the Only Insider Who Never Informed *orthu.
Ar deireadh, cúpla mí ó shin, bhí na fíricí agus an ficsean ag sáraíocht lena chéile i gcás cúirte i Manhattan a raibh mobsters *agus aisteoirí Éireannacha agus Iodálacha páirteach ann. I scéal a chuirfeadh scigaithris ar na *mobsters *agus ar Hollywood i gcuimhne duit, dealraíonn sé gur thug an ceannaire mícháiliúil sin de chuid an *mob, John Gotti, ordú don aisteoir Mickey Rourke gan páirt a ghlacadh i scannán faoi na Westies a bhí beartaithe.
“Dúirt John le Mickey gan páirt a ghlacadh sa scannán, murar mhiste leis,” a dúirt Michael DiLeonardo (ar a dtugtar Mikey Scars chomh maith) leis an ghiúiré le linn chás cúirte Peter Gotti (deartháir John), a bhfuil sé curtha ina leith gur ball den *mob *é, i Manhattan níos luaithe i mbliana.
Dar le DiLeonardo gur chuir John Gotti ina luí ar Rourke gan an ról a ghlacadh sa scannán faoi na Westies mar gur chreid Gotti go gcuirfeadh an scannán droch-chuma ar chuid dá shaighdiúirí dílse.
De réir dealraimh, ba chairde iad Rourke agus Gotti – cineál de. Chas an t-aisteoir, a bhfuil clú an bhuachalla dhána air le fada, leis an choirpeach ag deireadh na n-ochtóidí i mbialann ardnósach ar an Upper East Side i Manhattan. Ag an am sin, bhí an-tóir ar Rourke tar éis dó bheith páirteach i gcúpla scannán *“edgy”, *an pictiúr bogphornagrafach 9 1/2 Weeks le Kim Basinger san áireamh.
Ach bhí niche bainte amach ag Rourke dó féin fosta i bpictiúir faoi bhithiúnaigh Nua-Eabhrac. I 1984, bhí páirt aige mar mhionchoirpeach a bhí féachaint le dul chun cinn a dhéanamh, sa scannán The Pope of Greenwich Village.
Mar sin, céard a rinne Rourke nuair a chuir Gotti *ceist *air, mar dhea, ar mhiste leis gan páirt a ghlacadh sa scannán faoi na Westies?
Ghlac Rourke le comhairle Gotti. Dar le DiLeonardo gur theastaigh ó Rourke bheith ar an taobh cheart de Gotti.
D’fhéadfá a rá gur tairiscint a bhí sa ról seo sa scannán a *bhféadfadh *Éireannach diúltú dó.
Tá Tom Deignan ag obair mar eagarthóir agus mar cholúnaí leis an *Irish Voice i Nua-Eabhrac. Is iarléachtóir ollscoile é. Foilsíodh a leabhar is déanaí,* Coming to America: Irish Americans* (Barron’s), anuraidh.*