Féachann Tom Deignan siar ar dhá chonspóid a bhí go mór sa nuacht i Nua-Eabhrac le linn na Féile Pádraig i mbliana.
B’fhéidir gur chuala tú faoin raic a bhí ann mar gheall ar Rannóg Doiteáin Chathair Nua-Eabhrac (FDNY) ag paráid Lá Fhéile Pádraig? Ní ligfeadh an dream atá i gceannas ar an rannóg do ghrúpa fear dóiteáin as na Bronx a gcuid bairéad cáiliúil glas a chaitheamh agus iad ag siúl suas Fifth Avenue i Manhattan. Dúirt siad gur cheart do na fir dhóiteáin go léir cloí leis an éide oibre atá á caitheamh acu le fada anois. Rinneadh go leor plé ar an cheist anseo sna Stáit Aontaithe.
An rud nár tugadh mórán airde air ná conspóid eile, i bhfad níos tromchúisí, b’fhéidir, a raibh baint aici le dath chomh maith, a tháinig chun cinn le linn shéasúr seo na Féile Pádraig atá díreach críochnaithe.
Spreag cuid den dream atá i gceannas ar Roinn Oideachais Chathair Nua-Eabhrac (DOE) fostaithe de chuid na Roinne leis an dath oráiste a chaitheamh ar feadh coicíse i lár mhí an Mhárta. Bhí an chúis a luaigh siad neamhurchóideach go leor. Iarracht a bhí ann, a dúirt oifigigh an DOE, cur i gcuimhne do thuismitheoirí baint a bheith acu le toghcháin na Comhairle Oideachais atá le bheith ar siúl gan mhoill ar fud na cathrach.
Ach ní fhéadfaí an t-ordú oráiste seo, mar a déarfá, a thabhairt ag am ní ba mheasa. I gcodanna áirithe den domhan, d’fhéadfadh sé go leor trioblóide a tharraingt ar dhuine dá bhfeicfí é ag caitheamh éadaí oráiste Lá Fhéile Pádraig. Ach, de réir dealraimh, níor thuig cuid oifigeach an DOE ar chor ar bith an pháirt achrannach atá ag dathanna i stair na hÉireann.
“Níor cuireadh iachall ar dhuine ar bith an dath oráiste a chaitheamh,” a dúirt urlabhraí de chuid an DOE ina dhiaidh sin. “Moladh cairdiúil a bhí ann a cuireadh faoi bhráid chomhordaitheoir na dtuistí i ngach scoil phoiblí chun cur i gcuimhne do na tuismitheoirí dul amach agus vóta a chaitheamh i dtoghcháin na Comhairle Oideachais.”
Ceart go leor. Níl cúis ar bith go gcuirfí biogóideacht fhrith-Éireannach i leith oifigigh an DOE díreach toisc gur mian leo go mbeadh tuismitheoirí páirteach i dtoghcháin a bheas ar siúl go luath.
Os a choinne sin, d’fhéadfadh duine a shamhlú go mbeadh conspóid ollmhór ann dá mba rud é gur grúpa eitneach eile a bheadh i gceist a bhfuil líon níos mó scoláirí aige i scoileanna poiblí na cathrach. Seo iad na daoine, tar éis an tsaoil, a bhfuil an cúram orthu an stair a mhúineadh d’aos óg na cathrach. Mura bhfuil a fhios acu gur masla é do na hÉireannaigh an dath oráiste a chaitheamh Lá Fhéile Pádraig, ba cheart go mbeadh a fhios.
Lig dom ráiteas iomlán nochta a dhéanamh anseo anois. Is múinteoir ardscoile i Nua-Eabhrac mé féin. Níl suim agam a bheith ag caitheamh anuas ar oifigigh ar comhoibrithe de mo chuid iad nó atá i gceannas orm.
Cé nach bhfuil mórán scoláirí Éireannacha fágtha i scoileanna poiblí Nua-Eabhrac, tá go leor fostaithe Gael-Mheiriceánacha iontu agus tá coiste Léinn Éireannaigh an-ghníomhach i gceardchumann na múinteoirí.
An tátal atá le baint as conspóidí an FDNY agus an DOE, dar liom féin, ná, in ainneoin nach bhfuil oiread Éireannach ag cur fúthu i Nua-Eabhrac níos mó, go bhfuil siad cumhachtach go leor go fóill le conspóidí mar seo a ghiniúint. Agus ní dóigh liom gur drochrud ar bith é sin.
Praiseach
B’fhearr le cuid de na daoine, ar ndóigh, mura mbeadh praiseach éigin i gceist gach Lá Fhéile Pádraig. Maidin Lá Fhéile Pádraig, ar chlár raidió Howard Stern, a thugann léargas an-mhaith ar chúrsaí i gcónaí, dúirt duine a bhíonn le cloisteáil air go minic, “Gach bliain bíonn conspóid amaideach éigin againn.” Bhí sé, ar ndóigh, ag tagairt don raic atá ann faoi láthair mar gheall ar an FDNY agus d’achrainn eile a bhí ann roimhe seo mar gheall ar chosc bheith ar dhaoine aeracha máirseáil suas Fifth Avenue.
Bheadh fonn ort féachaint ar chúrsaí mar sin, ar ndóigh. Níl sé ró-iontach do chultúr bheith sáite in argóintí mar gheall ar bhairéid nó fíricí reiligiúnda míthaitneamhacha nó dathanna a smaoinítear orthu de ghnáth i gcomhthéacs bosca crián.
Ach an bhfuil a fhios agat seo? Sílim gur rud maith é gur féidir leis na hÉireannaigh i Nua-Eabhrac na ceannlínte a bhaint amach go fóill. Níos tábhachtaí fós, tá áthas orm go bhfuair mé amach nár thosaigh na fir dhóiteáin sin a chaitheamh na mbairéad glas an chéad lá riamh mar nós a bhí ar aon dul leis an nós atá ag daoine beoir ghlas a ól. Tá scéal daonna corraitheach taobh thiar de na bairéid chéanna. Thosaigh máthair chéile fir dhóiteáin á ndéanamh do theach amháin sna Bronx sna 1970í agus lean an nós ar aghaidh ón am sin. Is rud iontach é sin agus b’amaideach an mhaise dóibh siúd atá i gceannas ar an FDNY iarracht a dhéanamh cur isteach ar an nós. Déantar rialacha ar bith maidir leis na coirníní amaideacha sin nó na pionnaí a bhfuil “Kiss me, I’m Irish” scríofa orthu. Ach is éard a bhí sna bairéid sin ná slí le cur i gcuimhne do dhaoine an méid atá déanta ag na Gael-Mheiriceánaigh do Chathair Nua-Eabhrac. Agus tá sé sin tógtha uainn anois.
Ar aon nós, tá súil againn nach é oráiste an dath a roghnófar an chéad Lá Fhéile Pádraig eile, is cuma cén t-imeacht nó cúis atá oifigeach éigin sa DOE ag iarraidh a phoibliú.
Ach má tá cúpla duine tar éis rud éigin a fhoghlaim faoi stair achrannach thrídhathach na hÉireann, b’fhéidir gurbh fhiú don raic ar fad a bheith ann.
Fiú tar éis na mblianta ar fad atá imithe thart, táimid go léir ag foghlaim, go fóill, faoi na hÉireannaigh.
Tá Tom Deignan ag obair mar eagarthóir agus mar cholúnaí leis an *Irish Voice i Nua-Eabhrac. Is iarléachtóir ollscoile é. Foilsíodh a leabhar is déanaí,* Coming to America: Irish Americans* (Barron’s), anuraidh.*