AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Titim tagtha ar líon na nÉireannach i Nua-Eabhrac
Tom Deignan Tom Deignan Tom Deignan

Tá sé níos deacra ná mar a bhí riamh ag na hÉireannaigh lonnú i Nua-Eabhrac, mar a mhínigh roinnt daoine a bhíonn ag obair le hinimircigh sa chathair do Tom Deignan.

Íomhá
Caife Éireannach ar Katonah Avenue
Íomhá
Tá saol na n-inimirceach Éireannach i Nua-Eabhrac níos deacra ó atoghadh George Bush mar uachtarán
Íomhá
Lá Fhéile Pádraig i Nua-Eabhrac

éagsúlacht nua ag baint le Katonah Avenue i gceantar Woodlawn sna Bronx, Nua-Eabhrac, ar cheantar Éireannach amháin é tráth; na laethanta seo, tá inimircigh as tíortha eile i mbun *delis, *siopaí crua-earraí agus gnólachtaí eile sa cheantar.

Nuair a chuireann tú san áireamh go bhfuil ilghnéitheacht ó thaobh inimirce de ar cheann de na tréithe is suntasaí a bhaineann le Nua-Eabhrac, is beag aird a thabharfaí ar athrú mar seo sa chuid is mó de na comharsanachtaí. Ach i bhfianaise na dtreochtaí le tamall anuas san inimirce Éireannach, tá ceisteanna á gcur faoi bhfuil i ndán don phobal Éireannach sna Bronx ó thuaidh, chomh maith le Woodside, Queens agus ceantair eile Éireannacha ar fud Nua-Eabhrac.

Roinnt seachtainí ó shin, bhí scéal mór ag an *New York Times *inar dúradh rud éigin a bhí ar eolas ag an chuid is mó de na daoine i bpobal Gael-Mheiriceánach na cathrach: tá na hÉireannaigh ag fágáil Nua-Eabhrac agus níl oiread acu ag teacht ar ais chun na cathrach.

“Ní fhaca muid an oiread seo daoine ag fágáil ó bhí lár na nóchaidí ann,” a dúirt Siobhan Dennehy, stiúrthóir an Emerald Irish Immigration Center (EIIC), eagraíocht a bhfuil oifigí aici i Woodlawn agus Woodside.

Is gá an cheist a chur anois: an léiriú iad cúpla siopa nua, nach cinn Éireannacha iad, go bhfuil deireadh ag teacht leis na hÉireannaigh mar phobal i Nua-Eabhrac?

D’aontaigh Dennehy agus roinnt daoine eile a cuireadh faoi agallamh le gairid leis an tuairim nach bhfuil Nua-Eabhrac chomh tarraingteach céanna mar áit chónaithe do na hÉireannaigh is a bhí, ar chúpla cúis.

Ina measc, tá na leasuithe drámatúla a rinneadh ar na dlíthe inimirce tar éis 9/11 agus an saibhreas nua atá le fáil in Éirinn na laethanta seo. Tá na fórsaí seo, agus cinn eile nach iad, i ndiaidh cur leis an titim i líon na nÉireannach i Nua-Eabhrac.

Ar ndóigh, tá sé dodhéanta teacht ar fhigiúirí cruinne. Ach deir roinnt comhlachtaí aistrithe Éireannacha go bhfuil siad gnóthach ceithre huaire is fiche sa lá, seacht lá na seachtaine. Agus tá na comharthaí “Ar díol” agus “Le ligean ar cíos” le feiceáil ar go leor de na tithe i gcomharsanachtaí Éireannacha.

Ach le cois na gceisteanna faoi na cúiseanna go bhfuil sé seo ag tarlú, tá ceisteanna deacra eile le freagairt, mar shampla: Cad go díreach is féidir a dhéanamh faoin titim seo i líon na nÉireannach i Nua-Eabhrac? Tá roinnt daoine, atá go mór i gcoinne inimircigh mhídhleathacha ar bith bheith sa chathair, ag cur ceiste ar cheart *rud ar bith *a dhéanamh faoin laghdú seo i líon na nÉireannach.

Ar aon nós, tá eagla ar dhaoine áirithe go bhfuil Nua-Eabhrac ag cailleadh a bhlas Éireannach den chéad uair ina stair 400 bliain.

“Sílim go bhfeicfidh muid meath ag teacht ar na comharsanachtaí Éireannacha atá fágtha,” a deir Clare Bennet, riarthóir leis an Irish Business Organization of New York, ar tháinig a tuismitheoirí féin go Meiriceá as Maigh Eo. “De bhrí nach mbeidh siad ábalta postanna a fháil nó na cinn atá acu a choinneáil, nó dul abhaile ar cuairt chuig a muintir, sílim go bhfeicfidh muid níos mó agus níos mó daoine ag filleadh ar Éirinn.

“Mura bhfuil Cárta Glas ag daoine sa tír seo anois, tá sé dodhéanta acu a saol a chaitheamh anseo, post ar bith a fháil, gan trácht ar chinn mheasartha. Agus sílim ó atoghadh Bush mar uachtarán, gur beag dóchas atá ann dóibh sna ceithre bliana atá amach romhainn.”

Níos fusa fanacht in Éirinn

Níl gach duine sa phobal Éireannach chomh héadóchasach céanna. Tá dream áirithe den tuairim gur féidir feabhas a chur ar chúrsaí trí bheith eagraithe ag an leibhéal gnó agus polaitiúil. Ach tá an chuid is mó acu den tuairim, mar sin féin, go bhfuil sé níos fusa ag an inimirceach Éireannach fanacht in Éirinn na laethanta seo.

Deir daoine eile go bhfuil níos mó i gceist ná ceisteanna mar gheall ar phostanna agus ceadúnais tiomána. Ó tharla 9/11, tá go leor cainte á dhéanamh ar ghníomhaíochtaí polaitiúla i measc na nÉireannach sna Stáit Aontaithe. Tá díbirt daoine mar gheall ar ghníomhaíochtaí polaitiúla, ar ndóigh, ina ceist mhór i measc an phobail Éireannaigh.

Díreach roimh an toghchán don uachtaránacht le gairid, scríobh comhghuaillíocht de ghrúpaí Gael-Mheiriceánacha litir oscailte chuig an Chomhdháil. Sa litir, cáineadh moltaí de chuid na Comhdhála a chuirfeadh, dar leo, ar chumas an rialtais inimircigh Éireannacha a dhíbirt ón tír dá léireodh siad tacaíocht don IRA agus d’úsáid arm i gcoinne spriocanna míleata. Cháin na grúpaí Gael-Mheiriceánacha moladh chomh maith a thabharfadh níos mó cumhachta don rialtas daoine nach saoránaigh iad a dhíbirt gan éisteacht nó idirghabháil cúirte.

Ba iad na grúpaí a sheol an litir ná the Ancient Order of Hibernians, Irish American Unity Conference, Irish Deportees of America Committee, Irish Northern Aid, Irish National Caucus, agus Lawyers Alliance for Justice in Ireland.

Tá go leor daoine buartha nach ndíreofar ar na hábhair imní atá ag na hÉireannaigh de bhrí gurb é Bush a bhuaigh an toghchán.

“Seo an chéad uair nach raibh muid ábalta fadhb chomh mór seo a shárú,” a deir Siobhan Dennehy, bean a bhfuil neart cathanna inimirce troidte aici ó bhí na hochtóidí ann. “Cuireann sé iontas orm nach bhfuil níos mó daoine ag tógáil raice mar gheall uirthi.”

Tá Dennehy i measc na ndaoine sin nach bhfuil mórán dóchais acu as na moltaí éagsúla maidir le leasuithe a dhéanamh ar na dlíthe imirce atá á bplé i Washington faoi láthair, ina measc moladh “aoi-oibrithe” rialtas Bush.

“Níl rud ar bith fiúntach amuigh ansin faoi láthair,” a deir Dennehy, agus deir sí gur cheart go mbeadh sé mar aidhm ag moladh ar bith “feabhas a chur ar an inimirce idir Éirinn agus na Stáit Aontaithe.”

Mar sin féin, ní chreideann Dennehy go bhfuil an lá ag teacht nuair a chaillfidh Nua-Eabhrac a bhlas Éireannach. Deir sí go bhfuil go leor daoine óga proifisiúnta ag déanamh teagmhála leis an EIIC chun eolas a fháil faoi chónaí sa chathair.

An cheist mhór, dar le Dennehy, nó: “An éireoidh leo an áit a bhaint amach choíche?”

Tá daoine eile ag díriú a n-airde orthu siúd atá anseo cheana.

Deir John Guerrera, ar leas-uachtarán de chuid an Irish Business Organization é, gur cheart do na grúpaí sóisialta Éireannacha sna Stáit Aontaithe na hÉireannaigh atá i Nua-Eabhrac a chur ar an eolas maidir leis an réimse seirbhísí agus sochar atá ar fáil dóibh. Tá na hÉireannaigh, dar le Guerrera agus daoine eile, ag streachailt le geilleagar na Stát Aontaithe mar aon leis na dlíthe inimirce.

Níl mé féin in acmhainn cónaí san áit ar éirigh mé aníos,” a deir Guerrera, arbh as Maigh Eo a mháthair sular shocraigh sí síos leis an teaghlach i Rockland County. Tá sé den bharúil gur cheart do na hÉireannaigh níos mó gréasán gnó a chruthú sa dóigh is go mbeadh dreasachtaí geilleagracha acu le fanacht sna Stáit Aontaithe.

D’admhaigh Guerrera go bhfuil laghdú beag tagtha ar líon na mball ina eagraíocht féin le roinnt blianta anuas. D’fhill iaruachtarán dá gcuid ar Éirinn, fiú.

“Tá rud éigin níos tarraingtí faoi Éirinn anois díreach,” a dúirt Guerrera.

Tá Tom Deignan ag obair mar eagarthóir agus mar cholúnaí leis an Irish Voice i Nua-Eabhrac. Is iarléachtóir ollscoile é. Foilsíodh a leabhar is déanaí, Coming to America: Irish Americans* (Barron’s), anuraidh.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.