AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Lenny Wilkins: fear nár theip an misneach riamh air
Tom Deignan Tom Deignan Tom Deignan

Bhí an bainisteoir cispheile Lenny Wilkins an-bhocht agus é ag éirí aníos agus tugadh drochíde dó de bharr go raibh athair dubh agus máthair bhán aige, ach d’éirigh leis go leor a bhaint amach ina shaol mar sin féin. Tuairisc ó Tom Deignan.

Íomhá
Íomhá
Íomhá

Bhí seachtain mhaith ag lucht cispheile i mBrooklyn ag deireadh na míosa seo caite.

Tháinig laoch mór Coney Island, Stephon Marbury, abhaile chun imirt mar gharda na bpointí leis na Knicks ag Madison Square Garden, agus bhraith daoine gurbh é príomhchathair dhomhan an spóirt den chéad uair le fada an lá.

Ansin, tá na New Jersey Nets ann, foireann a bhfuil an Eastern Conference buaite acu faoi dhó. Tá ráflaí ag dul timpeall go bhfuil Jason Kidd agus a chuid imreoirí ag brath bogadh as corcaigh New Jersey chuig baile nua i mBrooklyn.

Ansin, tá ceannaire nua ar na Knicks, Lenny Wilkins. Ceapadh an fear seo, a bhfuil a ainm sa Hall of Fame, mar bhainisteoir ar na Knicks i mí Eanáir, rud a fhágann go bhfuil ceangal ag Éirinn leis an athbheochan atá ag tarlú sa chispheil i mBrooklyn.

B’inimirceach as Corcaigh máthair Wilkins, agus thóg sí Wilkins mar aon lena thriúr deartháireacha agus deirfiúracha ina haonar, tar éis dá fear céile Afra-Mheiriceánach bás a fháil nuair nach raibh Lenny ach cúig bliana d’aois.

Tógadh Wilkins go cráifeach mar Chaitliceach, agus thosaigh sé ag imirt na cispheile mar a thosaigh go leor [glúnta] Gael-Mheiriceánacha: i gcomórtais sraithe an Catholic Youth Organization (CYO). Ba shagart agus bainisteoir Gael-Mheiriceánach a threoraigh Wilkins agus a chuir ar a chumas onóir agus glóire a bhaint amach leis an National Basketball Association (NBA).

Go deimhin, anois agus Wilkins - a bhfuil níos mó cluichí buaite aige ná aon bhainisteoir eile de chuid an NBA - i gceannas ar na Knicks, beidh deis aige cuairt a thabhairt ar a mháthair Éireannach níos minicí. Deirtear go bhfuil Henrietta Wilkins, a d’oibir uaireanta fada i monarcha milseán i mBrooklyn agus Wilkins ag éirí aníos, ina cónaí i dteach altranais i Queens.

Ceantar garbh

Rugadh agus tógadh Wilkins ar Reid Avenue, i gceantar garbh Bed Stuy, is é sin le rá, Bedford-Stuyvesant, Brooklyn. Bhí ceathrar páistí agus máthair Wilkins ina gcónaí in árasán nach raibh ann ach seomra amháin agus uisce fuar. Bhí ilghnéitheacht chiníoch i gceist sa chomharsanacht ag an am sin, agus bhí daoine dubha chomh maith le Giúdaigh ansin. Agus Gréagaigh. Agus Éireannaigh agus Iodálaigh. Mar sin féin, ba mhinic a dhóigh an *melting pot *seo ar a dtugtar Nua Eabhrac Wilkins. Is minic a labhair sé san am a chuaigh thart ar an dóigh ar tugadh “meascach” air agus é ina ghasúr.

Bhí ar Wilkins uaireanta fada a oibriú le cuidiú lena mháthair an chlann a chothú, fiú agus é go fóill sa bhunscoil. Fuair a athair, ar thiománaí é, bás sa bhliain 1941. Nuair nach mbíodh Henrietta Wilkins ag obair, is minic a bhíodh sí le feiceáil ag rá an phaidrín, nó ag rá paidreacha chuig na naoimh a bhí sna pictiúir a bhí crochta ina teach.

Ní leis an chispheil a chuaigh Wilkins i dtosach. D’imir sé go leor peile leis an CYO, ach níor éirigh leis áit a fháil ach go hannamh ar fhoireann chispheile buachaillí na hardscoile, Providence College.

Bhí aithne ag an Athair Tom Mannion, sagart a bhí ag obair i scoil an Holy Rosary agus a bhí an-mhór le clann Wilkins, ar shagart i Providence College agus scríobh sé litir chuige mar gheall ar Wilkins. Cuireadh an litir faoi bhráid bhainisteoir cispheile Providence, Joe Mullaney, agus roimh i bhfad thuig sé go raibh an méid a dúradh inti faoi chumas Wilkins mar imreoir fíor.

Is cuid den stair, nó cuid de stair na nÉireannach i Nua Eabhrac le bheith cruinn, an chuid eile den scéal, mar a déarfá.

Agus é ag imirt na cispheile, d’éirigh le Wilkins 16.5 pointe ar an mheán a aimsiú i ngach cluiche thar cúig shéasúr déag, agus bronnadh áit ar fhoireann réaltaí an NBA air naoi n-uaire. Tugadh áit dó de bharr a éachtaí mar imreoir sa Naismith Memorial Hall of Fame sa bhliain 1988.

Le linn an 30 bliain atá caite aige mar bhainisteoir, tá 1,292 cluiche buaite ag Wilkins - an líon is mó i stair na sraithe - agus d’éirigh leis craobh an NBA a bhuachan leis na Seattle Supersonics i 1979. Bronnadh an gradam Bainisteoir na Bliana san NBA air i 1994 nuair a bhí sé leis na Atlanta Hawks, agus bhí sé i gceannas ar fhoireann na Stát Aontaithe nuair a d’éirigh leo bonn óir a bhaint i gCluichí Oilimpeacha na bliana 1996 in Atlanta.

Níor éirigh ach le Wilkins agus le John Wooden go dtí seo áit a bhaint amach sa Hall of Fame mar imreoir agus mar bhainisteoir. Lena chois sin, roghnaíodh Wilkins mar dhuine den deichniúr bainisteoir is fearr i stair an NBA.

Praiseach

Anois, áfach, tá Wilkins ag plé leis na Knicks, dream atá ina bpraiseach ceart ó thaobh airgid de na laethanta seo.

Mar sin féin, tá an chuma ar an scéal go bhfuil cúrsaí ag feabhsú.

Is é Isaiah Thomas a mheall Wilkins chuig na Knicks. Laoch mór ón am a chuaigh thart é Thomas féin agus ceapadh é le déanaí mar Uachtarán ar *Basketball Operations *na foirne. Tháinig Wilkins agus Marbury chuig an chlub ansin, agus d’éirigh leo cúpla cluiche a bhuachan ar a laghad.

“Is annamh a bhíonn an deis agat i do shaol duine de na himreoirí agus bainisteoirí is fearr i stair an NBA a mhealladh chuig do chlub. Tá áthas an domhain orainn gur éirigh linn é sin a dhéanamh i gcás Lenny Wilkins,” arsa Thomas, tar éis dó Wilkins a cheapadh.

“Beidh a thaithí agus a chuid buanna ceannasaíochta mar imreoir agus mar bhainisteoir an-luachmhar dúinn agus muid ag déanamh ár ndíchill an saincheadúnas seo a thabhairt ar ais go barr an NBA, an áit ar cheart dó a bheith.”

Mar sin féin, fiú agus Marbury agus Wilkins leo, beidh an t-ádh leis na Knicks má éiríonn leo áit a bhaint amach sna playoffs i mbliana.

Os a choinne sin, ós rud é gur éirigh le Lenny Wilkins maireachtáil ar shráideanna garbha Brooklyn, agus cur suas leis na leasainmneacha agus leis na bacanna a cuireadh roimhe ar an chúirt chispheile agus ina shaol pearsanta, b’fhéidir nach dúshlán chomh mór sin a bheas ann dó feabhas a chur ar chúrsaí i Madison Square Garden agus foireann níos fearr a dhéanamh de na Knicks.

Tá Tom Deignan ag obair mar eagarthóir agus mar cholúnaí leis an *Irish Voice *i Nua-Eabhrac. Is iarléachtóir ollscoile é. Foilsíodh a leabhar is déanaí, *Coming to America: Irish Americans *(Barron’s), anuraidh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.