Maraíodh Eamon McEneaney go tragóideach san ionsaí ar an Ionad Trádála Domhanda ach tá a rian fágtha aige ar shaol go leor daoine, mar a mhíníonn Tom Deignan .
Níor chuir sé lá iontais ar dhuine ar bith a raibh aithne aige ar Eamon J. McEneaney gur tháinig sé amach as an dóiteán scanrúil sin san Ionad Trádála Domhanda ar an 26 Feabhra, 1993 mar laoch.
Bhí McEneaney, ar tháinig a sheantuismitheoirí ar fad go Meiriceá as Éirinn, ag obair do Cantor Fitzgerald, agus d’éirigh leis sa deireadh post a bhaint amach mar leasuachtarán. Nuair a phléasc buama faoin dá thúr ar an lá sneachtúil sin beagnach dhá bhliain déag ó shin, níor tháinig scaoll ar McEneaney. Ina áit sin, threoraigh sé suas le 60 duine dá chomhoibrithe trí staighrí dorcha a bhí lán toite go dtí go raibh siad slán sábháilte.
Éacht iontach eile a bhí anseo i saol a raibh go leor tar éis tarlú ann cheana.
D’fhreastail McEneaney ar Sewanhaka High School in Elmont, Nua-Eabhrac. Ba sa scoil sin a músclaíodh a spéis sa chrosógaíocht, spórt a raibh sé go mór chun tosaigh ar dhaoine eile ann ag leibhéal an choláiste ag deireadh na seachtóidí. Ina dhiaidh sin, d’éirigh le foirne de chuid Ollscoil Cornell a raibh McEneaney i gceannas orthu craobhchomórtas an NCAA a bhuachan dhá bhliain as a chéile, i 1976 agus 1977. Sna blianta sin chomh maith (le cois 1975), ainmníodh McEneaney mar First Team All-American, agus i 1977 ba é Imreoir na Bliana i Sraith 1.
Seo uilig le cois na n-éachtaí a rinne sé ar an pháirc imeartha peile. Bhí McEneaney mar dhuine de na *wide receivers *ab fhearr i gcoláistí an *Ivy League *i 1976.
Ag Cornell, bhuail McEneaney le Bonnie, an bhean a phósfadh sé ina dhiaidh sin agus a mbeadh ceathrar páistí - Brendan, Jennifer, Kevin agus Kyle - aige léi.
Le cois na n-éachtaí ar fad ar an pháirc lúthchleasaíochta, bhí paisean níos príobháidí ag McEneaney, a bhí sé tar éis a chothú ó bhí sé san ardscoil in Elmont: an fhilíocht. Thaitin sé go mór leis bheith ag léamh agus ag scríobh filíochta agus fuair sé inspioráid faoi leith ó “gach rud Éireannach”, dar lena chairde.
Lean McEneaney ar aghaidh leis an chrosógaíocht - chomh maith leis an fhilíocht - tar éis dó an chéim a bhaint amach in Cornell. Ba é an príomhoiliúnóir i Syracuse. Ach bhí Wall Street, Cantor Fitzgerald agus an 105ú hurlár den Ionad Trádála Domhanda i ndán dó.
Agus an tragóid fosta, ar ndóigh.
Ar an 11 Meán Fómhair, 2001, fuair McEneaney bás i gcuideachta go leor dá chomhoibrithe.
Scoláireacht
D’fhéadfadh deireadh teacht le scéal Eamon J. McEneaney ansin murach gur chinn a bhean, a pháistí agus a chairde ar bheith ag obair gan stad chun dea-thoil Eamon agus a ghrá don bheatha a scaipeadh.
Cuireadh tús le scoláireacht bhliantúil ina sheanscoil, Sewenhaka, le bronnadh ar na scoláirí is mó a mbaineann na tréithe leo a bhí go smior i McEneaney: ionracas, macántacht, taise agus stuaim.
Ansin, cuireadh scoláireacht eile ar fáil in Cornell. Ina dhiaidh sin, cuireadh tús le sraith léitheoireachta cuimhneacháin faoina ainm, an onóir, thar aon cheann eile, b’fhéidir, a mbeadh sé féin an-tógtha léi.
Nó b’fhéidir go bhfuil rud amháin eile a mbeadh McEneaney níos tógtha leis: a chuid filíochta bheith foilsithe. Le déanaí, a bhuíochas ar a bhean Bonnie agus a chiorcal cairde in Ollscoil Cornell, sin an rud go díreach a tharla nuair a d’fhoilsigh Cornell University Press A Bend in the Road: Poems by Eamon J. McEneaney. Léiríonn na dánta gur duine ab ea McEneaney a raibh spéis aige i go leor rudaí: an spórt, an teaghlach, an greann, saol na cathrach agus, ar ndóigh, “gach rud Éireannach”.
Tá grianghraf álainn le William Huber dar teideal “Rural Road in Ireland” ar chlúdach an leabhair.
I mbrollach gairid, déanann Kenneth A. McClane, Ollamh Litríochta W.E.B. DuBois in Cornell, cuid dánta McEneaney a chur i gcomparáid le saothar Yeats, fiú amháin. Deir sé:
"Like Yeats, McEneaney imagines the world awash in splendor, politics and announcements; like Yeats, McEneaney knows that the mythic is tied to history and the heart."
Tá béim ar an bhásmhaireacht i gcuid de chuid dánta eile McEneaney, rud a d’éirigh ní ba threise gan amhras tar éis bhuamáil an Ionaid Trádála i 1993.
Glac “Salmon”, mar shampla, dán ina bhfaigheann sé cothromaíocht idir an mothú ar thaobh amháin go bhfuil an saol gan bhrí agus, os a choinne sin, go bhfuil brí ag baint leis:
“We are only but the salmon / In the stream / Fighting the currents of life / So that we may provide only / The Initial Breath for our / offspring.”
I réamhrá a chorraíonn an croí, scríobhann bean chéile McEneaney na focail a mhothóidh go leor de léitheoirí an leabhair:
"Although published posthumously, this book of poetry brings to reality one of the dreams (Eamon) had - to publish his poems so that they could be shared with others, and be a frame of reflection. His poetry serves as a reminder of the fragility of life, that each day we are given is a precious gift - this should never be forgotten."
Tá Tom Deignan ag obair mar eagarthóir agus mar cholúnaí leis an Irish Voice i Nua-Eabhrac. Is iarléachtóir ollscoile é. Foilsíodh a leabhar is déanaí, Coming to America: Irish Americans* (Barron’s), anuraidh.*