AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
In America: léargas maith ar thaithí na n-inimirceach i gcoitinne
Tom Deignan Tom Deignan Tom Deignan

Bhí Tom Deignan i láthair ag taispeáint speisialta den scannán In America a eagraíodh d’inimircigh óga i Manhattan an mhí seo caite, agus ba dhíol spéise dó an tslí a raibh siad chomh tógtha sin leis an saothar.

Íomhá
Jim Sheridan, stiúrthóir an scannáin In America
Íomhá
Emma Bolger and Paddy Considine i radharc ón scannán
Íomhá
Cuid d'fhoireann an scannáin, Djimon Hounsou, Paddy Considine, Sarah Bolger agus Emma Bolger, ag seoladh In America, Beverly Hills, California, 20 Samhain 2003

Bhí dream doscúch go maith mar lucht féachana nuair a taispeánadh saothar nua an scríbhneora-stiúrthóra scannán Jim Sheridan lá i Nua-Eabhrac an mhí seo caite.

Bhí cuireadh faighte ag 150 dalta callánach ón Manhattan International High School ag 67th Street chuig taispeáint speisialta de scannán Sheridan faoin inimirce, In America, atá le feiceáil i bpictiúrlanna na cathrach agus na tíre ó bhí 26 Samhain ann. Is éard atá sa scannán ná scéal inimirceach comhaimseartha agus iad ag streachailt leis an saol i Nua-Eabhrac. Tá eachtraí an scannáin bunaithe ar thaithí Sheridan féin i Meiriceá.

Is ardscoil bheag mhalartach é Manhattan International a bunaíodh deich mbliana ó shin chun freastal, mar a deir an fhoireann, ar “riachtanais scoláirí ar inimircigh nua iad.”

Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh tuiscint mhaith - go teoiriciúil ar aon nós - ag na daltaí seo ar ábhar an scannáin.

Ach ní fhéadfaí a bheith cinnte, mar sin féin, go léireodh siad spéis ann. Bhí an scannán, mar shampla, in ainm is tosú ag 12.30 p.m. Faoin am sin, áfach, ba bheag duine de na daltaí a bhí tar éis a bhealach a dhéanamh go dtí pictiúrlann an East Side, atá suite gar don scoil, áit a raibh an scannán seo, arb iad Paddy Considine agus Samantha Morton na príomhaisteoirí ann, ar taispeáint.

D’oibir na múinteoirí go dícheallach ag iarraidh na scórtha dalta a chur ina suíocháin, daltaí a raibh cuma orthu go raibh siad an-sásta go deo am saor a bheith faighte acu ón scoil. Bhí siad tapógach, briosc-chainteach, iad ag mungailt grán rósta, agus ag liú ó am go chéile. Rud a léiríonn nach bhfuil difear ar bith idir déagóirí, is cuma cén áit ar rugadh iad.

Ní raibh inimircigh Éireannacha ar bith sa lucht féachana. Mar sin de, agus na daoine óga seo ar fad chomh corraithe sin, agus iad breá sásta a bheith ag crostacht leo, an bhféadfadh saothar Sheridan dul i bhfeidhm orthu, gona scéal casta grá, faoin streachailt a bhíonn le déanamh ag tuismitheoirí, agus faoi chruálacht an bháis?

An bhféadfadh scéal Éireannach an croí a bhogadh ag na déagóirí seo, as áiteanna ar fud an domhain mar Háití, Boisnia, an Cholóim agus Portó Ríce ina bhfuil saol an-chorrach ag daoine?

An-tógtha leis

Múchadh na soilse, agus tosaíodh ag taispeáint an scannáin, agus roimh i bhfad ba léir go raibh na daoine óga seo as Manhattan an-tógtha le scannán an stiúrthóra Éireannaigh.

“Thabharfainnse cúig as cúig dó,” arsa Edi Radoncic as Boisnia, atá sa dara grád déag. “Ba scannán é faoin dóigh a mbíonn na hinimircigh ag streachailt leis an saol, gan faic acu nuair a bhaineann siad an tír amach.” Dúirt Radoncic go bhfaca sé go leor rudaí sa scannán a chuir a thaithí féin i gcuimhne dó.

Bhog cuid tuismitheoirí Steven Diaz go dtí na Stáit Aontaithe as an Cholóim nuair a bhí sé aon bhliain déag. Chonaic seisean go leor dá thaithí féin sa scannán chomh maith, agus dúirt sé gur chuma gur ar theaghlach as Éirinn a bhí an scannán ag díriú.

“Is cuma cén cineál inimirceach a bhí iontu. Tugann an scannán léargas maith ar an streachailt a bhíonn le déanamh ag inimircigh,” a dúirt Diaz. Dar leis gur éirigh leis an stiúrthóir agus leis na haisteoirí taithí na n-inimirceach i gcoitinne a chur in iúl. I measc na nithe sin, tá an tslí a mbíonn siad beo ó lá go lá, gan iad cinnte cén áit a dtiocfaidh an chéad seic eile as. Ar na deacrachtaí eile a bhíonn i gceist agus a bhí le feiceáil sa scannán, tá árasáin bhrocacha, comharsana dainséaracha, agus “aíonna” a thagann chun tí gan choinne.

“Ní bhíonn sé i gcónaí deas,” a dúirt Diaz agus é ag tagairt do shaol an inimircigh go Meiriceá. Dúirt sé go leagtar oiread béime ar “an Aisling Mheiriceánach” ach nach mbíonn aon trácht ar an chaoi a mbíonn ar dhaoine áirithe a bheith “ag maireachtáil le francaigh agus a bheith ag sracadh leis an saol.”

Dúirt Lillian Conde ón naoú grád go mbeadh a haintín go háirithe tógtha le In America. Tháinig sise as an Cholóim chomh maith agus d’oibrigh sí go dian le hairgead a shaothrú sa dóigh is go bhféadfadh sí baill eile den teaghlach a thabhairt go Nua-Eabhrac.

Rud tábhachtach amháin nár dhírigh Sheridan air, arsa Conde, ná na gaolta nach dtéann ar imirce, iad siúd a fhanann sa bhaile agus atá den tuairim go n-éiríonn le gach duine i Meiriceá milliún dollar a shaothrú ar an toirt.

“Síleann mo chuid gaolta ar fad go bhfuil mé saibhir,” arsa Conde, agus í ag gáire.

Gné thábhachtach eile den oideachas i Manhattan International ná na ranganna a mbíonn sé mar aidhm acu Béarla a theagasc do na daltaí. Tá radharc amháin in In America faoin Ghaeilge. Ach d’éirigh le Sheridan teanga uilíoch a úsáid ina scannán, trí úsáid an ghrinn go háirithe. Bhí na daltaí sna trithí ag gáire faoi na radharcanna ina raibh Paddy Considine, i ról an fhir ar mian leis bheith ina aisteoir, agus é ar a dhícheall ag iarraidh bheith ag foghlaim a chuid línte. Bhain an radharc fada faoin aeroiriúnóir an-gháire astu chomh maith.

Ba léir go ndeachaigh léiriú Sheridan ar an chruatan i gcion ar na daltaí óga, agus an bhéim atá curtha aige sa scannán ar thábhacht ghrá an teaghlaigh in am an ghátair.

Chuir *In America *Mayra Diaz ag smaoineamh ar a seanathair, a tháinig go dtí na Stáit Aontaithe go mídhleathach.

“Bhí sé an-dian air,” a dúirt sí. “Tá mé cinnte go dtaitneodh an scannán seo go mór leis.”

Tá Tom Deignan ag obair mar eagarthóir agus mar cholúnaí leis an Irish Voice* i Nua-Eabhrac. Is iarléachtóir ollscoile é. Foilsíodh a leabhar is déanaí,* Coming to America: Irish Americans* (Barron’s), níos luaithe sa bhliain. *

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.