Nuair a bhí George Bush ina ghobharnóir ar Texas sna nóchaidí chuir sé iachall ar scoileanna deireadh a chur leis an oideachas cuimsitheach gnéasachta agus béim a chur ar staonadh ó ghnéas. Mar a mhíníonn Mary Beth Taylor anseo, tá míbhuntáistí móra ag baint leis an pholasaí seo.
](..\2004-03\america_eile.asp) Cuid 1 den alt anseo
Ó thosaigh an curaclam ina gcuirtear béim ar staonadh ó ghnéas amháin i 1995, tá an ráta toirchis i measc déagóirí tar éis titim in Texas i gcoitinne - agus i Lubbock County go háirithe - ach ní chomh sciobtha is atá sé ag titim ar bhonn náisiúnta. Ag an am céanna, tá an líon daoine a bhfuil galair ghnéas-tarchurtha orthu tar éis méadú go mór. I 1996, an bhliain dheireanach a bhfuil figiúirí náisiúnta ar fáil di, ba é an ráta toirchis a bhí i measc déagóirí sna Stáit Aontaithe ná 38 cailín as gach 1,000; ba é an ráta a bhí in Texas ná 40 as gach 1,000 agus 43 as gach míle in Lubbock. Faoin bhliain 2000, bhí an ráta toirchis sa stát tar éis titim go 33 duine as gach 1,000 ach bhí sé méadaithe go 42.5 i Lubbock County.
Tá staitisticí mar seo tar éis cabhrú leo siúd atá i gcoinne an churaclaim scoile a chuireann béim ar staonadh amháin. Tá Eric Benson, ar comhordaitheoir é ar chláracha HIV i gceantar Lubbock do Roinn Sláinte Texas, orthu siúd a cheapann gur cheart go mbeadh oideachas gnéasachta cuimsitheach sna scoileanna.
“An rud is lárnaí faoi ná go dtugann sé eolas,” a dúirt sé i gcomhrá teileafóin liom le deireanas. “Tá sé neodrach ó thaobh luachanna de. Níltear ag rá, ‘tá sé seo ceart agus tá sé seo mícheart.’”
Léirigh Benson a sheasamh ar an cheist trí chomparáid a dhéanamh idir cultúr Mheiriceá i 1954 agus an tslí a bhfuil cúrsaí sa lá atá inniu ann. Caoga bliain ó shin, a deir sé, bhí corp na gcailíní ag forbairt nuair a bhí siad 12, 13, agus 14 bliana. D’fhág go leor cailíní an scoil nuair a bhí siad sé bliana déag, agus bhí a bhformhór pósta faoin am a bhí siad naoi mbliana déag nó fiche. Lena chois sin, ní raibh mórán teagmhála ag an aos óg leis an rud a dtugann Benson “gnéasteachtaireachtaí na meán” air - pictiúir, liricí amhrán, scannáin, cláracha teilifíse agus mar sin de ina bhfuil íomhánna láidre gnéasacha.
“Bhí daoine ag caitheamh sciortaí poodle *agus *bobby socks,” a dúirt Benson. “Bhí sé risqué go maith más a thaispeáint. Níl a fhios agam an raibh an iris *Playboy *fiú ar an fhód ag an am sin.”
Is scéal eile ar fad atá i gceist sa bhliain 2004, dar le Benson. Tá cailíní óga ag forbairt anois, a deir sé, agus gan iad ach 9, 10, nó 11. Faoin am a bhíonn siad dhá bhliain déag nó ceithre bliana déag, is mionúir iad go síceolaíoch agus go dleathach a bhfuil corp duine fásta acu, ach sa lá atá inniu ann teastaíonn ó thuismitheoirí go bpósfadh a gcuid iníonacha agus iad sna fichidí, sa dóigh is gur féidir leo “pósadh de bharr go bhfuil siad i ngrá, ní de bharr nach bhfuil an dara rogha acu ó thaobh airgid de.”
Cuir an staid seo agus an “tuile atá ag síorfhás” de ghnéasteachtaireachtaí na meán le chéile, arsa Benson, agus tá tubaiste agat. “Tá muid ag cruthú timpeallachta ina ndéanfar ár bpáistí a ionfhabhtú, ina n-éireoidh siad torrach agus ina ndéanfaidh siad daoine eile torrach,” a dúirt sé. “Tá muid ag maireachtáil i gcultúr atá ag cur an ghnéis chun cinn, ach is beag deis a fhaigheann daoine óga (má fhaigheann siad aon deis) le foghlaim an chaoi le déileáil leis.” Maidir le hoideachas gnéasachta, a dúirt sé, “tá sé léanmhar agus easpach an tslí a bhfuil muid ag ullmhú ár gcuid páistí.”
Drogall
Tá Benson i gcónaí ag impí ar thuismitheoirí agus ar oideachasóirí daoine óga a ullmhú don domhan mór atá thart orthu. Agus dar leis go ndéanann an tost cúrsaí níos measa - tá drogall orainne mar thuismitheoirí, a dúirt sé, labhairt faoin ábhar le déagóirí de bharr míshuaimhnis nó b’fhéidir mar gheall ar "hang-ups" atá againn féin maidir le gnéas.”
Ach dá n-éireodh le tuismitheoirí go díreach tosú ag caint faoi, a dúirt sé, d’fhéadfadh siad a bpáistí a chosaint ó lear mór fadhbanna atá furasta a chosc, mar shampla toircheas i measc déagóirí agus galair ghnéas-tarchurtha.
“Ní hionann muid agus sineacha eile nach mbíonn ar dáir ach go séasúrach, uair nó dhó sa bhliain,” a dúirt Benson. “Nuair a chruthaigh Dia daoine daonna, thug sé inchinní níos mó dóibh … agus bíonn muid ar dáir an t-am go léir, 24/7 … agus is mar gheall ar an mhiangas ard gnéasach seo a mhair muidne nuair a fuair an mamat ollach agus an tíogar claíomh-fhiaclach bás, agus ar éirigh linn maireachtáil san Oighearaois.”
Is léir nach féidir neamhaird a thabhairt ar thréith dhaonna atá chomh cumhachtach sin.
Cé go bhfuil dhá champa éagsúla, atá deighilte go hiomlán óna chéile, i gceist san argóint seo mar gheall ar oideachas gnéasachta, ní ceist dubh agus bán í in aon chor. Tá dearcadh róshimplí acu siúd a mhaíonn má deirtear le déagóirí gan a bheith gníomhach ó thaobh gnéis de, nach mbeidh siad gníomhach, nó iad siúd a deir, mar gheall ar gur déagóirí atá i gceist, go bhfuil siad “chun é a dhéanamh ar aon nós.” Tá dul amú orthu siúd fosta a chreideann má fhaigheann daoine óga oideachas gnéasachta gur cuireadh oscailte é, mar a deirtear, chun caidreamh collaí a bheith acu. Is gá dúinn a thuiscint go bhfuil daoine óga go maith ag déanamh cinntí - gach lá, déanann siad cinntí i dtaobh cúrsaí oideachais, sóisialta, teaghlaigh agus polaitiúla, i measc rudaí eile, atá an-tábhachtach go deo. Cuirtear go leor oiliúna ar pháistí scoile mar gheall ar thoitíní, drugaí agus alcól - ní chun iad a spreagadh le triail a bhaint astu, ach chun an t-eolas a thabhairt dóibh leis na cinntí cearta a dhéanamh.
Agus sa dóigh is gur féidir le daoine óga na cinntí is fearr a dhéanamh nuair a thig cathú gnéasach orthu, níor cheart dúinn teorainn a chur lena gcuid oideachais nó lena gcuid eolais; ina ionad sin, ba cheart dúinn oiread eolais agus is féidir a thabhairt dóibh sa chaoi is go dtig leo an cinneadh is fearr a dhéanamh. Foghlaimeoidh daoine óga faoi ghnéas ar scor ar bith, ach is faoi na daoine fásta atá sé a chinntiú go bhfoghlaimíonn siad faoi an dóigh cheart. Fiú má tá deacrachtaí againne ag labhairt faoin ghnéas, is ceist thánaisteach amach is amach é sin.
Is as Georgia ó dhúchas í Mary Beth Taylor. Fuair sí a gcuid oideachais in Ollscoil Georgia agus Ollscoil Oxford. Tá céim BA aici sa Bhéarla agus i Staidéar na mBan, agus tá sí díreach tar éis iarchéim a bhaint amach sa Bhéarla sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Is de bhunadh Éireannach í.