AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Bart ag spochadh as na Caitlicigh agus na Protastúnaigh!
Tom Deignan Tom Deignan Tom Deignan

Bhí fearg ar Chaitlicigh agus Protastúnaigh de bhunadh Éireannach i Meiriceá le déanaí de bhrí go rabhthas ag spochadh astu i gclár de chuid The Simpsons. Míníonn Tom Deignan cad go díreach a chuir olc orthu.

Íomhá
An t-aisteoir Éireannach Liam Neeson, guth an charachtair an tAthair Seán
Íomhá

Cúpla séasúr ó shin, bhí clár de chuid na sraithe beoite *The Simpsons *suite i lár pharáid Lá Fhéile Pádraig. Mar a d’fhéadfá a shamhlú, bhí go leor nithe maslacha a thiocfaí a thaispeáint a chuirfeadh olc ar dhaoine. Ar cheann de na rudaí a thaispeáin siad, bhí flóta na n-údar ólta Éireannach, ar a raibh dáréag agus iad uilig díreach cosúil le James Joyce.

Ag pointe amháin, deir láithreoir teilifíse gur lá é Lá Fhéile Pádraig “nuair a bhíonn gach duine rud beag Éireannach. Ach amháin, ar ndóigh, na daoine aeracha agus na hIodálaigh.”

Ansin, bhí drong trodach meisceoirí a rinne ionsaí ar an bhothán teilifíse ina raibh an láithreoir ina shuí.

“An t-ól agus an foréigean seo ar fad,” arsa an láithreoir. “An iad seo na rudaí a smaoiníonn muid orthu i ndáiríre nuair a smaoiníonn muid ar na hÉireannaigh?”

D’fhéadfaí deireadh a chur leis an ghreann ansin. Há, há, tuigeann muid, sea, tá roinnt daoine ann a bhíonn ag ól agus ag troid Lá Fhéile Pádraig.

Ach an chúis go bhfuil *The Simpsons *chomh greannmhar sin – agus a bhfuil oiread tóra ar an chlár sna Stáit Aontaithe agus in Éirinn – ná nach gcloíonn siad le greann éadrom amháin. Agus, mar sin, tar éis don láithreoir an ráiteas sin a dhéanamh mar gheall ar bhaint na nÉireannach leis an fhoiréigean, an chéad radharc eile a bhí le feiceáil ná buama ag pléascadh i dteach tábhairne sa Bhreatain.

Ouch!

Ar scor ar bith, chuimhnigh mé air seo ar fad an mhí seo caite nuair a léigh mé go raibh roinnt Éireannach ar deargbhuile mar gheall ar chlár de chuid The Simpsons.

Ar an 15 Bealtaine sna Stáit Aontaithe, thiontaigh Homer, Bart agus an chuid eile de mhuintir Simpson ina gCaitlicigh. Roimhe sin, bhíodh siad ag freastal ar theampall neamhshuaithinseach Protastúnach. Ach éiríonn leis an Athair Seán as Éirinn (guth an aisteora Éireannaigh Liam Neeson, réalta mór de chuid Hollywood) cur ina luí ar an teaghlach gurb é an bealach Caitliceach an ceann ceart.

Mar a dúirt Homer: “Na Caitlicigh abú! Tá Bostún againn, Meiriceá Theas agus píosa maith d’Éirinn.”

Olc ar gach taobh

Lena gceart a thabhairt do The Simpsons, áfach, tá sé tar éis bheith mar pholasaí ag an seó i gcónaí olc a chur ar gach taobh. Bítear ag spochadh as gach duine. Ach thosaigh na gearáin mar gheall ar an chlár seo ó lár na míosa seo caite mar sin féin. De réir dealraimh, tá roinnt Protastúnach de bhunadh Éireannach maslaithe chomh maith. Cén fáth? Bhuel, léirítear flaithis na gCaitliceach sa chlár mar áit atá díreach cosúil le beár grágach Éireannach, a bhfuil fiú nithe as Riverdance le feiceáil ann.

Tá flaithis na bProtastúnach, áfach, an-leamh ar fad. Tá an t-éilíteachas i réim agus na daoine ansin ag imirt cróice agus badmantain.

D’easaontaigh Gordon Linney, iar-ard-déagánach Eaglais na hÉireann i mBaile Átha Cliath, leis an dóigh ar léiríodh na Protastúnaigh, cé nach ndeachaigh sé thar fóir leis an rud ar fad.

I *Sunday Times *na Breataine, bhí an méid seo le rá aige: “Ba mhasla an-mhór dar liomsa an tslí ar léiríodh flaithis na bProtastúnach; chuir sé cuma leadránach orainn. Ba léir go raibh i bhfad níos mó spraoi ag na Caitlicigh. Níl sé ceart go gcuirfeadh duine roimhe olc a chur ar dhaoine d’aonghnó, go háirithe i gcúrsaí creidimh, ach uaireanta bíonn lucht reiligiúin i bhfad ródháiríre fúthu féin agus bíonn sé rófhurasta olc a chur orthu. Tá muid tar éis teacht slán ó dhá mhíle bliain de spairn agus de bheith ár léiriú ar an scáileán, mar sin níl muid chun ligean do chartún goilliúint orainn.”

Ach bhí gné amháin den chlár a chuir olc ar Linney.

“An rud a ghoill orm ná an steiréitíopa Meiriceánach seo go bhfuil Éirinn 100% Caitliceach,” a dúirt sé. “Níl sí; is Protastúnaigh iad 25% den daonra agus ba cheart do na Meiriceánaigh smaoineamh air sin nuair a léiríonn siad na hÉireannaigh go magúil ar an scáileán ag canadh amhrán faoi Éire aontaithe.”

Go dtí seo, níl Caitlicigh in Éirinn ró-mhíshasta.

“Má dhéanann an clár seo de chuid The Simpsons *na flaithis a léiriú mar áit ina bhfuil daoine sona, níl fadhb ar bith agamsa leis,” a dúirt an tAthair Mícheál Mac Gréil, cathaoirleach Chumann Réadóirí Um Lánstaonadh na hÉireann, sa *Times. “An Neamh ceart, de réir an Chaitliceachais, ná aghaidh agus áilleacht Dé a fheiceáil i measc na naomh. Ní féidir le haon duine ar an domhan a shamhlú cén chaoi a bhfuil sé seo. Is daoine meidhreacha iad na hÉireannaigh atá go maith ag léiriú a gcuid mothúchán, agus d’fhéadfaí a rá, b’fhéidir, go bhfuil reiligiúin eile agus daoine eile níos dúnárasaí. Ach ná déanaimis dearmad gur féidir le Neamh ina bhfuil daoine stuama bheith meidhreach freisin.”

Ba cheart a rá anseo chomh maith go bhfuil an-mholadh tuillte ag *The Simpsons *as áit lárnach a thabhairt do reiligiúin – gach reiligiún – sa chlár. Scríobhadh leabhar acadúil fiú ar chomh coitianta is a bhí téamaí spioradálta ann.

Ach, má cheapann tú go raibh an tslí ar léiríodh na hÉireannaigh agus na Caitlicigh sa chlár míchuí, agus nár cheart do Chaitliceach as “drochpháirt d’Éirinn”, Liam Neeson, bheith páirteach ina leithéid de chlár, smaoinigh air seo: Bhí an eipeasóid seo de chuid *The Simpsons *in ainm is dul ar an aer i mí an Aibreáin. Ach cuireadh ar athló é. Cén fáth? Mar chomhartha ómóis don Phápa Eoin Pól II.

Beidh an eipeasóid áirithe seo le feiceáil in Éirinn níos moille i mbliana.

Tá Tom Deignan ag obair mar eagarthóir agus mar cholúnaí leis an *Irish Voice *i Nua-Eabhrac. Is iarléachtóir ollscoile é. Foilsíodh a leabhar is déanaí, *Coming to America: Irish Americans *(Barron’s), anuraidh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.