Bhíodh caismirtí go minic idir Protastúnaigh agus Caitlicigh i Manhattan tráth, díreach mar a bhíonn na laethanta seo i dTuaisceart Éireann, mar a mhíníonn Tom Deignan .
Tá an 12 Iúil tagtha agus imithe agus, arís eile, bhí caismirtí idir Protastúnaigh agus Caitlicigh i dTuaisceart Éireann.
Mar a thuairiscigh Reuters an mhí seo caite, “Raid Protastúnaigh agus Caitlicigh clocha agus buidéil lena chéile, nuair a tháinig deireadh foréigneach leis an lá is mó i séasúr conspóideach na máirseála i dTuaisceart Éireann.”
Dúradh sa tuairisc chéanna: “Thosaigh na caismirtí Dé Luain i gceantar Ard Eoin i dtuaisceart Bhéal Feirste agus fir Oráiste Phrotastúnacha ag máirseáil tríd an cheantar le ceiliúradh a dhéanamh ar bhua cáiliúil ar na Caitlicigh ar an mhachaire catha breis is 300 bliain ó shin.” Is minic a bhíonn trioblóid in Ard Eoin le linn mháirseálacha bliantúla na nOráisteach, ócáidí a dhéanann an bua Protastúnach le linn Chath na Bóinne i 1690 a chomóradh.
Ach tá sé éasca dearmad a dhéanamh gur minic a bhíodh cúrsaí chomh lasánta céanna i Nua-Eabhrac le linn shéasúr te na máirseála.
Leoga, le linn na trioblóide ar a dtugtar “na Círéibeacha Oráisteacha” in 1870 agus 1871, maraíodh beagnach 70 duine, nuair a throid Caitlicigh Éireannacha agus Protastúnaigh a chéile ó Central Park go East Village. Maraíodh níos mó daoine i gcíréibeacha 1871 amháin ná mar a maraíodh le linn chíréibeacha Los Angeles i 1992.
Bhí ról tábhachtach ag Círéibeacha Oráisteacha Nua-Eabhrac i stair Chathair Nua-Eabhrac, agus ba iad ba chúis le deireadh ré an duine chumhachtaigh sin, Boss Tweed, i Tammany Hall. Ar an 12 Iúil, 1870, ghlac suas le 2,000 ball de na hoird Oráisteacha áitiúla (le cois grúpaí eile a bhí frith-Chaitliceach agus i gcoinne na hinimirce) páirt i bparáid a chuaigh ó Manhattan íochtarach i rith an bhealaigh suas go hElm Park ag an West Side ag 92nd Street. Bhí sé beartaithe acu bailiú le chéile ansin agus picnic “Lá na Bóinne” a bheith acu.
De réir Michael A. Gordon, staraí a áirítear mar údarás ar na Círéibeacha Oráisteacha, thosaigh lucht na paráide ag caitheamh achasán le hoibrithe tógála Caitliceacha. Mar a bhíonn fíor go minic i gcás coimhlintí mar seo, níl sé soiléir cén dóigh go díreach a thosaigh círéibeacha na bliana 1870. Deir Gordon agus daoine eile go mb’fhéidir gur scaoileadh urchair le teach pobail Caitliceach.
Ar aon nós, bhí na Caitlicigh Éireannacha feargach go leor le himeacht agus gunnaí a fháil dóibh féin, máirseáil suas go hElm Park, áit ar thosaigh gráscar lámh. Agus na páistí óga ag baint na sál dá chéile ag rith i dtreo na dtramanna a bhí in aice láimhe, bhí troid ag tosú idir Caitlicigh agus Protastúnaigh in achar fairsing ar Eight agus Ninth Avenue.
Murach stoirm thobann samhraidh, níl a fhios cén uair a thiocfadh deireadh leis an chomhrac seo.
Maraíodh roinnt daoine ar an dá thaobh den chath, déagóir ina measc.
Claonadh chun foréigin
D’úsáid na nuachtáin, na scolardaigh agus daoine eile a mheas gur dream gan úsáid a bhí sna hinimircigh Éireannacha, mar aon leis an pháirtí Daonlathach (faoi stiúir an duine míchlúitigh sin, Boss Tweed), na círéibeacha le léiriú gur dream a bhí sna Caitlicigh Éireannacha nach n-éireodh leo choíche an ceann is fearr a fháil ar an chlaonadh géiniteach chun foréigin agus mí-oird a bhain leo.”
Scríobhadh sa *New York Daily Tribune *go raibh “dúnmharú, meisce agus círéibeacha” tugtha ag Tweed agus ag na hÉireannaigh go Nua-Eabhrac.
Chuir na Caitlicigh Éireannacha agus na Daonlathaigh an argóint chun cinn, gan amhras, go raibh baint láidir ag na hOráistigh, go háirithe iadsan a bhí ag beartú a gcuid piostal, leis an fhoréigean fosta. Ar scor ar bith, sna seachtainí agus sna míonna ina dhiaidh sin, ní raibh sna círéibeacha ach cnámh spairne eile idir na leasaitheoirí Protastúnacha agus Daonlathaigh Éireannacha Tammany.
Ach de réir mar a bhí an 12 Iúil, 1871 ag teacht ní ba chóngaraí, ba léir go raibh fearg an-láidir i gceist go fóill. Cuireadh litir de chuid an Oird Oráiste faoi bhráid an phobail fiú inar dúradh ós rud é gur beag seans go mbeadh na póilíní sásta an pharáid Oráisteach ó 29th Street agus Eighth Avenue go Cooper Union a chosaint, gur cheart do bhunadh dea-aigeanta Nua-Eabhrac iad féin a chosaint ó na Caitlicigh Éireannacha.
Díreach roimh an pharáid, d’fhoilsigh The New York Times alt cuimsitheach a nocht an chaimiléireacht a bhí ar siúl faoi Boss Tweed, rud a chothaigh tuilleadh feirge i measc aos polaitiúil na cathrach. Chuir go leor - ina measc méara Nua-Eabhrac A. Oakley Hall - an tuairim in iúl gur cheart an pharáid a chur ar ceal ar mhaithe le sábháilteacht phoiblí. Dúirt na hOráistigh, áfach, go mbeifí ag géilleadh do dhlí an tslua dá ndéanfaí é sin. Ag an bhomaite deireanach, dúirt an Gobharnóir John T. Hoffman (ar Dhaonlathaí é, dála an scéil) gur cheart don mhórshiúl dul ar aghaidh, agus go mbeadh an National Guard ansin le hé a chosaint.
An lá dár gcionn, bhí na mílte Caitliceach Éireannach agus Protastúnach ar na sráideanna. Chomh luath is a thosaigh an pharáid ag Eighth Avenue agus 29th Street, thosaigh na brící a thitim as an spéir. Gan mhoill ina dhiaidh sin bhí urchair - ó phiostail na bpóilíní, agus an tslua - le cloisteáil.
Faoin am a bhí sé ar fad thart, bhí breis is 60 duine ina luí marbh. D’úsáid leasaitheoirí saibhre de chuid na scothaicme na círéibeacha, mar aon leis na líomhaintí faoi chaimiléireacht, leis an ruaig a chur ar Tweed agus Daonlathaigh Tammany Hall.
Nuair a chuimhníonn tú siar ar na heachtraí sin, ritheann sé leat go mb’fhéidir nach bhfuil cúrsaí chomh holc sin in Ard Eoin ar chor ar bith.
Tá Tom Deignan ag obair mar eagarthóir agus mar cholúnaí leis an *Irish Voice i Nua-Eabhrac. Is iarléachtóir ollscoile é. Foilsíodh a leabhar is déanaí, Coming to America: Irish Americans (Barron’s), anuraidh.*