Tá míshástacht daoine leis an Eaglais Chaitliceach ag fás an t-am ar fad sna Stáit Aontaithe, mar a mhíníonn Tom Deignan.
Tá achrann ar siúl i measc cuid Caitliceach Éireannach na Stát Aontaithe faoi láthair faoin pholaitíocht, mí-úsáid ghnéasach agus na sacraimintí, agus is beag seans go dtiocfaidh maolú air seo go luath.
An mhí seo caite, thug Peter King, Teachta Comhdhála (agus Caitliceach) as Long Island, Nua-Eabhrac faoi oifigeach de chuid na Vatacáine a nocht an tuairim go raibh an scannal maidir le mí-úsáid príosúnach i measc saighdiúirí na Stát Aontaithe san Iaráic ní ba mheasa do Mheiriceá ná ionsaithe 9/11.
Dúirt King: “Má tá dream ar bith ar domhan nach bhfuil sé de cheart acu labhairt faoi mhí-úsáid ghnéasach, sin iad an Vatacáin. Seo fimínteacht den chineál is measa.”
Dúirt King fosta: “Smaoinigh ar na mílte páiste sna Stáit Aontaithe agus in Éirinn a ndearna sagairt agus mná rialta ionsaí gnéis orthu - caithfidh tú ceist a chur ort féin cá bhfuil compás morálta na Vatacáine. Cibé atá déanta ag na Stáit Aontaithe le príosúnaigh san Iaráic ní tada é i gcomparáid leis an mhéid a rinne sagairt agus mná rialta ar feadh na mblianta fada ar pháistí, gníomhartha a choinnigh an cliarlathas Caitliceach faoi cheilt.”
In agallamh a foilsíodh sa nuachtán laethúil Rómhánach La Repubblica, thug an tArdeaspag Giovanni Lajolo “eachtra thragóideach sa chaidreamh leis an Ioslamachas” ar an drochíde san Iaráic. Dúirt sé fosta: “An céasadh? Buille níos tromchúisí do na Stáit Aontaithe ná 11 Meán Fómhair. Ach amháin nach sceimhlitheoirí ach na Meiriceánaigh féin a thug an buille seo dóibh féin.”
Tháinig cáineadh láidir an Teachta Comhdhála King ag an am céanna is a bhí Easpag Caitliceach Colorado Springs ag eisiúint tréadlitir an-chonspóideach inár nocht sé an tuairim nár cheart comaoineach a thabhairt do Chaitlicigh má thugann siad vóta do pholaiteoirí a théann i gcoinne theagasc na hEaglaise maidir le ceisteanna mar ghinmhilleadh agus póstaí aonghnéis.
“Duine ar bith a dhearbhaíonn a chreideamh Caitliceach lena bheola agus a thugann tacaíocht go poiblí ag an am chéanna do reachtaíocht nó d’iarrthóirí a théann i gcoinne dlí Dé, tá an duine sin ag déanamh ceap magaidh don chreideamh sin agus dá fhéiniúlacht Chaitliceach,” a scríobh an tEaspag Michael J. Sheridan.
In agallamh leis an New York Times, dúirt an tEaspag Sheridan chomh maith: “Níl ráiteas polaitiúil á dhéanamh agam. Tá ráiteas á dhéanamh agam faoi theagasc na hEaglaise.”
Tá seo ar fad ag tarlú agus díospóireacht theasaí ar siúl faoi iarrthóir an Pháirtí Dhaonlathaigh don uachtaránacht, John Kerry, Caitliceach a chleachtann a chreideamh agus atá i bhfábhar rogha i gcúrsaí ginmhillte. Tá oifigigh áirithe de chuid na hEaglaise den bharúil nach bhfuil Kerry Caitliceach go leor, nuair a chuirtear san áireamh an dearcadh liobrálach atá aige.
Tá sé ráite ag Gobarnóir New Jersey, Jim McGreevey, go bhfuil sé chun éirí as comaoineach a ghlacadh, agus tá cinneadh déanta ag polaiteoirí eile an Eaglais a fhágáil ar fad.
Tá cáineadh géar déanta ag Caitlicigh de shliocht Éireannach ar oifigigh de chuid na hEaglaise, áfach, de bhrí go bhfuil siad dian ar Kerry ach nár bhac siad le dul sa tóir ar pheacaithe sa tsagartóireacht a bhí ciontach as mí-úsáid ghnéasach.
Ionsaí feargach
An mhí seo, bígí réidh d’ionsaí feargach eile ar an Eaglais ón iriseoir cáiliúil Gael-Mheiricéanach sin, Jimmy Breslin.
Níl an teideal atá ar a chéad leabhar eile róchaolchúiseach: The Church That Forgot Jesus. Tá cáineadh gan staonadh ar an Eaglais sa leabhar seo, atá á fhoilsiú ag an Free Press. Níl an leabhar ar fáil go fóill, ach deir an Free Press: “Tar éis dó a shaol a chaitheamh ag freastal ar an Aifreann gach Domhnach, tá deireadh curtha ag Breslin leis an cheangal atá aige leis an Eaglais a raibh oiread grá aige di tráth, agus, sa leabhar tábhachtach seo, atá lán feirge an duine a bhraitheann gur tréigeadh é, míníonn sé cén fáth.”
Lena chois sin, deir an foilsitheoir: “Nuair a tháinig scannail ghnéis na hEaglaise chun solais arís is arís eile le blianta beaga anuas, agus nuair a d’éirigh sé soiléir go raibh cliarlathas na hEaglaise tar éis iad a chur faoi cheilt, ní raibh Breslin ábalta réiteach a dhéanamh idir a chreideamh agus an réaltacht nua seo.
“Agus é ag obair mar thuairisceoir, thug sé cuairt ar go leor íospartach a ndearna sagairt ainteagmháil ghnéasach leo agus chonaic sé daoine a raibh a saol ina chíor thuathail. Cheistigh sé na sagairt agus an rud a chonaic sé ná cléir chruachroíoch a bhraitheann go bhfuil pribhléidí faoi leith acu agus go bhfuil siad i dteideal rudaí áirithe. Dá bharr seo, tá muinín caillte aige as a Eaglais, cé nach bhfuil as a chreideamh, agus scríobhann sé faoi chailleadh an údaráis mhorálta, ag baint úsáid mhaith as a acmhainn grinn ghoimhiúil.”
Agus “an fhearg fhíréin” mar spreagadh aige, scríobhann Breslin go bhfuil sé i bhfábhar sagart pósta agus baineann, deir gur chaith Críost cuaráin agus “ní éide agus fáinní óir”, agus deir go bhfuil “miosúr maith Críostaíochta” ag teastáil ón Eaglais Chaitliceach.
Cé atá i ndiaidh leabhar Breslin a mholadh ach an tAthair Richard P. McBrien, Ollamh le Diagacht in Ollscoil Notre Dame, a dúirt: “As na leabhair ar fad atá tar éis a theacht chun cinn mar gheall ar ghéarchéim thragóideach na mí-úsáide gnéasaí san Eaglais Rómhánach Chaitliceach, tá niche dá chuid féin ag leabhar Jimmy Breslin. Cuirfidh daoine áirithe ina leith go bhfuil sé ag ionsaí na hEaglaise, ach tá a cháineadh, atá géar agus feargach go minic, dírithe ar a cheannairí tréadacha agus ar nósanna iompair na hinstitiúide, a ionsaíonn sé leis an chumhacht chéanna is a bheadh ag ‘cúltortann trucaile’, chun a fhrása féin a úsáid. Sa deireadh thiar, éireoidh le Breslin níos mó maitheasa a dhéanamh don Eaglais go fadtéarmach ná iad sin a shiúlann an seanbhealach céanna sin atá siúlta go minic, an bealach cosantach agus bealach an tséanta.
Leanfar ar aghaidh ag plé na gceisteanna seo mar gheall ar thoghchán na huachtaránachta a bheith ag teacht. Cén treo a rachaidh an díospóireacht? Coinnigh do shúil ar an spás seo, mar a deir siad.
Tá Tom Deignan ag obair mar eagarthóir agus mar cholúnaí leis an Irish Voice i Nua-Eabhrac. Is iarléachtóir ollscoile é. Foilsíodh a leabhar is déanaí, Coming to America: Irish Americans (Barron’s), anuraidh.