Tá cur síos i mbeathaisnéis ón naoú haois déag, atá díreach foilsithe, ar an chruatan a d’fhulaing na hÉireannaigh a thrasnaigh an tAigéan Atlantach chun teitheadh ón Ghorta Mór. Tá an leabhar léite ag Tom Deignan.
Ní shílfeá go bhféadfadh éadan simplí siopa ag coirnéal Shráid Lafayette agus Shráid White i Manhattan léargas chomh grinn a thabhairt dúinn ar scéal meallacach, tragóideach na nÉireannach a tháinig go Nua-Eabhrac. Ach mar a léiríonn leabhar nua atá díreach foilsithe sna Stáit Aontaithe, éiríonn leis an New York City Rescue Mission, a bhunaigh inimirceach Éireannach darbh ainm Jerry McAuley in 1872, díreach é sin a dhéanamh.
Ar an chéad dul síos, tá an Misean lonnaithe faoi láthair i Five Points, seanchomharsanacht a bhfuil cáil air mar cheantar *hardscrabble *anois, siar ó thuaidh ó Halla Cathrach Manhattan. Tá ciall leis an suíomh sin, nuair a smaoiníonn tú ar mhór-riachtanais shóisialta na n-inimirceach Éireannach a bhí ag cur fúthu i Five Points. Ach bhí an chéad mhisean tarrthála a bhí ag McAuley lonnaithe níos deise do lár na cathrach, ar Water Street. Tá sé seo oiriúnach, fosta, de bharr go dtosaíonn scéal McAuley ar an Aigéan marfach Atlantach, a d’iompar oiread Éireannach agus iad ar a mbealach go dtí na Stáit Aontaithe, agus a shlog go leor acu sular éirigh leo an áit a bhaint amach.
Insíonn na staraithe é seo dúinn. Ach is cúis frustrachais é do go leor léitheoirí go bhfuil fáil ar a laghad sin cuntas sa chéad phearsa ó imircigh a bhí ag teitheadh ón Ghorta. Tá tuairisc bheo le fáil i *Jack Corbett, Mariner *le A.S. Hatch (The Quantuck Lane Press) - cuntas beathaisnéise ón naoú haois déag ar thángthas air le déanaí - ar thuras uafásach amháin den chineál seo. Ba é Alfrederick Smith Hatch a scríobh é tar éis dó turas a dhéanamh trasna an Aigéin Atlantaigh ó Shasana.
D’éirigh le Hatch cáil a bhaint amach dó féin sna Stáit Aontaithe. Chabhraigh sé leis an Aontacht an t-airgead a bhailiú leis an Chogadh Cathartha a bhuachan, ag am a bhí siad ar an ghannchuid. Chuidigh sé leis an Transcontinental Railroad a mhaoiniú agus ceapadh é sa deireadh mar uachtarán ar Stocmhalartán Nua-Eabhrac in 1883.
In 1849, áfach, ní raibh i Hatch ach ábhar mairnéalaigh, a sheol ó Learpholl ar an New World i gcuideachta dreama ar thug sé “the roughest, dirtiest, swearingest, drinkingest men alive” orthu. Gach seans nach mairfeadh Hatch murach seoltóir ón Bhreatain darbh ainm Jack Corbett, a bhí mar chaomhnóir agus mar mheantóir ag Hatch. Ar bord chomh maith, bhí dream a bhí ag teitheadh ón Ghorta Mór. Agus is áis luachmhar, chorraitheach é cuntas beo Hatch ar chruatan na n-imirceach.
Uafáis
Tá cur síos ag Hatch ar uafáis éagsúla: seoltóirí reoite i gcoinne an chrainn seoil, círéibeacha bia, agus daoine á gcur san fharraige. “Stop mé uair amháin agus d’fhiafraigh mé de bhean an raibh a páiste tinn, agus dúradh liom go raibh sí breoite le cúpla lá,” a scríobhann Hatch. “Chuimil mé a leiceann agus thóg mé a cuid coirníní óna héadan. Níor bhog an páiste. Agus mé i mo sheasamh os a cionn, d’fhéach mé ní ba ghéire uirthi. Bhí cuma aisteach, stalctha ar na ceannaithe, agus bhí an béal beag tarraingthe agus snoite. Chas mé timpeall go tapa, mo chroí ag titim, agus chuir mé fios ar an dochtúir. D’fhéach sé a cuisle, chuir sé a lámh go héadrom ar a croí agus ba léir go raibh geit bainte as. Ansin, chroith sé a cheann go tromchúiseach.
“Bhí an páiste marbh. Fuair sí bás ar ghlúin a máthar agus ní raibh a fhios ag an bhean bhocht, a bhí tugtha traochta i ndiaidh oícheanta gan chodladh a chaitheamh ag faire go himníoch ar an pháiste, go raibh sí caillte. Nuair a insíodh di, ní raibh cur in iúl bróin ar bith ann. Cheapfadh duine neamh-airdiúil go raibh sí ar nós cuma liom agus nach raibh sí i ndíth ceana nádúrtha agus comhbhróin, a bhí a fhios agamsa níb fhearr. Bhí sí oiread trína chéile nár thuig sí cad é a bhí i ndiaidh tarlú, bhí mearbhall rómhór uirthi le fios a bheith aici cad é a bhí sé ag brath, nó chun a cuid mothúchán a chur in iúl.”
Tá *Jack Corbett, Mariner *lán radharcanna mar seo a bhriseann an croí.
Ar a laghad, d’éirigh le Jerry McAuley teacht slán óna thuras féin as Éirinn go Nua-Eabhrac. Duine gan dóigh a bhí ann ar dtús, ach ansin d’iompaigh sé ón Chaitliceachas agus é i bpríosún Sing Sing. Is cinnte go raibh go leor dá chomh-Chaitlicigh Éireannacha - agus iad ag troid le Protastúnaigh Nua-Eabhrac chun cothroime pholaitiúil agus shóisialta a bhaint amach - den bharúil gur cheart do McAuley fanacht i Sing Sing. In áit sin a dhéanamh, áfach, chuaigh sé amach agus d’fhéach sé le hanamnacha a shábháil.
Agus é i mbun na hoibre sin, chuir sé ina luí A.S. Hatch airgead a chur ar fáil chun áit ar a dtugtar an chéad mhisean tarrthála do dhaoine gan dídean a bhunú, is é sin, Helping Hand For Men. Leag McAuley agus Hatch an dúshraith, mar sin, don áit ar a dtugtar The New York City Rescue Mission. (Tabharfar airgead ar bith a shaothrófar ó *Jack Corbett: Mariner *don Mhisean.)
An Gorta Mór, daoine á gcur san fharraige, athrú creidimh - agus seo go léir ceangailte le Five Points, an chéad gheiteo mór míchlúiteach Éireannach i Nua-Eabhrac. Sin coirnéal sráide ar dóigh.
Tá Tom Deignan ag obair mar eagarthóir agus mar cholúnaí leis an *Irish Voice i Nua-Eabhrac. Is iarléachtóir ollscoile é. Tá a leabhar nua, Coming to America: Irish Americans (Barron’s), díreach foilsithe.*