Cháin go leor de na criticeoirí teilifíse an clár Ní Gaeilgeoir mé nuair a craoladh é ar TG4 an mhí seo caite ach níl aon aiféala ar an láithreoir, Aoife Ní Thuairisc, go raibh sí bainteach leis. Labhair Éamonn Ó Dónaill léi faoin chlár sin agus faoina saol os comhair na gceamaraí.
»»»Tá Eoin Dillon ag seinm ceoil ó bhí sé cúig bliana déag agus ina bhall den ghrúpa Kíla ó bhí tús na nóchaidí ann ach níl sé ach ag eisiúint a chéad albam aonair anois. Labhair sé le hÉamonn Ó Dónaill faoi thaifeadadh an albaim agus faoina shaol mar cheoltóir lánaimseartha.
»»»Cé gur tógadh an gearrscéalaí, úrscéalaí, drámadóir agus léirmheastóir Éilís Ní Dhuibhne i mBaile Átha Cliath tá oiread scríofa aici i nGaeilge is atá sa Bhéarla. Labhair sí le hÉamonn Ó Dónaill faoin dúshlán a bhaineann le bheith ag scríobh i mionteanga agus faoin úrscéal nua dá cuid a foilsíodh le gairid.
»»»Tá Muireann Ní Bhrolcháin ar dhuine de na príomhdhaoine atá bainteach leis an fheachtas atá ar siúl le tamall anuas chun mótarbhealach an M3 a bhogadh níos faide ar shiúl ó Chnoc na Teamhrach i gContae na Mí. Labhair sí le hÉamonn Ó Dónaill faoin fheachtas seo agus na cinn eile a raibh sí bainteach leo cheana, faoin drochmheas atá aici ar pháirtí Fhianna Fáil agus faoina saol mar scoláire Sean-Ghaeilge.
»»»Tá níos mó eolais le fáil faoi shaothar Phádraigín Ní Uallacháin ag: www.padraiginniuallachain.com
»»»Níl Máire Killoran ach sna tríochaidí luatha ach tá post mór bainte amach aici cheana féin, is é sin Ceannaire Chiste Craoltóireachta Gaeilge an tuaiscirt. Labhair sí le hÉamonn Ó Dónaill faoin obair atá déanta aici go dtí seo i réimse na hiriseoireachta agus faoi na dúshláin atá roimpi.
»»»Bhí Seán Ó Tiarnaigh ar ais in Éirinn an mhí seo caite, leathchéad bliain i ndiaidh dó dul ar imirce go dtí na Stáit Aontaithe agus gan ach fíorbheagán airgid ina phóca. D’inis sé d’Éamonn Ó Dónaill faoina shaol ansin, an dóigh ar éirigh leis post sinsearach a bhaint amach i mbanc agus an dóigh ar músclaíodh a spéis sa Ghaeilge in athuair.
»»»Tá leabhar nua gramadaí, A Learner’s Guide to Irish, leis an Mheiriceánach Donna Wong, díreach foilsithe ag Cois Life. D’inis an t-údar d’Éamonn Ó Dónaill cad é a spreag a suim sa Ghaeilge agus cén fáth ar chinn sí ar an leabhar seo a scríobh.
»»»Tá Anna Heussaff tar éis go leor rudaí suimiúla a dhéanamh ina saol - tá tréimhsí caite aici ag obair le daoine gan dídean i Sasana, mar shampla, mar stiúrthóir/léiritheoir teilifíse in RTÉ agus anois, an mhí seo, tá a céad úrscéal á fhoilsiú. Labhair sí le hÉamonn Ó Dónaill le gairid faoina saol agus faoina cuid oibre.
»»»Tá a chion féin déanta ag an amhránaí Conallach Lillis Ó Laoire don amhránaíocht ar an sean-nós san iarthuaisceart le roinnt mhaith blianta anois. Labhair Éamonn Ó Dónaill leis faoin amhránaíocht, faoina shaol i Meiriceá agus faoin chonspóid idir é féin agus an déantóir scannán Bob Quinn níos luaithe i mbliana.
»»»D’éirigh le Frank Allen post a fháil leis an Bhanc Domhanda sna hochtóidí nuair a bhí sé fós an-óg. Is fear é a dtaitníonn dúshlán leis agus is cinnte go bhfuil an-dúshlán ag baint lena phost nua mar phríomhfheidhmeannach ar an an Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród, an eagraíocht atá i gceannas ar thionscadal Luas Bhaile Átha Cliath. Labhair sé le hÉamonn Ó Dónaill faoina shaol suimiúil.
»»»Rugadh Salvatore Fichera sa Róimh agus is de sliocht Sicileach é. Labhair sé le hÉamonn Ó Dónaill faoin dúshlán a bhaineann le bheith ag foghlaim na Gaeilge.
»»»Foilsíodh an cúigiú cnuasach dánta leis an fhile Corcaíoch Louis de Paor le gairid. Labhair sé le hÉamonn Ó Dónaill faoina shaothar, faoina chuid oibre mar Stiúrthóir ar Ionad an Léinn Éireannaigh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus faoin uaigneas a bhaineann le bheith ag saothrú i ngort an léinn Ghaeilge.
»»»Is minic a bhaintear mí-úsáid as an fhocal "ildánach" ach bheadh sé oiriúnach go maith mar fhocal le cur síos a dhéanamh ar Cholm Ó Snodaigh, an ceoltóir ón ghrúpa Kíla. Seinneann Ó Snodaigh an fhliúit agus roinnt uirlisí eile, scríobhann sé ceol agus amhráin, is gearrscéalaí é agus tá obair raidió déanta aige freisin. Labhair sé le hÉamonn Ó Dónaill faoina shaol suimiúil.
»»»Cé go bhfuil seachtar páistí ag Gearóidín Bhreathnach as Rann na Feirste i dTír Chonaill, tá a cion féin déanta aici ar son na Gaeilge agus an chultúir. Labhair sí le hÉamonn Ó Dónaill faoina saol mar amhránaí sean-nóis agus mar sheanchaí, agus faoina leabhar nua do pháistí atá díreach foilsithe.
»»»Bhí aithne ag Nikki Ragsdale tráth ar roc-cheoltóirí mór le rá, ach na laethanta seo tá sí níos tógtha leis an chultúr Gaelach agus le cur chun cinn na Gaeilge i gceantar San Francisco. Labhair sí le hÉamonn Ó Dónaill faoin dóigh ar fhás a grá don teanga agus faoina cuid oibre mar dhearthóir suíomh gréasáin.
»»»Tá aitheantas bainte amach ag an fhile Cathal Ó Searcaigh ní hamháin i measc lucht léite na filíochta in Éirinn, ach in go leor tíortha eile chomh maith. Labhair sé le hÉamonn Ó Dónail faoi chiúinchónaí cois sléibhe i nDún na nGall, faoina shaol mar fhile agus a ghrá do Neipeal.
»»»Is minic é curtha i leith Raidió na Gaeltachta nach bhfuil aon fhreastal á dhéanamh acu ar an aos óg. Tá cúrsaí feabhsaithe rud beag le roinnt blianta anuas, áfach, ó cuireadh tús leis an chlár ceoil “An Taobh Tuathail”. Labhair Éamonn Ó Dónaill le duine de láithreoirí an chláir sin, Cian Ó Cíobháin, faoi bheith ag obair mar dhioscmharcach i stáisiún ina bhfuil cosc ar liricí Béarla.
»»»Tá tríocha bliain caite ag Cathal Mac Coille i mbun na hiriseoireachta agus tá meas air go forleathan mar scríbhneoir agus mar chraoltóir. Labhair sé le hÉamonn Ó Dónaill faoina chuid oibre le RTÉ agus faoi bhfuil i ndán don tseirbhís sin.
»»»Tá blianta fada caite ag an Chorcaíoch John Spillane ag iarraidh a bheatha a thabhairt i dtír mar amhránaí proifisiúnta, rud nach bhfuil furasta in Éirinn. Labhair sé le hÉamonn Ó Dónaill faoina shaol sa cheol agus faoina albam nua, atá díreach tagtha amach.
»»»Áirítear Nuala Ní Dhomhnaill ar dhuine de na filí is tábhachtaí sa Ghaeilge agus tá meas uirthi go hidirnáisiúnta anois. Labhair Éamonn Ó Dónaill léi faoina saol in Éirinn agus sa Tuirc, faoina saothar agus faoin ghalar dubhach.
»»»Tá aithne ag an saol mór ar Dhiarmuid de Faoite mar Jack i sobalchlár TG4, “Ros na Rún”. Mhínigh sé d’Éamonn Ó Dónaill cén chaoi a ndeachaigh sé leis an aisteoireacht agus labhair sé faoina shaol os comhair na gceamaraí.
»»»Tá Raidió na Life, an stáisiún raidió Gaeilge atá lonnaithe i lár Bhaile Átha Cliath, ag craoladh gan stop ó bhí 25 Meán Fómhair 1993. Is éacht é seo nuair a smaoiníonn go mbíonn craoltóirí an stáisiúin ar fad ag obair go deonach. Labhair Éamonn Ó Dónaill le bainisteoir an stáisiúin, Fionnuala Mac Aodha, faoina cuid oibre le Raidió na Life agus faoi bhfuil i ndán don tseirbhís san am atá romhainn.
»»»Tá cáil ar Éamon Ó Cuív, an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Forbartha Tuaithe, mar pholaiteoir atá neamhspleách go maith agus nach bhfuil eagla air an fód a sheasamh go tréan. Labhair Éamonn Ó Dónaill leis faoi shaol na polaitíochta, faoin phoblachtánachas agus faoin tionchar a bhí ag a sheanathar, Éamon de Valera, air.
»»»Tháinig an t-antraipeolaí Súdánach Abdullahi Osman El-Tom go hÉirinn i 1990 chun cúpla mí a chaitheamh ag obair san ollscoil i Maigh Nuad agus tá sé anseo ó shin. Labhair sé le hÉamonn Ó Dónaill faoina chúlra, faoin oideachas agus faoin tsuim atá aige sa Ghaeilge.
»»»Is guth aonair an Pháirtí Shóisialaigh i nDáil Éireann é Joe Higgins. Labhair Éamonn Ó Dónaill leis an pholaiteoir seo a bhfuil cáil air mar dhuine neamhspleách atá sásta an fód a sheasamh go daingean don lucht oibre.
»»»“Ré dhorcha” a thugann Máirtín Ó Muilleoir ar an tréimhse ar toghadh mar chomhairleoir de chuid Shinn Féin é ar Chomhairle na Cathrach i mBéal Feirste. Bhuaigh sé an suíochán i mí Dheireadh Fómhair 1987 agus an mhí dar gcionn, ar an 8 Samhain, maraíodh aon duine dhéag agus gortaíodh trí scór i mbuama Inis Ceithleann. An bhliain sin, chaill breis is céad duine ar fad a mbeatha i gcoimhlint fhuilteach na Sé Chontae.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.