Bhí aithne ag Nikki Ragsdale tráth ar roc-cheoltóirí mór le rá, ach na laethanta seo tá sí níos tógtha leis an chultúr Gaelach agus le cur chun cinn na Gaeilge i gceantar San Francisco. Labhair sí le hÉamonn Ó Dónaill faoin dóigh ar fhás a grá don teanga agus faoina cuid oibre mar dhearthóir suíomh gréasáin.
Tráthnóna Dé hAoine ag deireadh mhí Mheán Fómhair atá ann. Tá beagnach leathchéad duine bailithe le chéile do chúrsa Gaeilge deireadh seachtaine san Fhoras Cultúir Gaeil Aontuighthe, nó an United Irish Cultural Center (UICC), sa Sunset District, in aice na farraige i San Francisco. Tá an grúpa daoine seo thar a bheith ciúin, iad siúd nach raibh anseo cheana pas beag neirbhíseach, b’fhéidir, faoi bheith ag tabhairt faoi fhoghlaim na teanga. Seasann Nikki Ragsdale, bean de bhunadh California, agus cuireann fáilte roimh na foghlaimeoirí chuig an an “Deireadh Seachtaine Gaeltachta”, mar a thugtar ar an imeacht bliantúil seo.
Tá Gaeilge líofa ag Nikki agus díograis i dtaobh na teanga ag baint léi nach mbíonn le fáil ach go hannamh i measc daoine in Éirinn. Chuir sí tús leis an deireadh seachtaine Gaeilge seo trí bliana ó shin agus d’éirigh go seoigh le gach imeacht go dtí seo, an ceann thuasluaite ag deireadh na míosa seo caite san áireamh.
Is mór idir an saol atá aici anois, ar maos i dteanga agus i gceol na hÉireann, agus an saol a chaith sí go dtí go raibh sí ina cuid tríochaidí. Ní raibh eolas ar bith aici ar an chultúr Gaelach ná ar an teanga ar feadh na mblianta agus níor thuig sí fiú gur de shliocht Éireannach í féin.
Rugadh Nikki i nGlendale i gCalifornia agus chaith sí cuid dá hóige i gceantair Los Angeles agus San Francisco. B’innealtóir é a hathair a bhí ag obair leis an chomhlacht mór idirnáisiúnta Bechtel’s agus thug a chuid oibre thar lear é go háiteanna éagsúla agus Nikki ag éirí aníos. Nuair a bhí sí cúig bliana d’aois, mar shampla, bhog an teaghlach go Napoli na hIodáile, áit ar chaith siad bliain go leith. Nuair a bhí sí sna déaga, phill siad ar an tír chéanna agus chuir siad fúthu i Milano. Bliain go leith ina dhiaidh sin arís, thóg siad a seoltaí in athuair agus thug siad aghaidh ar München na Gearmáine, áit ar chaith siad ceithre bliana.
“Ba dheacair ceangal a choinneáil leis na daoine a raibh tú cairdiúil leo. Ach ag an am céanna, bhí sé deas a bheith ábalta aithne mhaith a chur ar dhaoine agus eolas a chur ar thíortha agus ar theangacha eile. Chaith mé dhá mhí sa Pholainn am amháin agus tá an Pholainnis a d’fhoghlaim mé ag an am sin agam go fóill. D’fhoghlaim mé roinnt Sualainnise chomh maith agus tá na habairtí sin agam go fóill fosta. Is breá liom teangacha.”
Bhog an teaghlach ar ais go California nuair a bhí Nikki naoi mbliana déag ach bhí fonn siúil uirthise agus, deich mí ina dhiaidh sin, díreach tar éis a fichiú breithlá, thug sí aghaidh ar Londain. Chuaigh sí ansin ina haonar ach bhí aithne mhaith aici ar go leor ceoltóirí a bhí ag maireachtáil sa chathair de bharr go raibh tréimhse caite aici ag obair i gclub darbh ainm PN Hithouse i gceantar Schwabing a mbíodh grúpaí Sasanacha ag seinm ann.
“An jab a bhí agam tar éis na hardscoile ná ag obair mar dhioscmharcach i gclub. Na flaithis a bhí ann do dhéagóir mar mise. Go minic thagadh bannaí go dtí an club agus bhíodh siad ag seinm ansin ar feadh míosa. D’fhás fíorchairdeas idir mé féin agus cuid de na ceoltóirí, mar shampla Jon Anderson a bhí le banna darbh ainm The Warriors. Theip ar an bhanna sin agus chuaigh Jon isteach sa ghrúpa Yes ina dhiaidh sin.”
Chas Nikki le Jimi Hendrix ag an am seo fosta mar gur sheinn sé féin agus a ghrúpa, The Jimi Hendrix Experience, i München, díreach agus cáil idirnáisiúnta á baint amach aige.
Saol iontach sóisialta
Fuair sí post i Londain le Bechtel’s, an comhlacht céanna a raibh a hathair ag obair dó. Thosaigh sí ag foghlaim dearadh grafach leis an chomhlacht sin agus ag freastal ar an London College of Printing, áit ar chaith sí ceithre bliana. Bhí saol iontach sóisialta aici agus í mar chuid de ghrúpa mór ar cheoltóirí go leor acu. Théadh siad go clubanna agus tábhairní éagsúla, leithéidí The Ship, La Chaisse, The Marquee agus The Speakeasy, agus chuir Nikki aithne ar go leor ceoltóirí a bhí i mbéal an phobail le linn na tréimhse sin.
“Bhuail mé le Keith Moon, mar shampla, agus le David Bowie bliain nó mar sin sular rugadh Ziggy Stardust. Bhí aithne agam ar Keith Emerson ó Emerson, Lake and Palmer agus bhog mé isteach ina árasán nuair a bhog sé féin agus a bhean amach. Bhuail mé le go leor ceoltóirí fríd na blianta agus chuir mé aithne mhaith ar roinnt acu.”
Le linn na trí bliana déag a chaith sí i Londain bhí postanna éagsúla aici. D’oibir sí mar fhreastalaí agus mar rúnaí, cuir i gcás, agus bhí gnólacht aici féin agus ag cara léi, Eileen Ennis, ar feadh tamaill.
“Bhí siopa beag againn sa mhargadh i King’s Road ar dtús agus ina dhiaidh sin ar Kensington High Street. One Of’s an t-ainm a bhí air. Rinne muid éadaí a dhearadh, amanna do cheoltóirí ach go minic do ghnáthdhaoine chomh maith. Chuir muid aithne ar Phil Lynott agus Marianne Faithfull, daoine mar sin. Thagadh Phil Lynott go dtí an caife a bhí sa mhargadh go minic agus bhíodh muid ag caint leis anois is arís. Duine cairdiúil a bhí ann.”
Cé go raibh saol suimiúil agus lán spraoi aici i Londain, bhí rud éigin ag rá léi go raibh sé in am an áit a fhágáil. I 1982, chinn sí air sin a dhéanamh.
Sna blianta deireanacha i Sasana, áfach, thosaigh strainséirí a casadh uirthi ag fiafraí di cén áit in Éirinn arbh as í. Tharla sé seo suas le cúig huaire ar fad. Níor thuig sí ag an am sin go raibh ceangal aici le hÉirinn, gur ansin a rugadh a sin-seanmháthair. Ní raibh cuairt tugtha aici ar an tír ach tháinig an deis chun cinn tamall gearr sular fhág sí Sasana. Bhí cara léi ag dul ar cuairt chun na tíre agus thug sí cuireadh do Nikki dul ina cuideachta.
“Chaith muid trí seachtaine in Éirinn agus chuala mé an Ghaeilge ansin den chéad uair, ar an Cheathrú Rua. Chuaigh an teanga i bhfeidhm go mór orm. Bhí mé brónach agus muid ar ár mbealach ar ais go Sasana, bhí mo chroí trom. Bhí na mothúcháin ní ba láidre ná ba cheart dóibh a bheith. Chuala mé an ceol agus an sean-nós chomh maith le linn an turais sin agus bhí mé tógtha leo ón nóiméad sin.”
Thóg sí taifeadadh de ghrúpaí agus de cheoltóirí éagsúla, leithéidí The Bothy Band agus The Chieftains, ar ais go California léi agus d’éist sí leo gan staonadh. Dhírigh sí a hintinn ar fhoghlaim na Gaeilge chomh maith agus í ar ais ar an fhód dúchais.
“Bhí mé ag cuartú dóigh a mbeinn ábalta an Ghaeilge a fhoghlaim. Bhí sé deacair rud ar bith a fháil ach tar éis tamaill thosaigh mé ag obair le haonach athbheochana i rith an tsamhraidh. Casadh duine orm a raibh roinnt leabhar Gaeilge aige a bhí ag múineadh cúpla focal as Buntús Cainte. Cheannaigh mé féin an leabhar ansin agus thosaigh mé ag éisteacht leis sa charr arís is arís eile.
“Cúpla bliain ina dhiaidh sin, i 1988 sílim, tháinig mé ar bhean as Dún na nGall, Imelda White. Bhí sise ag múineadh Gaeilge ag an am i Mountain View - bunrang agus meánrang - agus chaith mé roinnt blianta ag staidéar léi. Bhí mé ag tiomáint na mílte agus na mílte chuig an rang sin. Ní raibh rud ar bith eile le fáil ag an am ach anois tá níos mó ar siúl ó thaobh na Gaeilge de. Caithfidh tú a lán stáidéir aonair a dhéanamh agus do Ghaeltacht féin a chruthú. Rinne mise é sin.”
Cás cúirte
Agus í ar ais i gCalifornia, thosaigh sí ag obair ar chás cúirte frith-iontaobhais a thóg comhlacht leagtha píopaí darbh ainm ETSI i gcoinne cúig chomhlacht iarnróid a chuir cosc orthu ar feadh trí bliana déag píopaí a leagan chun gual a iompar trasna na Stát Aontaithe. Bhí sí i mbun taighde don chás ar feadh cúig bliana. Bhuaigh ETSI an cás agus fuair siad cúiteamh de $3.1 billiún ó na comhlachtaí iarnróid.
Dhírigh sí isteach ar scríbhneoireacht theicniúil agus ar obair ghrafach le Bechtel’s ansin ar feadh roinnt blianta ach chinn sí féin agus comhoibrí dá cuid, Sandy Neal, ar a gcomhlacht féin, One Source Graphics, a bhunú i 1993 nuair a tharla “downsizing” a d’fhág díomhaoin iad. Thosaigh siad ag dearadh suíomh gréasáin an bhliain dár gcionn nuair a chuir custaiméir dá gcuid in iúl dóibh gur theastaigh uaidh catalóg dá chuid earraí a chur ar an idirlíon. D’fhoghlaim siad beirt HTML agus chuir tús le hobair atá ar bun acu ó shin.
Sa dara cuid de na nóchaidí, chuir sí aithne ar an amhránaí sean-nóis Peadar Ó Ceannabháin as Conamara. Chuir seisean comhairle uirthi ar an ríomhphost maidir leis na hamhránaithe arbh fhiú éisteacht leo agus na hamhráin ab fhiú a fhoghlaim, agus chuidigh sé léi ó thaobh na teanga chomh maith. Níor thuig sí i dtús ama gur amhránaí a bhí ann féin. Nuair a chuala sí, áfach, gur amhránaí ab ea é, chinn sí ar shuíomh gréasáin a dhearadh dó.
“Rinne mé an suíomh sin saor in aisce ar mhaithe leis an amhránaíocht ar an sean-nós. Thug Peadar a lán tacaíochta domh maidir leis an sean-nós. Chuir muid aithne ar a chéile ar an idirlíon fríd an liosta Gaelic-L agus bhí sé an-chuiditheach i gcónaí.”
Chuir Peadar Tadhg Mac Dhonnagáin as Maigh Eo, cumadóir amhrán do dhaoine fásta agus do leanaí, i dteagmháil le Nikki i 1998. Bhí Tadhg ag obair ar chlár teilifíse darbh ainm “Cúrsaí Ealaíne”, a chraoltaí ar RTÉ, agus chuir sé agallamh ar Pheadar faoina dhlúthdhiosca nua.
“Bhí Tadhg tógtha leis an smaoineamh go raibh suíomh á dhearadh d’amhránaí sean-nóis. Thug sé spléachadh ar shuíomh Pheadair agus chuir sé teachtaireacht chugam. Rinne mé suíomh do Thadhg ansin agus gan aithne phearsanta agam airsean ach oiread.”
Cúrsa i nDún na nGall
Chuir Nikki aithne ar Liam Ó Cuinneagáin, stiúrthóir Oideas Gael i nGleann Cholm Cille, ag ócáid san UICC i 1998 agus chinn sí ar cheann de chúrsaí Gaeilge an chomhlachta a dhéanamh an samhradh sin.
“Bhain mé tairbhe mór as an chúrsa sin. Thug sé misneach domh Gaeilge a labhairt. Chuir mé aithne ar Thadhg an uair sin i mBaile Átha Cliath ach bhí mé ag labhairt Béarla leis ar dtús mar go raibh faitíos orm labhairt i nGaeilge. Ach ansin, tar éis an chúrsa, bhí níos mó misnigh agam agus bhí mé ábalta labhairt leis i nGaeilge.”
Cén leabhar atá á léamh agat faoi láthair?
An Dara Mám le Seán Bán Mac Meanman.
Cén ceol is fearr leat?
Le blianta anuas, ceol agus amhránaíocht Éireannach. Ach is maith liom roc-cheol agus ceol clasaiceach fosta.
Cén scannán is fearr a chonaic tú riamh?
Taitníonn The Secret of Roan Inish liom, Elvira, Mistress of the Dark agus Beauty and the Beast le Jean Cocteau, an stiúrthóir Francach. An scannán is fearr a chonaic mé le déanaí ná Chocolat.
Cá dtéann tú ar saoire?
Caithim a lán ama ar cuairt ag mo thuismitheoirí i Nevada. Seachas sin, téim go hÉirinn.
Cad é an méid ama a chaith tú thar lear anuraidh?
Beagnach mí in Éirinn, an chuid is mó den tréimhse i nDún na nGall.
Cén bhialann is fearr leat?
An Mermaid Café i mBaile Átha Cliath. Tá na freastalaithe go maith agus an bia blasta.
Cén duine is mó a bhfuil meas agat air/uirthi?
Tá meas agam ar a lán daoine.
Cén rud is mó a chuireann isteach ort?
Na rudaí atá ag tarlú sa Teach Bán agus an duine sin atá ann. (Ní maith liom uachtarán a thabhairt air.) Cuireann na polasaithe fearg orm.
Cad iad na huaireanta a oibríonn tú gach seachtain?
Oibrím beagnach achan lá - tá sé deacair agam lá iomlán a fháil saor. Braitheann sé - idir 40 agus 60 uair an chloig.
Cad iad na rudaí a chuireann strus ort?
A bheith róghnaitheach.
Theastaigh uaithi pilleadh ar Éirinn arís i 1999, ach ní raibh deis aici é sin a dhéanamh.
“Bhunaigh mé an Deireadh Seachtaine Gaeltachta an bhliain sin de bharr nach raibh mé ábalta dul go hÉirinn. Dúirt mé le Liam Ó Cuinneagáin, ‘Níl mé ábalta dul go hÉirinn, mar sin caithfidh mé Gaeltacht a chruthú anseo!’ D’éirigh go geal leis an imeacht agus choinnigh muid leis. Bhí sé lán i gcónaí ón chéad chúrsa sin.”
Le cois an imeachta áirithe sin, bíonn seisiún ceoil agus Oíche Ghaeltachta ar siúl san UICC ar an tríú Domhnach de gach mí. Tá moladh mór ag Nikki don dream atá i mbun an ionaid sin, go háirithe do Leo Walsh atá ina stiúrthóir ar an Roinn Imeachtaí Cultúrtha. Is beag béim a bhí ar an teanga san ionad roimhe seo ach deir Nikki go bhfuil siad an-bháúil leis an Ghaeilge agus sásta gach tacaíocht a thabhairt dá cuid iarrachtaí féin í a chur chun cinn.
Is amhránaí sean-nóis den scoth í Nikki agus tá baint mhór aici le Craobh Cooley Keegan de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann i San Francisco le tamall anuas. Tá sí mar Threoraí Gaeilge leis an chraobh sin agus tá ag éirí léi cur ina luí ar na baill eile go bhfuil tábhacht ag baint leis an teanga.
“Ba mhaith leo tuilleadh béime a chur ar an teanga anois. Le tamall anuas, nuair a bhí imeachtaí mar lá ceoil ar siúl, bhí mise ag rá go gcaithfeadh sean-nós a bheith i gceist, agus bhí. Tá rún agam roinnt imeachtaí eile a chur le chéile an bhliain seo chugainn, laethanta Gaeltachta, mar shampla, ag a mbeidh múinteoirí áitiúla ag múineadh na Gaeilge. Tá a lán suime ag daoine ina leithéid.”
Albam
Tá sé beartaithe ag an bhean thar a bheith gnóthach seo albam a thaifeadadh go luath chomh maith, ar a mbeidh amhráin sean-nóis agus dhá cheann nua-chumtha. Beidh cairde dá cuid ar Gaeilgeoirí iad, Galt Barber agus Janet Herman, le cloisteáil ag seinm roinnt port idir na hamhráin ach níl sí cinnte fós an mbeidh tionlacan leis na hamhráin féin.
Tá dhá amhrán nua-chumtha i nGaeilge faighte aici ó Éireannach Ceanadach darb ainm Tadhg Ó Muiris, cé nár casadh ar a chéile riamh iad. Sheol sé teachtaireacht ríomhphoist chuici tar éis dó suíomh gréasáin Thaidhg Mhic Dhonnagáin a fheiceáil.
“Níl aithne agam ar Mhuiris ar chor ar bith. Níor chuala mé a ghuth riamh. Bím i dteagmháil leis fríd an ríomhphost amháin. Dúirt mé leis gur thaitin na liricí a bhí ar a shuíomh liom agus thairg sé amhráin a thabhairt domh. Sheol sé téip chugam agus d’fhoghlaim mé na hamhráin ón téip sin.”
Tá Nikki an-tógtha le stíl Chaitlín Maude, an t-amhránaí sean-nóis as Conamara a fuair bás go hóg i 1982, agus teastaíonn uaithi cuid dá leaganacha d’amhráin Chonamara a chur ar an dlúthdhiosca nua.
“Tá téip Chaitlín Maude as cló anois. D’fhoghlaim mé amhráin uaithise agus anois ba mhaith liom iad a chur ar fáil do dhaoine eile.”
Nuair a chuala Nikki an Ghaeilge den chéad uair i gConamara fiche bliain ó shin agus í ar cuairt ag teaghlach ar an Cheathrú Rua, gheall sí go mbeadh an teanga aici nuair a d’fhillfeadh sí. Ní hamháin gur chomhlíon sí an gheallúint sin, ach tá éacht déanta agus á dhéanamh aici ó thaobh na Gaeilge de i gCalifornia. Nár laga Dia a lámh.
Roinnt suíomh gréasáin úsáideach:
Tadhg Mac Dhonnagáin www.FutaFata.com
Peadar Ó Ceannabháin www.GrafxSource.com/MCS/CuiddentSaol.html
Deireadh Seachtaine Gaeltachta www.OneSourceGraphics.com/Gaeilge/DeireadhSeachtaine.html
Irish Network of Northern California www.IrishNetworkNorCal.org/
One Source Graphics www.OnesourceGraphics.com
Craobh Cooley-Keegan, Comhaltas Ceolteoirí Éireann www.ccewest.org