AGALLAMH BEO
Abdullahi Osman El-Tom
Éamonn Ó Dónaill Éamonn Ó Dónaill Éamonn Ó Dónaill

Tháinig an t-antraipeolaí Súdánach Abdullahi Osman El-Tom go hÉirinn i 1990 chun cúpla mí a chaitheamh ag obair san ollscoil i Maigh Nuad agus tá sé anseo ó shin. Labhair sé le hÉamonn Ó Dónaill faoina chúlra, faoin oideachas agus faoin tsuim atá aige sa Ghaeilge.

Íomhá
Íomhá
An leabharlann, Ollscoil na hÉireann Maigh Nuad
Íomhá

Nuair a chas mé le hAbdullahi El-Tom ar an 10 Meán Fómhair i gclub Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, bhraith mé go raibh méid áirithe leisce air agallamh a dhéanamh liom. Ón mhéid a dúirt sé liom ar an ócáid sin agus amanna eile ar bhuail mé leis, measaim nach maith leis an chaoi a gcuireann daoine suntas i bhfear as an tSúdáin a bheith ag foghlaim na Gaeilge. Ní maith leis ach oiread nuair a chuireann daoine fiosracha ceist air cén fáth ar chinn sé ar an teanga a fhoghlaim.

“Ní maith liom an cheist seo,” a deir sé. “Dá mbeifeá ag foghlaim na hArabaise, an Bhéarla nó Swahili, ní chuirfí ceist mar sin ort.”

Tá sé ag foghlaim na Gaeilge le roinnt blianta anuas anois agus tá an-líofacht bainte amach aige. Measann sé gur dúshlán agus streachailt an-mhór atá i gceist an teanga a fhoghlaim. Nuair a chuir mé ceist air faoi chaighdeán na gcúrsaí ar fhreastail sé orthu san ollscoil i Maigh Nuad (áit a bhfuil sé ag obair), i mBaile an Fheirtéaraigh agus i gConradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, áfach, ní raibh rud ar bith diúltach le rá aige faoi na múinteoirí. An deacracht is mó a fheiceann sé ná an easpa deiseanna a bhíonn ann an teanga a labhairt. “Tá Club Chonradh na Gaeilge ann agus Sult, agus sin an méid,” a deir sé. Thaitin an tréimhse a chaith sé ag freastal ar chúrsa i mBaile an Fheirtéaraigh go mór leis mar go raibh timpeallacht Ghaelach i gceist. “Tar éis an ranga, bhí cúpla duine timpeall a bhí ag labhairt i nGaeilge.”

Deir sé go bhfuil sé deacair aige deis a fháil am a chaitheamh i gClub Chonradh na Gaeilge na laethanta seo agus go mbíonn leisce ar chuid dá chairde bualadh isteach go dtí an tábhairne sin.

Cúlra

Rugadh agus tógadh Abdullahi i mbaile beag in iarthar na Súdáine. Is ar an chogaíocht agus ar an ghorta a smaoiníonn daoine de ghnáth nuair a luaitear ainm na tíre sin ach deir sé go raibh rudaí socair go leor agus eisean ag éirí aníos.

“Bhí rialtais dhaonlathacha agus mhídhaonlathacha ann sna seascaidí agus sna seachtóidí, agus rialtais mhíleata a bhí i gcuid acu freisin. Ach mar sin féin, ní raibh an saol chomh holc is atá sé faoi láthair.”

Bhí siopa ag a mhuintir nuair a bhí Abdullahi ina ghasúr, rud a chiallaigh nach raibh siad ar an ghannchuid. “Bhí forbairt ag teacht ar an tír an tráth sin. Bhí scoileanna nua, bóithre agus clinicí á dtógáil agus bhí córas uisce á fhorbairt.” Deir sé nár thuig sé go raibh bochtanas ina cheantar dúchais go dtí go ndeachaigh sé chun na hollscoile i gCartúm.

Deir sé gur i 1979 a tháinig athrú ar chúrsaí sa tSúdáin. Ag an am sin, thosaigh an Banc Domhanda agus an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (IMF) ag cur a ladair isteach i gcúrsaí na tíre. Deir sé gur “thit an córas eacnamaíochta as an chéile de bharr a míthuisceana siúd ar an tír”.

Cé go bhfuil rudaí go dona ó thaobh cogaíochta de sa tSúdáin anois, is i ndeisceart na tíre a bhíonn an troid ag dul ar aghaidh agus, de bharr go bhfuil an tSúdáin chomh mór sin (47 uair níos mó ná an tír seo) agus mar gheall ar an smacht atá ag an rialtas ar na meáin chumarsáide, leanann daoine ar aghaidh lena saol beag beann ar na himeachtaí ó dheas.

Ollscolaíocht

Nuair a chuaigh sé chun na hollscoile i gCartúm, chinn Abdullahi ar staidéar a dhéanamh ar an Antraipeolaíocht de bharr go raibh suim i gcónaí aige ó bhí sé óg “i rudaí cultúrtha, daoine difriúla agus saol na tuaithe”. Chaith sé na blianta 1973 - 1978 ag déanamh staidéir ar an ábhar agus ina dhiaidh sin chuaigh sé go hOllscoil na Ríona i mBéal Feirste, áit ar bhain sé MA amach. Ba é an t-antraipeolaí iomráiteach Seiceach, Ladislav Holy, fear a raibh staidéar déanta aige ar an treibh Berti sa tSúdáin, a spreag Abdullahi le dul go dtí an institiúid sin, áit a raibh sé ag léachtóireacht ag an am. Nuair a d’aistrigh Holy go hOllscoil Naomh Aindriú in Albain i 1987, lean Abdullahi ansin é agus chaith trí bliana ag déanamh taighde le haghaidh dochtúireachta.

Chaith sé tréimhse sa Ghearmáin chomh maith ach níl sé ródhearfach faoin am sin. Rinne sé staidéar ar an teanga ansin agus is léir gur tharla rudaí diúltacha dó a d’athraigh a dhearcadh a leith mhuintir na tíre. Bhí sé mar ollamh ar cuairt in Ollscoil Freiburg faoi dhó agus ag an am sin chinn sé ar éirí as aon iarracht a dhéanamh an Ghearmáinis a fhoghlaim nó caidreamh a bheith aige le muintir na tíre. “Tá beagán Gearmáinise agam ach tá mé ag déanamh iarrachta dearmad a dhéanamh uirthi. D’éirigh idir mé féin agus na daoine ansin. D’éirigh mé as an nGearmáinis. Rinne mé cinneadh í a ghlanadh as m’intinn. Tá mé tinn don tír sin. Sin é.”

Nuair a deir mé leis nach féidir labhairt ar bhonn ginearálta mar sin faoi dhream ar bith, deir sé go magúil, “Is féidir!”.

Thosaigh sé ag obair in Ollscoil Geasaíre i Madaini sa tSúdáin ag deireadh na n-ochtóidí. Le linn dó a bheith ansin, fuair sé deis cúpla mí a chaitheamh ag léachtóireacht i Roinn na nAntraipeolaíochta i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad. Nuair a bhí sé i Maigh Nuad, áfach, d’athraigh cúrsaí polaitíochta sa tSúdáin go tobann agus briseadh Abdullahi as a phost. Tháinig dream i gceannas ar an tír ar theastaigh uathu go mbeadh dlúthcheangal idir a gcreideamh Ioslamach agus an stát. Thug siad bata agus bóthar dóibh siúd a d’easaontaigh leis seo, Abdullahi ina measc.

D’éirigh leis post buan a bhaint amach i Maigh Nuad ina dhiaidh sin agus tá sé ansin ó shin. Deir sé nach raibh sé chomh deacair sin dul i dtaithí ar an saol in Éirinn, fiú ar an aimsir. Chuir an drochaimsir isteach air i dtús báire ach deir sé go mbíonn aimsir na Súdáine go dona freisin “ach ar chaoi éagsúil ar fad”.

Méadú ar líon na mac léinn

Tá líon na mac léinn i Roinn na hAntraipeolaíochta in Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad (mar a thugtar ar an Choláiste anois) ag méadú go mór na laethanta seo. Tá tuairim is ar 300 ag déanamh staidéir ar an ábhar sa chéad bhliain, 60 sa dara bliain agus 50 sa tríú bliain, chomh maith le cúig dhuine is fiche atá ag plé le céim mháistreachta nó le dioplóma iarchéime. An bhliain seo chugainn, deir sé go mbeidh suas le 120 sa dara bliain.

“Is ollscoil réasúnta beag í agus is maith liom é sin, ach tá sí ag fás in aghaidh na bliana. Is gearr go mbeidh sé deacair aithne a chur ar gach mac léinn sa rang. Sin an fhadhb atá ag teacht chun cinn i gcúrsaí oideachais sa lá atá inniu ann. Tá sé mar sin ar fud na tíre, áfach.”

Cé go bhfuil líon na mac léinn ag méadú go mór i ngach roinn san ollscoil, is beag postanna breise atá á gcruthú. Deir sé gur “oideachas ar bheagán costas” a theastaíonn ó údaráis Mhaigh Nuad agus go bhfuil sé “geall le táirgeacht mhonarchan” anois sa choláiste sin agus in institiúidí tríú leibhéal eile.

Níl sé i gcoinne oideachas a bheith ar fáil do líon mór daoine ach deir sé go bhfuil gá le hinfheistíocht bhreise sa chóras agus le coláistí nua.

Measann sé go bhfuil an tréimhse a chaitheann daoine ag déanamh staidéir don chéim sa tír seo róghairid. “Trí bliana a chaitheann tú sa choláiste chun BA a fháil. Sílim go bhfuil sé sin róghearr. Sin an rud nach maith liom faoin ollscoil anseo. Bheadh ceithre bliana i bhfad níos fearr.”

Tá sé den tuairim gur fiú go mór do dhuine céim a bhaint amach san Antraipeolaíocht. Níl mórán postanna le fáil sa saol acadúil ach tá cinn le fáil go héasca in earnálacha eile.

“Tugann an Antraipeolaíocht cúnamh dúinn pobail agus cultúir éagsúla a thuiscint. Faigheann antraipeolaithe postanna le rialtais agus le comhlachtaí móra chun saineolas ar chúrsaí cultúrtha idirnáisiúnta a chur ar fáil.”

Aontaíonn sé liom nuair a deirim leis go bhfuil antraipeolaithe áirithe tar éis droch-chlú a tharraingt ar an ábhar ach maíonn sé go ndéantar botúin mhóra i ngach disciplín.

Ceist againn ort...

Cén leabhar atá á léamh agat faoi láthair?

Stairsheanchas Mhicil Chonraí: Téacs Cóirithe, dhá chuntas saoil, curtha in eagar ag Conchúr Ó Giollagáin; Dochtúir na bPiast, le Maidhc Dainín Ó Sé; Palóma, le Pól Ó Muirí.

Cén ceol is fearr leat?

Ceol traidisiúnta na Súdáine agus na hÉireann.

Cén scannán is fearr a chonaic tú riamh?

Ghandi ach ní maith liom scannáin in aon chor.

Cá dtéann tú ar saoire?

An tSúdáin agus áiteanna in Éirinn de ghnáth.

Cé mhéad uair a bhí tú thar lear anuraidh?

Trí huaire - An tSúdáin, an Phortaingéil agus an Ollainn.

Cén bhialann is fearr leat?

Shalamar, bialann Indiach i mBaile Átha Cliath.

Cén duine is mó a bhfuil meas agat air/uirthi?

Nelson Mandela agus Gemal Abdul Naisir a bhí i gceannas san Éigipt.

Cén duine is mó a chuaigh i bhfeidhm ort agus tú níos óige?

Mo mháthair.

Cén rud is mó a chuireann isteach ort?

Brú an bhochtanais ar dhaoine ar fud an domhain.

Cad iad na huaireanta a oibríonn tú gach lá?

Óna deich go dtí a sé a chlog.

Cad iad na rudaí a chuireann strus ort?

Níl a fhios agam. B’fhéidir trácht na cathrach.

“Cé as ar tháining an buama adamhach? An mhatamaitic, an fhisic nó an cheimic? Níl fhios agam. Ní bheadh mórán measa agam ar an taighde antraipeolaíochta a rinne Shepherd, Hughes, Messenger agus scríbhneoirí eile. D’fhág an obair seo lorg diúltach ar an antraipeolaíocht in Éirinn, ach níl taighde na n-antraipeolaithe eile chomh heasnamhach céanna.” Deir sé go bhfuil obair mhaith ar siúl ag go leor antraipeolaithe ach nach gcloistear go minic ach faoi thaighde na ndaoine atá ag iarraidh aird a tharraingt orthu féin agus ar a saothar.

An ciníochas

Ní bhraitheann sé oiread ar a shuaimhneas in Éirinn anois is a bhraith roimhe seo. Ar na mallaibh, bhí sé ag dul chuig ócáid i gceantar Mhargadh na Feirme i mBaile Átha Cliath ach fuair sé tacsaí ansin ó Theampall Chríost de bharr go mbíonn imní air ag siúl i gceantair áirithe sa chathair san oíche. Deirtear rudaí maslacha go minic leis féin agus le daoine a bhaineann le grúpaí mionlaigh eile. Lá amháin, mar shampla, dúirt fear gan dídean leis gur mar gheall ar “c**” mar eisean a bhí sé ag maireachtáil ar na sráideanna.

Deir sé go bhfuil rudaí deacair in Éirinn faoi láthair do ghrúpaí mionlaigh ach tá sé dóchasach go dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí amach anseo, ní hamháin sa tír seo ach ar fud an domhain. Creideann sé go bhfuil an cine daonna ag forbairt an t-am ar fad agus go leanfaidh seo ar aghaidh sa todhchaí. Luann sé an chaoi a raibh an sclábhaíocht inghlactha i dtíortha mar na Stáit Aontaithe go dtí an naoú haois déag agus ar tháinig athrú ar dhearcadh daoine ina leith de réir a chéile. Feiceann sé ceapadh Kofi Annan mar Rúnaí Ginearálta ar na Náisiúin Aontaithe mar chéim an-mhór chun cinn chomh maith.

Deir sé go bhfuil díospóireacht ag teastáil sa tír seo faoi cheist an chiníochais, ceannaireacht agus polasaithe le dul i ngleic leis an fhadhb. Braithim gur beag meas atá aige ar John O’Donoghue, an tAire Dlí agus Cirt, agus gur dóigh leis nach bhfuil seisean ar dhuine den dream a chuirfidh ceannaireacht ar fáil ag an am deacair seo don tír.

In ainneoin na ndeacrachtaí atá ag teacht chun cinn sa tír ó thaobh ciníochais de, is maith le hAbdullahi a bheith ag cur faoi anseo. Is cúis díomá é dó an chaoi a bhfuil daoine ag éirí an-tógtha leis an airgead in Éirinn, áfach, agus ní maith leis an dóigh a bhfuil an saol tar éis éirí i bhfad níos sciobtha le cúig bliana anuas.

Is beag seans go gcuirfidh sé faoi ina thír dhúchais arís. Tá sé pósta anois agus iníon óg aige a bheas ag freastal ar Ghaelscoil go gairid. Tá ceangal láidir aige leis an tSúdáin go fóill, mar sin féin. Téann sé ar ais chun na tíre gach bliain, in ainneoin go mbraitheann sé doicheall áirithe ó na húdaráis. Nuair a stopann oifigigh inimirce é, áfach, ní bhíonn le déanamh aige ach ainm roinnt gaolta a lua a bhfuil postanna sinsearacha acu san arm agus sa pholaitíocht agus scaoiltear isteach sa tír é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.