Cé go bhfuil seachtar páistí ag Gearóidín Bhreathnach as Rann na Feirste i dTír Chonaill, tá a cion féin déanta aici ar son na Gaeilge agus an chultúir. Labhair sí le hÉamonn Ó Dónaill faoina saol mar amhránaí sean-nóis agus mar sheanchaí, agus faoina leabhar nua do pháistí atá díreach foilsithe.
Nuair a bhíonn amhránaithe sean-nóis agus seanchaithe óga an lae inniu ag foghlaim a gceirde is minic iad ag brath ar an fhocal scríofa nó ar thaifeadadh a rinneadh i bhfad siar. Ní mar sin a bhí i gcás Ghearóidín Bhreathnach, nó Gearóidín Neidí Frainc mar is fearr aithne uirthi. Tógadh Gearoidín i nGaeltacht Rann na Feirste ag am a raibh saibhreas iontach sa cheantar ó thaobh na hamhránaíochta agus na scéalaíochta de.
“Bhí an t-ádh ormsa ag éirí aníos domh ná bhí na scéalta istigh sa teach agam féin,” a dúirt sí liom nuair a labhair mé léi i nGaoth Dobhair le gairid. “M’athair, Neidí Frainc, chaith sé a shaol ag scéalaíocht, agus a athair roimhe. Bhí sin agamsa ag fás aníos domh - ní raibh agam ach suí síos ag éisteacht. Teach mór airneáil a bhí i dtigh s’againne agus is beag oíche nach mbeadh duine inteacht istigh, agus scéalaíocht ag dul ar aghaidh ann.”
Ní raibh ceol ar bith ag a hathair ach bhí amhráin an cheantair uilig aige mar fhilíocht. Óna máthair is mó a fuair Gearóidín an ceol.
“Bhí ceol iontach deas aici nuair a bhí sí ina bean óg. Buíochas do Dhia, tá sí linn ar fad. An bhfuil a fhios agat go gceartaíonn sí go fóill mé. Agus tá sí trí bliana déag agus ceithre scór!
“Bhí sé d’ádh orm ansin go raibh Caitlín Ní Dhomhnaill, a bhfuil clú agus cáil uirthi sa lá atá inniu ann, sa darna doras domh. Agus, ar ndóighe, bhí Feidhlimidh Dubh ann, cé nár chuala mórán daoine é ag ceol. Ach ceoltóir chomh breá is a cheol amhrán riamh a bhí ann. Bhí siad sin sa chomharsanacht agam.”
Dala go leor daoine eile dá glúin, i ndiaidh di a cuid scolaíochta a chríochnú sa cheardscoil i Loch an Iúir ní raibh an dara rogha ag Gearóidín ach an ceantar a fhágáil. Chaith sí seal ag obair lena deirfiúr, a raibh óstán aici i gCill Mhic Réanáin, in aice le Leitir Ceanainn, tréimhse i Southampton Shasana agus seal eile arís i mBaile Átha Cliath. Níor thaitin Baile Átha Cliath riamh léi.
“Bhí mé amuigh i gCluain Tarbh agus bhí an áit féin deas. Bhí mé ag amharc amach ar an fharraige cosúil mar a bheinn sa bhaile ach chaith mé fada go leor ann. Bheinn i gcónaí ag fanacht le dhul chun an bhaile ag deireadh na seachtaine. Ní duine baile mhóir mé. Is maith liomsa an suaimhneas agus is maith liom áit atá foscailte. Ní maith liom a bheith druidte isteach.”
Phill sí ar an fhód dúchais agus phós fear as ceantar na gCnoc, an áit arbh as a máthair féin. Tá seachtar páistí acu agus gach uair a labhraíonn Gearóidín fúthu is léir go bhfuil sí an-bhródúil go deo astu.
Tá beirt dá clann imithe as baile ach tá cúigear eile ar scoil go fóill. Bíonn an cúigear seo páirteach i gcomórtais scéalaíochta agus sean-nóis go leanúnach agus is minic beirt nó triúr acu in iomaíocht lena chéile. Deir sí, áfach, nach gcothaíonn sé seo teannas ar bith eatarthu.
Is minic a bhíonn daoine ag clamhsán faoi chomórtais den chineál seo, ag rá i gcás na hamhránaíochta go mbíonn tionchar diúltach acu ar stíl na bhfonnadóirí. Measann Gearóidín, áfach, gur maith ann iad.
“Sílim ach go bé na comórtaisí nach mbeadh oiread den scéalaíocht agus den amhránaíocht fágtha go fóill. Na daoine óga a thosaíonn a fhoghlaim caithfidh siad éisteacht leis na seancheirníní agus téipeanna, le daoine a bhí ann blianta ó shin. Ach go bé go gcaithfidh siad é sin a dhéanamh, b’fhéidir nach gcluinfeadh siad i choíche iad. Sílim go bhfuil gá le comórtaisí leis an rud a choinneáil beo.”
Corn Uí Riada
Bhuaigh Gearóidín féin an comórtas is tábhachtaí sa sean-nós, Corn Uí Riada an Oireachtais, sa bhliain 1996. Thug sé seo sásamh an-mhór di féin go pearsanta ach, lena chois sin, bhraith sí go raibh an bua seo tábhachtach don cheantar.
“Tá a fhios ag achan duine go raibh cuid mhór daoine den bharúil ar feadh blianta fada nach raibh sean-nós áit ar bith ach i gConamara. Níor tugadh an t-aitheantas céanna do na Gaeltachtaí eile. Tá sin ag athrú le blianta anuas. Thóg Lillis Ó Laoire an corn agus thóg mé féin é. Sílim go raibh blianta fada nach raibh an corn ag teacht aníos an taobh seo ach, buíochas do Dhia, tá sin athraithe.”
Gan mhoill i ndiaidh a bua san Oireachtas, rinne Gearóidín na hamhráin ab ansa léi a thaifeadadh agus d’eisigh Cló Iar-Chonnachta iad ar an albam Ar Fhoscadh na gCnoc. Tá sé amhrán déag san iomlán ar an dlúthdhiosca ach is é an chéad rian, “An Droighneán Donn”, an ceann is fearr léi ar fad. “Fuair mé é sin ó mo mháthair nuair nach raibh mé ach tuairim is ceathair nó cúig de bhlianta. Thoisigh mé á fhoghlaim ag an am sin. Ní amhrán mór de chuid Rann na Feirste atá ann. Is é amhrán de chuid na gCnoc a bheadh ann.”
An bhliain chéanna sin, 1997, fuair sí cuireadh canadh ag an Irish Fest i Milwaukee Mheiriceá, cuireadh ar ghlac sí leis go fonnmhar. Chuaigh an turas áirithe sin i bhfeidhm go mór uirthi. “Chuir sé iontas orm agus chuir sé bród orm go mbeadh an oiread sin ráchairte ar a mhacasamhail thall i Meiriceá.”
Tugann sé misneach do Ghearóidín nuair a fheiceann sí an tsuim atá ag daoine nach Éireannaigh iad sa Ghaeilge agus sa chultúr. “Faighim litreacha galánta as achan chearn den domhan ag tabhairt buíochais domh, daoine ag inse domh gur bhain siad pléisiúr as ceardlann nó as mo chuid ceoil. Sin rud nach dtig le hairgead a cheannach.”
Is duine thar a bheith dearfach í Gearóidín agus nuair a d’fhiafraigh mé di ar chuir sé isteach uirthi nach raibh an meas céanna ar an scéalaíocht agus ar an amhránaíocht ina ceantar dúchais, ní raibh sí sásta a bheith cáinteach. Dúirt sí nach dtuigeann daoine tábhacht nó fiúntas ruda go minic a mbíonn fáil go furasta air agus nach dtagann athrú ar an dearcadh sin go dtí go mbíonn siad tamall as baile.
Dúirt sí gur bhraith sí gur cineál Oisín i ndiaidh na Féinne a bhí inti ar feadh i bhfad ach nach mothaíonn sí mar sin níos mó de bharr go bhfuil oiread suime ag a cuid páistí féin sna hamhráin agus sna scéalta. “Is iomaí uair a smaointím air sin ach ansin tógann mo chroí ná tá mo chlann féin ag éirí aníos agus níl mé i m’Oisín níos faide. Tá a fhios agam go bhfuil an scéalaíocht agus an amhránaíocht ag dul ar aghaidh ar feadh glúin eile ar a laghad. Le cuidiú Dé, bhéarfaidh siadsan dá gclannsan an rud a thug mise daofasan.
“Thógfadh sé do chroí nuair a théann tú chuig fleadh nó chuig an Oireachtas agus chífidh tú páistí chomh hóg le deich mbliana ag dul suas agus ag inse scéal breá a bhfuil saibhreas Gaeilge ann. Déarfaidh tú leat féin, ‘Níl baol orainn go fóill.’”
Goilleann sé uirthi go bhfuil an Ghaeilge ag dul i léig sa Ghaeltacht ach ní duine í atá sásta géilleadh don lagmhisneach. Creideann sí go láidir san aos óg agus tá sí den tuairim gur botún mór é a bheith ag tromaíocht orthu agus ag tabhairt amach dóibh de bharr go bhfuil droim láimhe á thabhairt acu lena n-oidhreacht.
“Tá deireadh leis an lá a dtig linn a bheith ag úsáid an bhata agus ag scamhailéir orthu. Tá mé ag déanamh an dóigh chun tosaigh ná iad a mhealladh chomh maith is a thig linn. Ná má tá tú i gcónaí anuas ar dhaoine, tiompóidh siad i d’éadán agus is fearr duit leathdosaen a mhealladh leat nó dosaen a thiompó i d’éadan.”
Tá Gearóidín páirteach i scéim le labhairt na Gaeilge a chothú i measc páistí bunscoile le roinnt blianta anuas, scéim, dar léi, a bhfuil ag éirí go maith léi. Téann sí isteach sa seomra ranga cúpla uair sa tseachtain agus múineann sí an teanga, mar aon le hamhráin agus scéalta, don bhunadh óg.
Leabhar do pháistí
Cé gur bean ghnaitheach í, d’éirigh léi an t-am a fháil le leabhar a chur le chéile do pháistí, Cathal Coinín agus Cairde Beaga Eile, a foilsíodh le gairid. Tá dlúthdhiosca, ar a bhfuil sí féin le cloisteáil ag léamh na scéalta, isteach leis an leabhar chomh maith.
“Tá mé ag obair le páistí le blianta. Más duine tú a bhfuil seachtar páistí tógtha agat, tá taithí agat ar cad é is maith leo agus cad é nach maith leo. Tá mé ag inse scéaltaí do pháistí le mo chuimhne. Is maith leo scéaltaí faoi rudaí a bhfuil siad féin ag plé leo, macasamhail rudaí atá ar an teilifís.
“Tuairim is ar dhá bhliain ó shin d’iarr Raidió na Gaeltachta orm traidhfil scéalta beaga a chur le chéile le cur amach ar an aer. Scéaltaí thart fá thrí nó ceithre bhomaite a bhí de dhíth orthu - ní raibh a leithéid le fáil. Bhí na scéaltaí i gcónaí i bhfad níb fhaide ná sin. Bhí an Raidió le hiad a chur amach ach ansin bhí gearradh siar ar a gcuid airgid agus ní raibh siad ábalta iad a fhoilsiú. Tháinig Cló Iar-Chonnachta isteach sa scéal ansin agus dúirt siadsan go gcuirfeadh siad amach an leabhar. Bhí an dlúthdhiosca taifeadta cheana féin.
“Tá mé iontach sásta leis an leabhar. Tá pictiúirí deasa ann a chuireann go mór leis na scéaltaí.”
Tá Gearóidín ag brath leanúint ar aghaidh leis an obair atá ar bun aici sna blianta atá amach romhainn. Is mian léi sraith leabhar a fhoilsiú do pháistí agus teastaíonn uaithi fosta cuid de chuid scéalta a hathar a chur i gcló. Leanfaidh sí uirthi ag tabhairt ceardlann agus ag féachaint leis a ghrá atá aici don teanga, don cheol agus don scéalaíocht a chothú i measc daoine eile.
Tá daoine áirithe ag obair sa réimse a bhfuil Gearóidín gníomhach ann nach bhfuil an fhoighid nó an tsuim acu a bheith ag plé le daoine atá ar bheagán Gaeilge ach is léir go mbaineann sise an-sásamh as an obair seo.
“Cuireann sé pléisiúr an domhain orm nuair a chím go bhfuil siad ábalta cúpla líne a chur i ndiaidh a chéile nó ceathrú amhráin a cheol. Cuireann sin bród mór orm mar tá a fhios agam cad é an saothar a chuireann na daoine sin orthu féin ag iarraidh a bheith ag foghlaim. Is é ábhar bróid do mo mhacasamhailse go n-éisteodh siad liom.”
Is bean mhodhúil, mhórchroíoch í Gearóidín Bhreathnach atá sásta a cuid ama agus a cuid eolais a roinnt go fial le gach duine agus a bhfuil obair luachmhar ar bun aici leis na blianta anois. B’fhéidir nach bhfuil an t-aitheantas atá tuillte aici faighte aici i measc a muintire féin ach ní dhéanfaidh sé sin maolú ar bith ar dhíograis na mná misniúla seo.
Tá scéal as bailiúchán nua Ghearóidín, *Cathal Coinín agus Cairde Beaga Eile, mar aon le tuilleadh eolais faoin leabhar, le fáil sa rannóg Peann ar Pár.*