Rugadh Salvatore Fichera sa Róimh agus is de sliocht Sicileach é. Labhair sé le hÉamonn Ó Dónaill faoin dúshlán a bhaineann le bheith ag foghlaim na Gaeilge.
Éamonn Ó Dónaill: Cén áit a bhfuil tú féin ag obair, Salvatore?
Salvatore Fichera: Tá mé ag obair don Banca Nazionale del Lavoro sa Róimh. Is dlíodóir mé agus tá mé ag obair mar Oifigeach Dlí leis an Bhanc. Tá mé ansin anois le deich mbliana anuas.
ÉÓD: Tá tú ag foghlaim Gaeilge le timpeall deich mbliana fosta, nach bhfuil?
SF: Tá, agus tá mé ag freastal ar chúrsaí in Oideas Gael i nGleann Cholm Cille le ceithre bliana anuas. Roimhe sin, bhí mé ag cuartú múinteora sa Róimh a mhúinfeadh Gaeilge dom; tar éis cúpla bliain fuair mé cailín as Contae an Chláir, Sharon d’Arcy, a raibh céim aici sa Ghaeilge ón Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath. Ag an am bhínn ag cleachtadh mo chuid Gaeilge le cara meánscoile de mo chuid as an Róimh ach thit sé i ngrá leis an mhúinteoir agus phós siad tar éis sé mhí, rud a chuir deireadh leis na ranganna! Níorbh fhéidir liom múinteoir eile a fháil ar chor ar bith, mar sin bhí mé sé bliana gan Gaeilge ar bith. Bhí mé ag léamh agus ag déanamh staidéir ar an ghramadach. Ansin, fuair mé ceangal idirlín agus d’fhiafraigh mé i seomra cainte cén áit a bhféadfainn an Ghaeilge a fhoghlaim. Agus dúirt dlíodóir as Texas, Gregor Wilson, a bhí in Oideas Gael i nGleann Cholm Cille liom triail a bhaint as cúrsa ansin, go mbainfinn sult mór as. Chuaigh mé ansin den chéad uair i samhradh na bliana 1999 agus ó 2001 bhí mé ansin cúpla uair sa bhliain - seachtain nó dhó i rith an tsamhraidh agus deireadh seachtaine na Samhna de ghnáth.
ÉÓD: Cé mhéad cúrsa atá déanta agat anois?
SF: Tá cúig seachtaine agus dhá dheireadh seachtaine déanta agam.
ÉÓD: Cén fáth ar thosaigh tú a fhoghlaim na Gaeilge?
SF: Nuair a bhí mé óg, d’fhág mo dheartháir is sine an baile nuair a phós sé. D’fhág sé cúpla ceirnín ina dhiaidh sa teach le ceoltóirí traidisiúnta Éireannacha nár chuala mé riamh. Chuir mé ar siúl ceirnín leis na Chieftains agus chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm. Ansin, thosaigh mé ag bailiú ceol traidisiúnta ag tús na n-ochtóidí. Bhí sé an-deacair ceol Éireannach a fháil san Iodáil ag an am. Bhí mé an-tógtha leis na hamhráin thraidisiúnta agus ba mhian liom a thuiscint cad é a bhí siad ag rá. Trí na hamhráin, thosaigh mé ag foghlaim rudaí faoin tuaisceart agus ag déanamh staidéir ar an stair. Bhí mo ghrá ag fás go mór don tír. Bhí grúpa ceoil agam féin anseo sa Róimh ach scar muid i mbliana, mar sin seinnim ag seisiúin gan grúpa ar bith anois. I lár na cathrach tá tithe tábhairne Éireannacha mar The Fiddler’s Elbow, Druid’s Den agus The Shamrock.
ÉÓD: An bhfuil múinteoir ar bith agat sa Róimh anois?
SF: Níl. Is mise an cainteoir is fearr Gaeilge sa Róimh anois - rud uafásach! Fiú na sagairt sa Choláise Éireannach, níl Gaeilge acu. Bhí sagart amháin, fidléir, a bhí ag teacht chuig ceann de na seisiúin cheoil agus bhí Gaeilge mhaith aigesean, cé nárbh as an Ghaeltacht é. Ó am go chéile fosta, tagann turasóirí Éireannacha go dtí an Róimh agus buailim leo sa teach tábhairne. Bíonn Gaeilge mhaith acu anois is arís, go háirithe na ceoltóirí traidisiúnta.
ÉÓD: An léann tú féin cuid mhór mar sin, de bharr nach mbíonn deis agat a bheith ag labhairt na Gaeilge?
SF: Léim *Beo! *agus déanaim staidéar ar an ghramadach (bím ag cleachtadh na mbriathra, mar shampla). Tá an leabhar *Snagcheol *le Pól Ó Muirí léite agam agus faoi láthair tá mé ag léamh *Idir Feoil agus Craiceann *le hEoghan Mac Giolla Bhríde, ach tá sé an-deacair. Agus cheannaigh mé an Bíobla Naofa fosta.
ÉÓD: Cén rud is deacra faoin Ghaeilge, dar leat?
SF: Tá an ghramadach damanta ach tá an ghramadach san Iodáilis damanta fosta! Tá ceithre Mhodh Coinníollach san Iodáilis agus ceithre Mhodh Foshuiteach, mar sin níl eagla orm roimh an ghramadach. An rud is deacra ná ag tuiscint cainteoirí Gaeilge. Ní bhíonn na focail i gcónaí mar an gcéanna - tagann athrú mór orthu agus ar a bhfuaimniú, abair nuair a thagann alt nó réamhfhocal rompu, nuair a bhíonn séimhiú agus urú i gceist.
ÉÓD: Tá baint agat féin le heagraíocht cearta daonna agus bíonn tú i mBéal Feirste go minic mar ionadaí de chuid na heagraíochta sin. Cé mhéad bliain atá tú á dhéanamh sin?
SF: Tá mé ag dul go Béal Feirste anois le trí bliana anuas agus bím ansin cúpla uair sa bhliain. Bím ansin mar bhreathnóir de chuid an Irish Parades Emergency Committee. Bíonn an chuid is mó de na breathnóirí as Meiriceá, Gael-Mheiriceánaigh, ach bíonn daoine ann as tíortha eile fosta: An Ghearmáin, Sasana, Portó Ríce, An Chróit, Ceanada agus mar sin de. An samhradh seo, beidh Iodálach eile ansin mar bhreathnóir, bean ar iriseoir í.
ÉÓD: An raibh tusa i ndainséar riamh agus tú ag obair mar bhreathnóir?
SF: A, bhí - cúpla uair. (Déanann sé gáire) Nuair a bhíonn tú ag breathnú ar mhórshiúl bíonn tú istigh ina lár, ag tógáil grianghrafanna agus ag déanamh fístéipeanna, ag tógáil nótaí. Nuair a thosaíonn trioblóid idir na póilíní agus lucht an mhórshiúil nó idir na dílseoirí agus na náisiúnaithe, bíonn tú istigh ina lár. Uair amháin rinneadh ionsaí orm féin agus ar bheirt bhreathnóirí eile as carr dílseoirí. Caitheadh clocha agus barraí iarainn agus cúpla buama peitril inár dtreo. Níor gortaíodh duine ar bith, áfach.
ÉÓD: An gcuireann sibh tuarascáil ar fáil i ndiaidh bhur gcuairte?
SF: Cuireann. Tá tuarascáil 2002 le fáil ag www.ipecobservers.org. Tá fianaise le fáil sa tuarascáil sin go raibh na póilíní agus an t-arm ag insint bréag faoi na heachtraí a tharla in Ard Eoin i dtuaisceart Bhéal Feirste anuraidh.
ÉÓD: An mbeidh tú ar ais i mBéal Feirste i mí Iúil i mbliana?
SF: Beidh cinnte.
ÉÓD: An bhfuil plean nó straitéis ar bith eile ar intinn agat chun cuidiú leat feabhas a chur ar do chuid Gaeilge?
SF: Cailín Gaelach a phósadh!
*Is é Éamonn Ó Dónaill eagarthóir *Beo!