AGALLAMH BEO
Louis de Paor
Éamonn Ó Dónaill Éamonn Ó Dónaill Éamonn Ó Dónaill

Foilsíodh an cúigiú cnuasach dánta leis an fhile Corcaíoch Louis de Paor le gairid. Labhair sé le hÉamonn Ó Dónaill faoina shaothar, faoina chuid oibre mar Stiúrthóir ar Ionad an Léinn Éireannaigh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus faoin uaigneas a bhaineann le bheith ag saothrú i ngort an léinn Ghaeilge.

Íomhá
Louis de Paor lena chara, an t-amhránaí John Spillane
Íomhá

Nuair a bhuail mé le Louis de Paor i gcathair na Gaillimhe ar an Satharn, 22 Feabhra bhí sé díreach tagtha ón mhórshiúl frithchogaidh a bhí ar siúl san Fhaiche Mhór, ag ar léigh sé roinnt dánta. Tá sé furasta go leor aige a sheasamh polaitiúil maidir leis an chogadh in aghaidh na hIaráice a chur in iúl ach is dócha go gcaithfidh sé a bheith níos cúramaí agus é a labhairt faoin institiúid ina bhfuil sé fostaithe le roinnt blianta anuas, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Le linn an agallaimh, ní dhearna de Paor aon cháineadh ar éinne san ollscoil ach shamhlóinn nach mó ná sásta a bhí cuid de lucht léinn na Gaeilge sa choláiste nuair a cuireadh tús le hIonad an Léinn Éireannaigh ansin roinnt blianta ó shin agus nuair a ceapadh de Paor mar an chéad stiúrthóir. Deir sé féin go bhfuil “stádas neamhchinnte” ag na hionaid agus na hinstitiúidí éagsúla a bunaíodh le tamall anuas san ollscoil i nGaillimh, cé go bhfuil feabhas éigin ag teacht ar chúrsaí de réir a chéile.

Tá an t-ionad a bhfuil sé féin ina bhun idirdhisciplíneach, mar sin is síneadh leis na ranna agus leis an seanchóras ba cheart a bheith ann, dar le de Paor, “áit i leataobh ón gcóras traidisiúnta go bhféadfadh sruthanna teacht le chéile agus mar sin de. Ach tá fadhb ag aon chóras cliarlathach déileáil le rudaí mar sin. Tá siad seo ana-nua i ngach institiúid in Éirinn. Níl an gaol idir an t-ionad agus na ranna, idir an t-ionad agus an córas riaracháin oibrithe amach ar fad, cé go bhfuil feabhas dochreidte le dhá bhliain ná mar sin.”

Deir de Paor go raibh an ceart ag na ranna seanbhunaithe san ollscoil a bheith amhrasach faoin ionad nua i dtús báire go dtí go bhfeicfeadh siad an mbainfí caighdeán sásúil amach ó thaobh an léinn de. Measann sé go bhfuil sé sin bainte amach ag a ionad féin, go bhfuil “léann ag an leibhéal is airde” i gceist, seachas cúrsaí ar an “turasóireacht chultúrtha”.

Níl sé mar chuspóir lárnach ag de Paor an Ghaeilge a chur chun cinn, ach measann sé go n-éireoidh leis féin agus foireann an Ionaid an dearcadh diúltach a bhíonn ag go leor daoine i leith na teanga a athrú. Luann sé an rud a tharla i gcás grúpa amháin dá chuid mac léinn, dream a bhí ag freastal ar chúrsa dioplóma san oíche. Ba dhaoine go leor acu seo a d’fhág an scoil luath agus a raibh orthu cúrsaí de chuid an Léinn Éireannaigh a dhéanamh ar mhaithe le creidiúintí a bhaint amach.

“An chéad cheist a chuireadar chugam nuair a chuas isteach an doras ná, ‘An bhfuil aon Ghaeilge sa rud seo? Because if there is, I’m outta here.’” D’athraigh a ndearcadh de réir a chéile, áfach, agus tá níos mó ná leath de na daoine a chríochnaigh na cúrsaí sin anois ag clárú ar chúrsaí Gaeilge.

Cén leabhar atá á léamh agat faoi láthair?

Love and Zen in the Outer Hebrides, Kevin MacNeill; Collected Poems, Gillian Clarke; Selected Writings of John V Kelleher on Ireland and Irish America, in eagar ag Charles Fanning.

Cén ceol is fearr leat?

Na Beatles, John Lennon, Rory Gallagher, Tom Waits, Leonard Cohen, John Spillane, The Pogues, Moving Hearts, Maria Callas … Is fuirist na bearnaí a líonadh!

Cén scannán is fearr a chonaic tú riamh?

The Last Waltz; Chitty Chitty Bang Bang; Darby O’Gill and the Little People.

Cá dtéann tú ar saoire?

An Aird Mhór, Co Phort Láirge

Cad é an méid ama a chaith tú thar lear anuraidh?

20 lá.

Cén bhialann is fearr leat?

The Tannery, Dún Garbhán

Cén duine is mó a bhfuil meas agat air/uirthi?

John Lonergan; Caoimhe Butterly

Cén duine is mó a chuaigh i bhfeidhm ort agus tú níos óige?

M’athair agus mo mháthair.

Cén rud is mó a chuireann isteach ort?

Meon pragmatach meata lucht polaitíochta in Éirinn agus ar fud iarthar an domhain.Aigne chloíte leithscéalach “intelligentsia” na hÉireann, an “cultural cringe” mar a tugtar ar a leithéid san Astráil.

Cad iad na huaireanta a oibríonn tú gach seachtain?

40-50 uair an chloig.

Cad iad na rudaí a chuireann strus ort?

Cruinnithe. Foirmeacha. Tiománaithe eile. Drochlitriú. Drochbhéasa. Drochaimsir.

“Deinim amach, dá bhféadfaimis é a ionramháil i gceart agus a bheith ana-chúramach ina bhun, ní gá gur ag mealladh daoine ón nGaeilge nó ó na ranna Gaeilge ar fad a bheadh Léann na hÉireann ach ag tabhairt daoine de réir a chéile isteach sa líon, más maith leat.

“Caithfimid glacadh leis go bhfuil sciar mór de mhuintir na hÉireann go bhfuil an ghráin dearg acu ar an teanga agus ar gach aon rud a bhaineann léi. Ach fós féin, tá míshuaimhneas éigin orthu mar gheall air sin.”

Anuraidh, tar éis dhá bhliain, bhí 350 mac léinn i ndiaidh cúrsa de chuid Ionad an Léinn Éireannaigh a dhéanamh. Níl aon chúrsa céime á thairiscint acu fós ach MA sa Léann Éireannach, cúrsa dioplóma i nGaillimh agus in Inis, agus scoil samhraidh ag a mbíonn suas le céad duine, a bhformhór as Meiriceá. Tá an scoil seo ann le fiche bliain agus saothar mór caite ag roinnt mhaith daoine san ollscoil léi, leithéidí Ghearóid Uí Thuathaigh agus Nollaig Mhic Congail.

Chuir an tIonad tús le cúrsa ar an idirlíon mí Mheán Fómhair seo caite agus cheana féin tá suas le céad duine tar éis clárú do na cúrsaí atá curtha ar fáil, go leor acu as tíortha i bhfad i gcéin mar na Stáit Aontaithe, an tSeapáin, An Chambóid, agus An Afganastáin.

Bruachbhaile nua

Rugadh de Paor i gCorcaigh i 1961. Fuair sé a chuid bunscolaíochta i mBaile an Easpaig, ar bhruachbhaile nua é ag an am. Ní raibh ach dhá sheomra ranga réamhthógtha sa scoil nuair a chuaigh seisean ansin i 1965, ina raibh leathchéad dalta, ach faoin am a d’fhág sé bhí suas le 1,900 dalta ag freastal uirthi. Chuaigh sé ar aghaidh go dtí Coláiste an Spioraid Naoimh ina dhiaidh sin, meánscoil a bhí díreach oscailte.

“Bhí fuinneamh neamhchoitianta sa scoil. Bhí na múinteoirí Gaelainne ana-mhaith. Na múinteoirí Gaeilge agus na múintoirí Laidine ab fhearr.”

Tar éis na hArdteistiméireachta, thug de Paor aghaidh ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh áit a ndearna sé céim sa Ghaeilge agus sa Léann Dúchais. Deir sé go bhfuair sé spreagadh intleachtúil an-mhór ó bheirt dá léachtóirí, Gearóid Ó Crualaoich agus Seán Ó Tuama, ach seachas iadsan, nach raibh mórán eile de na léachtóirí a bhí go maith.

Spreag an Tuamach go leor daoine ag an am le dul i mbun scríobh na filíochta.

“Nuair a bhíomar sa chéad bhliain, thosaigh Seán ar cheardlanna scríbhneoireachta a reáchtáil aimsir na Nollag ar an mBuailtín i gCorca Dhuibhne. Chuamar b’fhéidir ceithre dhuine dhéag ná mar sin síos ann an chéad bhliain agus leanamar ag dul síos ann gach aon bhliain ina dhiaidh sin. Ach an chéad bhliain go rabhamar ann, bhí Michael Hartnett ann mar aoi speisialta agus bhí profaí *Adharca Broic *leis.”

“An bhliain dár gcionn, bhí Michael Davitt ann agus d’iarr sé dánta le haghaidh INNTI a bhí ag teacht amach arís an uair sin. Ansin, tháinig Nuala Ní Dhomhnaill agus í díreach ar ais ón Tuirc an tríú bliain. Bhí sé sin, b’fhéidir ar shlí, níos spreagúla agus níos tábhachtaí ar go leor slite ná go leor des na cúrsaí foirmeálta ach san am gcéanna bhí na cúrsaí teagaisc a bhí ag an Tuamach ana-neamhchoitianta ar fad.”

Deir de Paor go raibh sé féin agus go leor dá chairde faoi thionchar Sheáin Uí Ríordáin agus iad ar scoil, go ndeachaigh sé i bhfeidhm orthu níos mó ná aon fhile eile i mBéarla nó i nGaeilge. Tá sé den tuairim gur fhág an Ríordánach an oiread sin doirse oscailte dóibh siúd a tháinig ina dhiaidh, go raibh “ana-chuid den bhunobair” déanta aige.

“Cheadaigh Ó Ríordáin do dhaoine a nguthanna féin a fhorbairt. Ní aon rud amháin a bhí i gceist feasta, ní guth aon duine amháin nó aon phobail amháin nó aon chomhluadair amháin a bheadh ann. Ní fhéadfaí aon teorainn a chur leis an raon guthanna a d’fhéadfaí a thabhairt aníos sa Ghaeilge. Bhí cead cainte agus ceart cainte i bhfoirm filíochta sa Ghaeilge ag gach aon duine ina dhiaidh. Sin é a bhraitheas.”

Fuair de Paor spreagadh mór ó Micheal Davitt chomh maith.

“Chuaigh Davitt ana-mhór i bhfeidhm orm thar aon duine eile a bhí suas le mo linnse toisc go raibh sé ag scríobh laistigh den gcathair, go raibh tionchar Mheiriceá ar go leor slite, tionchar an cheoil agus tionchar fhilíocht Mheiriceá, tar éis dul i bhfeidhm air mar a bhí sé dulta i bhfeidhm ormsa.”

Aghaidh ar an Astráil

Chinn de Paor agus a bhean Shirley ar imeacht chun na hAstráile i 1987. Bhí dochtúireacht bainte amach aige ar shaothar Mháirtín Uí Chadhain faoin am sin agus bhí sé tar éis dhá bhliain a chaitheamh ag múineadh i gColáiste Úrmhumhan i Luimneach. Níor thaitin an tréimhse sa choláiste sin leis ar chor ar bith.

“Bhíos ceaptha le bheith im léachtóir le Nua-Ghaeilge ach dianmhúinteoireacht a bhí ar bun agam ag leibhéal an cheardteastais. Bhí suas le fiche a sé uair an chloig teagaisc agam le mic léinn an cheardteastais. Dá n-éireodh thar barr leat mar mhúinteoir, bheadh a fhios agat nach labharfaidís aon fhocal Gaeilge go deo arís. Bhrisfeadh sé do chroí.”

Thaitin na blianta a chaith sé i gcathair ilchultúrtha Melbourne go mór le de Paor. Bhí a bhean ag obair agus bhí seisean sa bhaile ag tabhairt aire do na páistí. Rinne sé beagán oibre san ollscoil ach ní raibh an oiread sin deiseanna ar fáil ag an am. Ní raibh aon chláracha sa Léann Éireannach ná sa Ghaeilge ag na hollscoileanna agus bhí siad an-diúltach i leith a leithéid a theacht ann, a deir de Paor.

D’fhág de Paor agus an teaghlach an Astráil i 1996 agus d’fhill ar Éirinn. Gortaíodh a bhean i dtimpiste san áit oibre ag an am, rud a chiallaigh nach bhféadfadh sí dul ar ais ag obair, agus ba bheag seans go n-éireodh leis féin post lánaimseartha a fháil. Bhí cúis eile ann gur fhill siad ar an fhód dúchais: níor theastaigh uathu go mbeadh a gcúigear páistí “idir dhá chultúr”. Deir sé nár theastaigh uathu gur “eolas athláimhe ar Éirinn nó aithne athláimhe orthu féin mar Éireannaigh a bheadh ag ár gcuid leanaí orthu féin, go mbeidís ag brath orainne ar fad leis an nasc a dhéanamh le hÉirinn.”

Shocraigh de Paor, a bhean agus an chlann in Uachtar Ard, gar do chathair na Gaillimhe. Ní fhéadfadh siad cónaí sa chathair féin de bharr go raibh an cíos chomh hard sin, agus diúltaíodh faoi dhó é nuair a ghlaoigh sé ar dhaoine a bhí ag ligean tithe ar cíos i gceantar an Spidéil de bharr go raibh páistí aige.

“Baineadh siar go mór díom nuair a dúirt daoine nach mbeadh páistí ceadaithe. Bhraitheas go raibh ana-athrú tagtha ar na luachanna a bhí anseo, go mbeadh daoine ag diúltú do leanaí.”

Chaith de Paor roinnt mhaith blianta ag obair go páirtaimseartha, agus ar an *dole *cuid den am, go dtí gur ceapadh é mar Stiúrthóir ar Ionad an Léinn Éireannaigh.

Cnuasach nua

D’fhoilsigh Coiscéim agus rud eile de, an cúigiú cnuasach dánta le de Paor, le déanaí agus deir sé go bhfuil sé sásta leis an chaighdeán atá bainte amach aige sna dánta sin. Tá roinnt duaiseanna Oireachtais bainte aige, chomh maith le Gradam Lawrence O’Shaughnessy (agus $5,000) sa bhliain 2000. Ba é an chéad fhile Gaeilge a bhuaigh an duais seo riamh.

Bhí an méid seo le rá ag an chriticeoir Tadhg Ó Dúshláine i léirmheas a scríobh ar an chnuasach *Corcach agus Dánta Eile *i 1999:

Ceann de mhórbhuanna an fhile seo é go dtumann sé go croí an ábhair láithreach agus nach mbadrálann é féin ná an léitheoir le coinbhinsiúin ná foirmlí seanchaite maidir le suíomh ná cruthú atmaisféir ar an modh traidisiúnta, cé go mbíonn a chuid dánta ar maos leis an mblas, an dath agus an fhuaim áitiúil. Má éilíonn seo dianiarracht ar an léitheoir ar uairibh is maith is fiú an tíolachadh fileata atá mar thoradh ar an iarracht chéanna. Chuir de Paor roimhe, agus dánta an chnuasaigh nua á scríobh aige, rud éigin nua a dhéanamh nach raibh déanta aige cheana ina shaothar.

“I scríobh an dáin a fhaigheann tú amach conas an dán áirithe sin a scríobh. Foghlaimíonn tú scileanna áirithe ach nuair a thagann an chéad dán eile ní haon mhaitheas an rud a d’fhoghlaim tú sa dán roimhe sin. Bíonn saghas cathú ort an rud nua a bhrú isteach sa mhúnla atá foghlamtha agat díreach roimhe sin. Ach is dóigh liom gur saghas tréas ar an tsamhlaíocht is ea é sin. Caitheann tú ligint do gach dán é féin a insint ar a shlí féin agus ní féidir é a bhrú i slí áirithe.”

Chomh maith le bheith ag cumadh dánta, tá de Paor ag comhscríobh amhrán lena sheanchara scoile, an t-amhránaí John Spillane, le roinnt mhaith blianta anois fosta. Tá suas le scór amhrán scríofa agam faoin tráth seo, comórtas Réalta Raidió na Gaeltachta buaite acu faoi dhó agus amhráin dá gcuid taifeadta ag Sinéad Lohan agus Karan Casey.

Tá roinnt amhrán Béarla scríofa acu le tamall anuas, leithéidí “Dunnes Stores Girl” agus “The Song of Lies”, agus deir de Paor gur thug sé faoi liricí a scríobh i mBéarla le cruthú do dhaoine áirithe nach bhfuil Gaeilge acu go bhfuil caighdeán ard ag baint lena shaothar. “Dá mbeadh a fhios agam go raibh sé chomh simplí sin scríobh i mBéarla,” a deir sé, ag spochadh as an dream seo, “is fadó riamh a bheinn tar éis tabhairt faoi!”

Deir de Paor go bhfuair sé tacaíocht i gcónaí ó fhilí na Gaeilge, go háirithe nuair a bhí sé ag dul i mbun pinn agus é fós sna déaga. Measann sé go bhfuil sé i bhfad níos uaigní a bheith ag saothrú i ngort an léinn. Chaith sé seacht mbliana ag obair ar leabhar ar shaothar Mháirtín Uí Chadhain agus bhí díomá an domhain air a laghad díospóireachta a bhí ann nuair a foilsíodh an saothar.

“Bhíos ag súil le díospóireacht ach níor tharla faic. Dá scríobhfainnse leabhar mar sin as Béarla, they’d be queueing up to take potshots, cuid acu. Bheadh díospóireacht ann agus tríd an díospóireacht bogann tú an rud ar aghaidh.”

Chuir sé díomá air fosta a laghad díospóireachta is a chothaigh saothar tábhachtach, tathagach Bhreandáin Uí Bhuachalla, Aisling Ghéar, nuair a foilsíodh é roinnt blianta ó shin.

“Cad é an díospóireacht a spreag sé? An mó duine a léigh é? Tá níos mó cloiste agam ó staraithe Béarla mar gheall air ná mar atá cloiste agam ó lucht léinn na Gaeilge.”

Tá leabhar á scríobh i nGaeilge aige ar Bhrian Ó Nualláin (nó Myles na gCopaleen) faoi láthair. Tá an chuid is mó den bhuntaighde déanta aige agus ceithre chaibidil dréachtaithe aige go dtí seo ach tá sé idir dhá chomhairle faoin teanga arbh fhearr an saothar a scríobh inti.

“Níor chreideas go bhféadfainn teacht chuig an bpointe go mbeinn ag rá liom féin, ‘An bhfuil tú as do mheabhair glan a bheith á chur seo amach trí Ghaeilge? Má chuireann tú é seo amach i mBéarla beidh deis agat díospóireacht a thosnú, a bheith i lár na díospóireachta sin.’ Níl aon dabht fén spéir ná go mbeadh sé níos fearr domsa, do léann na Gaeilge, do Bhrian Ó Nualláin agus don teanga féin dá n-osclóinn é seo amach go dtí an domhan Béarla agus go mbeadh daoine ag freagairt dó.”

An tAmhránaí

Is dóigh leis an mbeirt os mo chomhair gur leosan amháin a labhrann

nuair a chanann a gholtraí ghrámhar is fada le barra a méar

go mbeidh siad sa bhaile is cead seanma ar a chéile acu go maidin.

Is ait le haonaráin is iarleannáin go mbeadh fonn briste a gcroíthe ar bharr

a theanga ag fear nár casadh orthu cheana. Nuair a bhuaileann na sreanganna síoda

a cheangail dá chéile an chéad lá riamh iad, druideann an lánúin phósta dá mbuíochas

i leith a chéile. Nuair a chuimlíonn uillinn a léine sin le gualainn a mhná, baineann

fear óg ar thaobh eile an tseomra a gheansaí samhraidh de is iarrann

ar fhear an tí an teas a ísliú in ainm dílis Dé. Guíonn an cailín a bhfuil áilleacht

an bhróin ina gnúis go mbeidh sé gan chéile go bhfaighidh sé í. Tá an oíche á réabadh

ag foireann na gclog, scuaine scuadcharr, otharcharr is inneall dóiteán ar a gcoimeád

ón tine nach féidir a mhúchadh i gcuislí dóite na bhfear mór laistigh atá mall

chun na sochraide arís. In aice an droichid, tá nodaireacht an uaignis ar chuilithíní an aeir

os a chionn léite go cruinn ag an bhfear atá díreach tar éis léimt. Tá an t-uisce chomh mín

le bráillín, is tonn álainn an cheoil ina bhéal á bhodhradh ar bhuaireamh an tsaoil.

Leanann an ceoltóir ag seinm ar na sreanganna fola a shíneann ón gcroí go dtí béal a ghiotáir.

Tá a chaoineadh chomh séimh le pluid na habhann á tarraingt os ár gcionn go léir.

Tógtha as *agus rud eile de, cnuasach nua Louis de Paor (Coiscéim, €5)*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.