AGALLAMH BEO
Anna Heussaff
Éamonn Ó Dónaill Éamonn Ó Dónaill Éamonn Ó Dónaill

Tá Anna Heussaff tar éis go leor rudaí suimiúla a dhéanamh ina saol - tá tréimhsí caite aici ag obair le daoine gan dídean i Sasana, mar shampla, mar stiúrthóir/léiritheoir teilifíse in RTÉ agus anois, an mhí seo, tá a céad úrscéal á fhoilsiú. Labhair sí le hÉamonn Ó Dónaill le gairid faoina saol agus faoina cuid oibre.

Íomhá
Íomhá

Nuair a bhuail mé le hAnna Heussaff ina teach cónaithe sócúlach ar an Chuarbhóthar Theas ag deireadh na míosa seo caite bhí sí ag fanacht go neirbhíseach leis na chéad chóipeanna dá húrscéal, Bás Tobann, a theacht ó na clódóirí. Is úrscéal coireachta é atá suite i mBéarra i gContae Chorcaí agus an chéad saothar cruthaitheach ón Bhleá Cliathach seo a bhfuil aithne níos fearr uirthi mar stiúrthóir agus mar léiritheoir teilifíse.

D’fhág Anna RTÉ dhá bhliain ó shin i ndiaidh seacht mbliana déag a chaitheamh san eagraíocht agus d’éirigh léi an t-úrscéal seo, ar thosaigh sí air i mí na Samhna 2002, a scríobh idir tionscadail eile - obair theilifíse do chomhlachtaí léiriúcháin neamhspleácha, aistriúchán agus iriseoireacht, i measc rudaí eile.

Rinne Anna roinnt scríbhneoireachta nuair a bhí sí san ollscoil ach, seachas sin, agus an scéal do pháistí a scríobh sí deich mbliana ó shin ach nár foilsíodh, ní raibh scríbhneoireacht chruthaitheach ar bith eile déanta aici sula ndeachaigh sí i mbun pinn dhá bhliain ó shin.

A cara Máirín Nic Eoin, an scoláire agus léachtóir le Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, a spreag Anna leis an úrscéal a scríobh. Bhí Anna ag obair ar leabhar Béarla faoi inimircigh ag an am ach bhí moill ar an tionscadal áirithe sin, mar sin chinn sí ar luí isteach ar phleanáil an úrscéil.

“Bhí cúpla seachtain agam nach raibh aon rud eile ar siúl agam. Seachas dul agus cístí a bhácáil, dúirt mé liom féin, ‘Ní fheadar an bhféadfainn smaoineamh ar phlota d’úrscéal?’ Thug mé faoi chaibidil a scríobh agus thug mé do bheirt é - do mo dheirfiúr agus do mo chara Máirín Nic Eoin. Agus dúirt mé leis an mbeirt acu, ‘Anois, bígí macánta. Más cur amú ama é seo amach is amach, *just *abraigí é sin liom agus éireoidh mé as.’ Ach dúirt an bheirt acu liom leanúint orm.

“Bhí an bunús agam, is dócha, agus d’oibrigh mé amach an creatlach. Ansin scríobh mé caibidil, nó b’fhéidir dhá chaibidil, agus thosaigh mé ag iarraidh oibriú amach cad a tharlódh i ngach caibidil eile. An chéad bhliain, bhí mé ag obair anois is arís air idir rudaí eile a dhéanamh, agus bhraith mé ag pointe amháin an fómhar seo caite go raibh mé imithe amú, ar bhealach, leis an scéal. Bhí bearnaí sa phlota - agus tá fós, tá mé cinnte - ach bhí bearnaí móra ann. An duine is mó a chuidigh liom ansin ná m’fhear céile Simon - tá seisean go maith, tá sé criticiúil. Rinne mé féin go leor taighde agus scríobh mé go leor nótaí, faoi na carachtair mar shampla.”

Fuair sí coimisiún ó Bhord na Leabhar Gaeilge ag deireadh na bliana seo caite agus bhí foilsitheoir aici cheana féin, Cois Life, a dúirt go raibh siad sásta an saothar a chur i gcló. Thug sí dréachtaí le léamh do dhaoine difriúla ach ba é a seanchara, an t-amhránaí agus scríbhneoir Tadhg Mac Dhonnagáin, a chuir an chomhairle ab fhearr uirthi.

“Bhí rudaí a d’aimsigh seisean nach raibh ceart ó thaobh struchtúir agus ó thaobh ghuthanna na gcarachtar, agus ó thaobh íomhánna. Bhí Tadhg ag féachaint air go han-chriticiúil, i gcomparáid leis na daoine eile.”

Tá sí go mór faoi chomaoin ag a deirfiúr Kintilla chomh maith. Léigh sise dréachtaí éagsúla an úrscéil agus b’ardú meanman an-mhór é d’Anna nuair a mhol sí an chéad dréacht críochnúil den saothar.

Chríochnaigh Anna an t-úrscéal i mí an Mheithimh agus ní gearr anois go mbeidh sé ar díol sna siopaí.

Conallach agus Briotánach

Rugadh Anna Heussaff i Luimneach i 1957 agus chaith sí an chéad sé mhí dá saol ansin, sular aistrigh an teaghlach go Droim Conrach i mBaile Átha Cliath. B’as Fánaid i dtuaisceart Dhún na nGall dá máthair agus ba chainteoir dúchais Briotáinise é a hathair Alan a raibh baint mhór aige leis na hiarrachtaí a bhí ar siúl sa Bhriotáin neamhspleáchas a bhaint amach don réigiún. Bhí air an Fhrainc a fhágáil aimsir an Dara Cogadh Domhanda agus ba in Éirinn a fuair sé tearmann.

Fuair Anna a cuid bunscolaíochta i Scoil Mhuire i lár chathair Bhaile Átha Cliath agus a cuid meánscolaíochta i Scoil Chaitríona (a bhí suite ar Shráid Eccles ar dtús agus ansin i nGlas Naíon). An raibh na mná rialta dian ag an am?

“Bhí mná rialta ann ceart go leor sna seachtóidí ach ní raibh siad iontach dian orainn. Chuala mé faoi dhaoine eile ar an mbunscoil agus ar an meánscoil a fuair drochíde sa tréimhse sin, ach mar a tharla níor tugadh drochíde domsa riamh ar scoil.

“An rud a tharla sa scoil a mheasaim a bhí go maith ná gur ligeadh dúinn labhairt amach faoi rudaí. Is cuimhin liomsa a bheith i mo sheasamh ag argóint faoi seo agus siúd, ag déanamh sórt *speech *sa rang, ag argóint le daoine eile, gan fiú an rud a bheith eagraithe. Tugadh saoirse éigin dúinn.”

Bhí na deirfiúracha is sine sa chlann tar éis a gcuid oideachais a fháil i gClochar Louis i Muineachán ach ansin tháinig an saoroideachas isteach agus cuireadh deireadh leis na scoláireachtaí a bhí ar fáil go dtí sin. Chiallaigh sé seo nach raibh tuismitheoirí Anna in ann í a chur chuig an scoil chónaithe, agus b’fhaoiseamh an-mhór é sin di.

“Bhí áthas an domhain orm. Sílim go raibh an caighdeán acadúil níos fearr i gClochar Louis ach sílim go raibh mise ábalta saol níos fearr a bheith agam mar dhéagóir i mBaile Átha Cliath, ag dul ar scoil lae, agus thaitin sin liom. Ceapaim gur rud deacair go leor é dul ar scoil chónaithe.”

Thug sí aghaidh ar an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath i ndiaidh na hArdteiste, áit ar bhain sí céim amach sa Ghaeilge agus sa stair. Thaitin na cúrsaí staidéir ansin léi ach bhraith sí go raibh an campus i mBelfield “amuigh sa bhfásach”, go raibh an áit “scoite amach ó gach rud” agus nach raibh atmaisféar ceart ann dá bharr seo. Is cuimhin léi fosta nár mhúinteoirí róchumasach cuid de na léachtóirí.

“Bhí léachtóirí againn a bhí go hiontach ach bhí cuid acu, agus tá mé cinnte go raibh siad ana-mheabhrach, ach ní raibh tuairim acu conas ábhar a chur i láthair. Cuireann sé sin daoine ó dhoras.”

Tar éis di an tArd-Teastas san Oideachas a dhéanamh, thug Anna cúig mhí ag múineadh i meánscoil ar an Charraig Dhubh i mBaile Átha Cliath.

“Thaitin an mhúinteoireacht liom ceart go leor. Thaitin sé liom a bheith sa seomra ranga ach níor thaitin sé liom a bheith i seomra na múinteoirí. Mheas mé go raibh atmaisféar saghas cúng ag baint leis. Daoine a chaith a saol sa scoil sin, a chuaigh chuig an ollscoil agus a d’fhill ar an scoil mar mhúinteoirí ab ea go leor acu.”

Tá sí den tuairim go ndéanfadh sé maitheas do go leor múinteoirí seal a chaitheamh ag obair i bpostanna eile, go dtuigfeadh siad ansin chomh hádhúil is atá siad. Deir sí go bhfuil meas mór aici ar mhúinteoirí ach cuireann an síorchlamhsán a bhíonn ar bun ag cuid acu isteach uirthi.

“Is cuimhin liomsa múinteoirí a bhíodh ag gearán an t-am ar fad faoi chomh crua is a bhí an obair. Agus ag an am céanna bhí mise tar éis a bheith ag obair i siopa cúpla mí roimhe sin, agus dúirt mé liom féin go raibh sé i bhfad níos déine a bheith ag freastal i siopa ná a bheith ag múineadh ranga. Caithfidh tú a bheith ag aisteoireacht agus tú ag múinteoireacht agus, dá bhrí sin, tá sé dian - ach tá sé suimiúil, ar a laghad. Cuireann sé olc orm nuair a chloisim an rud seo ar fad faoi mhúinteoirí agus laethanta saoire agus pá, mar sílim nach dtuigeann múinteoirí chomh maith as is atá siad. Ba bhreá liom féin dá mbeadh trí mhí saor ag gach duine. Ba cheart go dtuigfeadh siad go bhfuil an t-ádh orthu, nach mar sin atá an saol ag an gcuid is mó de na hoibrithe.”

Seal i Sasana

Chinn Anna ar an mhúinteoireacht a fhágáil ina diaidh agus roinnt blianta a chaitheamh i Sasana ar mhaithe le taithí úr a fháil agus “eispéireas cultúrtha” a bheith aici. B’in 1981. Bhí aithne aici cheana féin ar dhuine a bhí ag obair san eagraíocht Cyrenians, a bhí ag plé le daoine gan dídean, agus fuair sí post leo i gCambridge. Obair dheonach a bhí i gceist. Fuair sí bia agus lóistín saor in aisce sa teach inar chónaigh na daoine gan dídean agus, lena chois sin, íocadh liúntas beag, cúig phunt déag, léi sa tseachtain.

“Smaoiníonn daoine i gcónaí ar Chambridge mar bhaile álainn ollscoile, agus tá sé sin ann, ach is baile mór turasóireachta é. Ach tá go leor bochtanais sa bhaile chomh maith mar go dtagann go leor daoine a dhéanamh postanna suaracha sna hóstáin agus mar sin de.

Cén leabhar atá á léamh agat faoi láthair?

Trí nó ceithre cinn, mar is gnách, agus carnán mór cois leapa. Brick Lane *le Monica Ali, úrscéal spreagúil, dea-scríofa faoi bhean as an mBainglaidéis ag streachailt leis an saol in oirthear Londain; *Ulysses, agus saothar Joyce á phlé sa chlub leabhar a bhfuilim páirteach ann; agus *An Dochtúir Áthas *le Liam Mac Cóil, atá spéisiúil agus greannmhar, dar liom, ach pas deacair toisc nach scéal sa ghnáthshlí atá ann.

Cén ceol is fearr leat?

Ceol clasaiceach agus ceol dúchais na hÉireann is mó. Mozart, Beethoven, Schubert, Verdi is eile, máistrí gan a sárú riamh. Caitlín Maude; Maighread agus Tríona Ní Dhomhnaill; Seán Ó Sé mar aon le Ó Riada is a chuid sa Gaiety; Cathal McConnell agus na Boys of the Lough. Go leor eile, agus mar mhalairt stíle, Fats Waller nó Edith Piaf.

Cén scannán is fearr a chonaic tú riamh?

Missing, a stiúraigh Constantin Costa-Gavras. Scéal faoi fhear ó na Stáit Aontaithe a gabhadh le linn coup Pinochet sa tSile sa bhliain 1973, agus a chéile (Sissy Spacek) agus a athair (Jack Lemmon) i gcoimhlint le chéile is iad ag iarraidh faisnéise air.

Cá dtéann tú ar saoire?

A lán áiteanna difriúla. In Éirinn, mo rogha ná Béarra agus Carn Uí Néid; ar oileán na Breataine, mo rogha ná an Chorn; tá an Bhriotáin go hálainn, agus sléibhte Mhallorca agus sléibhte na bPiréan freisin; agus bhí an-saoire againn i dToscáin na hIodáile i mbliana.

Cé mhéad uair a bhí tú thar lear anuraidh?

Trí huaire, agus dhá thuras acusan go Sasana: mar thurasóirí lenár mac i Londain, agus ansin in Derbyshire le cairde; agus turas eile ar mhuintir m’fhir chéile i mBristol. An tríú turas ná deireadh seachtaine fada i bPrág le m’fhear céile is gan aon éileamh ar Legoland ná Disney ná sosanna ó shiúlóidí ná ó bhialanna!

Cén bhialann is fearr leat?

Níl ach cúpla áit i mBaile Átha Cliath ar m’eolas a bhfuil freastal acu ar thrí bhunriachtanas - bia fíorbhlasta agus spéisiúil, luach maith agus atmasféar taitneamhach, spleodrach. Ina measc, tá bialann Indoinéiseach, an Chameleon, i mBarra an Teampaill, agus an Talbot 101 atá dhá chéad slat ó Shráid Uí Chonaill.

Cén duine is mó a bhfuil meas agat air/uirthi?

B’fhearr liom gan aon duine amháin a lua, mar feictear dom go bhfuil na milliúin duine ann a léiríonn tréithe mar chrógacht, tuiscint, ionracas agus féith an ghrinn, le linn dóibh a bheith ag streachailt chun feabhas a chur ar an saol dá muintir nó dá bpobal.

Cén duine is mó a chuaigh i bhfeidhm ort agus tú níos óige?

Mo mháthair agus m’athair - cé go mb’fhéidir nár aithin mé é ag an am! Duine eile a ritheann liom ná Jacob Turnbull, fear ón Afraic Theas a bhí mar stiúrthóir ar an obair a rinne mé i gCambridge le daoine gan dídean. Nath dá chuid nár dhearmad mé riamh ná, “We should never accept the impossibility of change”.

Cén rud is mó a chuireann isteach ort?

Éagóir, cos ar bolg, saint agus scrios na timpeallachta - agus an chistin sa bhaile a bheith ina cíor thuathail!

Cad iad na huaireanta a oibríonn tú gach seachtain?

Idir 35 agus 50 uair sa tseachtain - an iomarca de ghnáth.

Cad iad na rudaí a chuireann strus ort?

Easpa codlata, toisc preabarnaíl is plódú i m’intinn ag smaointe fánacha nó ag liostaí tascanna. Seachas sin, measaim go n-éiríonn an strus is mó sa ghnáthshaol as mo chaidreamh leis an mbeirt is ansa liom agus is mó a roinneann pléisiúr, greann is tacaíocht liom, sin iad m’fhear céile Simon agus mo mhac Conall! Agus gan dabht, cuirimse strus go leor orthusan beirt chomh maith.

An bhfuil tú sásta le do shaol agus leis an mhéid atá bainte amach agat?

Táim an-sásta ar a lán slite, agus ag an am céanna, nílim ag súil go mbeidh mé fíorshásta.

“Nuair a bhí mise sa teach ina raibh mé bhí deichniúr gan dídean ag fanacht ann agus fir ar fad a bhí iontu. Bhí triúr oibrithe deonacha ann agus ar feadh tamaill mheasartha ba mise an t-aon bhean. Ní raibh glas ar bith ar mo sheomra agus bhí duine nó beirt sa teach a bhí tar éis sealanna a chaitheamh i bpríosún (bhí fear amháin a mharaigh duine!). Caithfidh mé a rá nár chuir sé isteach orm ag an am. Bhí orm plé le daoine a bhí foréigneach cúpla uair. Déarfainn go gcuirfeadh sé i bhfad níos mó eagla orm anois, seachas ná mar a chuir ansin. Ach, ar shlí, bhí sé i bhfad níos deacra a bheith ag plé leis an easpa dóchais agus leis an mbrón a bhí ar go leor daoine.”

I ndiaidh bliana, d’éirigh le hAnna post le pá a fháil leis an eagraíocht chéanna. Bhí sí lonnaithe i gCanterbury agus ag obair le grúpaí mórthimpeall iardheisceart Shasana, ag eagrú imeachtaí traenála agus ag iarraidh cúrsaí bainistíochta a fheabhsú.

D’fhill sí ar Bhaile Átha Cliath i 1984 agus chuir sí isteach ar phost in RTÉ. Tugadh an post di sa deireadh i 1985, tar éis fanacht réasúnta fada.

“Bhí mo shaol beagán trína chéile ag an am mar bhí mé tar éis scaradh ón duine a phós mé níos déanaí, so bhí sórt dráma mór ar siúl. Bhí mé go mór trína chéile is dócha ag an am, so d’fhóir sé go maith dom gan a bheith ag dul isteach i bpost láithreach.”

Sna blianta tosaigh in RTÉ, ag plé le cláracha raidió a bhí sí - “Liveline” le Marion Finucane, “Today at Five” le Pat Kenny agus clár maidine Gay Byrne. Níor éirigh idir í féin agus na réalta sin riamh, a deir sí.

“Má dhéanann tú do chuid oibre, agus má tá tú in ann an *brief *a sholáthar do chlár, agus má tá smaointe agat, ní bhíonn aon deacracht ann. An rud faoi na réalta ná nach mbíonn siad ann an chuid is mó den am. Is iad na léiritheoirí agus na taighdeoirí a bhíonn ag obair i rith an lae san oifig agus tagann an láithreoir isteach ar feadh uair an chloig de ghnáth. Ní raibh aon deacracht mhór agam leo. Réitigh mé go breá leo.

Le linn a cuid ama in RTÉ chomh maith, d’éirigh léi an pholaitíocht shalach inmheánach a sheachaint.

“Níor éirigh mé róghafa riamh sa pholaitíocht sin, is dócha. Ar ndóigh, chloisfeá go leor scéalta, agus scéal scéil, maidir leis an iomaíocht idir bainisteoirí éagsúla agus an sórt sin ruda, agus idir rannóga. Chuir mé aithne ar dhaoine atá ina gcairde móra agam anois agus mé in RTÉ, ach ní raibh mo shaol sóisialta taobh istigh de RTÉ. Tá roinnt daoine a chaitheann a saol iomlán in RTÉ agus is iadsan na daoine is mó a bhíonn gafa leis an bpolaitíocht, sílim.”

I ndiaidh ceithre bliana go leith, fuair Anna an seans i 1989 aistriú go dtí an teilifís, áit ar chaith sí cúig bliana ag obair ar an chlár “Cúrsaí” agus, ina dhiaidh sin, sé bliana ag plé leis an chlár “Léargas”. Bhain sí sult as na blianta sin ach faoin bhliain 2002 bhraith sí go raibh sé in am bogadh ar aghaidh. Bhí géarchéim airgid in RTÉ ag an am agus bhí siad ag tairiscint iomaíochta do dhaoine ar mhian leo an eagraíocht a fhágáil. Bhraith Anna go raibh an obair a bhí ar siúl aici tar éis éirí i bhfad ródhian ar aon chaoi.

“Bhí an sceideal oibre ana-dhian, bhraith mé féin, do na léiritheoirí/stiúrthóirí ach go háirithe. Bhí trí seachtaine agat chun clár a dhéanamh agus bhí tú ag scannánaíocht, ag eagarthóireacht, agus ag réiteach don chéad chlár eile. Bhí ceithre seachtaine ag teastáil i ndáiríre seachas trí seachtaine, ach ní raibh sin againn. Bhraith mé féin nach bhféadfainn m’anáil a tharraingt idir mí Lúnasa agus mí an Mhárta agus tá sé sin deacair, go háirithe má tá páiste agat. Ach tá sé deacair d’aon duine.”

Ag obair go neamhspleách

Ó d’fhág Anna RTÉ, tá sí tar éis a bheith ag obair le roinnt comhlachtaí neamhspleácha teilifíse. Ba í an léiritheoir/stiúrthóir ar “Mná agus Fir na hÉireann” agus “An Tuath Nua”, dhá shraith a bhí le feiceáil ar TG4. Tá rialacha dochta i gceist in RTÉ maidir le huaireanta agus coinníollacha oibre, atá rud beag ródhocht, dar léi, ach a mhalairt atá i gceist san earnáil neamhspleách. Cuireann sé iontas uirthi an sclábhaíocht a bhíonn ar siúl san earnáil sin agus tá imní uirthi go gcaillfear an fuinneamh atá i leithéidí TG4 faoi láthair.

“Beidh sé suimiúil a fheiceáil cad a tharlóidh sa chéad chúig nó deich mbliana eile, mar nuair a thosaíonn daoine ag obair i gcúrsaí teilifíse, mar shampla, bíonn siad lán fuinnimh. TG4, mar shampla, mar gheall ar gur stáisiún óg é, tá daoine ag iarraidh triail a bhaint as rudaí agus tá sé go hiontach go bhfuil. Ach is daoine óga go leor acu nach bhfuil cúram clainne orthu, atá in ann a rá, ‘Bhuel, is cuma má bhím as baile ar feadh seachtaine nó ar feadh míosa.’ Déarfainn go raibh RTÉ mar sin sna seascaidí agus chuaigh RTÉ in aois, ar shlí. Measaimse go dtosóidh daoine ag éileamh níos mó airgid agus coinníollacha oibre níos fearr dually">de réir a chéile.

“Tá a fhios agamsa daoine i gcomhlacht atá tar éis a rá, ‘Ní fiú dom obair a dhéanamh do TG4, mar tá an t-airgead róshuarach. Bhain sé siar asam féin an t-airgead atá le fáil ag léiritheoir, mar gurb ionann é agus an t-airgead a bhí in RTÉ ach gan aon phinsean nó aon saoire.

“Ceapaim go bhfuil daoine a déarfaidh, ‘Yeah, rachaidh mé go dtí an taobh thall den domhan le mo cheamara beag agus déanfaidh mé an rud ar €10,000, agus ní bheidh ann ach mé féin agus duine amháin eile. Ach tar éis sin a dhéanamh cúpla uair, éireoidh siad tinn de.”

Sula bhfágaim slán le hAnna, fiafraím di an bhfuil sí sásta leis an chéad úrscéal seo, Bás Tobann, ar chaith sí oiread dua leis.

“Ní dóigh liom go bhfuil a fhios agam faoi láthair. Nuair a d’fhéach mé siar air den uair dheireanach bhí mé ag rá, ‘Is maith liom é seo.’ Braithim go bhfuil rudaí maithe ann, ach níl mé cinnte. Tá súil agam go dtaitneoidh sé liom i gceann míosa! Tá sceitimíní orm - agus scanradh!”

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.